Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
Christine Lagarde
The President of the European Central Bank
Luis de Guindos
Vice-President of the European Central Bank
  • RÁITEAS MAIDIR LEIS AN MBEARTAS AIRGEADAÍOCHTA

PREASÓCÁID

Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh,
Luis de Guindos, Leas-Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Frankfurt am Main, 5 Feabhra 2026

Dia daoibh tráthnóna. Cuirim féin agus an Leas-Uachtarán fáilte romhaibh chuig an bpreasócáid.

Ba mhaith linn comhghairdeas a dhéanamh leis an mBulgáir i dtosach báire ar theacht isteach di sa limistéar euro ar an 1 Eanáir 2026. Cuirimid fáilte mhór freisin roimh Dimitar Radev, Gobharnóir Българска народна банка (Banc Náisiúnta na Bulgáire), chuig an gComhairle Rialaithe. Tá méadú faoi dhó beagnach tagtha ar líon na mBallstát sa limistéar euro ó 1999 i leith agus is léiriú é sin ar tharraingteacht an airgeadra aonair agus ar na tairbhí marthanacha a ghabhann le lánpháirtíocht Eorpach.

Tabharfaimid tuairisc anois ar thoradh chruinniú an lae inniu.

Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu gan aon athrú a chur ar thrí eochair-ráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh. De réir an mheasúnaithe atá tugtha cothrom le dáta againn, is féidir linn a dheimhniú an athuair gur cheart go bhfanfadh an boilsciú cobhsaí ag an sprioc a dó faoin gcéad atá againn sa mheántéarma. Tá an geilleagar athléimneach go fóill i dtimpeallacht dhomhanda dhúshlánach. An dífhostaíocht íseal, cláir chomhardaithe láidre na hearnála príobháidí, leathadh amach de réir a chéile an chaiteachais phoiblí ar chosaint agus ar bhonneagar agus éifeachtaí tacaíochta na gciorruithe ar an ráta úis a rinneamar roimhe seo – tá siad sin ar fad mar bhonn taca faoin bhfás. Ag an am céanna, tá an t-ionchas fós éiginnte, mar gheall go háirithe ar an éiginnteacht maidir leis an mbeartas trádála domhanda agus an teannas geopholaitiúil.

Tá rún daingean againn a chinntiú go bhfanfaidh an boilsciú cobhsaí ag an sprioc a dó faoin gcéad atá againn sa mheántéarma. Leanfaimid cur chuige atá ag brath ar shonraí agus cur chuige cruinniú ar chruinniú chun seasamh iomchuí an bheartais airgeadaíochta a chinneadh. Go háirithe, beidh na cinntí a dhéanfaimid i dtaobh rátaí úis le bunú ar ár measúnú ar an ionchas boilscithe agus na rioscaí a bhaineann leis i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíocha agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú foluiteach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta. Níl aon ghealltanas á thabhairt againn fós maidir le treo rátaí ar leith.

Tá na cinntí a rinneadh inniu leagtha amach i bpreasráiteas atá le fáil ar ár suíomh gréasáin.

Tabharfaidh mé cuntas níos mionsonraithe anois ar ár mbarúil faoin bhforás a thiocfaidh ar an ngeilleagar agus ar an mboilsciú. Ina dhiaidh sin, míneoidh mé an measúnú atá déanta againn ar dhálaí airgeadais agus airgeadaíochta.

Gníomhaíocht eacnamaíoch

Tháinig fás 0.3 faoin gcéad ar an ngeilleagar sa cheathrú ráithe de 2025, de réir réamh-thobmheastachán Eurostat. Bhí seirbhísí ina bpríomhchúis leis an bhfás, go háirithe san earnáil faisnéise agus cumarsáide. Bhí an mhonaraíocht athléimneach in ainneoin na ndúshlán a bhaineann leis an éiginnteacht trádála domhanda agus gheopholaitiúil. Tá méadú ag teacht ar mhóiminteam san earnáil foirgníochta, le tacaíocht ó infheistíocht phoiblí chomh maith.

Leanann an margaidh saothair de bheith ag tacú le hioncaim, cé gur tháinig laghdú breise ar an éileamh ar shaothar. Sheas an ráta dífhostaíochta ag 6.2 faoin gcéad i mí na Nollag, tar éis 6.3 faoin gcéad i mí na Samhna. Ba cheart go gcuirfeadh ioncaim shaothair atá ag méadú mar aon le ráta coigiltis teaghlaigh níos ísle borradh faoin tomhaltas príobháideach. Ba cheart go gcuirfeadh caiteachas rialtais ar chúrsaí cosanta agus bonneagair leis an éileamh intíre. Ba cheart go dtiocfadh borradh breise fós faoin infheistíocht ghnó, agus tugann suirbhéanna le fios go bhfuil gnólachtaí ag déanamh níos mó infheistíochta i dteicneolaíochtaí digiteacha nua. Ag an am céanna, tá an timpeallacht sheachtrach fós dúshlánach, mar gheall ar tharaifí níos airde agus euro níos láidre le bliain anuas.

Meabhraíonn an Chomhairle Rialaithe go bhfuil sé ríthábhachtach an limistéar euro agus an geilleagar a ghabhann leis a neartú go práinneach sa chomhthéacs geopholaitiúil atá ann faoi láthair. Ba cheart do na rialtais tús áite a thabhairt d’airgeadas poiblí inbhuanaithe, d’infheistíocht straitéiseach agus d’athchóirithe struchtúracha lena gcothaítear fás. Tá sé fós ríthábhachtach leas iomlán a bhaint as acmhainneacht uile an Mhargaidh Aonair. Tá sé ríthábhachtach comhtháthú níos fearr sna margaí caipitil a chothú trí bhíthin an t-aontas coigiltis agus infheistíochtaí agus an t-aontas baincéireachta a thabhairt chun críche, de réir amchlár soiléir uaillmhianach, agus go nglacfaí go pras leis an Rialachán maidir leis an euro digiteach a bhunú.

Boilsciú

Tháinig laghdú ar an mboilsciú go 1.7 faoin gcéad i mí Eanáir, ó 2.0 faoin gcéad i mí na Nollag agus 2.1 faoin gcéad i mí na Samhna. Tháinig laghdú ar an mboilsciú fuinnimh go -4.1 faoin gcéad, tar éis -1.9 faoin gcéad i mí na Nollag agus -0.5 faoin gcéad i mí na Samhna, agus tháinig ardú ar an mboilsciú praghsanna bia go 2.7 faoin gcéad, ó 2.5 faoin gcéad i mí na Nollag agus 2.4 faoin gcéad i mí na Samhna. Tháinig laghdú ar an mboilsciú gan fuinneamh agus bia san áireamh go 2.2 faoin gcéad, ó 2.3 faoin gcéad i mí na Nollag agus 2.4 faoin gcéad i mí na Samhna. Tháinig méadú beag go 0.4 faoin gcéad ar bhoilsciú earraí, agus tháinig laghdú ar bhoilsciú seirbhísí go 3.2 faoin gcéad, ó 3.4 faoin gcéad i mí na Nollag agus 3.5 faoin gcéad i mí na Samhna.

Is beag athrú atá tagtha ar tháscairí an bhoilscithe fholuitigh le roinnt míonna anuas agus tá siad fós comhsheasmhach lenár sprioc mheántéarmach, is é sin a dó faoin gcéad. Tugann fás pá idirbheartaithe agus táscairí réamhbhreathnaitheacha, amhail rianaire pá BCE agus suirbhéanna ar ionchais phá, le tuiscint go bhfuil maolú leanúnach ar bhrúnna costais saothair. Mar sin féin, tá éiginnteacht fós ann maidir lena mhéad atá íocaíochtaí de bhreis ar an gcomhpháirt phá idirbheartaithe ag cur leis an bhfás pá foriomlán.

De réir fhormhór na slat tomhais maidir le hionchais bhoilscithe, is ráta 2 faoin gcéad nó mar sin a bheidh ann san fhadtéarma, rud atá ag teacht le cobhsú an bhoilscithe thart ar an sprioc atá leagtha amach againn.

Measúnú riosca

Tá timpeallacht beartais dhomhanda luaineach fós le sárú ag an limistéar euro. D’fhéadfadh méadú athnuaite ar an éiginnteacht cur isteach ar an éileamh. D’fhéadfadh maolú níos mó ar an éileamh a bheith mar thoradh ar mheathlú ar mheon an mhargaidh airgeadais dhomhanda. D’fhéadfadh tuilleadh easaontas sa trádáil idirnáisiúnta cur isteach ar shlabhraí soláthair, onnmhairí a laghdú agus tomhaltas agus infheistíocht a lagú. Is údar mór éiginnteachta i gcónaí iad na teannais gheopholaitiúla, amhail cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Os a choinne sin, d’fhéadfadh caiteachas beartaithe ar chosaint agus ar bhonneagar, mar aon le glacadh le teicneolaíochtaí lena gcuirfear leis an táirgiúlacht ag gnólachtaí an limistéir euro, borradh níos mó a chur faoin bhfás thar mar a bhí á thuar, lena n-áirítear trí éifeachtaí dearfacha ar ghnó agus ar mhuinín na dtomhaltóirí. D’fhéadfadh comhaontuithe trádála nua agus comhtháthú níos doimhne sa Mhargadh Aonair Eorpach atá againn borradh níos mó ná mar a bhíothas ag dréim leis a chur faoin bhfás.

Go fóill féin tá an t-ionchas maidir leis an mboilsciú níos éiginnte ná mar is gnách, mar gheall ar an timpeallacht beartais dhomhanda luaineach. D’fhéadfadh an boilsciú a bheith níos ísle má bhíonn éileamh níos ísle ná mar a bhíothas ag dréim leis ar onnmhairí an limistéir euro mar thoradh ar tharaifí agus má spreagtar tíortha a bhfuil ró-acmhainneacht acu a n-onnmhairí chuig an limistéar euro a mhéadú tuilleadh. Anuas air sin, d’fhéadfadh an boilsciú laghdú níos mó ná mar a bhíothas ag dréim leis de bharr euro níos láidre. D’fhéadfadh margaí airgeadais níos luainí agus níos drogallaí i leith rioscaí cur isteach ar an éileamh agus an boilsciú a laghdú freisin dá bhrí sin. Os a choinne sin, d’fhéadfadh an boilsciú a bheith níos airde dá mbeadh athrú aníos leanúnach i bpraghsanna fuinnimh nó dá mbeadh de thoradh ar shlabhraí soláthair domhanda atá níos ilroinnte go dtiocfadh ardú ar phraghsanna allmhairí, go gcuirfí srian ar an soláthar amhábhar criticiúil agus go ngéarófaí ar na srianta acmhainneachta i ngeilleagar an limistéir euro. Dá mbeadh maolú níos moille ar an bhfás pá, d’fhéadfadh an boilsciú seirbhísí laghdú tráth níos déanaí ná mar a bhíothas ag dréim leis. D’fhéadfadh an borradh atá beartaithe faoin gcaiteachas cosanta agus bonneagair a bheith mar chúis freisin le méadú ar an mboilsciú sa mheántéarma. D’fhéadfadh méadú níos mó ná mar a bhíothas ag dréim leis teacht ar phraghsanna bia de dheasca adhaimsire agus na ngéarchéimeanna aeráide agus dúlra atá ag teacht chun cinn i gcoitinne.

Dálaí airgeadais agus airgeadaíochta

Tá laghdú tagtha ar rátaí an mhargaidh ó bhí an cruinniú deiridh againn, agus tháinig méadú sealadach ar luaineacht sa mhargadh airgeadais mar gheall ar theannas trádála domhanda agus geopholaitiúil. Tháinig ardú ar rátaí iasachtaithe na mbanc do ghnólachtaí go 3.6 faoin gcéad i mí na Nollag, ó 3.5 faoin gcéad i mí na Samhna, agus tháinig ardú freisin an gcostas a bhain le fiachas margadhbhunaithe a eisiúint. Bhí an meánráta úis ar mhorgáistí nua seasta arís, ag 3.3 faoin gcéad i mí na Nollag.

Tháinig méadú 3.0 faoin gcéad ar bhonn bliantúil ar iasachtú na mbanc do ghnólachtaí i mí na Nollag, tar éis 3.1 faoin gcéad i mí na Samhna agus 2.9 faoin gcéad i mí Dheireadh Fómhair. Tháinig méadú 3.4 faoin gcéad ar eisiúint bannaí corparáideacha i mí na Nollag. De réir an tsuirbhé is déanaí uainn maidir le hiasachtú bainc don limistéar euro, tháinig méadú beag ar éileamh na ngnólachtaí ar chreidmheas sa cheathrú ráithe, go háirithe chun fardail agus caipiteal oibre a mhaoiniú. Ag an am céanna, tháinig géarú arís ar na caighdeáin chreidmheasa le haghaidh iasachtaí gnó.

Tháinig méadú 3.0 faoin gcéad ar iasachtú morgáiste, tar éis 2.9 faoin gcéad i mí na Samhna agus 2.8 faoin gcéad i mí Dheireadh Fómhair, mar fhreagairt ar an éileamh ar iasachtaí atá fós ag ardú agus an maolú ar chaighdeáin chreidmheasa.

Focal scoir

Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu gan aon athrú a chur ar thrí eochair-ráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Tá rún daingean againn a chinntiú go bhfanfaidh an boilsciú cobhsaí ag an sprioc a dó faoin gcéad atá againn sa mheántéarma. Leanfaimid cur chuige atá ag brath ar shonraí agus cur chuige cruinniú ar chruinniú chun seasamh iomchuí an bheartais airgeadaíochta a chinneadh. Beidh na cinntí a dhéanfaimid i dtaobh rátaí úis le bunú ar ár measúnú ar an ionchas boilscithe agus na rioscaí a bhaineann leis i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíocha agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú foluiteach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta. Níl aon ghealltanas á thabhairt againn fós maidir le treo rátaí ar leith.

I gcás ar bith, táimid réidh lenár gcuid ionstraimí uile a choigeartú laistigh den sainordú atá againn chun a chinntiú go bhfanfaidh an boilsciú cobhsaí ar bhonn leanúnach ag ár sprioc mheántéarmach agus chun dea-fheidhmiú tharchur an beartais airgeadaíochta a choimeád slán.

Táimid réidh anois le glacadh le bhur gcuid ceisteanna.

Tá an fhoclaíocht bheacht a chomhaontaigh an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa