Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
Piero Cipollone
Member of the ECB's Executive Board
  • BLAG AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH

Mórbhealach do thodhchaí airgeadas digiteach na hEorpa

12 Márta 2026

Le Piero Cipollone

De réir mar a thagann íocaíochtaí agus margaí airgeadais chun bheith digiteach, ní mór airgead bainc ceannais a fhorbairt freisin. Trí thionscnaimh ar nós Pontes agus Appia, tá an tEurochóras ag obair le rannpháirtithe sa mhargadh chun a áirithiú gur féidir le maoiniú téacschomharthaithe socrú go sábháilte in airgead bainc ceannais, ag tacú leis an nuálaíocht, leis an gcomhtháthú agus le ceannasacht airgeadais na hEorpa.

Tá an teicneolaíocht ag cur athrú ó bhonn ar an gcaoi a ndéanaimid cumarsáid, a dtaistealaímid, a n-oibrímid agus a ndéanaimid íocaíocht. Ní mór go dtiocfaidh athrú ar an gcaoi a n-eisíonn bainc cheannais airgead freisin chun freastal ar riachtanais athraitheacha na sochaithe a bhfreastalaímid orthu.

Tá eisiúint airgid i gcroílár a ndéanann bainc cheannais. Mar sin féin, is í an earnáil phríobháideach a chruthaíonn an chuid is mó den airgead a úsáidimid inár n-idirbhearta ó lá go lá – mar shampla, nuair a mhaoiníonn banc morgáiste. I ndeireadh na dála, glacann daoine leis an gcineál príobháideach airgid sin mar íocaíocht toisc go mbíonn an rogha acu é a thiontú, ar bhonn ceann ar cheann, ina airgead bainc ceannais – arb é an tsócmhainn is sábháilte agus an pointe tagartha a dhaingníonn an córas ar fad é. Cuidíonn an t-idirghníomhú seo le muinín a chothú agus a choinneáil ar bun.

Tagann airgead bainc ceannais in dhá fhoirm. Dár riachtanais íocaíochta ó lá go lá, tá airgead tirim againn. Agus de réir mar a chaithimid níos mó agus níos mó dár saol ar líne, tá an euro digiteach á fhorbairt ag an Eurochóras – ar foirm dhigiteach d’airgead tirim é chun nótaí bainc agus boinn a chomhlánú.

An t-am céanna, i margaí airgeadais mórdhíola, is i bhfoirm na dtaiscí atá i seilbh na mbanc ceannais a bhíonn airgead bainc ceannais, arna dtaifeadadh mar iontrálacha ar a leabhair. Is féidir le bainc na taiscí seo a úsáid le haghaidh idirbhearta móra agus chun íocaíochtaí a shocrú eatarthu féin. Is é an t-airgead bainc ceannais sin bunchloch bhonneagair na margaí airgeadais mórdhíola sa lá atá inniu ann.

Ach níl margaí airgeadais mórdhíola slán ó athrú. A bhuí le téacschomharthú agus teicneolaíochtaí mórleabhar dáilte (DLTanna), beifear in ann sócmhainní airgeadais ar nós bannaí a léiriú mar chomharthaí digiteacha – nó, lena rá go simplí, mar chomhaid – ar féidir iad a aistriú agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhealach níos éifeachtúla ná mar is féidir a dhéanamh faoi láthair. Tá gealladh faoi na teicneolaíochtaí nua sin go mbeidh nuálaíocht, éifeachtúlacht agus comhtháthú níos fearr ann ar fud margaí airgeadais.

Le sócmhainní téacschomharthaithe agus DLTanna, socrófar idirbhearta ar bhealach níos tapúla agus níos éifeachtúla, rud a laghdóidh costais agus rioscaí próiseála. Rithfear saolré iomlán sócmhainne – ó thrádáil go socraíocht go cumhdach – ar an ardán céanna, a bheidh ar fáil 24/7. Tiocfaidh gníomhaíocht trasteorann chun bheith níos simplí agus níos saoire, agus beidh costais níos ísle i gceist léi i gcoitinne. Le conarthaí cliste, beifear in ann réitigh nuálacha bhreise a chur ar fáil. Fágfaidh margaí airgeadais níos éifeachtúla agus níos comhtháite go mbeidh cistiú níos saoire i gceist don fhíorgheilleagar freisin.

D’fhonn tairbhe a bhaint as na teicneolaíochtaí sin, beidh sócmhainn shábháilte de dhíth ar infheisteoirí chun idirbhearta a shocrú – is é sin airgead bainc ceannais. Agus is é sin go díreach an rud atáimid ag obair ina threo.

A bhuí le tionscnamh Pontes an Eurochórais, beimid in ann bealach a thairiscint cheana féin chun idirbhearta mórdhíola bunaithe ar DLT a shocrú in airgead bainc ceannais sa tríú ráithe de 2026. Déanfaimid é sin ar dtús trínár gcnámh droma airgeadais – Seirbhísí TARGET – a nascadh leis na hardáin nua DLT sin. Leis sin, cuirfear ar fáil an tsábháilteacht agus an chreidiúnacht institiúideach a bhfuil gá leo má tá an t-airgeadas téacschomharthaithe chun bheith faoi bhláth san Eoraip. Agus níl anseo ach an tús.

Chun acmhainneacht an téacschomharthaithe agus DLTanna a bhaint amach go hiomlán, beidh airgead bainc ceannais de dhíth ar infheisteoirí chun bheith comhtháite ar bhealach níos dírí ar na hardáin sin. Agus an sprioc sin á cur san áireamh, d’fhoilsíomar an treochlár dár dtionscnamh Appia an tseachtain seo.

Is é is aidhm do Appia dearadh a dhéanamh – in éineacht le rannpháirtithe sa mhargadh – ar an gcéad ghlúin eile de bhonneagar airgeadais na hEorpa. Leis an próiseas seo treorófar ár bhfeabhsuithe leanúnacha céimnitheacha ar Pontes lena chinntiú go dtiocfaidh forbairt air i gcomhréir le Appia. Ach stiúrfar an margadh freisin leis i dtreo a réitigh agus a bhonneagair féin a chothú ar bhealach lena gcinnteofar iomaíocht, comhtháthú agus nuálaíocht do mhargaí airgeadais na hEorpa.

Mar bhonn taca faoin méid sin go léir, beidh airgead bainc ceannais euro sábháilte téacschomharthaithe, a thabharfaidh don mhargadh an t-ancaire socraíochta a theastaíonn uaidh chun go dtiocfadh fás air go sábháilte. Bhí rannpháirtithe sa mhargadh soiléir faoi go bhfuil an méid sin fíor-riachtanach. Forbrófar Appia trí chomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí leathan, agus léireofar sa dearadh deiridh comhoibriú fairsing trí thurgnaimh, cruthúnais choincheapa agus comhchaighdeáin.

Tá gné amháin eile le breithniú. I saol an lae inniu, d’fhéadfadh impleachtaí geopholaitiúla a bheith ag bonneagar airgeadais. Mura dtógann an Eoraip a bóithre digiteacha féin, tá an baol ann go mbeadh uirthi brath go heisiach ar na bóithre sin a thóg daoine eile. Chun cás a sheachaint ina dtiocfaimis go dall chun bheith i staid den sórt sin, ní mór nach ligfimis na maidí le sruth nó nach dtitimis ar gcúl. Tá an teicneolaíocht agus na modhanna araon ag an Eoraip chun an spleáchas sin a sheachaint.

Le Appia, tiocfaidh éiceachóras comhtháite Eorpach in ionad bhonneagair ilroinnte an lae inniu. Tacóidh sé leis na hiarrachtaí chun aontas coigiltis agus infheistíochta a fhorbairt, agus cinnteoidh sé an tráth céanna go bhfanfaidh an euro mar ancaire iontaofa do gheilleagar digiteach na hEorpa.

Tá an t-athrú dosheachanta – ach is fúinne atá sé an chaoi a dtabharfaimid freagra air a chinneadh. Trí Appia, tá an Eoraip ag déanamh rogha chun a spás airgeadais digiteach féin a mhúnlú.

Foilsíodh an t-alt seo mar phíosa tuairime in eagraíochtaí meán ar fud limistéar an euro.

Féach Blag an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus cláraigh chun postálacha a fhoilseofar amach anseo a fháil.

Maidir le hábhair a bhaineann le maoirseacht baincéireachta, cén fáth nach bhféachfá ar an mBlag Maoirseachta?