Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cinntí arna ndéanamh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh (sa bhreis ar chinntí maidir le socrú rátaí úis)

Aibreán 2026

4 Bealtaine 2026

Cumarsáid sheachtrach

Tuarascáil Bhliantúil BCE, 2025

An 17 Aibreán 2026, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuarascáil Bhliantúil an Bhainc Ceannais Eorpaigh, 2025, a cuireadh i láthair Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta Pharlaimint na hEorpa agus a cuireadh ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh an 4 Bealtaine 2026 in 23 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

Oibríochtaí margaidh

Cinneadh Leasaitheach maidir le luach saothair sealúchas cúlchistí barrachais agus taiscí áirithe

An 26 Márta 2026, ghlac an Chomhairle Rialaithe Cinneadh BCE/2026/10 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2019/1743 maidir le luach saothair sealúchas cúlchistí barrachais agus taiscí áirithe (BCE/2019/31). Leis an gCinneadh leasaitheach, cuirtear chun feidhme go dlíthiúil an cinneadh beartais a rinne an Chomhairle Rialaithe an 11 Nollaig 2025 chun simpliú a dhéanamh ar luach saothair cúlchistí barrachais (sealúchais chúlchistí a sháraíonn méid na gcúlchistí íosta a cheanglaítear i gcomhréir le Rialachán BCE/2021/1) atá i seilbh contrapháirtithe beartais airgeadaíochta incháilithe ina gcuntais chúlchiste ag na BCNanna ábhartha. Íocfar cúlchistí iomarcacha, is cuma cé acu a thaisctear nó nach dtaisctear iad go hiarbhír sa tsaoráid taisce nó i gcuntais chúlchiste na gcontrapháirtithe beartais airgeadaíochta incháilithe, ag an ráta céanna, eadhon ag ráta na saoráide taisce. Beidh feidhm ag an luach saothair nua ón 17 Meitheamh 2026 (i.e. tús an cheathrú tréimhse chothabhála le haghaidh 2026.)

Beartas macrastuamachta agus cobhsaíocht airgeadais

Tuarascáil ón Tascfhórsa ardleibhéil um idirghabháil airgeadais neamhbhainc

An 26 Márta 2026 thug an Chomhairle Rialaithe dá haire an tuarascáil maidir le hidirghabháil airgeadais neamhbhainc atá le foilsiú ar shuíomh gréasáin BCE. Sa tuarascáil, a d’ullmhaigh tascfhórsa ardleibhéil faoi choimirce an Choiste um Chobhsaíocht Airgeadais, leagtar amach tograí chun feabhas a chur ar an gcreat beartais le haghaidh idirghabháil airgeadais neamhbhainc ó thaobh na macrastuamachta de, agus béim ar leith á leagan ar bhainistiú sócmhainní. Leis an tuarascáil, a bheidh ar fáil go luath ar shuíomh gréasáin BCE, leathnaítear freagairt an Eurochórais ar chomhairliúchán an Choimisiúin Eorpaigh maidir le beartais mhacrastuamachta le haghaidh idirghabháil airgeadais neamhbhainc, a foilsíodh i mí na Samhna 2024.

Tuarascáil an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar chomhtháthú airgeadais agus ar struchtúir airgeadais sa limistéar euro

An 9 Aibreán 2026 d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe an tuarascáil maidir le comhtháthú airgeadais agus struchtúir sa limistéar euro. Cuirtear i láthair sa tuarascáil príomhfhorbairtí struchtúracha amhail próiseas an chomhtháthaithe airgeadais, athruithe ar struchtúir airgeadais agus an próiseas forbartha agus nuachóirithe airgeadais. Pléitear inti freisin beartais roghnaithe na hearnála airgeadais, go háirithe beartais a bhaineann le haontas baincéireachta na hEorpa, aontas na margaí caipitil agus aontas coigiltis agus infheistíochta, agus ar an gcaoi sin cuireann sí leis an díospóireacht maidir leis an gcaoi ar féidir Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta na hEorpa a dhoimhniú. Foilseofar an tuarascáil ar shuíomh gréasáin BCE an 7 Bealtaine 2026 tráth chomhdháil chomhpháirteach BCE/an Choimisiúin Eorpaigh.

Freagairt an Eurochórais ar chomhairliúchán an Choimisiúin Eorpaigh maidir le hiomaíochas earnáil baincéireachta an Aontais

An 14 Aibreán 2026 d’fhoilsigh BCE freagairt an Eurochórais ar chomhairliúchán an Choimisiúin Eorpaigh maidir le hiomaíochas earnáil baincéireachta an Aontais a d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe, mar aon le preaseisiúint ina ndéantar achoimre ar a príomhghnéithe agus ina leagtar béim ar na príomhathruithe nithiúla ar rialacha baincéireachta an Aontais atá á n-iarraidh ag an gComhairle Rialaithe.

Measúnú ar thábhacht shistéamach institiúidí eile a bhfuil tábhacht shistéamach leo ó thaobh an aontais baincéireachta de

An 23 Aibreán 2026 thug an Chomhairle Rialaithe dá haire measúnú mhí na Nollag 2024 ar thábhacht shistéamach institiúidí eile a bhfuil tábhacht shistéamach leo ó thaobh an aontais baincéireachta de. Tá an tuarascáil ar fáil ar shuíomh gréasáin BCE, i gcomhréir leis an bhfógra ón gComhairle Rialaithe i mí na Nollag 2024.

Bonneagar margaidh agus íocaíochtaí

Straitéis chuimsitheach íocaíochtaí an Eurochórais

An 31 Márta 2026 d’fhoilsigh BCE straitéis chuimsitheach íocaíochtaí, a d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe, mar aon le preaseisiúint ghaolmhar . Sa straitéis seo, glactar cur chuige comhtháite agus réamhbhreathnaitheach maidir le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar mhargadh íocaíochtaí Eorpach atá nuálach agus iomaíoch ar fud íocaíochtaí mórdhíola, gnólacht le gnólacht, miondíola agus trasteorann. Cuirtear san áireamh inti forbairtí le blianta beaga anuas, go háirithe glacadh teicneolaíochtaí nua, a bhíonn ag tarlú níos tapúla agus níos tapúla i rith an ama, agus, ar bhealach gaolmhar, an gá atá le ról airgead an bhainc ceannais a chaomhnú chun muinín agus cobhsaíocht a áirithiú i ngeilleagar atá ag éirí níos digití. Déanfaidh an tEurochóras faireachán gníomhach ar fhorbairtí agus cuirfidh sé a straitéis in oiriúint de réir mar is gá.

Sainordú Ghrúpa Stiúrtha Appia

An 9 Aibreán 2026 d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe sainordú Ghrúpa Stiúrtha Appia, a dhéanann maoirseacht ar chomhsheasmhacht threo straitéiseach an chláir airgid Bainc Cheannais mórdhíola ceadchomharthaithe lena gcuimsítear tionscadail Pontes agus Appia.

Comhaontuithe le comhlachtaí socraithe caighdeán maidir le caighdeáin le haghaidh íocaíochtaí sa euro digiteach ar líne

An 9 Aibreán 2026 d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe na chéad trí chomhaontú rannpháirtíochta idir BCE agus comhlachtaí ábhartha um chaighdeánú i ndáil le caighdeáin rialaithe atá le glacadh le haghaidh íocaíochtaí sa euro digiteach ar líne, eadhon caighdeáin CPACE, nexo agus Ghrúpa Bheirlín. Roghnaíodh na caighdeáin, atá le húsáid chun próiseáil tosaigh a dhéanamh ar idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach ar líne, in éineacht le rannpháirtithe sa mhargadh agus tugadh tuairisc orthu i nuashonrú oibre Ghrúpa Forbartha an Leabhair Rialacha don scéim um euro digiteach le déanaí. Tá faisnéis níos mionsonraithe ar fáil i bpreaseisiúint a foilsíodh ar shuíomh gréasáin BCE.

Comhaontuithe maidir le róil agus freagrachtaí do threoirthionscadal an euro dhigitigh

An 10 Aibreán 2026 d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe Comhaontú ina leagtar amach róil agus freagrachtaí BCE agus na mbanc ceannais náisiúnta rannpháirteach faoi seach le linn threoirthionscadal an euro dhigitigh chomh maith le teimpléad den Chomhaontú Rannpháirtíochta a sholáthar do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta ar spéis leo a bheith rannpháirteach sa treoirthionscadal. Leanann na céimeanna sin cinneadh mhí Dheireadh Fómhair 2025 ón gComhairle Rialaithe chun dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile de thionscadal an euro dhigitigh. Tá an treoirthionscadal féin le tosú sa dara leath de 2027 agus fónann sé chun an margadh agus an tEurochóras a ullmhú don chéad seoladh féideartha. Tá faisnéis chuimsitheach maidir le tionscadal an euro dhigitigh le fáil iroinn thiomnaithe de shuíomh gréasáin BCE.

Comhairle maidir le reachtaíocht

Tuairim BCE maidir le méadú ar cháin a fhorchur ar institiúidí creidmheasa

An 30 Márta 2026 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2026/11 arna iarraidh sin do Leas-Phríomh-Aire agus Aire Airgeadais agus Pinsean na Beilge, atá i gceannas ar an gCrannchur Náisiúnta agus ar na hInstitiúidí Cultúrtha Cónaidhme.

Tuairim BCE maidir le comhdhéanamh Chomhairle Latvijas Banka

An 31 Márta 2026, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2026/12 arna iarraidh sin do Choiste Cáinaisnéise agus Airgeadais (Cánachas) Pharlaimint na Laitvia.

Tuairim BCE ar thograí maidir le comhtháthú na margaí caipitil agus an mhaoirseacht orthu a fhorbairt a thuilleadh laistigh den Aontas

An 9 Aibreán 2026, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2026/13 arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa agus do Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

Tuairim BCE maidir leis an oibleagáid glacadh le híocaíochtaí in airgead tirim agus an oibleagáid atá ar institiúidí creidmheasa seirbhísí airgid thirim a sholáthar

An 16 Aibreán 2026, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2026/14 ar a tionscnamh féin.

Tuairim BCE maidir le luach saothair cistí cliant atá i gcuntais reatha le hinstitiúidí creidmheasa

An 21 Aibreán 2026 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2026/15 arna iarraidh sin d’Oifig Uachtarán Phoblacht na Liotuáine.

Rialachas corparáideach

Ceapachán comhalta nua de chuid an Bhoird um Bonneagar Margaidh

An 1 Aibreán 2026 cheap an Chomhairle Rialaithe Elie Lewi, Leas-Ardstiúrthóir nua um Chobhsaíocht Airgeadais agus Oibríochtaí Banque de France, mar chomhalta Banque de France den Bhord um Bonneagar Margaidh, le héifeacht láithreach go dtí an 31 Bealtaine 2026. Do théarma oifige an Bhoird um Bonneagar Margaidh ina dhiaidh sin, ón 1 Meitheamh 2026 go dtí an 31 Bealtaine 2029, meastar go ndéanfar cinneadh ar leithligh ón gComhairle Rialaithe i mí na Bealtaine 2026.

Sceidil do chruinnithe Chomhairle Rialaithe agus Chomhairle Ghinearálta BCE in 2027 agus 2028

An 24 Aibreán 2026 d’fhoilsigh BCE na sceidil do chruinnithe 2027 agus 2028 den Chomhairle Rialaithe agus den Chomhairle Ghinearálta, tar éis don dá chomhlacht cinnteoireachta a gcodanna faoi seach a fhormheas. Tá an clár ama comhcheangailte le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Staidreamh

Treoirlíne leasaitheach BCE maidir le staidreamh ar shealúchais urrús

An 20 Márta 2026, ghlac an Chomhairle Rialaithe Treoirlíne lena leasaítear Treoirlíne BCE/2013/7 maidir le staidreamh ar shealúchais urrús (BCE/2026/9). Leis an nuashonrú tugtar aghaidh ar éilimh mhéadaitheacha úsáideoirí ar fhaisnéis staidrimh maidir le sealúchais urrús, agus déantar giaráil leis ar shonraí atá ar fáil cheana féin ar leibhéal an bhainc ceannais náisiúnta. Baineann an t-athrú is suntasaí le tarchur sonraí aonair ar leibhéal infheisteoirí le haghaidh na bpríomhearnálacha airgeadais (e.g. institiúidí airgeadais airgeadaíochta agus cistí infheistíochta) ó na bainc cheannais náisiúnta chuig BCE ar mhinicíocht níos airde agus ar thráthúlacht níos giorra. Baineadh roinnt ceanglas tuairiscithe den Treoirlíne atá ann cheana a bhí imithe i léig mar chuid den nuashonrú seo. Tá an Treoirlíne leasaitheach ar fáil ar EUR-Lex.

Nuashonrú bliantúil ar liosta na ngníomhairí tuairiscithe sonraí grúpa le haghaidh staidreamh ar shealúchais urrús

An 26 Márta 2026, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe an liosta nuashonraithe de ghníomhairí tuairiscithe sonraí grúpa a bhaineann le staidreamh maidir le sealúchais urrús. Ó 2016 i leith, tá nuashonrú á dhéanamh ar an liosta uair sa bhliain ar a laghad ar bhonn na gcritéar cainníochta agus cáilíochta a leagtar amach in Airteagal 2(4) de Rialachán BCE /2012/24. Thug an banc ceannais náisiúnta ábhartha fógra d’eintitis a ndearna na hathruithe difear dóibh laistigh de 10 lá oibre tar éis dháta chinneadh na Comhairle Rialaithe de bhun Airteagal 8(2) de Threoirlíne BCE/2013/7 (gníomhairí tuairiscithe nua) agus Airteagal 2(8) de Rialachán BCE/2012/24 (gníomhairí tuairiscithe le baint).

Leanúint den Chreat Tuairiscithe Comhtháite agus de na tionscadail Anailísíochta agus Sonraí

An 23 Aibreán 2026 chinn an Chomhairle Rialaithe an Creat Tuairiscithe Comhtháite (IReF) agus tionscadail Anailísíochta agus Sonraí a bhogadh ón gcéim imscrúdúcháin ar cuireadh tús léi ó lár 2023 chun gnéithe gnó agus TF de chur chun feidhme an chreata a shainiú, go dtí céim an chur i gcrích agus dá réir sin rinne sí na cinntí ba ghá chun go ndéanfadh coistí ábhartha an Eurochórais/CEBC obair leantach. Tá coinne leis go bhfoilseofar plean cur chun feidhme IReF, lena n-áirítear príomh-gharspriocanna na dtionscadal, ar shuíomh gréasáin BCE faoi mhí an Mheithimh 2026.

Maoirseacht baincéireachta BCE

Torthaí na n-athbhreithnithe ar cháilíocht sócmhainní le haghaidh LBS Landesbausparkasse Süd (LBS Süd) agus Wüstenrot Bausparkasse AG (Wüstenrot)

An 20 Márta 2026, níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne an teimpléid nochta, a d’fhormheas an Bord Maoirseachta, ina raibh torthaí deiridh na n-athbhreithnithe ar cháilíocht sócmhainní le haghaidh LBS Landesbausparkasse Süd (LBS Süd) agus Wüstenrot Bausparkasse AG (Wüstenrot), a rinne BCE tar éis don dá bhanc a bheith aicmithe mar institiúidí suntasacha. Tá na teimpléid nochta agus preaseisiúint ghaolmhar le fáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Tuairisciú ar Mholadh BERS maidir le leochaileachtaí san eastát réadach tráchtála

An 26 Márta 2026, níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne thuarascáil BCE a d’fhormheas an Bord Maoirseachta maidir leis na Moltaí atá ábhartha do BCE ó Mholadh BERS maidir le leochaileachtaí in earnáil an eastáit réadaigh tráchtála sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (BERS/2022/9).

Pionós riaracháin arna fhorchur ar bhanc amháin sa limistéar euro

An 27 Márta 2026 d’fhógair BCE go raibh pionós riaracháin €6,200,000 forchurtha aige ar BofA Securities Europe SA as sócmhainní atá ualaithe ó thaobh riosca de arna ríomh go mícheart le haghaidh riosca margaidh a thuairisciú. Tá preaseisiúint ghaolmhar ar fáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta BCE.

Cuíchóiriú ar an gcaoi a ndéanann BCE maoirseacht ar shamhlacha inmheánacha na mbanc

An 30 Márta 2026 d’fhoilsigh BCE preaseisiúint ina mínítear mar a dhéanfaidh sé cuíchóiriú, ón 1 Deireadh Fómhair 2026 ar aghaidh, ar an gcaoi a ndéanfaidh sé measúnú ar athruithe ar shamhlacha inmheánacha na mbanc le haghaidh riosca creidmheasa, rud a fhágfaidh go mbeidh an próiseas formheasa níos tapúla agus níos intuartha do na bainc. Tá an fhaisnéis mhionsonraithe ghaolmhar le fáil sa phreaseisiúint atá ar fáil ar shuíomh gréasáin BCE maidir le maoirseacht baincéireachta.

Comhlíontacht le Treoirlínte an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (ÚBE) maidir le gnóthais seirbhísí coimhdeacha

An 7 Aibreán 2026, ní dhearna an Chomhairle Rialaithe agóid i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta fógra a chur chuig ÚBE, maidir leis na hinstitúidí suntasacha faoina mhaoirseacht dhíreach, go gcomhlíonann BCE na Treoirlínte maidir le gnóthais seirbhísí coimhdeacha cheana féin (ÚBE/GL/2026/01). Soláthraítear sna Treoirlínte seo na critéir, mar aon le liosta gníomhaíochtaí, ba cheart a úsáid chun a chinneadh cé acu a dhéanann nó nach ndéanann gnóthas gníomhaíochtaí a cháilíonn mar ‘leathnú díreach ar bhaincéireacht’ chomh maith leis na critéir d’institiúidí chun a chinneadh cén uair a thacaíonn gníomhaíocht gnóthais le baincéireacht, cén uair a chomhlánaíonn sí í nó cén uair a bhraitheann sí ar bhaincéireacht ar bhealach ba cheart a mheas mar ‘choimhdeach le baincéireacht’.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa