Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Sracfhéachaint ar ár ráiteas beartais airgeadaíochta - Deireadh Fómhair 2024

Cad a chinneamar?

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Laghdaíomar ár n-eochair-ráta úis 0.25 pointe céatadáin

Is féidir linn é sin a dhéanamh mar go bhfuil boilsciú ag teacht anuas níos tapa ná mar a bhíothas ag súil leis i dtreo ár sprice 2% agus tá an geilleagar níos laige freisin. Braithfidh ár gcinntí amach anseo ar an gcaoi a bhfuil an geilleagar agus an boilsciú ag cruthú.

Cad atá ag tarlú sa gheilleagar?

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Tá an geilleagar ag cruthú níos measa ná mar a bhíothas ag súil leis

Tá cúrsaí déantúsaíochta agus easpórtálacha lag. Níl gnóthais ag déanamh mórán infheistíochta. Ach tá na seirbhísí ag déanamh rud beag níos fearr, a bhuíochas le séasúr maith turasóireachta an tsamhraidh.

Tá daoine ag sábháil níos mó dá gcuid airgid in ionad é a chaitheamh

Cé go bhfuil níos mó airgid le caitheamh ag go leor daoine, is fearr leo é a chur i leataobh, níos mó fós ná roimh an bpaindéim.

Tá boilsciú níos ísle ná mar a bhí le blianta

Tá laghdú mór tagtha go háirithe ar phraghsanna fuinnimh. Is dócha go dtiocfaidh méadú ar an mboilsciú sna míonna amach romhainn ach táthar ag súil go bhfillfidh sé ar ár sprioc 2% in 2025.

Tá post ag go leor daoine

Tá an ráta dífhostaíochta fós ag an leibhéal is ísle riamh ó tugadh isteach an euro. Ach tá gnólachtaí ag cur amach níos lú fógraí poist. Tá pá fós ag fás go láidir.

Tá níos mó iasachtaí á n-éileamh ag gnólachtaí

Tá níos mó muiníne ag daoine freisin iarratas a dhéanamh ar mhorgáistí mar gheall ar rátaí úis níos ísle agus ionchais níos fearr ann don mhargadh tithíochta.

FÉACH FREISIN

Féach ar na mionsonraí

CINNTÍ BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

Seo an méid a chinn an Chomhairle Rialaithe faoi rátaí úis agus ionstraimí eile an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag a cruinniú deireanach.

Preasráiteas

RÁITEAS BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

Léigh ár míniú ar na cúiseanna atá leis na cinntí beartais airgeadaíochta is déanaí.

Ráiteas beartais airgeadaíochta
NÍ SAINEOLAÍ THÚ? FÉACH AR ÁR MÍNIÚ
FOGHLAIM TUILLEADH
Cad is beartas airgeadaíochta ann?