Cuntais Bhliantúla
Is léiriú iad Cuntais Bhliantúla an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar staid airgeadais agus ar a oibríochtaí ag deireadh na bliana. Sna cuntais bhliantúla, tá an tuarascáil bhainistíochta, na ráitis airgeadais (is iad sin an clár comhardaithe, an cuntas brabúis agus caillteanais, achoimre ar bheartais chuntasaíochta shuntasacha agus nótaí míniúcháin eile), tuarascáil an iniúchóra neamhspleách agus an nóta maidir le dáileadh brábúis/cionroinnt caillteanas.
Ullmhaítear na ráitis airgeadais i gcomhréir leis na beartais chuntasaíochta a leagtar síos sa reachtaíocht lena mbaineann. Is beartais iad sin a bhaineann go sonrach leis an gCóras Eorpach Banc Ceannais agus leis an mBanc Ceannais Eorpach. Léigh tuilleadh anseo faoi chur le chéile ráitis airgeadais an Bhainc Ceannais Eorpaigh.
Is cuid lárnach iad na Cuntais Bhliantúla de Thuarascáil Bhliantúil an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Foilsítear na cuntais i mí Feabhra gach bliain, roimh an Tuarascáil Bhliantúil lena mbaineann.
Cuntais Bhliantúla 2024 Preasráiteas Ceisteanna coitianta faoi Chuntais Bhliantúla BCE Mínitheoir: Brabúis agus caillteanais an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus na mbanc ceannais náisiúnta: cárb as a dtagann siad?- D’fhéadfadh difear a bheith sna figiúirí iomlána de bharr go ndearnadh na suimeanna a shlánú.
Rinneadh nuashonrú ar an gcairt agus tábla chun na hathruithe a rinneadh ar leagan amach an chláir comhardaithe BCE agus an chuntais brabúis agus caillteanais a léiriú i gcomhréir leis an gCinneadh nua (AE) 2024/2938 ón mBanc Ceannais Eorpach an 14 Samhain 2024 maidir le cuntais bhliantúla an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE/2024/32).
Íoslódáil sonraí
AR MHAITH LEAT TUILLEADH A FHOGHLAIM?
FÉACH AR ÁR nEISIÚINTÍ ROIMHE SEO