Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
  • RÁITEAS BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

PREASÓCÁID

Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh
Luis de Guindos, Leas-Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Frankfurt am Main, an 10 Márta 2022

Dia dhaoibh. Cuirim féin agus an Leas-Uachtarán fáilte romhaibh chuig an bpreasócáid.

Is cor cinniúnach don Eoraip é ionradh na Rúise ar an Úcráin. Cuireann an Chomhairle Rialaithe a lántacaíocht do mhuintir na hÚcráine in iúl. Cinnteoimid dálaí leachtachta réidh agus cuirfimid na smachtbhannaí i bhfeidhm ar chinn an tAontas Eorpach agus rialtais Eorpacha orthu. Déanfaimid pé gníomh is gá chun sainordú an Bhainc Ceannais Eorpaigh a chomhlíonadh, is é sin, cobhsaíocht praghsanna a shaothrú agus cobhsaíocht airgeadais a choimirciú.

Beidh tionchar ábhartha ag cogadh na Rúise-na hÚcráine ar ghníomhaíocht eacnamaíoch agus ar bhoilsciú trí mheán praghsanna fuinnimh agus tráchtearraí níos airde, shuaitheadh na tráchtála idirnáisiúnta agus muinín níos ísle. Beidh méad na n‑éifeachtaí sin ag brath ar an éabhlóid a thiocfaidh ar an gcoimhlint, ar thionchar na smachtbhannaí atá anois ann, agus ar bhearta breise féideartha. Mar aitheantas ar an timpeallacht rí-éiginnte, rinne an Chomhairle Rialaithe réimse cásanna a bhreithniú i gcruinniú an lae inniu.

Is gá tionchar chogadh na Rúise-na hÚcráine a mheas i gcomhthéacs bundálaí láidre do gheilleagar an limistéir euro, a bhuí i bpáirt le tacaíocht fhlúirseach beartais. Is spreagadh don gheilleagar é an tionchar laghdaitheach atá ag athraitheach Omicron an choróinvíris. Tá comharthaí ann go bhfuil scrogaill soláthair á bhfuascailt agus tá feabhas eile fós ag teacht ar an margadh saothair. I mbonnnlíne na réamh-mheastacháin foirne nua, a bhfuil an chéadmheasúnú ar impleachtaí an chogaidh san áireamh iontu, rinneadh fás OTI a athbhreithniú anuas sa ghearrthéarma de dheasca an chogaidh san Úcráin. De réir na réamh-mheastachán, tuartar go dtiocfaidh fás 3.7 faoin gcéad ar an ngeilleagar in 2022, gur fás 2.8 a bheidh ann in 2023, agus gur fás 1.6 a bheidh ann in 2024.

Tá ardú eile ar bhoilsciú ar an taobh thuas nach raibh súil leis de dheasca costais arda fuinnimh gan choinne. Tá bonn níos leithne ann anois faoi arduithe praghsanna. Rinneadh an bhonnlíne le haghaidh boilscithe a athbhreithniú suas go suntasach, agus boilsciú bliantúil ag 5.1 faoin gcéad in 2022, 2.1 faoin gcéad in 2023 agus 1.9 faoin gcéad in 2024. Meastar go mbeidh an meánráta boilscithe (seachas bia agus fuinneamh) ag 2.6 faoin gcéad in 2022, 1.8 faoin gcéad in 2023 agus 1.9 faoin gcéad in 2024, agus iad uile ag ráta níos airde ná mar ar bhí i réamh-mheastacháin mhí na Nollag. Tá ionchais bhoilscithe ar fud réimse beart níos fadtéarmaí tar éis daingniú an athuair ag ár sprioc bhoilscithe. Feictear don Chomhairle Rialaithe gur mó an dóchúlacht go socróidh boilsciú ag a sprioc, is í sin dó faoin gcéad, sa mheántéarma.

I gcásanna malartacha ina dtuartar tionchar eacnamaíoch agus airgeadais an chogaidh, a fhoilseoimid ar ár suíomh gréasáin in éineacht leis na réamh-mheastacháin foirne, d’fhéadfadh gníomhaíocht eacnamaíoch maolú go suntasach de dheasca ardú ní ba ghéire ar phraghsanna fuinnimh agus tráchtearraí, agus cúltarraingt ní ba láidre ar thrádáil agus ar sheintimint. D’fhéadfadh boilsciú a bheith cuid mhaith níos airde sa ghearrthéarma. Meastar i ngach cás, áfach, go dtiocfaidh laghdú céimnitheach ar bhoilsciú agus go socróidh sé ag leibhéil thart ar dó faoin gcéad, is é sin ár sprioc bhoilscithe, in 2024.

Bunaithe ar ár measúnuithe nuashonraithe agus an timpeallacht éiginnte á cur san áireamh, rinne an Chomhairle Rialaithe athbhreithniú inniu ar a sceideal ceannaigh le haghaidh a cláir ceannaithe sócmhainní (APP) sna míonna atá romhainn. Beidh luach €40 billiún le glancheannacháin mhíosúla faoi APP i mí Aibreáin, luach €30 billiún leo i mí na Bealtaine agus luach €20 billiún i mí an Mheithimh. Beidh calabrú na nglancheannachán le haghaidh an tríú ráithe ag brath ar shonraí agus beidh sé ina léiriú ar ár measúnú athraitheach ar an ionchas. Má thagann na sonraí a thiocfaidh isteach leis an tuar nach mbeidh laghdú ar an ionchas boilscithe meántéarmach fiú tar éis dúinn deireadh a chur le glancheannacháin sócmhainní, cuirfidh an Chomhairle Rialaithe deireadh le glancheannacháin faoi APP sa tríú ráithe. Má thagann athrú ar an ionchas boilscithe meántéarmach agus má tharlaíonn sé nach bhfuil dálaí airgeadais ag teacht le tuilleadh dul chun cinn i dtreo ár sprice, is í sin dó faoin gcéad, seasaimid réidh chun ár sceideal le haghaidh glancheannachán a athbhreithniú ó thaobh méide agus/nó faide de.

Coigeartuithe ar bith atá le déanamh ar phríomhrátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh, déanfar iad sin ar bhealach céimnitheach tamall tar éis dúinn críoch a chur lenár nglancheannacháin faoi APP. Leanfar de chonair phríomhrátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh a bhunú ar réamhthreoir na Comhairle Rialaithe agus ar a gealltanas straitéiseach boilsciú a chobhsú ag dó faoin gcéad sa mheántéarma. Dá réir sin, measann an Chomhairle Rialaithe go gcoimeádfar príomhrátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag na rátaí ag a bhfuil siad faoi láthair go dtí go bhfeictear di go mbainfear boilsciú ag ráta dó faoin gcéad amach i bhfad roimh dheireadh thréimhse a réamh-mheastacháin agus go dtí go measann sí dul chun cinn leordhóthanach a bheith déanta maidir le boilsciú bunúsach le go mbeidh sé comhsheasmhach le cobhsú an bhoilscithe ag 2 % sa mheántéarma.

Dheimhníomar ár mbearta beartais eile freisin a sonraí inár bpreasráiteas a foilsíodh ag 13:45 inniu.

Tabharfaidh mé cuntas níos mionsonraithe anois ar ár mbarúil faoin bhforás a thiocfaidh ar an ngeilleagar agus ar bhoilsciú, agus ansin míneoimid ár measúnú ar dhálaí airgeadais agus airgeadaíochta.

Gníomhaíocht eacnamaíoch

Tháinig fás 5.3 faoin gcéad in 2021 ar an ngeilleagar in 2021 agus ag deireadh na bliana bhí OTI ag an leibhéal ag a raibh sé roimh an bpaindéim. Dá ainneoin sin, tháinig moill ar fhás go 0.3 faoin gcéad sa chéad ráithe de 2021 agus meastar go mbeidh sé fós mall sa chéad ráithe de 2022.

Beidh na hionchais don gheilleagar ag brath ar chúrsa chogadh na Rúise-na hÚcráine agus ar thionchar na smachtbhannaí eacnamaíocha agus airgeadais agus beart eile. Ag an am céanna, tá srianta eile ar fhás ag maolú. I mbonnlíne na réamh-mheastachán foirne, ba cheart go bhfásfadh geilleagar an limistéir euro go láidir fós in 2022 ach beidh an fás sin níos moille ná mar a rabhthas ag súil leis sular thosaigh an cogadh. Bhí tionchar níos boige ag bearta chun srian a chur le scaipeadh athraitheach Omicron an choróinvíris ná mar a bhí ag bearta i ráigeanna roimhe seo, agus tá siad á mbaint faoi láthair. Tá comharthaí ann go bhfuil an suaitheadh soláthair a tharla de dheasca na paindéime ag maolú anois. B'fhéidir go bhféadfaí tionchar an rúigthe ollmhór praghais fuinnimh ar dhaoine agus ar ghnólachtaí a mhaolú go páirteach má thógtar amach coigiltis a cuireadh i dtaisce le linn na paindéime agus má bhíonn bearta fioscacha cúiteacha ann.

Sa mheántéarma, beidh fás á spreagadh ag éileamh maith intíre a dtacóidh margadh saothair níos láidre leis, de réir bhonnlíne na réamh-mheastachán foirne. Agus post ag níos mó daoine, ba cheart go mbeadh ioncam ní b’airde ag teaghlaigh agus go mbeadh níos mó airgid le caitheamh acu. Tá an téarnamh domhanda agus an beartas fioscach agus airgeadaíochta atá á leanúint ag cur leis an ionchas dearfach sin freisin. Tá tacaíocht fhioscach agus airgeadaíochta fós ríthábhachtach go háirithe sa staid dheacair gheopholaitiúil seo.

Boilsciú

Tháinig ardú ar bhoilsciú go 5.8 faoin gcéad i mí Feabhra, ó 5.1 faoin gcéad i mí Eanáir. Measaimid go dtiocfaidh ardú eile fós air sa ghearrthéarma. Tá praghsanna fuinnimh, ar tháinig ardú mear 31.7 faoin gcéad orthu i mí Feabhra, fós ina bpríomhchúis leis an ráta ard boilscithe seo agus tá praghsanna á mbrú suas ar fud mórán earnálacha eile dá dheasca. Tá ardú tagtha ar phraghsanna bia freisin de dheasca tosca séasúracha, costais iompair níos airde, agus praghas ard leasachán. Tá ardú eile fós tagtha ar chostais fuinnimh le roinnt seachtainí anuas agus beidh tuilleadh brú ar roinnt praghsanna bia agus tráchtearraí de dheasca an chogaidh san Úcráin.

Tá arduithe praghsanna níos forleithne anois. Tá ardú tagtha ar fhormhór na dtomhas boilscithe go dtí breis agus dó faoin gcéad le roinnt míonna anuas. Dá ainneoin sin, tá éiginnteacht ann maidir lena bhuaine is atá an t‑ardú ar na táscairí seo, i bhfianaise thionchar na ngnéithe sealadacha a bhain leis an bpaindéim agus éifeachtaí indíreacha praghsanna fuinnimh. Tugtar le fios sna táscairí margadhbhunaithe go mbeidh praghsanna fuinnimh ard ar feadh tréimhse níos faide ná mar a rabhthas ag súil leis ach go maolóidh siad le linn thréimhse an réamh-mheastacháin. Ba cheart go laghdóidh brúnna praghsanna arna n‑eascairt as scrogaill soláthair dhomhanda freisin.

Bhí feabhas ann arís ar dhálaí an mhargaidh saothair agus tháinig laghdú ar dhífhostaíocht go dtí 6.8 faoin gcéad i mí Eanáir. Cé go bhfuil easpaí luchta saothair ag dul i bhfeidhm ar thuilleadh earnálacha, tá fás pá fós maolaithe ar an iomlán. Le himeacht aimsire, ba cheart go mbeidh tacaíocht ann d’fhás pá rud beag níos tapúla nuair a bheidh an geilleagar ag feidhmiú ag lánacmhainn arís. Is ag dó faoin gcéad atá tomhais éagsúla ar ionchais bhoilscithe níos fadtéarmaí arna ndíorthú ó mhargaí airgeadais agus ó shuirbhéanna. Cuirfidh na tosca sin tuilleadh le boilsciú bunúsach agus cabhróidh siad le boilsciú foriomlán ICPT a chobhsú ag ár sprioc, is í sin dó faoin gcéad.

Measúnú riosca

Tá ardú suntasach tagtha ar na rioscaí don ionchas eacnamaíoch de dheasca ionradh na Rúise ar an Úcráin agus is tiontaithe don taobh thíos atá siad. Cé go bhfuil maolú tagtha ar rioscaí a bhaineann leis an bpaindéim, d’fhéadfadh tionchar ní ba láidre a bheith ag an gcogadh san Úcráin ar sheintimint eacnamaíoch agus d’fhéadfadh srianta ar thaobh an tsoláthair éirí ní ba mheasa arís dá dheasca. D’fhéadfadh laghdú teacht ar éileamh agus d’fhéadfaí teorainn a bheith le tomhaltas agus le hinfheistíocht de dheasca costais arda fuinnimh sheasmhacha chomh maith le caillteanas muiníne.

Is rioscaí iad na tosca céanna sin don ionchas boilscithe freisin, atá ar an taobh thuas sa ghearrthéarma. Is riosca suntasach ar an taobh thuas é an cogadh san Úcráin, go háirithe ó thaobh praghsanna fuinnimh de. Má bhíonn arduithe pá ní b’airde ná mar a measadh ann mar thoradh ar bhrúnna praghsanna nó má bhíonn impleachtaí diúltacha seasmhacha ann ar thaobh an tsoláthair, d’fhéadfadh boilsciú a bheith ní b’airde sa mheántéarma. Dá dtiocfadh laghdú ar éileamh sa mheántéarma, áfach, d’fhéadfadh laghdú teacht ar bhrúnna praghsanna dá bharr.

Dálaí airgeadais agus airgeadaíochta

Tá luaineacht shuntasach i margaí airgeadais mar thoradh ar ionradh na Rúise ar an Úcráin. I ndiaidh don chogadh tosú, tá an t‑ardú ar rátaí úis margaidh gan riosca, a tugadh faoi deara ó bhí cruinniú mhí Feabhra ann, tar éis dul ar cúl go páirteach agus tá laghdú tagtha ar phraghsanna cothramais.

Níor cruthaíodh aon bhrúnna géara i margaí airgid ná easpaí leachtachta i gcóras baincéireachta an limistéir euro go dtí seo mar thoradh ar na smachtbhannaí airgeadais in aghaidh na Rúise (lena n‑áirítear roinnt bainc Rúiseacha a eisiamh ó SWIFT). Tá cláir comhardaithe banc fós folláin ar an iomlán a bhuí le staid láidre cuntas caipitil agus líon níos lú iasachtaí neamhthuillmheacha. Tá bainc chomh brabúsach anois agus a bhí siad roimh an bpaindéim.

Tá ardú éigin tagtha ar rátaí iasachtaí bainc do ghnólachtaí fad is atá ráta iasachtaí do mhorgáistí teaghlaigh fós ag leibhéal an-íseal ó thaobh na staire de. Tá laghdú tagtha ar shreabhanna iasachta do ghnólachtaí, tar éis ardú láidir a bheith orthu sa ráithe dheireanach de 2021. Tá ardú ar iasachtaí do theaghlaigh, le haghaidh ceannacháin tí go háirithe.

Conclúid

Mar achoimre, beidh tionchar diúltach ag ionradh na Rúise ar an Úcráin ar gheilleagar na hEorpa agus tá i bhfad níos mó éiginnteachta ann dá dheasca. Má fhíoraítear bonnlíne na réamh-mheastachán foirne, ba cheart go leanfar leis an téarnamh sa gheilleagar toisc go bhfuil tionchar na paindéime ag laghdú agus go bhfuil ionchas ann maidir le héileamh maith intíre agus margaí saothair láidre. Bheadh bearta fioscacha, lena n-áirítear bearta ar leibhéal an Aontais Eorpach, ina gcabhair chun an geilleagar a chosaint. Bunaithe ar ár measúnú nuashonraithe ar an ionchas boilscithe, agus an timpeallacht éiginnte á cur san áireamh, rinneamar athbhreithniú ar ár sceideal le haghaidh glancheannacháin sócmhainní le haghaidh na míonna atá romhainn agus dheimhníomar ár mbearta beartais uile eile. Táimid ag tabhairt an‑aird ar na héiginnteachtaí seasmhacha. Beidh calabrú ár mbeartas uile ag brath ar shonraí i gcónaí agus beidh sé ina léiriú ar ár measúnú athraitheach ar an ionchas. Tá an Chomhairle Rialaithe réidh lena hionstraimí uile a choigeartú chun a áirithiú go gcobhsófar boilsciú ag ár sprioc, is í sin dó faoin gcéad, sa mheántéarma.

Táimid réidh anois le glacadh le bhur gceisteanna.

Tá an fhoclaíocht bheacht ar a chinn an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa