Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Príomhfhigiúirí

1 Tuarascáil bhainistíochta

1.1 Cuspóir thuarascáil bhainistíochta BCE

Is cuid lárnach de Chuntais Bhliantúla BCE í an tuarascáil bhainistíochta[1] agus deartar í chun faisnéis chomhthéacsúil a chur ar fáil do léitheoirí maidir leis na ráitis airgeadais.[2] Ós rud é go dtugtar faoi ghníomhaíochtaí BCE chun tacú lena chuspóirí beartais, ba cheart breathnú ar staid agus toradh airgeadais BCE i gcomhar lena ghníomhaíochtaí beartais.

Chuige sin, cuirtear i láthair sa tuarascáil bhainistíochta príomhchúraimí agus príomhghníomhaíochtaí BCE, chomh maith lena dtionchar ar a ráitis airgeadais. Thairis sin, déantar anailís inti na príomhfhorbairtí sa Chlár Comhardaithe agus an Cuntas Brabúis agus Caillteanais le linn na bliana agus áirítear inti faisnéis ar acmhainní airgeadais BCE. Ar deireadh, cuirtear síos inti ar an timpeallacht riosca ina bhfeidhmíonn BCE, ag cur ar fáil faisnéise ar na sonraí sonracha a bhfuil BCE neamhchosanta orthu, agus na beartais bainistíochta riosca a úsáidtear chun rioscaí a mhaolú.

1.2 Príomhchúraimí agus príomhghníomhaíochtaí

Is cuid den Eurochóras BCE, lena gcuimsítear, seachas BCE, 19 mbanc ceannais náisiúnta (BCNanna) de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (AE) arb é an euro a n‑airgeadra.[3] Is é an príomhchuspóir atá ag an Eurochóras cobhsaíocht praghsanna a choimeád. Comhlíonann BCE a chúraimí mar atá tuairiscithe sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh[4] agus i Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh (Reacht CEBC)[5] (Fíor 1). Seolann BCE a ghníomhaíochtaí chun a shainordú a chomhlíonadh agus ní leis an rún brabús a ghiniúint.

Fíor 1

Is iad príomhchúraimí BCE

Déantar beartas airgeadaíochta an Eurochórais a thaifeadadh i ráitis airgeadais BCE agus BCNanna an limistéir euro, ag léiriú phrionsabal chur chun feidhme díláraithe an bheartais airgeadaíochta san Eurochóras. I dTábla 1 thíos cuirtear ar fáil forbhreathnú ar phríomhoibríochtaí agus príomhfheidhmeanna BCE in iarracht a shainordú a chur i gcrích, agus a dtionchar ar ráitis airgeadais BCE.

Tábla 1

Príomhghníomhaíochtaí BCE agus a dtionchar ar ráitis airgeadais

Cur chun feidhme beartais airgeadaíochta

Oibríochtaí um malairt eachtrach a dhéanamh agus cúlchistí eachtracha a bhainistiú

Oibriú réidh na gcóras íocaíochta a chur chun cinn

Rannchuidiú le sábháilteacht agus fóntacht an chórais baincéireachta agus cobhsaíocht an chórais airgeadais

Eile

1) Is féidir tuilleadh sonraí faoi ionstraimí beartais airgeadaíochta an Eurochórais agus, ar dhóigh níos sonraí, faoi oibríochtaí margaidh oscailte a fháil ar shuíomh gréasáin BCE.
2) Is féidir tuilleadh sonraí faoi iasachtú urrús a fháil ar shuíomh gréasáin BCE.
3) Is féidir tuilleadh sonraí faoin na línte babhtála airgeadra a fháil ar shuíomh gréasáin BCE.
4) Is féidir tuilleadh sonraí faoi oibríochtaí leachtachta euro an Eurochórais i gcoinne comhthaobhacht incháilithe a fháil ar shuíomh gréasáin BCE.
5) Is féidir tuilleadh sonraí faoi TARGET2 a fháil ar shuíomh gréasáin BCE.

1.3 Forbairtí airgeadais

1.3.1 Clár Comhardaithe

Tháinig méadú suntasach ar Chlár Comhardaithe BCE ó 2018 go 2022, arna spreagadh go príomha ag ceannach glan amach urrús ag BCE i gcomhthéacs chur chun feidhme bheartas airgeadaíochta an Eurochórais (Cairt 1). Ó tháinig deireadh le glancheannacháin faoin gclár ceannaithe sócmhainní (CCSL[6]) i mí na Nollag 2018 agus ó tosaíodh arís orthu i mí na Samhna 2019, bhí fás measartha ann in 2019 agus d’eascair sé go príomha as méaduithe ar luach margaidh shócmhainní cúlchistí eachtracha BCE agus i luach nótaí bainc euro i gcúrsaíocht. Ba iad glancheannacháin urrús faoi CCSL agus seoladh chlár ceannaithe éigeandála na paindéime (CCÉP) i mí an Mhárta 2020 príomhspreagthaí an leathnaithe shuntasaigh in 2020 agus[7] in 2021. Scoireadh de ghlancheannacháin urrús faoi CCÉP agus CCSL ó dheireadh mhí an Mhárta 2022 agus ón 1 Iúil 2022, faoi seach, rud a d’fhág gur tháinig méadú níos measartha ar Chlár Comhardaithe BCE in 2022.

Cairt 1

Príomh-chomhpháirteanna Chlár Comhardaithe BCE

(EUR billiúin)

Foinse: BCE:

In 2022, tháinig méadú €18.7 billiún go €698.9 billiún ar Chlár Comhardaithe BCE, go príomha de thairbhe sciar BCE de cheannacháin urrús faoi CCÉP agus CCSL. Mar thoradh ar na ceannacháin sin, tháinig méadú ar urrúis arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta, agus tháinig ardú comhfhreagrach ar dhliteanais laistigh den Eurochóras mar thoradh ar shocrú airgid na gceannachán sin trí chuntais TARGET2. Rinneadh an t‑ardú sin ar dhliteanais laistigh den Eurochóras a fhritháireamh sa bhreis le hinsreafaí airgid thirim mar thoradh ar thaiscí níos airde a chuir cónaitheoirí limistéar an euro in BCE, rud a d’fhág méadú ar dhliteanais eile an tráth céanna.

Chuir an t‑ardú ar luach coibhéiseach euro shócmhainní cúlchistí eachtracha BCE agus ar luach nótaí bainc euro i gcúrsaíocht le fás Chlár Comhardaithe BCE freisin.

B’urrúis ainmnithe in Euro arna sealbhú chun críoch beartais airgeadaíochta iad 65 % de shócmhainní iomlána BCE ag deireadh 2022. Faoin mír seo sa chlár comhardaithe, sealbhaíonn BCE urrúis a fuarthas i gcomhthéacs Chlár na Margaí Urrús (CMU), CCBC3, CCUSB, CCEP agus CCÉP. Na hurrúis uile arna sealbhú faoin gcéad chlár ceannaithe bannaí faoi chumhdach (CCBC1 agus CCBC2) a bhí fágtha, tháinig siad in aibíocht le linn 2022.

Bunaithe ar na cinntí ábharacha ón gComhairle Rialaithe, lean BCE dá ghlancheannacháin urrús faoi CCÉP go dtí deireadh mhí an Mhárta 2022, agus tháinig deireadh le glancheannacháin faoi CCSL an 1 Iúil 2022. An tráth céanna, leanadh d’athinfheistiú iomlán a dhéanamh le linn na bliana ar na híocaíochtaí príomhshuime ó urrúis arna sealbhú sa dá phunann a bhí ag dul in aibíocht. Mar thoradh ar na ceannacháin agus na hathinfheistíochtaí sin, tháinig méadú € 11.9 billiún go € 457.3 billiún (Cairt 2) ar phunann na n‑urrús arna sealbhú ag BCE chun críoch beartais airgeadaíochta, agus tháinig méadú € 9.0 billiún agus € 8.8 billiún ar shealúchais CCÉP agus CCEP, faoi seach. Tharla an laghdú €5.5 billiún ar shealúchais CCUSB mar gheall ar fhuascailtí.

I mí na Nollag 2022 d’fhógair an Chomhairle Rialaithe[8] go dtiocfaidh laghdú ar phunann CCSL ó thús mhí an Mhárta 2023 ar luas tomhaiste intuartha, toisc nach ndéanfaidh an tEurochóras na híocaíochtaí príomhshuime uile ó urrúis atá ag teacht in aibíocht a athinfheistiú. Laghdú €15 bhilliún in aghaidh na míosa ar an meán a bheidh ann go dtí deireadh mhí an Mheithimh 2023 agus cinnfear an luas ina dhiaidh sin le himeacht ama. Leanfaidh an Chomhairle Rialaithe d’athinfheistiú iomlán a dhéanamh ar na híocaíochtaí príomhshuime ó urrúis atá ag teacht in aibíocht faoi CCÉP go dtí deireadh 2024 ar a laghad, agus leanfaidh sí de sholúbthacht a chur i bhfeidhm le himeacht ama, aicmí sócmhainní agus dlínsí sna hathinfheistíochtaí sin, d’fhonn rioscaí don sásra tarchurtha beartais airgeadaíochta a bhaineann le paindéim an choróinvíris (COVID‑19) a chomhrac.

Cairt 2

Urrúis arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta

(EUR billiúin)

Foinse: BCE:

Maidir leis na cláir ghníomhacha urrús arna sealbhú chun críoch beartais airgeadaíochta, is iad sin CCSL agus CCÉP, bhí próifíl aibíochta éagsúlaithe[9] (Cairt 3) ag urrúis arna sealbhú ag BCE ag deireadh 2022.

Cairt 3

Próifíl aibíochta CCS agus CCÉP

Foinse: BCE.
Nóta: Le haghaidh urrúis shócmhainn-bhunaithe, tá an phróifíl aibíochta bunaithe ar shaolré meánach ualaithe na n-urrús seachas an dáta aibíochta dlíthiúil.

In 2022 tháinig méadú €4.1 billiún go €84.5 billiún ar luach coibhéiseach euro iomlán shócmhainní cúlchistí eachtracha BCE, arb é atá ann ór, cearta tarraingthe speisialta, dollair na Stát Aontaithe, yen na Seapáine agus renminbi na Sine.

Tháinig méadú €1.6 billiún go €27.7 billiún ar luach coibhéiseach euro shealúchais óir agus infháltais óir BCE in 2022 (Cairt 4) i ngeall ar mhéadú ar phraghas margaidh an óir i dtéarmaí euro, agus níor tháinig aon athrú ar mhéid na sealúchas sin in unsaí troí. De bharr an ardaithe seo freisin bhí ardú coibhéiseach i gcuntais athluachála óir BCE (féach Roinn 1.3.2 “Acmhainní airgeadais”).

Cairt 4

Sealúchais óir agus praghsanna óir

(scála ar chlé: EUR billiúin; scála ar dheis: euro in aghaidh unsa troí óir)

Foinse: BCE.
Nóta: Ní chumhdaíonn “Cuntais athluachála óir” ranníocaíochtaí bhainc ceannais na mBallstát a chuaigh isteach sa limistéar euro tar éis an 1 Eanáir 1999 le cuntais athluachála óir carntha BCE amhail ar an lá roimh a n-iontráil san Eurochóras.

Tháinig méadú €2.0 billiún go €55.0 billiún (Cairt 5) ar shealúchais airgeadra eachtraigh BCE de dhollair[10] na Stát Aontaithe, yen na Seapáine agus renminbi na Síne, go príomha de thairbhe an luachmhéadaithe ar dhollar na Stát Aontaithe i gcoinne an euro. Léirítear luachmhéadú dhollar SAM freisin in iarmhéideanna níos airde i gcuntais athluachála BCE (féach Roinn 1.3.2 “Acmhainní airgeadais”).

Cairt 5

Sealúchais airgeadra eachtraigh

(EUR billiúin)

Foinse: BCE:

Lean dollar na Stát Aontaithe de bheith ina phríomhchuid de shealúchais airgeadra eachtraigh BCE, arb ionann é agus thart ar 78 % den iomlán ag deireadh 2022.

Bainistíonn BCE infheistíocht a shealúchais airgeadra eachtraigh trí úsáid a bhaint as cur chuige trí chéim. Ar dtús, déanann bainisteoirí riosca BCE punann tagarmharc straitéiseach a dhearadh agus déanann an Chomhairle Rialaithe é a cheadú. Sa dara dul síos, dearann bainisteoirí punainne BCE an phunann tagarmharc oirbheartaíoch, a dhéanann an Bord Feidhmiúcháin a fhaomhadh. Ar an tríú dul síos, déanann na BCNanna oibríochtaí infheistíochtaí ar bhealach díláraithe ar bhonn lá go lá.

Déantar sealúchais airgeadais eachtraigh BCE a infheistiú go príomha in urrúis agus taiscí margaí airgid nó coinnítear iad i gcuntais reatha (Cairt 6). Luacháiltear urrúis sa phunann seo ag praghsanna margaidh deireadh bliana.

Cairt 6

Comhdhéanamh infheistíochtaí airgeadra eachtraigh

(EUR billiúin)

Foinse: BCE:

Is é cuspóir shealúchais airgeadra eachtraigh BCE idirghabhálacha féideartha airgeadais sa mhargadh malairte eachtraí a mhaoiniú. Ar an gcúis seo, déantar sealúchais airgeadais eachtraigh BCE a bhainistiú de réir trí chuspóir (in ord tosaíochta): leachtacht, sábháilteacht agus toradh. Ar an mbonn sin, cuimsítear go príomha sa phunann seo urrúis le haibíochtaí gearra (Cairt 7).

Cairt 7

Próifíl aibíochta urrús ainmnithe in airgeadra eachtrach

Foinse: BCE:

D’fhan luach na punainne cistí dílse gan athrú beagnach ag €21.1 billiún (Cairt 8) toisc gur fhritháirigh príomhspreagthaí a chéile go frithpháirteach den chuid is mó in 2022. Rinne infheistíocht de mhéid iomlán a bhí comhionann leis an méid a aistríodh chuig soláthar BCE le haghaidh rioscaí airgeadais in 2021 agus an méid a d’íoc BCNanna i limistéar an euro in 2022 i ndáil leis an dara tráthchuid dá suibscríbhinní méadaithe i gcaipiteal BCE tar éis do Bhanc Shasana tarraingt siar as CEBC (féach Roinn 1.3.2 ‘Acmhainní airgeadais’) méid na punainne cistí dílse a mhéadú. Mar sin féin, rinneadh an méadú sin a fhritháireamh go hiomlán beagnach mar gheall ar an laghdú ar mhargadhluach na n‑urrús arna sealbhú sa phunann sin mar thoradh ar an méadú suntasach ar thorthaí bannaí limistéar an euro (Cairt 16).

Cairt 8

Punann cistí dílseacha BCE

(EUR billiúin)

Foinse: BCE:

Urrúis ainmnithe in euro a luacháiltear ag praghsanna margaidh deireadh bliana go príomha atá sa phunann. In 2022, b’ionann urrúis fiachais rialtais agus 76 % den phunann iomlán.

Lean sciar na n‑infheistíochtaí glasa sa phunann cistí dílse dá mhéadú, ag dul ó 7.6 % ag deireadh 2021 go 13.1 % ag deireadh 2022. Beartaíonn BCE an sciar seo a ardú a thuilleadh sna blianta seo romhainn.[11] Ó 2021 comhlánaítear ceannacháin bannaí glasa i margaí tánaisteacha le hinfheistíochtaí i gciste infheistíochta bannaí glasa atá ainmnithe in euro le haghaidh bainc cheannais a sheol an Banc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta i mí Eanáir 2021.

Is éard atá i bpunann chistí dílse BCE go príomha infheistíochtaí acmhainní airgeadais BCE, mar atá a chaipiteal íoctha agus na méideanna a chuirtear i leataobh sa chúlchiste ginearálta agus an soláthar le haghaidh rioscaí airgeadais. Is é is cuspóir don phunann seo ioncam a chur ar fáil chun cabhrú speansais oibriúcháin BCE a mhaoiniú, nach bhfuil gaolta le comhlíonadh a thascanna maoirseachta.[12] Infheistítear é i sócmhainní ainmnithe in euro, faoi réir na dteorainneacha a fhorchuirtear lena chreat rialaithe riosca. Tá de thoradh air seo struchtúr aibíochta níos éagsúlaithe (Cairt 9) ná sa phunann cúlchistí eachtracha.

Cairt 9

Próifíl aibíochta urrús cistí dílseacha

Foinse: BCE:

Ag deireadh 2022, b’ionann luach iomlán na nótaí bainc euro atá i gcúrsaíocht agus €1,572.0 billiún, méadú 1.8 % i gcomparáid le deireadh 2021. Leithdháileadh sciar 8 % de luach iomlán nótaí bainc euro atá i gcúrsaíocht do BCE, arbh ionann é agus €125.8 billiún ag deireadh na bliana. De bhrí nach n-eisíonn BCE féin nótaí bainc, coinníonn sé éilimh in-Eurochórais vis-à-vis BCNanna an limistéir euro le haghaidh luach coibhéiseach le luach na nótaí bainc i gcúrsaíocht.

Tháinig laghdú €19.7 billiún go dtí €355.5 billiún in 2022 ar dhliteanais BCE laistigh den Eurochóras, arb é atá iontu den chuid is mó glan‑iarmhéid TARGET2 de BCNanna i limistéar an euro vis‑à‑vis BCE agus dliteanais BCE maidir leis na sócmhainní cúlchistí eachtracha a d’aistrigh BCNanna i limistéar an euro chuige nuair a chuaigh siad isteach san Eurochóras.

Ba é forbairt na nglandliteanas TARGET2 mar thoradh ar ghlancheannacháin urrúis BCE arna sealbhú chun críoch beartais airgeadaíochta, a shocraítear trí chuntais TARGET2 (Cairt 10), an chúis ba mhó le forbairt na ndliteanas laistigh den Eurochóras le himeacht na tréimhse ó 2018 go 2020. In 2021 agus 2022 bhí tionchar na gceannachán urrús beartais airgeadaíochta ar an nglandliteanas TARGET2 níos mó ná mar a fritháiríodh le fachtóirí eile. In 2022 ba iad na fachtóirí sin taiscí níos airde chónaitheoirí limistéar an euro ar ghlac BCE leo ina ról mar ghníomhaire fioscach[13] agus iarmhéideanna níos airde de chórais choimhdeacha limistéar an euro atá nasctha le TARGET2 trí chomhpháirt TARGET2‑BCE.

Cairt 10

Glan-chomharduithe TARGET2 in-Eurochórais agus urrúis a choinnítear chun críocha beartais airgeadaíochta

(EUR billiúin)

Foinse: BCE:

Is éard atá i ndliteanais eile BCE, den chuid is mó, taiscí a nglacann BCE leo ina ról mar ghníomhaire fioscach chomh maith le comhardú na gcóras coimhdeach atá nasctha le TARGET2 trí chomhpháirt TARGET2‑BCE. In 2022, tháinig méadú €33.2 billiún go €165.7 billiún ar dhliteanais eile BCE, go príomha mar gheall ar thaiscí níos airde de chuid chónaitheoirí limistéar an euro a nglactar leo ina ról mar ghníomhaire fioscach.

1.3.2 Acmhainní airgeadais

Is éard atá in acmhainní airgeadais BCE a chaipiteal, aon mhéid arna shealbhú sa soláthar le haghaidh rioscaí airgeadais agus an cúlchiste ginearálta, na cuntais athluachála agus aon bhrabús le haghaidh na bliana. Déantar na hacmhainní airgeadais sin (i) a infheistiú i sócmhainní a ghineann ioncam agus/nó (ii) úsáidtear iad chun caillteanais a fhritháireamh. An 31 Nollaig 2022, b’ionann acmhainní airgeadais BCE agus €51.6 billiún (Cairt 11). Bhí sé sin €1.8 billiún níos airde ná mar a bhí in 2021 mar gheall ar (i) an méadú ar na cuntais athluachála de thoradh luachmhéadú dhollar na Stát Aontaithe in aghaidh an euro chomh maith leis an ardú ar mhargadhphraghas an óir i dtéarmaí euro in 2022; agus (ii) an méadú ar chaipiteal íoctha. Rinneadh na méaduithe sin a fhritháireamh go páirteach, go príomha tríd an laghdú ar an soláthar le haghaidh rioscaí airgeadais, tar éis é a úsáid go páirteach chun caillteanais a tabhaíodh in 2022 a fhritháireamh.

Cairt 11

Acmhainní airgeadais BCE

(EUR billiúin)

Foinse: BCE.
Nóta: Áirítear le “cuntais athluachála” gnóthachain athluachála iomlána ar ór, sealúchais airgeadra agus urrús eachtracha, ach ní áirítear an cuntas athluachála le haghaidh sochair iarfhostaíochta.

Gnóthachain neamhréadaithe ar ór agus airgeadraí eachtracha agus gnóthachain neamhréadaithe ar urrúis atá faoi réir athluacháil praghsanna, ní aithnítear iad mar ioncam sa Chuntas Brabúis agus Caillteanais, ach déantar iad a thaifeadadh go díreach i gcuntais athluachála a thaispeántar ar thaobh dliteanais Chlár Comhardaithe BCE. Is féidir na hiarmhéideanna sna cuntais seo a úsáid chun tionchar aon ghluaiseachta neamhfhabhraí a sheasamh sna praghsanna faoi seach agus/nó rátaí malairte agus mar sin teacht aniar BCE i gcoinne rioscaí forluiteacha a neartú. In 2022[14] tháinig méadú €3.0 billiún go €36.1 billiún ar na cuntais athluachála d’ór, d’airgeadraí eachtracha agus d’urrúis de thairbhe iarmhéideanna athluachála níos airde d’airgeadraí eachtracha agus d’ór, mar thoradh ar luachmhéadú dhollair na Stát Aontaithe in aghaidh an euro agus an t‑ardú ar mhargadhphraghas an óir i dtéarmaí euro (Cairt 12), a fritháiríodh go páirteach leis an laghdú ar iarmhéideanna athluachála na n‑urrús.

Cairt 12

Na príomhrátaí malairte eachtraí agus praghas an óir le himeacht na tréimhse 2018‑22

(athruithe céatadáin vis‑à‑vis 2018; sonraí deireadh bliana)

Foinse: BCE:

Tar éis do Bhanc Shasana imeacht ó CEBC in 2020, tháinig ardú ar scaireanna na BCNanna iarmharacha i gcaipiteal suibscríofa BCE. Shocraigh an Chomhairle Rialaithe nach gclúdódh na BCNanna iarmharacha ach caipiteal íoctha tarraingthe siar Bhanc Shasana €58 milliún in 2020 agus go n-íocfadh BCNanna an limistéir euro ina n-iomláine a síntiúis ardaithe ina dhá thráthchuid bhliantúla chomhionanna in 2021 agus 2022. Tar éis do BCNanna limistéar an euro an tráthchuid dheireanach a íoc, tháinig méadú €0.6 billiún go €8.9 billiún ar chaipiteal íoctha BCE in 2022.[15]

I bhfianaise a neamhchosanta ar rioscaí airgeadais (féach Roinn 1.4.1 ‘Rioscaí airgeadais’), coinníonn BCE foráil le haghaidh rioscaí airgeadais. Ní féidir leis an bhforáil le haghaidh rioscaí airgeadais, in éineacht le haon mhéid a choinnítear i gcúlchiste ginearálta BCE a bheith níos mó ná luach an chaipitil a íocann BCNanna an limistéir euro. Déantar méid na forála seo a athbhreithniú go bliantúil, ag cur réimse tosca san áireamh, lena n-áirítear an leibhéal sealúchas sócmhainní rioscúla, na torthaí réamh-mheasta don bhliain atá le teacht agus measúnú riosca. Tar éis an athbhreithnithe bhliantúil, chinn an Chomhairle Rialaithe €1.627 milliún a scaoileadh ón soláthar le haghaidh rioscaí airgeadais chun caillteanais arna dtabhú in 2022 a fhritháireamh, rud a d’fhág gur nialas a bhí i dtoradh airgeadais BCE (féach Roinn 1.3.3 ‘Cuntas Brabúis agus Caillteanais’). Tar éis na heisiúna sin, tháinig laghdú go €6.6 billiún ar mhéid an tsoláthair le haghaidh rioscaí airgeadais.

1.3.3 Cuntas Brabúis agus Caillteanais

Tar éis roinnt blianta de mhéadú a bheith tagtha ar bhrabús bliantúil BCE, bhain sé a bhuaic amach in 2019 sular thosaigh sé ag laghdú in 2020. Athruithe ar an ioncam a ghintear ar shócmhainní cúlchistí eachtracha agus ar urrúis arna sealbhú chun críoch beartais airgeadaíochta ba mhó a spreag na hathruithe ar bhrabús BCE. Bhí aistriú suntasach ann freisin chuig an soláthar le haghaidh rioscaí airgeadais in 2021 a laghdaigh brabús BCE de mhéid comhfhreagrach.

Nialas a bhí i dtoradh airgeadais BCE (2021: €192 milliún), tar éis scaoileadh €1,627 milliún ón soláthar le haghaidh rioscaí airgeadais chun caillteanais a tabhaíodh in 2022 a fhritháireamh. D’eascair na caillteanais sin go príomha as (i) an speansas úis a lean as glandliteanas TARGET2 BCE agus (ii) an glantoradh diúltach ó oibríochtaí airgeadais agus ó dhíluachálacha (Cairt 13).

Cairt 13

Príomh-chomhpháirteanna Chuntas Brabúis agus Caillteanais BCE

(EUR milliúin)

Foinse: BCE.
Nóta: Is éard atá in “Ioncam agus speansais eile” ná “Ioncam/speansas glan ó tháillí agus ó choimisiúin”, “Ioncam ó scaireanna cothromais agus leasanna rannpháirteacha”, “Ioncam eile” agus “Speansais eile”.

Tháinig laghdú €666 milliún go €900 milliún (Cairt 14) ar ghlanioncam úis BCE de thoradh an speansais úis a lean as glandliteanas TARGET2 BCE go príomha. Rannchuidigh an speansas úis a bhain le híocaíocht éilimh BCN i limistéar an euro i ndáil le cúlchistí eachtracha a aistríodh chuig BCE leis an laghdú sin freisin. Rinneadh na costais sin a fhritháireamh go páirteach de bharr ioncam úis níos airde a d’eascair as (i) éilimh BCE a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras, (ii) sócmhainní cúlchistí eachtracha agus (iii) urrúis arna sealbhú chun críoch beartais airgeadaíochta.

Cairt 14

Glanioncam úis

(EUR milliúin)

Foinse: BCE:

Tháinig méadú €528 milliún ar ghlanioncam úis a ghintear as urrúis arna sealbhú chun críoch beartais airgeadaíochta go €1.534 mhilliún in 2022 (Cairt 15), mar gheall go príomha ar an nglanioncam úis níos airde a eascraíonn as CCSL (ó urrúis arna sealbhú faoi CCBC3, CCUSB agus CCEP) agus as glanioncam úis diúltach níos ísle ar phunann CCÉP. Tháinig méadú €424 milliún go €1.571 mhilliún ar ghlanioncam úis CCSL in 2022, agus laghdaíodh glanioncam úis diúltach CCÉP ó €252 milliún go €103 milliún. Ba é an t‑ardú suntasach ar thorthaí bhannaí limistéar an euro in 2022 (Cairt 16) ba phríomhchúis leis na forbairtí sin, rud a cheadaigh ceannacháin urrús faoin dá chlár ag toradh níos airde i gcomparáid le toradh stairiúil na bpunann faoi seach. Tháinig laghdú €45 mhilliún go €66 mhilliún ar ghlanioncam úis ar phunanna CMU, CCBC1 agus CCBC2 de thairbhe an laghdaithe ar mhéid na bpunann sin mar thoradh ar urrúis atá ag teacht in aibíocht.

Cairt 15

Glanioncam/(speansas) úis ar urrúis arna sealbhú chun críoch beartais airgeadaíochta

(EUR milliúin)

Foinse: BCE:

Cairt 16

Torthaí bannaí ceannais seacht mbliana

(céatadán in aghaidh na bliana; sonraí deireadh míosa)

Foinse: BCE:

Tháinig méadú €602 milliún ar ghlanioncam úis ar shócmhainní cúlchistí eachtracha go €798 milliún, go príomha mar thoradh ar ioncam úis níos airde ar urrúis atá ainmnithe i ndollair na Stát Aontaithe. Tháinig méadú in 2022 ar an meánráta úis a thuilltear ar phunann BCE de dhollair SAM i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin de bharr (i) díolacháin agus fuascailtí bannaí toraidh níos ísle a ceannaíodh san am a chuaigh thart; agus (ii) ceannacháin urrús lenar tháinig torthaí níos airde mar gheall ar an méadú ar bhannaí dhollar SAM ó dheireadh 2021 i leith (Cairt 17).

Cairt 17

Torthaí bannaí ceannais dhá bhliain sna Stáit Aontaithe, sa tSeapáin agus sa tSín

(céatadán in aghaidh na bliana; sonraí deireadh míosa)

Foinse: Bloomberg agus BCE.

Ioncam úis a eascraíonn as leithdháileadh nótaí bainc euro ar BCE agus speansas úis a eascraíonn as íocaíocht éilimh BCN i leith cúlchistí eachtracha arna n‑aistriú, b’ionann iad faoi seach agus €736 milliún agus €201 milliún, agus nialas a bhí iontu araon an bhliain roimhe sin. Bhí na hathruithe mar thoradh ar mhéaduithe ar an ráta úis ar na príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, arb é an ráta a úsáidtear le haghaidh ríomh an úis maidir leis na hiarmhéideanna sin. 0 % a bhí sa ráta sin ó mhí an Mhárta 2016, ach méadaíodh de réir a chéile é ón 27 Iúil 2022 agus 2.5 % a bhí ann ag deireadh na bliana.

B’ionann glanspeansas úis a d’eascair as iarmhéideanna TARGET2 de bharr BCNanna agus €2.075 milliún, i gcomparáid le hioncam úis €22 milliún in 2021. D’eascair an glanspeansas úis in 2022 as íocaíocht iarmhéideanna TARGET2 BCE laistigh den Eurochóras ag an ráta úis ar na príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, a thosaigh ag méadú in 2022. Tháinig an t‑ioncam úis €22 milliún in 2021 as íocaíocht iarmhéideanna TARGET2 BCNanna nach bhfuil i limistéar an euro mar gheall ar mheánráta íocaíochta diúltach.

Tháinig laghdú ar ghlanioncam úis eile, go príomha de thairbhe íocaíocht taiscí a ghlac BCE ina ról mar ghníomhaire fioscach. Cé gur thuill BCE ioncam úis in 2021 ar na taiscí sin mar gheall ar an meánráta íocaíochta diúltach a cuireadh i bhfeidhm orthu, thabhaigh BCE speansas úis in 2022 de réir mar a chuaigh na rátaí íocaíochta is infheidhme i bhfeidhm ar bhonn deimhneach agus bhí na meántaiscí níos airde i dtreo dheireadh na bliana. Fritháiríodh an laghdú sin go páirteach de dhroim an ioncaim úis ní b’airde a tuilleadh ar an bpunann cistí dílse mar thoradh ar thorthaí méadaitheacha i limistéar an euro (Cairt 16).

Tháinig méadú €104 milliún go €110 milliún ar na glanchaillteanais réadaithe a d’eascair as oibríochtaí airgeadais in 2022 (Cairt 18). Tharla sé sin mar gheall ar chaillteanais praghsanna arna réadú go príomha ó dhíolacháin urrús atá ainmnithe i ndollair na Stát Aontaithe, toisc go raibh tionchar diúltach ag an méadú ar thorthaí bannaí dhollar na Stát Aontaithe le linn na bliana ar a luach margaidh (Cairt 17). Tharla na caillteanais sin go príomha sna trí ráithe dheireanacha de 2022 (Cairt 19). Rinneadh na caillteanais praghsanna réadaithe a fhritháireamh go páirteach trí ghnóthachain réadaithe ar an ráta malairte, rud a tháinig chun cinn den chuid is mó mar thoradh ar dhíluacháil praghsanna dheireadh na bliana ar urrúis dhollar na Stát Aontaithe.

Cairt 18

Gnóthachain/caillteanais réadaithe a eascraíonn as oibríochtaí airgeadais

(EUR milliúin)

Foinse: BCE:

Cairt 19

Gnóthachain/caillteanais réadaithe ráithiúla a eascraíonn as oibríochtaí airgeadais in 2021 agus 2022

(EUR milliúin)

Foinse: BCE:

Déantar caillteanais athluachála neamhréadaithe a chur chun speansais i bhfoirm díluachálacha ag deireadh na bliana i gCuntas Brabúis agus Caillteanais BCE. B’ionann na díluachálacha sin agus €1.840 milliún in 2022 i gcomparáid le €133 mhilliún in 2021 (Cairt 20) agus bhí siad ina dtoradh go príomha ar an laghdú ar mhargadhluach na n‑urrús arna sealbhú sna cistí dílse agus i bpunanna dhollar na Stát Aontaithe mar thoradh ar an méadú suntasach ar na torthaí comhfhreagracha.

Cairt 20

Díluachálacha ar shócmhainní agus staideanna airgeadais

(EUR milliúin)

Foinse: BCE:

An 31 Nollaig 2022, chinn an Chomhairle Rialaithe €1,627 milliún a scaoileadh ó sholáthar BCE le haghaidh rioscaí airgeadais chun caillteanais arna dtabhú in 2022 a fhritháireamh (féach Roinn 1.3.2 ‘Acmhainní airgeadais’).

Tháinig laghdú €14 mhilliún go €1,224 mhilliún (Cairt 21) ar speansais oibriúcháin iomlána BCE, lena n‑áirítear seirbhísí dímheasa agus seirbhísí táirgthe nótaí bainc. Ba é ba chúis, den chuid is mó, leis an laghdú i gcomparáid le 2021 costais foirne níos ísle mar thoradh ar ghnóthachain achtúireacha i ndáil le sochair fhadtéarmacha eile mar thoradh ar an ráta lascaine níos airde a úsáideadh don luacháil achtúireach ag deireadh 2022. Tháinig méadú beag ar speansais riartha, de thairbhe, i measc nithe eile, agus ba é ba príomhchúis leis sin gníomhaíochtaí a bheith ag filleadh de réir a chéile ar a ngnáthleibhéil i ndiaidh na paindéime agus seirbhísí nua feabhsaithe TF sa mhaoirseacht baincéireachta.

Clúdaíonn táillí arna thobhach ar na heintitis mhaoirsithe go hiomlán speansais a bhaineann le maoirseacht ar bhaincéireacht. Ar bhonn na speansas iarbhír arna dtabhú ag BCE i gcomhlíonadh a chúraimí maoirseachta baincéireachta, b’ionann ioncam táillí maoirseachta le haghaidh 2022 agus €594 mhilliún.[16]

Cairt 21

Speansais oibriúcháin agus ioncam ó tháillí maoirseachta

(EUR milliúin)

Foinse: BCE:

1.4 Bainistíocht riosca

Is cuid ríthábhachtach í an bhainistíocht riosca de ghníomhaíochtaí BCE agus déantar í trí phróiseas leanúnach (i) um shainaithint agus measúnú riosca, (ii) um athbhreithniú na straitéisí agus na mbeartas riosca, (iii) cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí maolaithe riosca, agus (iv) faireachán agus tuairisciú riosca, a dtacaíonn modheolaíochtaí, próisis agus córais éifeachtacha leo go léir.

Fíor 2

Timthriall bainistíochta riosca

Dírítear sna ranna seo a leanas ar na rioscaí, a bhfoinsí agus na creataí rialaithe riosca is infheidhme.

1.4.1 Rioscaí airgeadais

Beartaíonn an Bord Feidhmiúcháin beartais agus nósanna imeachta lena gcinntítear leibhéal iomchuí cosanta in éadan na rioscaí airgeadais ar a bhfuil BCE neamhchosanta. Rannchuidíonn an Coiste um Bainistiú Riosca (CBR), ina bhfuil saineolaithe ó bhainc ceannais Eurochórais, le monatóireacht, tomhas agus tuairisciú rioscaí airgeadais a bhaineann le clár comhardaithe an Eurochórais, agus sainmhíníonn agus athbhreithníonn sé na modheolaíochtaí agus na creataí bainteacha. An tslí seo, cabhraíonn CBR leis na comhlachtaí cinnteoireachta chun an leibhéal iomchuí cosanta don Eurochórais a chinntiú.

Eascraíonn rioscaí airgeadais ó phríomhghníomhaíochtaí agus neamhchosaintí bainteacha BCE. Tá na creataí agus i dteorainneacha rialaithe riosca a úsáideann BCE chun a phróifíl riosca difriúil i gcineálacha oibríochta, agus léirítear leis sin beartas nó cuspóirí infheistíochta punanna éagsúla agus gnéithe riosca na mbunsócmhainní.

Chun monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar na rioscaí, braitheann BCE ar roinnt teicnící meastacháin riosca. Tá na teicnící seo bunaithe ar chomh-mhargadh agus creat ionsamhlúcháin riosca creidmheasa. Leis na príomhchoincheapa, na príomhtheicnící agus na príomhthoimhdí samhaltúcháin faoi na bearta riosca tarraingítear ar chaighdeáin tionscail agus sonraí margaidh atá ar fáil. Déantar na rioscaí a chainníochtú mar an t-easnamh ionchasach (EI),[17] a mheastar ag an leibhéal muiníne 99% thar thréimhse bliana. Úsáidtear dhá chur chuige chun rioscaí a mheas: (i) an cur chuige cuntasaíochta, faoina meastar cuntais athluachála BCE mar mhaolán i ríomh meastachán riosca de réir le gach riail chuntasaíochta is infheidhme; agus (ii) an cur chuige airgeadais, nach ndéantar na cuntais athluachála a mheas mar mhaolán faoi sa ríomh riosca. Ríomhann BCE bearta riosca eile ag leibhéil mhuiníne éagsúla, déanann sé cásanailís ar íogaireacht agus strus, agus déanann sé measúnú réamh-mheastacháin fhadtéarmacha neamhchosaintí agus ioncaim chun léargas cuimsitheach a choinneáil ar na rioscaí.[18]

Tháinig ardú ar rioscaí iomlána BCE le linn na bliana. Ag deireadh 2022 bhí na rioscaí airgeadais iomlána le haghaidh phunanna uile BCE le chéile, arna thomhas ag easnamh ionchasach ar an leibhéal muiníne 99 % thar thréimhse 1 bhliain amháin faoin gcur chuige cuntasaíochta, ag €16.0 billiún, a bhí cothrom le €0.7 billiún níos airde ná na rioscaí a measadh ag deireadh 2021 (Cairt 22). Lean an t‑ardú ar rioscaí measta de threocht a thosaigh in 2020 agus léiríonn sé fás phunanna beartais airgeadaíochta BCE mar thoradh ar cheannacháin sócmhainní arna ndéanamh faoi CCÉP agus faoi CCSL.

Cairt 22

Iomlán rioscaí airgeadais (cur chuige cuntasaíochta EI 99 %)

(EUR billiúin)

Foinse: BCE:

Eascraíonn riosca creidmheasa ó phunanna beartais airgeadaíochta BCE, a phunann cistí dílse agus a shealúchais cúlchiste eachtracha. Cé go luacháiltear urrúis a choinnítear chun críocha beartais airgeadaíochta ag costas amúchta faoi réir lagaithe agus níl siad mar sin, in éagmais díolachán, faoi réir athruithe a bhaineann le himircí creidmheasa, tá siad fós faoi réir riosca mainneachtain chreidmheasa. Luacháiltear cistí dílse agus cúlchistí eachtracha a ainmnítear in euro ag praghsanna margaidh agus, mar sin, tá siad faoi réir imirce creidmheasa agus riosca mainneachtana. Tháinig méadú ar riosca creidmheasa i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin mar gheall ar leathnú Chlár Comhardaithe BCE trí cheannaigh urrús faoi CCÉP agus CCS.

Déantar riosca creidmheasa a mhaolú go príomha trí chritéir incháilitheachta, nósanna imeachta díchill chuí agus teorainneacha atá éagsúil thar na punanna.

Eascraíonn rioscaí airgeadra agus tráchtearra as sealúchais airgeadra eachtracha agus óir BCE. D’fhan an riosca airgeadra cobhsaí i gcomparáid le 2021.

I bhfianaise ról beartais na sócmhainní seo, ní fhálaíonn BCE na rioscaí bainteacha airgeadra agus tráchtearra. Ina ionad sin, déantar na rioscaí seo a mhaolú trí chuntais athluachála a bheith ann agus éagsúlú na sealúchas in airgeadraí éagsúla agus ór.

Tá cúlchistí eachtracha BCE agus cistí dílseacha ainmnithe in euro infheistithe go príomha in urrúis ioncaim sheasta agus tá siad faoi réir riosca ráta úis marcála ón margadh, ós rud é go luacháiltear iad ag praghsanna an mhargaidh. Déantar cúlchistí eachtracha BCE a infheistiú go príomha i sócmhainní le haibíochtaí measartha gairid (féach Cairt 7 i Roinn 1.3.1 “Clár Comhardaithe”), agus bíonn go ginearálta aibíochtaí níos faide ag na sócmhainní sa phunann cistí dílse (féach Cairt 9 i Roinn 1.3.1 “Clár Comhardaithe”). Tháinig méadú ar riosca ráta úis na bpunann sin, arna thomhas faoin gcur chuige cuntasaíochta, i gcomparáid le 2021, rud a léiríonn forbairtí i ndálaí an mhargaidh.

Déantar riosca ráta úis marcála ón margadh BCE a mhaolú le beartais leithdháilte sócmhainne agus na cuntais athluachála.

Tá BCE faoi réir riosca ráta úis freisin, ag eascairt as mímheaitseálacha idir an ráta úis a thuilltear ar a shócmhainní agus an ráta úis a íoctar ar a dhliteanais, a bhfuil tionchar aige ar a ghlanioncam úis. Níl an riosca seo nasctha go díreach le haon phunann faoi leith ach le struchtúr Chlár Comhardaithe BCE san iomlán agus, go háirithe, mímheaitseálacha aibíochta agus toraidh a bheith ann idir sócmhainní agus dliteanais. Déantar faireachán air trí réamh‑mheastacháin ar bhrabúsacht BCE, a léiríonn go bhféadfadh caillteanais sa ghearrthéarma nó sa mheántéarma a bheith ann do BCE sula ndéantar aon scaoileadh ón soláthar le haghaidh rioscaí airgeadais nó sula ndéantar aon aistriú chuig an soláthar sin, agus go bhféadfadh coinne a bheith aige le brabús san fhadtéarma.

Déantar an cineál seo riosca a bhainistiú trí bheartais leithdháilte sócmhainne agus déantar é a mhaolú a thuilleadh trí dhliteanais gan íocaíocht a bheith ar Chlár Comhardaithe BCE.

Déanfar na rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide a ionchorprú de réir a chéile i gcreat bainistíochta riosca BCE sna blianta amach romhainn. Rinne an tEurochóras an chéad tástáil struis aeráide ar chlár comhardaithe an Eurochórais[19] in 2022, lenarbh fhéidir réamh‑mheastachán a fháil ar thionchar an riosca sin ar Chlár Comhardaithe BCE. Sna blianta amach romhainn déanfar tástáil struis ar an aeráid ar bhonn tráthrialta.

1.4.2 Riosca oibriúcháin

Tá an Bord Feidhmiúcháin freagrach as beartas agus creat bainistíochta riosca oibriúcháin BCE[20] (BRO). Tacaíonn an Coiste Riosca Oibriúcháin (CRO) leis an mBord Feidhmiúcháin agus é ag déanamh a róil, is é sin maoirseacht a dhéanamh ar bhainistiú rioscaí oibriúcháin. Is cuid lárnach BRO de struchtúr rialachais[21] agus próisis bhainistíochta BCE.

Is é príomhchuspóir chreat BRO BCE cuidiú maidir lena chinntiú go mbaineann BCE amach a mhisean agus a chuspóirí, agus a chlú agus a shócmhainní a chosaint i gcoinne caillteanais, mí-úsáide agus damáiste. Faoi chreat BRO, tá gach réimse gnó freagrach as a rioscaí oibriúcháin, teagmhais agus rialuithe a shainaithint, a mheasúnú, freagairt orthu, agus monatóireacht a dhéanamh orthu. Sa chomhthéacs seo, tugtar le beartas caoinfhulaingthe riosca BCE treoir maidir le straitéisí freagartha ar riosca agus nósanna imeachta glactha riosca. Tá sé nasctha le maitrís riosca cúig bliana bunaithe ar scálaí grádaithe tionchair agus dóchúlachta, trí úsáid a bhaint as critéir chainníochtúla agus cháilíochtúla.

Tá an timpeallacht ina bhfeidhmíonn BCE neamhchosanta ar bhagairtí atá ag éirí níos casta agus idirnasctha agus tá réimse leathan rioscaí oibriúcháin ann a bhaineann le himeachtaí BCE ó lá go lá. Ar na príomhréimsí imní do BCE tá speictream rioscaí neamhairgeadais mar thoradh ar dhaoine, faisnéis, córais, próisis agus soláthraithe seachtracha tríú páirtí. Dá bhrí sin, tá próisis curtha i bhfeidhm ag BCE chun bainistíocht leanúnach agus éifeachtach a éascú ar a rioscaí oibriúcháin agus chun faisnéis riosca a chomhtháthú isteach sa phróiseas cinnteoireachta. Thairis sin, tá BCE ag díriú ar a theacht aniar a fheabhsú, ag glacadh léargas leathan ar rioscaí agus deiseanna ó thaobh ceann go ceann, lena n-áirítear gnéithe inbhuanaitheachta. Bunaíodh struchtúir freagartha agus pleananna teagmhasacha chun leanúnachas na bhfeidhmeanna criticiúla gnó a áirithiú i gcás aon chur isteach nó géarchéime.

1.4.3 Riosca iompair

Oifig um Chomhlíonadh agus Rialachas tiomnaithe ag BCE mar phríomhfheidhm bainistíochta riosca chun creat rialachais BCE a neartú chun aghaidh a thabhairt ar riosca iompair.[22] Is é an cuspóir atá leis tacú leis an mBord Feidhmiúcháin agus é ag cosaint shláine agus cháil BCE, caighdeáin eiticiúla iompair a chur chun cinn agus cuntasaíocht agus trédhearcacht BCE a neartú. Cuireann Coiste Eitice neamhspleách comhairle agus treoraíocht ar fáil d’oifigigh ardleibhéil BCE maidir le hábhair ionracais agus iompair, agus tacaíonn sé leis an gComhairle Rialaithe rioscaí a bhainistiú ar leibhéal an fheidhmeannais go hiomchuí agus go comhleanúnach. Ar leibhéal an Eurochórais agus an tSásra Maoirseachta Aonair (SMA), oibríonn an Coiste Eitice agus Comhlíontachta chun na creataí iompair do BCNanna agus d’údaráis inniúla náisiúnta a chur chun feidhme go comhleanúnach.

Le linn 2022 leathnaigh BCE ar a bhainistíocht riosca iompair chun riosca iompair a eascraíonn as dul ar iontaoibh conraitheoirí seachtracha a thacaíonn le cúraimí BCE a chumhdach freisin.

2 Ráitis bhliantúla BCE

2.1 Clár comhardaithe an 31 Nollaig 2022

Nóta: Is féidir nach ionann na hiomláin sna ráitis airgeadais agus sna táblaí mar gheall ar shlánú. Léiríonn na figiúirí 0 agus (0) méideanna deimhneacha agus diúltacha slánaithe go náid, agus léiríonn dais (-) nialas.

2.2 Cuntas Brabúis agus Caillteanais don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2022

Frankfurt am Main, 14 Feabhra 2023
An Banc Ceannais Eorpach

Christine Lagarde
Uachtarán

2.3 Beartais chuntasaíochta

Ábhar agus cur i láthair na ráiteas airgeadais

Tarraingíodh suas ráitis airgeadais BCE de réir na mbeartas cuntasaíochta seo a leanas,[23] i bhfianaise na Comhairle Rialaithe BCE go mbaineann siad amach cur i láthair cothrom de na ráitis airgeadais, ag léiriú ag an am céanna cineál gníomhaíochtaí bainc ceannais.

Prionsabail chuntasaíochta

Cuireadh na prionsabail chuntasaíochta seo a leanas i bhfeidhm: réaltacht eacnamaíoch agus trédhearcacht, críonnacht, aitheantas ar theagmhais iarchláir chomhardaithe, ábharthacht, gnóthas leantach, prionsabal na comhoiriúna, comhsheasmhacht agus inchomparáideacht.

Aitheantas sócmhainní agus dliteanas

Ní aithnítear sócmhainn ná dliteanas sa Chlár Comhardaithe ach nuair is dócha go sreabhfaidh aon sochar eacnamaíoch bainteach chuig nó ó BCE, go bhfuil bunús na rioscaí agus luaíochtaí gaolmhara go léir aistrithe chuig BCE, agus gur féidir costas nó luach mhéid na hoibleagáide a thomhas go hiontaofa.

Bunús na cuntasaíochta

Ullmhaíodh na cuntais ar bhonn costais stairiúil, arna mhodhnú chun luacháil margaidh urrús indíolta (seachas urrúis a choinnítear faoi láthair chun críocha beartais airgeadaíochta), ór agus gach sócmhainn agus dliteanas a ainmnítear in airgeadra eachtrach ar an gclár comhardaithe agus lasmuigh den chlár comhardaithe a chur san áireamh.

Léirítear idirbheartaíochtaí i sócmhainní agus dliteanais airgeadais sna cuntais ar bhonn an dáta ar socraíodh iad.

Cé is moite de spot-idirbhearta in urrúis, déantar idirbhearta in ionstraimí airgeadais ainmnithe in airgeadas eachtrach a thaifeadadh i gcuntais lasmuigh den chlár comhardaithe. Ar dháta na socraíochta, déantar na hiontrálacha lasmuigh den chlár comhardaithe a aisiompú agus déantar idirbhearta a iontráil ar an gclár comhardaithe. Le ceannacháin agus díolacháin airgeadra eachtraigh, imrítear tionchar ar ghlanstaid airgeadra eachtraigh ar an dáta trádála, agus déantar torthaí réadaithe a eascraíonn as díolacháin a ríomh ar an dáta sin freisin. Déantar ús fabhraithe, préimheanna agus lascainí a bhaineann le hionstraimí airgeadais a ainmnítear in airgeadra eachtrach a ríomh agus a thaifeadadh go laethúil, agus déantar difear don staid airgeadra eachtraigh go laethúil leis na fabhruithe seo freisin.

Sócmhainní agus dliteanais óir agus airgeadra eachtraigh

Déantar sócmhainní agus dliteanais ainmnithe in airgeadra eachtrach a thiontú chuig euro ag an ráta malairte atá i réim ar dháta an chláir comhardaithe. Déantar ioncam agus speansais a thiontú ag an ráta malairte atá i réim ar an dáta taifeadta. Déantar athluacháil sócmhainní malairte agus dliteanais eachtracha, lena n-áirítear ionstraimí ar an gclár comhardaithe agus lasmuigh den chlár comhardaithe, ar bhonn airgeadra-ar-airgeadra

Caitear le hathluacháil go dtí an praghas margaidh le haghaidh sócmhainní agus dliteanais ainmnithe in airgeadra eachtrach ar leithligh ón athluacháil ráta malairte.

Déantar ór a luacháil ag an bpraghas margaidh atá i réim ag dáta an chláir comhardaithe. Ní dhéantar aon idirdhealú idir an praghas agus difríochtaí athluachála airgeadra don ór. Ina ionad sin, cuirtear luacháil óir aonair san áireamh ar bhonn an phraghais in euro in aghaidh an unsa troí óir, praghas a dhíorthaítear, don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2022, ó ráta malairte an euro in aghaidh dhollar na Stát Aontaithe an 30 Nollaig 2022.

Déantar an ceart tarraingthe speisialta (CTS) a shainmhíniú i dtéarmaí ciseán airgeadraí agus cinntear a luach le suim ualaithe rátaí malairte cúig mhór-airgeadra (dollar SAM, an euro, renminbi na Síne, yen na Seapáine agus an punt steirling). Comhshódh sealúchais CTSanna BCE go euro trí úsáid a bhaint as ráta malairte an euro i gcoinne CTS an 30 Nollaig 2022.

Urrúis

Urrúis arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta
Tugtar cuntas ar urrúis a shealbhaítear faoi láthair chun críocha beartais airgeadaíochta ag costas amúchta faoi réir lagaithe.

Urrúis eile
Déantar urrúis indíolta (seachas urrúis a shealbhaítear faoi láthair chun críocha beartais airgeadaíochta) agus sócmhainní comhchosúla a luacháil ag na praghsanna meánmhargaidh nó ar bhonn chuar an toraidh bhaintigh atá i réim ar dháta an chláir comhardaithe, ar bhonn urrús go hurrús. Ní dhéantar roghanna a leabaítear in urrúis a scaradh chun críocha luachála. Don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2022, úsáideadh praghsanna meánmhargaidh an 30 Nollaig 2022.

Déantar cistí infheistíochta indíolta a athluacháil ar ghlanbhonn ag leibhéal ciste, trí úsáid a bhaint as a nglanluacha sócmhainne. Ní chuirtear aon ghlanluacháil i bhfeidhm idir gnóthachain neamhréadaithe agus caillteanais i gcistí infheistíochta éagsúla.

Déantar scaireanna cothromais neamhleachtacha, agus aon ionstraimí cothromais eile a choinnítear ag costas faoi réir lagaithe.

Aithint ioncaim

Aithnítear ioncam agus speansais sa tréimhse chuntasaíochta ina ndéantar iad a thuilleamh nó a thabhú.[24] Déantar gnóthachain agus caillteanais de thoradh ar dhíolachán airgeadra eachtraigh, óir agus urrús, a thaifeadadh sa Chuntas Brabúis agus Caillteanais. Déantar gnóthachain agus caillteanais mar seo a ríomh trí thagairt do chostas meánach na sócmhainne faoi seach.

Ní aithnítear gnóthachain neamhréadaithe mar ioncam agus aistrítear iad go díreach go cuntas athluachála.

Déantar caillteanais neamhréadaithe a thaifeadadh sa Chuntas Brabúis agus Caillteanais, ag deireadh na bliana, má sháraíonn siad gnóthachain athluachála roimhe sin a carnadh sa chuntas athluachála comhfhreagrach. Ní dhéantar glanluacháil ar chaillteanais neamhréadaithe mar seo ar aon urrús amháin, ná ar aon airgeadra ná ar ór i gcoinne gnóthachain neamhréadaithe ar airgeadraí nó ór eile. I gcás caillteanais neamhréadaithe mar seo ar aon mhír a thaifeadtar sa Chuntas Brabúis agus Caillteanais, déantar costas meánach na míre sin a laghdú go dtí an ráta malairte nó praghas margaidh deireadh bliana.

Déantar caillteanais lagaithe chuig an gCuntas Brabúis agus Caillteanais agus ní aisiompófar iad sna blianta ina dhiaidh sin mura laghdaíonn an lagú agus más féidir an laghdú a cheangal le teagmhas inbhraite a tharla tar éis an lagaithe a taifeadadh den chéad uair.

Déantar préimheanna nó lascainí a eascraíonn as urrúis a amúchadh thar shaolré na n-urrús atá fágtha.

Idirbhearta droim ar ais

Is oibríochtaí iad idirbhearta droim ar ais trína gceannaíonn nó trína ndíolann BCE sócmhainní faoi chomhaontú athcheannaigh nó trína seolann BCE oibríochtaí creidmheasa i gcoinne comhthaobhachta.

Faoi chomhaontú athcheannaigh, díoltar urrúis le haghaidh airgead tirim le comhaontú comhuaineach chun iad a athcheannach ón gcontrapháirtí ag praghas comhaontaithe ar dháta socraithe amach anseo. Déantar comhaontuithe athcheannaigh a thaifeadadh mar thaiscí comhthaobhaithe ar thaobh na ndliteanas den Chlár Comhardaithe. Fanann urrúis a dhíoltar faoi chomhaontú mar seo ar Chlár Comhardaithe BCE.

Faoi chomhaontú athcheannaigh droim ar ais, ceannaítear urrúis le haghaidh airgead tirim le comhaontú comhuaineach chun iad a dhíol ar ais leis an gcontrapháirtí ag praghas comhaontaithe ar dháta socraithe amach anseo. Déantar comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais a thaifeadadh mar iasachtaí comhthaobhaithe ar thaobh na ndliteanas den Chlár Comhardaithe, ach ní chuirtear san áireamh iad i sealúchais urrúis BCE.

Ní thaifeadtar idirbhearta droim ar ais (lena n-áirítear idirbhearta iasachta urrús), a dhéantar faoi chlár a thairgeann institiúid speisialaithe, ar an gClár Comhardaithe ach nuair a bhí comhthaobhacht curtha ar fáil i bhfoirm airgid agus fanann an t-airgead seo gan infheistiú.

Ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe

Áirítear ionstraimí airgeadra, is é sin réamh-idirbhearta malairte eachtraí, réamh-mhalairtí babhtálacha malairte eachtraí agus ionstraimí airgeadra eile lena mbaineann malartú airgeadra amháin ar airgeadra eile amach anseo sna glanstaideanna airgeadra eachtraigh chun gnóthachain agus caillteanais malairte eachtraí a ríomh.

Déantar ionstraimí ráta úis a athluacháil ar bhonn mír ar mhír. Déantar athruithe laethúla ar chorrlach athrúcháin chonarthaí todhchaíochtaí ráta úis oscailte a thaifeadadh sa Chuntas Brabúis agus Caillteanais. Déanann BCE luacháil réamh-idirbhearta in urrúis bunaithe ar mhodhanna luachála a bhfuil glacadh ginearálta leo trí úsáid a bhaint as praghsanna agus rátaí margaigh inbhraite, chomh maith le tosca lascaine ó na dátaí socraíochta go dtí an dáta luachála.

Sócmhainní seasta

Déantar sócmhainní seasta, lena n-áirítear sócmhainní doláimhsithe, ach gan talamh agus saothair ealaíne san áireamh, a luacháil ag costas lúide dímheas. Déantar talamh agus saothair ealaíne a luacháil ag costas. Déantar príomhfhoirgneamh BCE a luacháil ag costas lúide dímheas faoi réir lagú. Le haghaidh dhímheas phríomhfhoirgneamh BCE, déantar costais a shannadh do na comhpháirteanna sócmhainne cuí, a dhéantar a dhímheas de réir a saolré úsáidí measta. Déantar dímheas a ríomh ar bhonn líne dírí thar shaolré úsáideach ionchasach na sócmhainne, ag tosú sa ráithe tar éis don tsócmhainn a bheith ar fáil le húsáid. Is iad na saolréanna úsáideacha a chuirtear i bhfeidhm le haghaidh na bpríomhaicmí sócmhainní:

Déantar an tréimhse dhímheasa le haghaidh caiteachas ar athchóiriú caipitlithe a bhaineann le háitreabh reatha BCE ar cíos a choigeartú chun aon imeachtaí a bhfuil tionchar acu ar shaolré úsáideach ionchasach na sócmhainne dá ndéantar difear a chur san áireamh.

Déanann BCE teist lagaithe bhliantúil ar a phríomhfhoirgnimh agus ar shócmhainní lena ngabhann ceart úsáide a bhaineann le foirgnimh oifige (féach “Léasanna” thíos). Má shainaithnítear táscaire lagaithe, agus má mheastar go bhféadfadh an tsócmhainn a bheith lagaithe, déantar an méid in-aisghabhála a mheas. Déantar caillteanas lagaithe a thaifeadadh sa Chuntas Brabúis agus Caillteanas má tá an méid in-aisghabhála níos lú ná an glanluach de réir na leabhar.

Díscríobhtar sócmhainní seasta a bhfuil a gcostas faoi bhun €10,000 sa bhliain fála.

Déantar sócmhainní seasta a chomhlíonann na critéir chaipitlithe, ach atá fós á dtógáil nó i mbéal forbartha, a thaifeadadh faoin gceannteideal “Sócmhainní á dtógáil”. Déantar na costais ghaolmhara a aistriú go dtí na ceannteidil sócmhainní seasta ábhartha nuair a bheidh na sócmhainní réidh le húsáid.

Léasanna

I gcás gach léasa lena mbaineann sócmhainn inláimhsithe, aithnítear an tsócmhainn lena ngabhann ceart úsáide ar an gClár Comhardaithe ag dáta tosaigh an léasa agus bhí siad san áireamh faoi “Sócmhainní seasta láimhsithe agus doláimhsithe” agus “Ilghnéitheach” (dliteanais), faoi seach. Nuair a chomhlíonann léasanna na critéir chaipitlithe, ach tá an tsócmhainn ábhartha fós á tógáil nó á hathrú, déantar taifead ar na costais a tabhaíodh roimh an dáta tosaigh léasa faoin gceannteideal “Sócmhainní á dtógáil”. Aithnítear an tsócmhainn lena ngabhann ceart úsáide agus dliteanas léasa faoi na ceannteidil sócmhainní seasta ábhartha nuair a bheidh an tsócmhainn ar fáil le húsáid (dáta tosaigh léasa).

Déanta sócmhainní lena ngabhann ceart úsáide a luacháil ag costas lúide dímheas. Chomh maith leis sin, tá sócmhainní lena ngabhann ceart úsáide a bhaineann le foirgnimh oifige faoi réir lagú (maidir leis an teist bhliantúil lagaithe, féach “Sócmhainní seasta” thuas). Déantar dímheas a ríomh ar bhonn na líne dírí ón dáta tosaigh go dtí deireadh shaolré úsáideach na sócmhainne lena ngabhann ceart úsáide nó deireadh théarma an léasa, cibé acu is luaithe.

Déantar an dliteanas léasa a thomhas ar dtús ag luach reatha na n-íocaíochtaí léasa todhchaí (nach bhfuil ach comhpháirteanna léasanna iontu), arna lascainiú trí úsáid a bhaint as ráta iasachta incrimintí BCE. Ina dhiaidh sin, déantar an dliteanas léasa a thomhas ag costas amúchta trí úsáid a bhaint as modh an úis ghlain. Déantar an speansas úis bainteach a thaifeadadh sa Chuntas Brabúis agus Caillteanais faoi “Speansas úis eile”. Nuair atá athrú in íocaíochtaí léasa todhchaí ag eascairt as athrú in innéacs nó athmheasúnú eile ar an gconradh reatha, déantar an dliteanas léasa a atomhas. De thoradh ar aon atomhas mar sin bíonn coigeartú comhfhreagrach ar shuim ghlanluacha na sócmhainne lena ngabhann ceart úsáide.

Déantar léasanna gearrthéarma a mhaireann 12 mhí nó níos lú agus léasanna sócmhainní ar luach íseal faoi bhun €10,000 (comhsheasmhach leis an tairseach a úsáidtear chun sócmhainní seasta a aithint) a thaifeadadh mar speansas sa Chuntas Brabúis agus Caillteanais.

Sochair iarfhostaíochta BCE, sochair fhadtéarmacha eile agus sochair foirceanta

Feidhmíonn BCE pleananna sochair shainithe dá fhoireann agus do chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin agus do chomhaltaí an Bhoird Maoirseachta a fhostaíonn BCE.

Tá an plean pinsin foirne á mhaoiniú ag sócmhainní atá á sealbhú i gciste sochar fadtéarmach d’fhostaithe. Léirítear na ranníocaíochtaí éigeantacha a dhéanann BCE agus an fhoireann i gcolún sochair shainithe an phlean. Is féidir le baill foirne ranníocaíochtaí breise a dhéanamh ar bhonn deonach i gcolún ranníocaíochta sainithe ar féidir a úsáid chun sochair bhreise a chur ar fáil.[25] Cinneann méid na ranníocaíochtaí deonacha in éineacht leis na brabúis infheistíochta a eascraíonn as na ranníocaíochtaí sin na sochair bhreise seo.

Tá socruithe neamh-mhaoinithe i bhfeidhm do na sochair iarfhostaíochta agus na sochair fhadtéarmacha eile atá ag comhaltaí den Bhord Feidhmiúcháin agus comhaltaí den Bhord Maoirseachta atá á bhfostú ag BCE. Do bhaill foirne, tá socruithe neamh-mhaoinithe i bhfeidhm le haghaidh sochair iarfhostaíochta seachas pinsin agus le haghaidh sochair fhadtéarmacha eile agus sochair foirceanta.

Glandliteanas sochair shainithe
Is ionann an dliteanas a aithnítear sa Chlár Comhardaithe faoi “Ilghnéitheach” (dliteanais) i dtaca leis na pleananna sochair shainithe, lena n-áirítear sochair fhadtéarmacha eile agus sochair foirceanta agus luach reatha na hoibleagáide sochair shainithe ag dáta an Chláir Comhardaithe, lúide luach cothrom sócmhainní plean a úsáidtear chun an oibleagáid ghaolmhar a mhaoiniú.

Déanann achtúirí neamhspleácha an oibleagáid sochair shainithe a ríomh go bliantúil trí úsáid a bhaint as modh creidmheasa an aonaid réamh-mheasta. Déantar luach reatha na hoibleagáide sochair shainithe a ríomh trí na sreafaí airgid measta amach anseo a lascainiú trí úsáid a bhaint as ráta a chinntear le tagairt do thorthaí margaidh ag dáta an chláir chomhardaithe ar bhannaí corparáideacha ardchaighdeáin ainmnithe in euro a bhfuil téarmaí comhchosúla acu go haibíocht agus atá ag an oibleagáid ghaolmhar.

Is féidir le gnóthachain agus caillteanais achtúireacha eascairt as coigeartuithe taithí (mar a bhfuil torthaí iarbhíre difriúil leis na toimhdí achtúireacha a rinneadh roimhe) agus athruithe i dtoimhdí achtúireacha.

Glanchostas sochair shainithe
Tá an glanchostas sochair shainithe scoilte i gcomhpháirteanna a thuairiscítear sa Chuntas Brabúis agus Caillteanas agus atomhais i dtaca le sochair iarfhostaíochta a léirítear sa Chlár Comhardaithe faoi “Cuntais athluachála”.

Is é atá sa ghlanmhéid a mhuirearaítear chuig an gCuntas Brabúis agus Caillteanais;

  1. costas seirbhíse reatha na sochar sainithe a fhabhraítear don bhliain;
  2. costas seirbhíse roimhe seo na sochar sainithe a eascraíonn as leasú plean;
  3. ús glan ag an ráta lascaine ar an nglandliteanas sochair shainithe;
  4. atomhais maidir le sochair fhadtéarmacha eile agus sochair foirceanta de chineál fadtéarmach, más ann dóibh, ina n-iomláine.

Is é atá sa ghlanmhéid a thaispeántar faoi “Cuntais athluachála” na míreanna seo a leanas:

  1. gnóthachain agus caillteanais achtúireacha ar an oibleagáid sochair shainithe;
  2. an toradh iarbhír ar shócmhainní plean, gan méideanna a áirítear san ús glan ar an nglandliteanas sochair shainithe;
  3. aon athrú ar éifeacht uasteorainn na sócmhainne, gan méideanna a áirítear san ús glan ar an nglandliteanas sochair shainithe a áireamh.

Déanann achtúirí neamhspleácha na méideanna seo a luacháil go bliantúil chun an dliteanas cuí sna ráitis airgeadais a bhunú.

Iarmhéideanna in-CEBC/iarmhéideanna in-Eurochórais

Bíonn iarmhéideanna in-CEBC ann go príomha de thoradh ar íocaíochtaí trasteorann san Aontas Eorpach a shocraítear in airgead bainc ceannais in euro. Den chuid is mó is eintitis phríobháideacha (i.e. institiúidí creidmheasa, corparáidí agus daoine aonair) a thionscnaíonn na hidirbhearta seo. Socraítear iad in TARGET2 – an córas Mearaistrithe Socraíochta Comhlán Fíor-ama Uathoibrithe Tras-Eorpach – agus tugann siad údar le hiarmhéideanna déthaobhacha i gcuntais TARGET2 de bhainc ceannais an Aontais Eorpaigh. Déantar na hiarmhéideanna déthaobhacha seo a ghlanluacháil agus ansin sanntar iad go dtí BCE ar bhonn laethúil, ag fágáil gach banc ceannais náisiúnta (BCN) le glanstaid dhéthaobhach aonair vis-à-vis BCE amháin. Bíonn tionchar ag íocaíochtaí a dhéanann BCE agus a shocraítear in TARGET2 freisin ar na glanstaideanna déthaobhacha aonair. Is ionann na staideanna seo i leabhair BCE agus glanéileamh nó glandliteanas gach BCN i gcoinne na coda eile den Chóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC). Déantar iarmhéideanna laistigh den Eurochóras de chuid BCNanna i limistéar an euro vis‑à‑vis BCE a eascraíonn as TARGET2, chomh maith le hiarmhéideanna laistigh den Eurochóras a ainmnítear in euro (e.g. dáileadh eatramhach brabúis BCE ar BCNanna, más ann dóibh), a thíolacadh ar Chlár Comhardaithe BCE mar ghlansuíomh aonair sócmhainní nó dliteanas faoi ‘Éilimh eile laistigh den Eurochóras (glan)’ nó faoi ‘Dliteanais eile laistigh den Eurochóras (glan)’. Nochtar iarmhéideanna in-CEBC BCNanna nach bhfuil i limistéar an euro vis-à-vis BCE, ag eascairt as a rannpháirtíocht in TARGET2,[26] faoi “Dliteanais do neamhchónaitheoirí de chuid limistéar an euro a ainmnítear in euro”.

Tá iarmhéideanna in-Eurochórais ag eascairt as leithroinnt nótaí euro laistigh den Eurochóras san áireamh mar ghlansócmhainn aonair faoi “Éilimh a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras” (féach “Nótaí bainc i gcúrsaíocht” thíos).

Tá iarmhéideanna in-Eurochórais ag eascairt as aistriú sócmhainní cúlchistí eachtracha go dtí BCE ag BCNanna ag dul isteach san Eurochóras ainmnithe in euro agus tuairiscítear iad faoi “Dliteanais comhionann le haistriú cúlchistí eachtracha”.

Nótaí bainc i gcúrsaíocht

Eisíonn BCE agus BCNanna limistéar an euro, arb iad le chéile an tEurochóras, nótaí bainc euro.[27] Leithroinntear luach iomlán nótaí bainc euro i gcúrsaíocht do bhainc ceannais an Eurochórais ar an lá oibre deireanach de gach mí de réir an scála leithdháilte nótaí bainc.[28]

Leithdháileadh do BCE sciar 8% de luach iomlán nótaí bainc euro i gcúrsaíocht a nochtar sa Chlár Comhardaithe faoin mír dliteanais “Nótaí bainc i gcúrsaíocht”. Tacaíonn éilimh ar BCNanna le sciar BCE den eisiúint iomlán nótaí bainc euro. Nochtar na héilimh sin, a[29] bhfuil ús orthu, faoin mír ‘Éilimh a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras’ (féach ‘Iarmhéideanna laistigh den CEBC/Iarmhéideanna laistigh den Eurochóras’ thuas). Tá an t-ioncam úis ar na héilimh sin curtha san áireamh sa Chuntas Brabúis agus Caillteanais faoin mír “Ioncam úis a eascraíonn ó leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras”.

Dáileadh eatramhach brabúis

Méid atá comhionann le suim ioncam BCE ar nótaí bainc euro i gcúrsaíocht agus ioncam a eascraíonn as na hurrúis arna sealbhú chun críoch beartais airgeadaíochta a cheannaítear (i) faoin gClár Margaí Urrús, (ii) faoin tríú clár ceannaigh bannaí faoi chumhdach, (iii) faoin gclár ceannaigh d’urrúis sócmhainn‑bhunaithe, (iv) faoin gclár ceannaigh earnála poiblí, agus (v) faoin gclár ceannaigh éigeandála paindéime a dháilfear i mí Eanáir na bliana ina dhiaidh sin trí bhíthin dáileadh eatramhach brabúis, ach amháin má chinneann an Chomhairle Rialaithe a mhalairt.[30] Glacfar aon chinneadh den sórt sin más rud é, ar bhonn meastacháin réasúnaithe arna ullmhú ag an mBord Feidhmiúcháin, go bhfuil an Chomhairle Rialaithe ag súil go mbeidh caillteanas bliantúil foriomlán ag BCE nó go ndéanfaidh sé brabús bliantúil is lú ná an t‑ioncam sin. Féadfaidh an Chomhairle Rialaithe cinneadh a dhéanamh freisin an t‑ioncam sin ina iomláine nó cuid de a aistriú chuig soláthar i gcomhair rioscaí airgeadais. Thairis sin, féadfaidh an Chomhairle Rialaithe a chinneadh méid an ioncaim ar nótaí bainc euro atá i gcúrsaíocht a laghdú, ar ioncam é a bheidh le dáileadh i mí Eanáir faoi mhéid na gcostas arna dtabhú ag BCE i dtaca le nótaí bainc euro a eisiúint agus a láimhseáil.

Teagmhais iarchláir chomhardaithe

Déantar luachanna sócmhainní agus dliteanas a choigeartú le haghaidh imeachtaí a tharlaíonn idir dáta an chláir chomhardaithe bhliantúil agus an dáta a cheadaíonn an Bord Feidhmiúcháin cur isteach Chuntais Bhliantúla BCE chuig an gComhairle Rialaithe le faomhadh, má dhéanann imeachtaí mar seo difear ábhartha do riocht sócmhainní nó dliteanas ar dháta an chláir chomhardaithe.

Sna nótaí nochtar teagmhais iarchláir chomhardaithe nach ndéanann difear do riocht sócmhainní agus dliteanas ag dáta an chláir chomhardaithe.

Athruithe ar bheartais chuntasaíochta

In 2022 ní dhearnadh aon athrú ar na beartais chuntasaíochta a chuir BCE i bhfeidhm.

Saincheisteanna eile

De réir Airteagal 27 de Reacht CEBC, agus ar bhonn moladh den Chomhairle Rialaithe, d’fhaomh Comhairle an Aontais Eorpaigh ceapachán Baker Tilly GmbH & Co. KG Wirtschaftsprüfungsgesellschaft, Düsseldorf (Poblacht Chónaidhme na Gearmáine) mar iniúchóirí seachtracha BCE ar feadh tréimhse cúig bliana go dtí deireadh na bliana airgeadais 2022. Is féidir an tréimhse cúig bliana sin a shíneadh suas le dhá bhliain airgeadais bhreise.

2.4 Nótaí an Chláir Chomhardaithe

Nóta 1 – Ór agus infháltais óir

An 31 Nollaig 2022, bhí 16,229,522 unsa óir[31] arna sealbhú ag BCE; arbh é €27,689 milliún a margadhluach (2021: €26,121 mhilliún). Ní dhearnadh aon oibríocht óir in 2022 agus, dá bhrí sin, níor tháinig aon athrú ar shealúchais BCE i gcomparáid lena leibhéal an 31 Nollaig 2021. Ba é an t-ardú ar mhargadhphraghas an óir ba chúis le méadú a chomhluacha in euro maidir leis na sealúchais sin i dtéarmaí euro (féach “Sócmhainní agus dliteanais óir agus airgeadra eachtraigh” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta” agus nóta 15 “Cuntais athluachála”).

Nóta 2 – Éilimh ar neamhchónaitheoirí de chuid limistéar an euro agus cónaitheoirí limistéar an euro a ainmnítear in airgeadra eachtrach

Nóta 2.1 – Infháltais ó CAI

Léiríonn an tsócmhainn seo sealúchais BCE de chearta tarraingthe speisialta (CTSanna) dar luach €1,759 milliún an 31 Nollaig 2022 (2021: €1,234 mhilliún). Tagann sé seo chun cinn de bharr socrú trádála deonaí déthreo ceannaithe agus díolta SDR leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI), ar bhealach go bhfuil CAI údaraithe díolacháin nó ceannacháin SRDanna in aghaidh euro a eagrú, ar son an Bhainc Ceannais Eorpaigh, taobh istigh de na leibhéil sealúchais íosta agus uasta. Chun críocha cuntasaíochta, caitear le cearta tarraingthe speisialta mar airgeadra eachtrach (féach “Sócmhainní agus dliteanais óir agus airgeadra eachtraigh” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”). Tháinig méadú ar shealúchais BCE i CTSanna in 2022, go príomha mar thoradh ar idirbheart a rinneadh i gcomhthéacs an tsocraithe trádála deonaí thuasluaite.

Nóta 2.2 – Iarmhéideanna le bainc agus infheistíochtaí urrúis, iasachtaí seachtracha agus sócmhainní seachtracha eile; agus éilimh ar chónaitheoirí limistéar an euro a ainmnítear in airgeadra eachtrach

Tá iarmhéideanna i gceist leis an dá mhír le bainc agus iasachtaí a ainmnítear in airgeadra eachtrach, agus infheistíochtaí in urrúis a ainmnítear i ndollar SAM, i yen na Seapáine agus i renminbi na Síne.

Tháinig méadú ar luach iomlán na míreanna sin in 2022, go príomha de thairbhe an luachmhéadaithe ar dhollar na Stát Aontaithe in aghaidh an euro.

Ba mar a leanas iad sealúchais airgeadra eachtraigh an Bhainc Ceannais Eorpaigh[32]:

Níor tharla aon idirghabháil malairte eachtraí le linn 2022.

Nóta 3 – Éilimh ar neamhchónaitheoirí de chuid limistéar an euro a ainmnítear in euro

Nóta 3.1 – Iarmhéideanna le bainc, infheistíochtaí urrúis agus iasachtaí

An 31 Nollaig 2022 ní raibh aon iarmhéid ann faoin mír sin, agus ag deireadh 2021 is éard a bhí sa mhír sin éileamh dar luach €3.070 milliún i ndáil le socruithe maidir le saoráidí leachtachta idir bainc cheannais an Eurochórais agus bainc cheannais nach bhfuil i limistéar an euro.[33]

Nóta 4 – Éilimh eile ar institiúidí creidmheasa i limistéar an euro a ainmnítear in euro

Ba é a bhí sa mhír sin an 31 Nollaig 2022 iarmhéideanna cuntais reatha le cónaitheoirí limistéar an euro dar luach €12 mhilliún (2021: €38 milliún).

Nóta 5 – Urrúis chónaitheoirí limistéar an euro a ainmnítear in euro

Nóta 5.1 – Urrúis arna sealbhú chun críocha beartas airgeadaíochta

An 31 Nollaig 2022, is éard a bhí sa mhír sin urrúis arna bhfáil ag BCE laistigh de raon feidhme an Chláir Margaí Urrús (CMU), an tríú clár ceannaithe bannaí faoi chumhdach (CCBC3), an chláir ceannaithe urrús sócmhainn‑bhunaithe (CCUSB), chlár ceannaithe na hearnála poiblí (CCEP) agus an chláir ceannaithe éigeandála paindéime (CCÉP).

Tháinig na hurrúis uile arna sealbhú faoin gcéad chlár ceannaithe bannaí faoi chumhdach (CCBC1 agus CCBC2) in aibíocht le linn 2022, agus dá bhrí sin ní raibh aon sealúchas de na hurrúis sin ag BCE ná ag BCNanna an limistéir euro an 31 Nollaig 2022.

1) Is féidir tuilleadh critéir incháilitheachta le haghaidh na gclár faoi leith a fháil i gcinntí na Comhairle Rialaithe.
2) Níor ceannaíodh faoi CMU ach urrúis fiachais phoiblí a d’eisigh cúig státchiste i limistéar an euro.
3) Ní fhaigheann BCE urrúis faoi chlár ceannaigh na hearnála corparáidí (CCEC).
4) Deonaíodh tarscaoileadh de na riachtanais incháilithe le haghaidh urrús a d’eisigh Rialtas na Gréige.

Le linn an chéad ráithe de 2022, lean an tEurochóras dá ghlancheannacháin faoin gclár ceannaithe sócmhainní (CCSL)[34] ar luas míosúil dar luach €20 billiún ar an meán. I mí an Mhárta 2022 chinn an Chomhairle Rialaithe[35] athbhreithniú a dhéanamh ar ghlanmhéideanna ceannaigh €40 billiún i mí Aibreáin, €30 billiún i mí na Bealtaine agus €20 billiún i mí an Mheithimh, agus chinn an Chomhairle Rialaithe i mí an Mheithimh 2022 deireadh[36] a chur le glancheannacháin sócmhainní faoi CCSL ón 1 Iúil 2022. Tá sé beartaithe ag an gComhairle Rialaithe[37] leanúint d’athinfheistiú iomlán a dhéanamh ar na híocaíochtaí príomhshuime ó urrúis atá ag teacht in aibíocht go dtí deireadh mhí Feabhra 2023. Ina dhiaidh sin, tiocfaidh laghdú ar phunann CCS ag ráta measta intuartha, toisc nach ndéanfaidh an tEurochóras na híocaíochtaí príomhshuime ar fad ó urrúis a thiocfaidh in aibíocht a athinfheistiú. Laghdú €15 bhilliún in aghaidh na míosa ar an meán a bheidh ann go dtí deireadh mhí an Mheithimh 2023 agus cinnfear an luas ina dhiaidh sin le himeacht ama. Déanfaidh an Chomhairle Rialaithe athmheasúnú tráthrialta ar luas an laghdaithe ar phunann CCSL chun a áirithiú go bhfanfaidh sé comhsheasmhach leis an straitéis fhoriomlán beartais airgeadaíochta agus leis an seasamh foriomlán, chun feidhmiú an mhargaidh a chaomhnú, agus chun smacht daingean a choinneáil ar dhálaí gearrthéarmacha sa mhargadh airgid.

Ina theannta sin, le linn na chéad ráithe de 2022, lean an tEurochóras dá ghlancheannacháin sócmhainní faoi CCÉP, cé[38] go raibh sé níos ísle ná mar a bhí sa ráithe roimhe sin, tar éis chinneadh na Comhairle Rialaithe i mí na Nollag 2021.[39] Bunaithe ar an gcinneadh céanna, cuireadh deireadh le glancheannacháin CCÉP ag deireadh mhí an Mhárta 2022. Tá sé beartaithe ag an gComhairle Rialaithe na híocaíochtaí príomhshuime a athinfheistiú, ina n‑iomláine, ó urrúis atá ag teacht in aibíocht faoi CCÉP go dtí deireadh 2024 ar a laghad. Leanfaidh an Chomhairle Rialaithe de sholúbthacht a chur i bhfeidhm thar am, aicmí sócmhainní agus dlínsí sna hathinfheistíochtaí, d’fhonn rioscaí don sásra tarchurtha beartais airgeadaíochta a bhaineann leis an bpaindéim a chomhrac. Stiúrfar rolladh amach phunann CCÉP amach anseo chun trasnaíocht a sheachaint leis an seasamh cuí maidir le beartas airgeadaíochta.

Luacháiltear na hurrúis faoi na cláir seo bunaithe ar chostas amúchta faoi réir lagú (féach “Urrúis” i Roinn 2.3 “Beartais Chuntasaíochta”).

Is iad seo a leanas costais amúchta na n‑urrús arna sealbhú ag BCE agus a margadhluach[40] (nach ndéantar taifead orthu ar an gClár Comhardaithe ná ar an gCuntas Brabúis agus Caillteanais agus a sholáthraítear ar chúiseanna comparáide amháin):

D’athraigh luach an chostais amúchta ar na hurrúis arna sealbhú ag BCE i rith na bliana mar seo a leanas:

1) San áireamh le “glanlascaine/ (biseach)” tá glanghnóthachain/(caillteanais) réadaithe, más ann dóibh.

Déanann an Chomhairle Rialaithe measúnú rialta ar na rioscaí airgeadais a bhaineann leis na hurrúis a shealbhaítear de réir na gclár seo.

Sa chás seo, déantar scrúduithe bearnaithe ar bhonn bliantúil, ach úsáid a bhaint as sonraí ag deireadh na bliana, agus déanann an Chomhairle Rialaithe iad a fhaomhadh. Sna scrúduithe in, déantar measúnú ar na táscairí bearnaithe ar leithligh le haghaidh gach cláir. I gcásanna ina ndéantar breathnóireacht ar tháscairí bearnaithe, déantar tuilleadh anailíse chun a dheimhniú nár chuir eachtra bearnaithe isteach ar shreabhadh airgid na n-urrús forluiteach. Ar bhonn na dtorthaí ó na tástálacha bearnaithe i mbliana, níor thaifead BCE aon chaillteanas maidir leis na hurrúis arna sealbhú ina phunanna beartais airgeadaíochta in 2022.

Tá luach an chostais amúchta ar na hurrúis arna sealbhú ag an Eurochóras mar seo a leanas:

Nóta: Tá na figiúirí le haghaidh “BCNanna i limistéar an euro” réamhbharúlach agus d’fhéadfaidís a bheith faoi réir athbhreithniú, rud a d’fhágfadh go mbeadh athrú coibhéise ann maidir leis na figiúirí le haghaidh “An tEurochóras Iomlán”.

Nóta 6 – Éilimh in-Eurochórais

Nóta 6.1 – Éilimh a bhaineann le leithroinnt nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras

Is é atá sa mhír sin éilimh BCE vis‑à‑vis BCNanna i limistéar an euro maidir le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras (féach ‘Nótaí bainc i gcúrsaíocht’ i Roinn 2.3 ‘Beartais chuntasaíochta’) agus ar an 31 Nollaig 2022 b’ionann iad agus €125,763 mhilliún (2021: €123,551 mhilliún). Déantar íocaíocht na n‑éileamh sin a ríomh go laethúil ar an ráta úis is déanaí atá ar fáil agus a úsáideann an tEurochóras ina thairiscintí le haghaidh príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin (féach nóta 23.2 ‘ioncam úis a eascraíonn as leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras’).

Nóta 7 – Sócmhainní eile

Nóta 7.1 – Sócmhainní seasta láimhsithe agus doláimhsithe

Cuimsítear na míreanna seo a leanas leis na sócmhainní seo:

I leith fhoirgneamh BCE agus an oifig lena gabhann ceart úsáide, rinneadh scrúdú bearnaithe ag deireadh na bliana agus níor taifeadadh aon chaillteanas bearnaithe.

Nóta 7.2 – Sócmhainní airgeadais eile

Is é atá sa mhír sin go príomha punann chistí dílse BCE, arb é atá ann den chuid is mó infheistíochtaí acmhainní airgeadais BCE, mar atá an caipiteal íoctha agus na méideanna a chuirtear i leataobh sa chúlchiste ginearálta agus an soláthar le haghaidh rioscaí airgeadais. San áireamh leis sin tá 3,211 scair sa Bhanc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta (BSI) ag costas éadála €42 milliún agus cuntais reatha eile ainmnithe in euro.

Is mar seo a leanas a bhí comhpháirteanna na míre sin:

Ba é an phríomhchúis a bhí leis an nglanmhéadú ar an mír sin in 2022 an infheistíocht i bpunann chistí dílse BCE de mhéid iomlán a bhí comhionann leis an méid a aistríodh chuig soláthar BCE le haghaidh rioscaí airgeadais in 2021 agus an méid a d’íoc BCNanna i limistéar an euro in 2022 i ndáil leis an dara tráthchuid dá shuibscríbhinní méadaithe i gcaipiteal BCE (féach nóta 16 ‘Caipiteal agus cúlchistí’). Rinneadh an méadú ar an mír sin a fhritháireamh den chuid is mó, go príomha leis an laghdú ar mhargadhluach na n‑urrús a ainmnítear in euro arna sealbhú i bpunann chistí dílse BCE.

Nóta 7.3 – Difríochtaí athluachála ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe

Is é atá sa mhír seo athruithe luachála ar bhabhtáil agus ar réamh‑idirbhearta in airgeadra eachtrach a bhí gan íoc an 31 Nollaig 2022 (féach nóta 20 ‘Babhtáil malairte eachtraí agus réamh‑idirbhearta’). B’ionann na hathruithe luachála sin agus €783 mhilliún (2021: €620 milliún) agus tá siad ann de thoradh comhshó idirbheart den sórt sin isteach ina luachanna coibhéiseacha in euro de réir na rátaí malairte eachtraí a bhí ann ar dháta an chláir chomhardaithe, i gcomparáid leis na luachanna euro atá ann de thoradh chomhshó na n‑idirbheart ag meánchostas an airgeadra eachtraigh faoi seach ar an dáta sin (féach ‘Ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe’ agus ‘Sócmhainní agus dliteanais óir agus airgeadra eachtraigh’ i Roinn 2.3 ‘Beartais chuntasaíochta’).

Nóta 7.4 – Fabhruithe agus speansais réamhíoctha

Cuimsítear na nithe seo a leanas leis an mír seo:

An 31 Nollaig 2022, ba í an chomhpháirt ba mhó den mhír seo ús fabhraithe ar ionstraimí airgeadais a d’eascair go príomha as ús cúpóin ar urrúis, lena n‑áirítear ús gan íoc tráth na héadála (féach nóta 2.2 ‘Iarmhéideanna le bainc agus infheistíochtaí urrúis, iasachtaí seachtracha agus sócmhainní seachtracha eile; agus éilimh ar chónaitheoirí limistéar an euro a ainmnítear in airgeadra eachtrach’, nóta 5 ‘Urrúis de chuid cónaitheoirí i limistéar an euro atá ainmnithe in euro’ agus nóta 7.2 ‘Sócmhainní airgeadais eile’).

Áiríodh ann freisin ús fabhraithe is infhaighte ar iarmhéideanna TARGET2 atá dlite ó BCNanna i limistéar an euro le haghaidh mhí na Nollag 2022 (féach nóta 12.2 ‘Dliteanais eile laistigh den Eurochóras (glan)’) agus ús fabhraithe is infhaighte ó BCNanna i limistéar an euro don ráithe deiridh de 2022 i ndáil le héilimh BCE a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras (féach nóta 6.1 ‘Éilimh a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras’). Socraíodh na méideanna sin i mí Eanáir 2023.

Comhfhreagraíonn ioncam fabhraithe a bhaineann le cúraimí maoirseachta do na táillí maoirseachta atá le fáil do thréimhse táillí 2022. Baileofar an méid sin in 2023 (féach nóta 26 ‘Glanioncam/glanspeansas ó tháillí agus ó choimisiúin’).[41]

San áireamh sa mhír seo freisin tá (i) réamhíocaíochtaí ilghnéitheacha; (ii) ioncam fabhraithe ó thionscadail choitianta an Eurochórais (féach nóta 28 ‘Ioncam eile’); agus (iii) ioncam úis fabhraithe ar shócmhainní agus ar dhliteanais airgeadais eile.

Nóta 7.5 – Ilghnéitheach

An 31 Nollaig 2022 b’ionann an mhír sin agus €438 milliún (2021: €749 milliún) agus cuimsíodh leis go príomha iarmhéideanna dar luach €349 milliún (2021: €573 mhilliún) a bhaineann le réamh‑idirbhearta agus idirbhearta babhtála in airgeadra eachtrach a bhí gan íoc an 31 Nollaig 2022 (féach nóta 20 ‘Babhtáil airgeadraí eachtracha agus réamh‑idirbhearta’). Tháinig na hiarmhéideanna seo chun cinn ó chomhshó idirbheart dá leithéid ina gcoibhéis euro ag meánchostas an airgeadra faoi seach ar dháta an chláir chomhardaithe, i gcomparáid leis na luachanna euro a ndearnadh taifeadadh orthu ar dtús (féach “Ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”).

Nóta 8 – Nótaí bainc i gcúrsaíocht

Is é atá sa mhír sin sciar BCE (8 %) de na nótaí bainc euro iomlán i gcúrsaíocht (féach ‘Nótaí bainc i gcúrsaíocht’ i Roinn 2.3 ‘Beartais chuntasaíochta’) arbh ionann iad agus €125.763 milliún an 31 Nollaig 2022 (2021: €123.551 milliún).

Nóta 9 – Dliteanais eile d’institiúidí creidmheasa i limistéar an euro a ainmnítear in euro

Tá an deis ag bainc cheannais an Eurochórais glacadh le hairgead tirim mar chomhthaobhacht ina gcuid saoráidí iasachtaithe urrús CCEP agus CCÉP san earnáil phoiblí gan a bheith orthu é a athinfheistiú. I gcás BCE, déantar na hoibríochtaí seo trí institiúid speisialta.

An 31 Nollaig 2022, b’ionann na hidirbhearta iasachtaithe gan íoc in aghaidh na comhthaobhachta airgid thirim a rinneadh sna hinstitiúidí creidmheasa i limistéar an euro agus €17,734 mhilliún (2021: €9,473 mhilliún). Aistríodh airgead faighte mar chomhthaobhacht chuig cuntais TARGET2. De bharr nach ndearnadh athinfheistíocht ar an airgead faoi dheireadh na bliana, rinneadh taifeadadh ar na hidirbhearta ar an gClár Comhardaithe (féach “Idirbhearta droim ar ais” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”).[42]

Nóta 10 – Éilimh ar chónaitheoirí eile limistéar an euro a ainmnítear in euro

Nóta 10.1 – Rialtas ginearálta

An 31 Nollaig 2022 b’ionann an mhír sin agus €48,520 milliún (2021: €3,200 milliún) agus san áireamh ann bhí taiscí de chuid an tSásra Eorpaigh um Chobhsaíocht (SCE) agus na Saoráide Eorpaí um Chobhsaíocht Airgeadais (SECA). I gcomhréir le hAirteagal 21 de Reacht CEBC, d’fhéadfadh BCE feidhmiú mar ghníomhaire fioscach d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais Eorpaigh, rialtais láir, údaráis réigiúnacha, áitiúla nó údaráis phoiblí eile, comhlachtaí eile rialaithe ag an dlí poiblí, nó gnóthais phoiblí de chuid na mBallstát.

Nóta 10.2 – Dliteanais eile

Is éard atá sa mhír seo iarmhéideanna de chórais choimhdeacha limistéar an euro[43] atá nasctha le TARGET2 trí chomhpháirt TARGET2‑BCE arbh ionann iad agus €15.343 milliún an 31 Nollaig 2022 (2021: €4.404 milliún).

Nóta 11 – Dliteanais do neamhchónaitheoirí de chuid limistéar an euro a ainmnítear in euro

Cuimsítear na nithe seo a leanas leis an mír seo:

An 31 Nollaig 2022, ba iad iarmhéideanna TARGET2 de BCNanna nach bhfuil i limistéar an euro vis‑à‑vis BCE an chomhpháirt is mó den mhír sin (féach ‘Iarmhéideanna laistigh de CEBC/Iarmhéideanna laistigh den Eurochóras’ i Roinn 2.3 ‘Beartais chuntasaíochta’) agus iarmhéideanna na gcóras coimhdeach nach bhfuil i limistéar an euro atá nasctha le TARGET2 tríd an gcomhpháirt TARGET2‑ECB. Freagraíonn an laghdú sna hiarmhéideanna sin in 2022 d’iarmhéideanna níos ísle de na córais choimhdeacha nach bhfuil i limistéar an euro.

Áiríodh leis an mír sin freisin iarmhéideanna a bhaineann le riar ghníomhaíochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe an Aontais, i gcás ina bhfeidhmíonn BCE mar ghníomhaire fioscach don Choimisiún Eorpach (féach nóta 21 ‘Riarachán ar oibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe’).

Bhí iarmhéideanna ann freisin a eascraíonn as idirbhearta iasachtaithe urrús CCEP agus CCÉP san earnáil phoiblí gan íoc agus idirbhearta iasachtaithe urrús san earnáil phoiblí a rinneadh le hinstitiúidí creidmheasa nach bhfuil i limistéar an euro ina bhfuarthas airgead tirim mar chomhthaobhacht agus inar aistríodh chuig cuntais TARGET2 é (féach nóta 9 ‘Dliteanais eile i leith institiúidí creidmheasa sa limistéar euro a ainmnítear in euro’).

Is é atá sa chuid eile den mhír seo iarmhéid a eascraíonn as an gcomhshocrú seasmhach airgeadra cómhalartach le Córas an Chúlchiste Fheidearálaigh. Faoin socrú seo, cuireann Banc Cúlchiste Feidearálaigh Nua-Eabhrac dollair SAM ar fáil do BCE trí idirbhearta babhtála, agus é mar sprioc maoiniú dollar SAM gearrthéarmach a thairiscint do contrapháirtithe an Eurochórais. Idir an dá linn gabhann BCE le hidirbhearta comhuaineacha babhtála le BCNanna i limistéar an euro, a úsáideann na cistí atá ann dá bharr chun tabhairt faoi oibríochtaí dollar SAM chun leachtacht a sholáthar le contrapháirtithe an Eurochórais i bhfoirm idirbheart droim ar ais. De bharr na n-idirbheart comhuaineach babhtála tá iarmhéideanna in-Eurochórais idir BCE agus BCNanna i limistéar an euro. Thairis sin, bíonn éilimh agus dliteanais réamhchonartha ann de thoradh na n-idirbheart babhtála a dhéantar i gcomhar le Banc Cúlchiste Feidearálach Nua-Eabhrac agus BCNanna i limistéar an euro agus déantar taifeadadh ar an héilimh agus dliteanais sin sna cuntais lasmuigh den chlár comhardaithe (féach nóta 20 “Babhtáil airgeadraí eachtracha agus réamh-idirbhearta”).

Nóta 12 – Dliteanais in-Eurochórais

Nóta 12.1 – Dliteanais comhionann le haistriú cúlchistí eachtracha

Déanann siad seo ionadaíocht ar na dliteanais do BCNanna i limistéar an euro a tháinig chun cinn de bharr aistriú na sócmhainní cúlchistí eachtracha chuig BCE nuair a tháinig siad isteach san Eurochóras. I gcomhréir le hAirteagal 30.2 de Reacht CEBC, socraítear na ranníocaíochtaí sin i gcomhréir le scaireanna BCN i gcaipiteal suibscríofa BCE. Ní dhearnadh aon athrú in 2022.

Déantar íocaíocht na ndliteanas sin a ríomh go laethúil ar an ráta úis is déanaí atá ar fáil agus a úsáideann an tEurochóras ina thairiscintí le haghaidh príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, arna choigeartú chun toradh nialasach ar an gcomhpháirt óir a léiriú (féach nóta 23.3 ‘Íocaíocht éilimh BCNanna i leith cúlchistí eachtracha arna n‑aistriú’).

Nóta 12.2 – Dliteanais eile laistigh den Eurochóras (glan)

In 2022 b’ionann an mhír sin den chuid is mó d’iarmhéideanna TARGET2 de BCNanna i limistéar an euro vis‑à‑vis BCE (féach ‘Iarmhéideanna laistigh de CEBC/iarmhéideanna laistigh den Eurochóras’ i Roinn 2.3 ‘Beartais chuntasaíochta’).

Bhí an laghdú ar ghlandliteanas TARGET2 inchurtha go príomha i leith insreafaí airgid thirim mar thoradh ar (i) taiscí níos airde SCE agus EFSF (féach nóta 10.1 ‘Rialtas Ginearálta’); agus (ii) iarmhéideanna níos airde de chórais choimhdeacha limistéar an euro atá nasctha le TARGET2 trí chomhpháirt TARGET2‑BCE (féach nóta 10.2 ‘Dliteanais eile’). Fritháiríodh tionchar na bhfachtóirí sin go páirteach leis na heis‑sreafaí airgid thirim mar thoradh ar (i) iarmhéideanna níos ísle na gcóras coimhdeach nach bhfuil i limistéar an euro atá nasctha le TARGET2 trí chomhpháirt TARGET2‑BCE (féach nóta 11 ‘Dliteanais do neamhchónaitheoirí de chuid limistéar an euro a ainmnítear in euro’); agus (ii) glancheannacháin na n‑urrús faoi CCÉP agus faoi CCSL, a socraíodh trí chuntais TARGET2 (féach nóta 5 ‘Urrúis chónaitheoirí limistéar an euro a ainmnítear in euro’).

Déantar íocaíocht shuíomhanna TARGET2 arna sealbhú ag BCNanna i limistéar an euro vis‑à‑vis BCE, cé is moite d’iarmhéideanna a eascraíonn as idirbhearta babhtála droim‑le‑droim i ndáil le hoibríochtaí soláthair leachtachta dhollar na Stát Aontaithe, a ríomh go laethúil ar an ráta úis is déanaí atá ar fáil agus a úsáideann an tEurochóras ina thairiscintí le haghaidh príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin.

In 2021, áiríodh sa mhír sin freisin an méid atá dlite do BCNanna sa limistéar euro i ndáil le dáileadh eatramhach brabúis BCE. Maidir le 2022, chinn an Chomhairle Rialaithe, i bhfianaise thoradh airgeadais BCE don bhliain, an méid iomlán ioncaim a dhíorthaítear ó nótaí bainc atá i gcúrsaíocht a choinneáil, chomh maith leis an ioncam a tuilleadh ar urrúis arna gceannach faoi CMU, CCSL agus CCÉP (féach ‘Dáileadh an Bhrabúis Eatramhaigh’ i Roinn 2.3 ‘Beartais chuntasaíochta’). Dá bhrí sin, ní raibh aon mhéid gaolmhar dlite ag deireadh 2022.

Nóta 13 – Dliteanais eile

Nóta 13.1 – Difríochtaí athluachála ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe

Is é atá sa mhír seo go príomha athruithe luachála ar bhabhtáil agus ar réamh‑idirbhearta in airgeadra eachtrach a bhí gan íoc an 31 Nollaig 2022 (féach nóta 20 ‘Babhtáil malairte eachtraí agus réamh‑idirbhearta’). B’ionann na hathruithe luachála sin agus €430 milliún (2021: €568 milliún) agus tá siad ann de thoradh comhshó idirbheart den sórt sin isteach ina luachanna coibhéiseacha in euro de réir na rátaí malairte eachtraí a bhí ann ar dháta an chláir chomhardaithe, i gcomparáid leis na luachanna euro atá ann de thoradh chomhshó na n‑idirbheart ag meánchostas an airgeadra eachtraigh faoi seach ar an dáta sin (féach ‘Ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe’ agus ‘Sócmhainní agus dliteanais óir agus airgeadra eachtraigh’ i Roinn 2.3 ‘Beartais chuntasaíochta’).

Nóta 13.2 – Fabhruithe agus ioncam a bhailítear roimh ré

Cuimsítear na nithe seo a leanas leis an mír seo:

An 31 Nollaig 2022 ba iad an dá phríomh‑mhír faoin gceannteideal seo ús fabhraithe iníoctha ar iarmhéideanna TARGET2 mar gheall ar BCNanna le haghaidh mhí na Nollag 2022 (féach nóta 11 ‘Dliteanais do neamhchónaitheoirí limistéar an euro atá ainmnithe in euro’ agus nóta 12.2 ‘Dliteanais eile laistigh den Eurochóras (glan)’) agus ús fabhraithe iníoctha le BCNanna i limistéar an euro le haghaidh 2022 i ndáil lena n‑éilimh a bhaineann le cúlchistí eachtracha arna n‑aistriú chuig BCE (féach nóta 12.1 ‘Dliteanais atá coibhéiseach le cúlchistí eachtracha a aistriú’). Socraíodh na méideanna sin i mí Eanáir 2023.

Nóta 13.3 – Ilghnéitheach

An 31 Nollaig 2022 b’ionann an mhír seo agus €1,562 mhilliún (2021: €2,277 milliún). Áiríodh ann iarmhéideanna dar luach €974 mhilliún (2021: €535 mhilliún) maidir le babhtáil agus réamh‑idirbhearta in airgeadra eachtrach a bhí gan íoc an 31 Nollaig 2022 (féach nóta 20 ‘Babhtáil airgeadraí eachtracha agus réamh‑idirbhearta’). Tháinig na hiarmhéideanna seo chun cinn ó chomhshó idirbheart dá leithéid ina gcoibhéis euro ag meánchostas an airgeadra faoi seach ar dháta an chláir chomhardaithe, i gcomparáid leis na luachanna euro a ndearnadh taifeadadh orthu ar dtús (féach “Ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”).

San áireamh sa mhír freisin tá dliteanas léasa dar luach €141 mhilliún (2021: €175 mhilliún) (féach ‘Léasanna’ i Roinn 2.3 ‘Beartais chuntasaíochta’).

Chomh maith leis sin, san áireamh leis an mír seo tá glandliteanas sochair shainithe BCE i leith shochair iarfhostaíochta agus shochair fhadtéarmacha eile a fhoirne[44] agus chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin, chomh maith le comhaltaí an Bhoird Maoirseachta a fhostaíonn BCE. San áireamh leis sin tá sochair foirceanta fhoireann BCE.

Sochair iarfhostaíochta BCE, sochair fhadtéarmacha eile agus sochair foirceanta

Clár Comhardaithe
Bhí na méideanna a aithnítear sa Chlár Comhardaithe faoin mír “Ilghnéitheach” (dliteanais) i leith sochair iarfhostaíochta, sochair fhadtéarmacha eile agus sochair foirceanta de chuid na foirne mar seo a leanas:

Nóta: Is iad na colúin a bhfuil “Boird” orthu a thuairiscíonn méideanna i leith an Bhoird Feidhmiúcháin agus an Bhoird Maoirseachta araon.

San áireamh i luach láithreach na hoibleagáide sochair shainithe vis-à-vis an fhoireann dar luach €1,947 milliún (2021: €3,165 mhilliún) in 2022 bhí sochair neamh‑mhaoinithe dar luach €233 mhilliún (2021: €373 mhilliún) maidir le sochair iarfhostaíochta nach pinsin iad, sochair fhadtéarmacha eile agus sochair foirceanta foirne. Maidir leis an luach láithreach den oibleagáid sochair shainithe vis-à-vis comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin agus comhaltaí an Bhoird Maoirseachta dar luach €31 mhilliún (2021: €43 mhilliún), ní bhaineann sé ach le socruithe neamh‑mhaoinithe atá i bhfeidhm le haghaidh sochair iarfhostaíochta agus sochair fhadtéarmacha eile.

Tugtar aitheantas don atomhas ar ghlandliteanas sochair shainithe BCE i leith sochair iarfhostaíochta sa Chlár Comhardaithe faoin mír dhliteanais ‘Cuntais athluachála’. In 2022 b’ionann gnóthachain atomhais faoin mír dliteanais sin agus €369 milliún, agus in 2021 thaifead BCE caillteanais atomhais dar luach €799 milliún (féach nóta 15 ‘Cuntais athluachála’).

Athruithe san oibleagáid sochair shainithe, sócmhainní plean agus torthaí atomhais
Bhí na hathruithe i luach reatha na hoibleagáide sochair shainithe mar seo a leanas:

Nóta: Is iad na colúin a bhfuil “Boird” orthu a thuairiscíonn méideanna i leith an Bhoird Feidhmiúcháin agus an Bhoird Maoirseachta.
1) An glanfhigiúr lena n-áirítear ranníocaíochtaí éigeantacha agus aistrithe isteach i bpleananna agus amach as pleananna. Is iad na ranníocaíochtaí éigeantacha a d’íoc an fhoireann 7.4%, le hais 20.7% a íocann BCE den bhuntuarastal.

Tháinig na gnóthachain atomhais iomlána €1,441 mhilliún ar an oibleagáid sochair shainithe in 2022 chun cinn go príomha mar thoradh ar an ardú ar an ráta lascaine a úsáideadh don luacháil achtúireach ó 1.3 % in 2021 go 3.9 % in 2022.

Bhí na hathruithe ar luach cóir na sócmhainní plean agus sa cholún sochair shainithe i leith na foirne mar seo a leanas:

Léirigh na caillteanais atomhais ar shócmhainní plean in 2022 go raibh an toradh iarbhír ar aonaid an chiste níos ísle ná an t‑ioncam úis toimhdithe ar shócmhainní plean, a bhí bunaithe ar an toimhde ráta lascaine 1.3 %.

Bhí athruithe na dtorthaí atomhais mar seo a leanas:

Cuntas Brabúis agus Caillteanais
Bhí na méideanna a aithníodh sa Cuntas Brabúis agus Caillteanais mar seo a leanas:

Nóta: Is iad na colúin a bhfuil “Boird” orthu a thuairiscíonn méideanna i leith an Bhoird Feidhmiúcháin agus an Bhoird Maoirseachta araon.

Tháinig méadú in 2022 go €45 milliún ar na gnóthachain atomhais ar shochair fhadtéarmacha agus ar shochair foirceanta eile (2021: €9 milliún), go príomha de bharr an ráta lascaine a úsáideadh le haghaidh na luachála achtúirí ag deireadh 2022 a bheith níos airde.

Príomhthoimhdí
Agus na hachtúirí neamhspleácha ag ullmhú na luachálacha dá dtagraítear sa nóta seo, bhain siad úsáid as toimhdí ar ghlac an Bord Feidhmiúcháin leo chun críocha cuntasaíochta agus nochta. Na príomhthoimhdí a úsáideadh chun an dliteanas a ríomh le haghaidh sochair iarfhostaíochta agus sochair fhadtéarmacha eile, ba mar seo a leanas iad:

1) Baineadh úsáid as na toimhdí seo chun an chuid d’oibleagáid sochair shainithe BCE a mhaoiníonn sócmhainní a bhfuil ráthaíocht chaipitil acu a ríomh.
2) Ina theannta sin, cuirtear méaduithe tuarastail aonair ionchasacha san áireamh suas le 1.8% sa bhliain, ag brath ar aois na rannpháirtithe plean.
3) De réir rialacha an phlean phinsin de chuid BCE, méadófar na pinsin go bliantúil. Má bhíonn athruithe tuarastail ginearálta fhostaithe BCE faoi bhun an bhoilscithe praghsanna, beidh aon mhéadú ar phinsin de réir athruithe tuarastail ginearálta. Má théann na hathruithe tuarastail ginearálta os cionn boilsciú praghsanna, cuirfear i bhfeidhm iad chun méadú na bpinsean a fáil amach, ar choinníoll gur féidir le staid airgeadais phleananna pinsean BCE a leithéid de mhéadú a sheasamh.

Nóta 14 – Soláthairtí

Is é atá sa mhír sin go príomha soláthar le haghaidh rioscaí airgeadais, a mbaintear a oiread úsáide a mheasann an Chomhairle Rialaithe gá a bheith leis chun caillteanais a eascraíonn as neamhchosaintí ar rioscaí airgeadais a fhritháireamh. Déantar athbhreithniú ar mhéid agus ar riachtanas reatha an tsoláthair seo go bliantúil, bunaithe ar mheasúnú BCE ar a neamhchosaint ar na rioscaí céanna agus réimse fachtóirí á gcur san áireamh. Ní féidir lena mhéid, in éineacht le haon mhéid a choinnítear sa chúlchiste ginearálta, a bheith níos mó ná luach chaipiteal BCE a íocann BCNanna an limistéir euro.

I mbliana, scaoileadh suim €1,627 milliún ón soláthar sin chun caillteanais a chumhdach a d’eascair as neamhchosaintí ar rioscaí airgeadais, rud a d’fhág go raibh toradh airgeadais BCE don bhliain ag nialas. Tháinig na caillteanais go príomha as an méadú ar an ráta úis a d’úsáid an tEurochóras ina thairiscintí le haghaidh príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin as ar lean speansas suntasach úis a d’eascair as glandliteanas TARGET2 BCE (féach nóta 23.4 ‘Ioncam úis eile; agus speansas úis eile’). An tráth céanna, mar thoradh ar an méadú ar thorthaí an euro agus dhollar na Stát Aontaithe, rinneadh díluacháil praghsanna ar urrúis sna cistí dílse agus i bpunanna dhollar na Stát Aontaithe chomh maith le caillteanais ó dhíolacháin urrús dhollar na Stát Aontaithe (féach ‘Aitheantas ioncaim’ i Roinn 2.3 ‘Beartais chuntasaíochta’, nóta 25 ‘Laghduithe díluachála ar shócmhainní airgeadais agus ar staideanna airgeadais’ agus nóta 24 ‘Gnóthachain/caillteanais fhíoraithe a eascraíonn as oibríochtaí airgeadais’). Leis an scaoileadh sin ón soláthar maidir le rioscaí airgeadais, laghdaíodh méid an tsoláthair go €6,566 mhilliún an 31 Nollaig 2022.

San áireamh sa mhír seo freisin tá soláthairtí riaracháin dar luach €69 milliún (2021: €74 mhilliún).

Nóta 15 – Cuntais athluachála

Sa mhír seo, den chuid is mó, tá iarmhéideanna athluachála a eascraíonn as gnóthachain neamhréadaithe ar shócmhainní, ar dhliteanais agus ar ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe (féach “Aithint ioncaim”, “Sócmhainní agus dliteanais óir agus airgeadra eachtraigh”, “Urrúis” agus “Ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”). San áireamh leis sin freisin tá, atomhais ar ghlandliteanas sochair shainithe BCE i leith sochair iarfhostaíochta (féach “Sochair iarfhostaíochta, sochair fhadtéarmacha eile agus sochair foirceanta BCE” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta” agus nóta 13.3 “Ilghnéitheach”).

Tá an méadú ar mhéid na gcuntas athluachála den chuid is mó mar gheall ar an luachmhéadú ar dhollar na Stát Aontaithe i gcoinne an euro agus an t-ardú ar phraghas margaidh an óir i dtéarmaí euro in 2022.

Ba iad seo a leanas na rátaí malairte eachtraí a úsáideadh le haghaidh athluachála dheireadh na bliana:

Nóta 16 – Caipiteal agus cúlchistí

Nóta 16.1 – Caipiteal

Is ionann caipiteal suibscríofa BCE agus €10,825 milliún.

Tar éis do Bhanc Shasana aistarraingt ó CEBC ar 31 Eanáir 2020, choinnigh BCE a chaipiteal suibscríofa gan athrú agus ath-leithdháileadh scair chaipiteal suibscríofa Bhanc Shasana i measc NCBanna limistéar an euro agus i measc NBCanna a bhí fágtha nach bhfuil i limistéar an euro. Chomh maith leis sin, rinne an Chomhairle Rialaithe cinneadh go n-íocfadh NCBanna a síntiúis mhéadaithe ar fad ar dhá thráthchuid in 2021 agus in 2022, an dá ceann acu dar luach €610 milliún. De thairbhe an dara tráthchuid a bheith íoctha ag BCNanna limistéar an euro an 28 Nollaig 2022, mhéadaigh caipiteal íoctha iomlán BCE go €8,880 milliún, mar a léirítear sa tábla thíos:

Ceanglaítear ar BCNanna nach bhfuil i limistéar an euro 3.75% dá gcaipiteal suibscríofa a íoc mar ranníocaíocht do chostais oibriúcháin BCE. Ón 1 Feabhra 2020 b’ionann an ranníocaíocht agus €76 milliún san iomlán. Níl NCBanna nach bhfuil i limistéar an euro i dteideal aon scair de bhrabúis indáilte BCE, ná níl aon dualgas orthu aon chaillteanas de chuid BCE a chumhdach ach an oiread.

2.5 Ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe

Nóta 17 – Cláir iasachtaithe urrús

Mar chuid de bhainistíocht chistí dílse BCE, tá comhaontú cláir iasachtaithe urrús i bhfeidhm ag BCE agus de réir an chomhaontaithe, téann institiúid speisialta in idirbhearta iasachtaithe urrús ar son BCE.

Chomh maith leis sin, de réir chinntí na Comhairle Rialaithe, a chuir BCE ar fáil ar bhonn a shealúchais urrús a thabhairt ar iasacht a ceannaíodh faoin gcéad, dara agus tríú CCBC, CCEP agus CCÉP, chomh maith lena sealúchais urrús a ceannaíodh faoi CMU atá incháilithe le ceannach faoi CCEP freisin.[45]

Mura ndéantar na gníomhaíochtaí iasachtaithe urrús seo in aghaidh comhthaobhacht airgid a fhágtar gan a infheistiú ag deireadh na bliana, déantar taifead orthu i gcuntais lasmuigh den chlár comhardaithe.[46] Bhí gníomhaíochtaí iasachtaithe urrús den sórt sin, dar luach €11,569 milliún (2021: €16,156 mhilliún), gan íoc an 31 Nollaig 2022. Bhain €6,637 milliún den mhéid sin (2021: €11,821) le hiasachtú urrús arna sealbhú chun críoch beartais airgeadaíochta.

Nóta 18 – Todhchaíochtaí ráta úis

Bhí na hidirbhearta seo a leanas, a cuireadh i láthair ag ráta malairte eachtraí dheireadh na bliana, gan íoc:

Rinneadh na hidirbhearta seo i gcomhthéacs bhainistíocht chúlchistí eachtracha BCE.

Nóta 19 – Réamh-idirbhearta in urrúis

Ní raibh aon iarmhéid faoin mír seo an 31 Nollaig 2022, agus ag deireadh 2021 bhí réamhdhíolacháin urrús €382 mhilliún, arna gcur i láthair ag rátaí malairte eachtraí dheireadh na bliana, fós gan íoc. Rinneadh na hidirbhearta seo i gcomhthéacs bhainistíocht chúlchistí eachtracha BCE.

Nóta 20 – Babhtáil airgeadraí eachtracha agus réamh-idirbheart

Cúlchistí eachtracha a bhainistiú
Rinneadh babhtáil airgeadraí eachtracha agus réamh‑idirbhearta a riar i gcomhthéacs cúlchistí eachtracha BCE a bhainistiú. Ba iad seo a leanas na héilimh agus na dliteanais de thoradh na n‑idirbheart sin a cuireadh i láthair ag ráta malairte eachtraí dheireadh na bliana:

Línte babhtála a chruthaíonn leachtacht
Tá BCE mar chuid de líonra líne babhtála de bhainc cheannais agus tá socruithe babhtála cómhalartacha i bhfeidhm aige le Banc Cheanada, Banc Shasana, Banc na Seapáine, an Córas Cúlchiste Feidearálach, Banc Náisiúnta na hEilvéise agus Daonbhanc na Síne. Cumasaíonn na línte babhtála sin soláthar (i) leachtachta in aon airgeadra de chuid na mbanc ceannais thuasluaite chuig bainc i limistéar an euro nó (ii) leachtachta euro chuig institiúidí airgeadais i ndlínsí na mbanc ceannais thuasluaite. Ina theannta sin, tá línte babhtála i bhfeidhm freisin le Nationalbank Danmarks, Narodowy Bank Polski agus Sveriges Riksbank chun leachtacht euro a sholáthar d’institiúidí airgeadais ina ndlínsí. Is é is aidhm do na socruithe thuas aghaidh a thabhairt ar riachtanais leachtachta a d’fhéadfadh a bheith ann chun cur i gcoinne mífheidhmiú a d’fhéadfadh a bheith sa mhargadh agus, ar an gcaoi sin, an baol go mbeidh éifeachtaí iarmhartacha díobhálacha ar mhargaí airgeadais agus ar gheilleagair limistéar an euro a íoslaghdú.[47]

Éilimh agus dliteanais atá ainmnithe i ndollar na Stát Aontaithe a bhfuil dáta aibíochta acu in 2023, tháinig siad chun cinn i ndáil le leachtacht dhollar na Stát Aontaithe a sholáthar do chontrapháirtithe an Eurochórais (féach nóta 11 ‘Dliteanais do neamhchónaitheoirí de chuid limistéar an euro atá ainmnithe in euro’).

Nóta 21 – Riar oibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe

In 2022, lean BCE de bheith freagrach as oibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe an Aontais a riar faoin tsaoráid cúnaimh airgeadais mheántéarmaigh agus faoin Sásra Cobhsaíochta Airgeadais Eorpach, as an gcomhaontú saoráide iasachta don Ghréig, agus as riar íocaíochtaí a bhaineann le hiasacht amháin de chuid EFSF.

Mar fhreagairt ar phaindéim COVID‑19, in 2022, lean an tAontas d’iasachtaí a dheonú do na Ballstáit faoina ionstraim le haghaidh Tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE). Lean an tAontas in 2022 de bheith ag soláthar maoiniú do na Ballstáit i bhfoirm tacaíochta airgeadais neamh‑inaisíoctha agus tacaíochta iasachta faoin gclár Next Generation EU (NGEU), a bunaíodh chun tacú leis an téarnamh eacnamaíoch san Aontas, agus chun aistriú glas agus digiteach gheilleagar an Aontais a éascú an tráth céanna. Mar a tharla sa bhliain roimhe sin, thacaigh BCE leis an gCoimisiún Eorpach chun na hoibríochtaí a bhaineann leis an dá ionstraim thuasluaite a riar.

In 2022, phróiseáil BCE íocaíochtaí a bhaineann leis na hoibríochtaí thuasluaite go léir.

Nóta 22 - Dliteanais theagmhasacha ó chásanna dlí atá ar feitheamh

Comhdaíodh cásanna dlí i gcoinne BCE maidir lena fheidhmeanna maoirseachta a fheidhmiú ar Banca Carige S.p.A. (Banca Carige). I gceann amháin de na himeachtaí sibhialta sin, lorgaíonn scairshealbhóirí Banca Carige cúiteamh airgeadais ó BCE as an díobháil a líomhnaítear a rinneadh mar thoradh ar ghníomhaíochtaí éagsúla de chuid BCE a bhaineann le feidhmiú a fheidhmeanna maoirseachta i leith Banca Carige agus arb éard atá iontu cásanna líomhnaithe neamhghníomhaíochta agus gníomhaíochtaí díobhálacha araon. Cinnfear an cás seo agus toradh deiridh cásanna gaolmhara eile, i measc fachtóirí eile, á chur san áireamh ann. I gceann amháin acu, mheas Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, lena breithiúnas an 12 Deireadh Fómhair 2022, nach raibh bunús dlí iomchuí le dlí na hIodáile ag cinneadh BCE Banca Carige a chur faoi riarachán sealadach. Dá réir sin, neamhnigh an Chúirt Ghinearálta cinneadh BCE Banca Carige a chur faoi riarachán sealadach chomh maith leis an gcéad síneadh ar ré an riaracháin shealadaigh in 2019. Rinne BCE achomharc ar bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, áfach, a fhéadfaidh fós an breithiúnas sin a chur ar ceal. Thairis sin, tá dhá chinneadh eile de chuid BCE lena gcuirtear síneadh leis an riarachán sealadach á gconspóid faoi láthair i gcaingean le haghaidh neamhniú, atá fós ar feitheamh.

2.6 Nótaí ar an gCuntas Brabúis agus Caillteanais

Nóta 23 - Glanioncam úis

Nóta 23.1 - Ioncam úis ar shócmhainní cúlchistí eachtracha

Áiríonn an mhír seo ioncam úis, glan ar speansas úis, i dtaca le glansócmhainní cúlchistí eachtracha BCE.

Taispeántar glanioncam/glanspeansas úis le haghaidh gach cineál ionstraime thíos:

Ba é seo a leanas an glanioncam/glanspeansas úis in aghaidh an airgeadra eachtraigh:

Nóta 23.2 — Ioncam úis a eascraíonn as leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras

Is é atá san mhír seo, an t-ioncam úis a bhaineann le sciar 8% an Bhainc Cheannais Eorpaigh d’eisiúint iomlán nótaí bainc an euro (féach “Nótaí bainc i gcúrsaíocht” i roinn 2.3 “Beartais Chuntasaíochta” agus nóta 6.1 “Éilimh a bhaineann le cionroinnt nótaí bainc an euro laistigh den Eurochóras”). B’ionann an t‑ioncam úis in 2022 agus €736 milliún (2021: nialas) agus bhí sé mar thoradh ar an méadú ar an ráta ar na príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin os cionn 0 % ón 27 Iúil 2022. 0 % a bhí sa ráta sin ar feadh na bliana ar fad in 2021.

Nóta 23.3 — Íocaíocht éilimh BCNanna maidir le cúlchistí eachtracha a aistríodh

Nochtar an íocaíocht le BCNanna i limistéar an euro agus a n-éilimh i dtaca le sócmhainní cúlchistí eachtracha a aistríodh chuig an mBanc Ceannais Eorpach (féach nóta 12.1 “Dliteanais comhionann le haistriú cúlchistí eachtracha”) faoin gceannteideal seo. B’ionann an speansas úis in 2022 agus €201 milliún (2021: nialas) agus bhí sé mar thoradh ar an méadú ar an ráta ar na príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin os cionn 0 % ón 27 Iúil 2022. 0 % a bhí sa ráta sin ar feadh na bliana ar fad in 2021.

Nóta 23.4 – Ioncam úis eile; agus speansas úis eile

Mar seo a leanas a bhí an t-ioncam úis eile agus speansas úis eile:

1) B’ionann glanioncam úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar shealúchais CMU de chuid bhannaí rialtais na Gréige agus €43 mhilliún (2021: €46 mhilliún).

Nóta 24 - Gnóthachain/caillteanais réadaithe a eascraíonn as oibríochtaí airgeadais

Seo a leanas gnóthachain agus caillteanais réadaithe a d’eascair as oibríochtaí airgeadais:

Áirítear le glanchaillteanais praghsanna réadaithe gnóthachain agus caillteanais réadaithe ar urrúis agus todhchaíochtaí ráta úis. Bhí na glanchaillteanais praghsanna réadaithe in 2022 á stiúradh go príomha ag caillteanais praghsanna a réadaíodh in urrúis atá ainmnithe i ndollair na Stát Aontaithe tar éis an mhéadaithe ar thorthaí urrús dhollar na Stát Aontaithe. Rinneadh na glanchaillteanais praghsanna réadaithe a fhritháireamh go páirteach trí ghnóthachain réadaithe ar an ráta malairte, rud a tháinig chun cinn go príomha mar thoradh ar dhíluacháil praghsanna dheireadh na bliana ar urrúis dhollar na Stát Aontaithe.

Taispeántar gnóthachain agus caillteanais réadaithe a eascraíonn as oibríochtaí airgeadais in aghaidh an airgeadra agus na ráithe thíos:

Nóta 25 - Díluacháil ar shócmhainní airgeadais agus ar shuíomhanna airgeadais

Mar seo a leanas a bhí na díluachálacha ar shócmhainní agus staideanna airgeadais:

Tháinig laghdú ar mhargadhluach fhormhór na n‑urrús arna sealbhú sna cistí dílse agus i bpunanna dhollar na Stát Aontaithe, mar aon le méadú ar na torthaí comhfhreagracha in 2022. Bhí caillteanais phraghais neamhréadaithe ag deireadh na bliana mar thoradh air seo.

Nóta 26 — Glanioncam/glanspeansas ó tháillí agus ó choimisiúin

In 2022 bhí an t‑ioncam faoin gceannteideal seo comhdhéanta go príomha de tháillí maoirseachta. Tháinig ardú ar speansais ó tháillí cumhdaigh den chuid is mó.

Ioncam agus speansas a bhaineann le cúraimí maoirseachta
Ioncam ó tháillí maoirseachta go príomha atá san ioncam a bhaineann le maoirseacht baincéireachta. Gearrann BCE táillí ar eintitis mhaoirsithe chun caiteachas a thabhaítear i ndéanamh a chúraimí maoirseachta a aisghabháil. Bunaithe ar speansais bhliantúla iarbhír BCE arna dtabhú i gcomhlíonadh a chúraimí maoirseachta baincéireachta, ba é €594 milliún an t‑ioncam ó tháillí maoirseachta le haghaidh 2022 (2021: €578 milliún).

Chun méid na dtáillí maoirseachta atá le tobhach a chinneadh, déantar an caiteachas bliantúil iarbhír a choigeartú do mhéideanna a aisíocadh le bainc aonair/a fuarthas uathu le haghaidh tréimhsí táillí roimhe sin agus coigeartuithe eile, lena n‑áirítear ús a fuarthas ar íocaíochtaí déanacha.[48] Agus coigeartú a chomhfhreagraíonn don ús a fuarthas ar íocaíochtaí déanacha chomh maith le glan‑aisíocaíochtaí le bainc aonair ar feadh tréimhsí táillí roimhe seo á gcur san áireamh, is ionann na táillí maoirseachta bliantúla a ghearrfar ar na heintitis faoi mhaoirseacht don tréimhse táille 2022 agus méid beagnach comhionann leis na speansais bhliantúla iarbhír €594 milliún[49] (féach nóta 7.4 ‘Fabhruithe agus speansais réamhíoctha’). Déanfar na táillí maoirseachta aonair a shonrascadh sa dara ráithe de 2023.[50]

Tá BCE i dteideal freisin pionóis riaracháin a fhorchur ar eintitis faoi mhaoirseacht as dlí baincéireachta an Aontais is infheidhme maidir le ceanglais stuamachta (lena n‑áirítear cinntí maoirseachta BCE) a neamhchomhlíonadh. Ní dhéantar an t‑ioncam gaolmhar a mheas i ríomh táillí maoirseachta bliantúla, ná ní aisíoctar na pionóis sin i gcás ina ndéanfar cinntí smachtbhannaí roimhe sin a leasú nó a neamhniú. Ina ionad sin, déantar na suimeanna gaolmhara a thaifeadadh i gCuntas Brabúis agus Caillteanais BCE. B’ionann an t‑ioncam a eascraíonn as pionóis ar eintitis faoi mhaoirseacht agus €12 mhilliún in 2022 (2021: €1 mhilliún).

Mar sin, mar seo a leanas a bhí ioncam BCE ó thascanna maoirseachta:

Speansais a bhaineann le maoirseacht ar bhaincéireacht ón maoirseacht dhíreach ar eintitis shuntasacha, an fhormhaoirseacht ar mhaoirseacht eintitis a bhfuil suntas níos lú ag baint leo agus déanamh tascanna cothrománacha agus seirbhísí speisialaithe. Is é atá iontu ná speansais dhíreacha de chuid fheidhm maoirseachta BCE agus na speansais ábhartha a eascraíonn as réimsí tacaíochta a theastaíonn chun freagrachtaí maoirseachta BCE a chomhlíonadh, a sheasann dá gcuid seirbhísí maidir le háitribh agus aiseanna; acmhainní daonna; teicneolaíocht faisnéise (TF); dlí, iniúchóireacht agus riarachán; cumarsáid agus aistriúchán; chomh maith le gníomhaíochtaí eile.

B’ionann na speansais iarbhír a bhaineann le cúraimí maoirseachta BCE, a aisghabhtar trí na táillí maoirseachta bliantúla le haghaidh 2022 agus €594 mhilliún (2021: €578 milliún). Ba é ba chúis leis an méadú foriomlán an filleadh leanúnach de réir a chéile ar ghnáthleibhéil ghníomhaíochta i maoirseacht baincéireachta tar éis na paindéime, agus forbairtí leanúnacha agus feabhsuithe leanúnacha ar chórais TF atá tiomnaithe don mhaoirseacht baincéireachta.

Nóta 27 - Ioncam ó ghnáthscaireanna agus ó leasanna rannpháirteachais

Léirítear an díbhinn €1 mhilliún in 2022 (2021: €2 mhilliún) a fuarthas ar scaireanna atá i seilbh BCE in BIS (féach nóta 7.2 ‘Sócmhainní airgeadais eile’) faoin gceannteideal seo.

Nóta 28 — Ioncam eile

B’ionann ioncam ilchineálach eile in 2022 agus €61 mhilliún (2021: €56 mhilliún) agus d’eascair sé go príomha as ranníocaíochtaí ó BCNanna i limistéar an euro le costais arna dtabhú ag BCE i dtaca le comhthionscadail Eurochórais.

Nóta 29 — Costais foirne

Mar seo a leanas a bhí na costais foirne:

1) Tá na tuarastail agus na liúntais múnlaithe den chuid is mó ar scéimeanna luach saothair an Aontais Eorpaigh agus d’fheadfaí iad a chur i gcomparáid leo.

B’ionann meánlíon na bhfostaithe, arna léiriú i gcoibhéis lánaimseartha (FTE)[51], agus 4,136 (2021: 4,038), agus as sin is foireann bhainistíochta a bhí i gceist le 373 díobh (2021: 362).

In ainneoin an mhéadaithe ar thuarastail agus liúntais mar thoradh ar an meánlíon foirne níos airde atá fostaithe ag BCE, tháinig laghdú ar na costais foirne fhoriomlána in 2022. Ba é ba phríomhchúis leis an laghdú sin gnóthachain achtúireacha i ndáil le sochair fhadtéarmacha eile a d’eascair as ráta lascaine níos airde a úsáideadh le haghaidh na luachála achtúirí ag deireadh 2022 (féach nóta 13.3 ‘Ilghnéitheach’).

Luach saothair na mBord Feidhmiúcháin agus Maoirseachta
Faigheann comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin agus comhaltaí an Bhoird Maoirseachta a fhostaíonn BCE tuarastal bunúsach agus liúntas cónaithe. I gcás an Uachtaráin, cuirtear áit chónaithe ar fáil in ionad liúntais chónaithe. Faigheann comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin agus Cathaoirleach an Bhoird Maoirseachta liúntas ionadaíochta chomh maith. Ag brath ar na Coinníollacha Fostaíochta d’Fhoireann an Bhainc Ceannais Eorpaigh, d’fheadfadh baill an dá bhord a bheith i dteideal liúntais teaghlaigh, leanaí, oideachais agus eile, ag brath ar a gcúinsí ar leith. Tá na tuarastail faoi réir cánach ar leas an Aontais Eorpaigh, chomh maith le hasbhaintí i dtaca le ranníocaíochtaí chuig na scéimeanna pinsin, leighis, cúraim fhadtéarmaigh agus árachais timpistí. Níl liúntais faoi réir cánach agus ní féidir pinsean a éileamh uathu.

In 2022, ba iad seo a leanas buntuarastail chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin agus chomhaltaí an Bhoird Maoirseachta arna bhfostú ag BCE (i.e. seachas ionadaithe maoirseoirí náisiúnta):[52]

1) Ghlac Frank Elderson oifig mar chomhalta ar an mBord Feidhmiúcháin an 15 Nollaig 2020; cuireadh a luach saothair don chuid eile de mhí na Nollag 2020 san áireamh sna costais le haghaidh 2021, toisc gur íocadh i mí Eanáir 2021 é.
2) Áirítear san fhigiúr iomlán luach saothair Chathaoirleach an Bhoird Maoirseachta agus luach saothair cheathrar ionadaithe ón mBanc Ceannais Eorpach. Ní fhaigheann Frank Elderson aon luach saothair breise ina ról mar Leas‑Chathaoirleach ar an mBord Maoirseachta. Tá na méideanna iomlána le haghaidh 2022 níos ísle mar gheall ar bhearna ama idir deireadh agus tús na dtéarmaí oifige, faoi seach, ag Pentti Hakkarainen agus ag a chomharba Anneli Tuominen.

B’ionann na liúntais iomlána a íocadh le comhaltaí an dá bhord agus ranníocaíochtaí BCE i dtreo scéimeanna leighis, cúraim fhadtéarmaigh agus árachais timpistí ar a son agus €1,110,618 (2021: €1,097,128).

D’fhéadfaí íocaíochtaí idirthréimhseacha a íoc le hiarchomhaltaí de chuid an dá bhord le haghaidh tréimhse theoranta tar éis dheireadh a dtéarmaí oifige. B’ionann na híocaíochtaí d’iar‑chomhaltaí an dá bhord, na liúntais ghaolmhara agus ranníocaíochtaí BCE i dtreo scéimeanna leighis, cúraim fhadtéarmaigh agus árachais timpistí ar a son agus €742,892 in 2022 (2021: €977,547). Ba é ba chúis leis an laghdú ar na híocaíochtaí sin go raibh níos lú iarchomhaltaí boird á bhfáil in 2022, agus go bhfuair na daoine a bhí fós i dteideal iad a fháil níos lú de réir mar a bhog siad i dtreo dheireadh a n‑idirthréimhse.

B’ionann na híocaíochtaí a bhain le pinsin, lena n‑áirítear liúntais iarfhostaíochta, agus na ranníocaíochtaí chuig scéimeanna leighis, cúraim fhadtéarmaigh, agus árachais timpistí le haghaidh iarchomhaltaí boird agus a gcleithiúnach agus €1,095,737 (2021: €4,047,008).[53] Áiríodh sa tsuim sin in 2021 íocaíocht chnapshuime ar dul ar scor d’iarchomhalta boird in ionad íocaíochtaí pinsin amach anseo.

Nóta 30 - Speansas riaracháin

Mar seo a leanas a bhí na speansais riaracháin:

Tháinig an méadú foriomlán ar speansais riaracháin in 2022 mar thoradh ar roinnt fachtóirí fritháirimh. Bhí speansais níos airde ann in 2022 mar gheall ar ghníomhaíochtaí a bheith ag filleadh de réir a chéile ar a ngnáthleibhéil i ndiaidh na paindéime agus seirbhísí nua feabhsaithe TF sa mhaoirseacht baincéireachta. Rinneadh na méaduithe sin a fhritháireamh go páirteach trí speansais níos ísle le haghaidh tacaíocht sheachtrach sainchomhairleoireachta, i ndáil le gníomhaíochtaí tionscadail TF (‘Seirbhísí seachtracha’) go príomha. Ina theannta sin, in 2022, bhí an cíos, cothabháil maoine agus speansais fóntais níos ísle toisc go raibh speansas aonuaire ann in 2021 a bhain le lochtanna i mbonneagar an phríomhfhoirgnimh a bhí fágtha ón gcéim foirgníochta a leigheas, rud a mhéadaigh speansais faoin gcatagóir ábharach don bhliain sin.

Nóta 31 - Seirbhísí táirgthe nótaí bainc

In 2022 b’ionann an speansas sin agus €9 milliún (2021: €13 mhilliún) Tháinig sé chun cinn den chuid is mó ó iompar trasteorann nótaí bainc euro idir clólanna nótaí bainc agus BCNanna, chun nótaí bainc nua a sheachadadh, agus idir BCNanna, chun ganntanais le stoic bharrachais a chúiteamh. Glacann BCE na costais seo go lárnach.

Nóta‑32 - Speansas eile

Is éard a bhí sa mhír sin in 2021 aisíocaíocht €5 milliún de phionóis riaracháin a d’fhorchuir BCE in 2018 ar thrí eintiteas faoi mhaoirseacht laistigh den ghrúpa céanna a ndearna an Chúirt Ghinearálta na cinntí ábharacha ina leith a neamhniú go páirteach (féach nóta 26 ‘Glanioncam/glanspeansas ó tháillí agus ó choimisiúin’). Níor taifeadadh aon speansas faoin mír seo in 2022.

2.7 Teagmhais iarchláir chomhardaithe

Nóta 33 - Is amhlaidh na nithe seo a leanas maidir le haontachas na Cróite leis an euro:

De bhun Chinneadh (AE) 2022/1211 ón gComhairle an 12 Iúil 2022, arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 140(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ghlac an Chróit an t‑airgeadra aonair an 1 Eanáir 2023. I gcomhréir le hAirteagal 48.1 de Reacht CEBC agus leis na gníomhartha dlíthiúla a ghlac an Chomhairle Rialaithe an 30 Nollaig 2022, d’íoc Hrvatska narodna banka suim €69 milliún le héifeacht ón 1 Eanáir 2023, arbh ionann é agus a bhfuil fágtha dá shuibscríobh caipitil le BCE. I gcomhréir le hAirteagal 48.1, i gcomhar le hAirteagal 30.1 de Reacht CEBC, d’aistrigh Hrvatska narodna banka sócmhainní cúlchistí eachtracha ag a bhfuil luach iomlán arb ionann agus €640 milliún chuig BCE le héifeacht ón 1 Eanáir 2023. Dollair SAM i bhfoirm airgid thirim (85 %) agus óir (15 %) a bhí sna sócmhainní cúlchistí eachtracha sin.

Creidiúnaíodh éilimh do Hrvatska narodna banka i leith an chaipitil íoctha agus na sócmhainní cúlchistí eachtracha atá coibhéiseach leis na méideanna a aistríodh. Caithfear leis an dara ceann acu sin ar an mbealach céanna le héilimh atá ann faoi láthair ó BCNanna eile limistéar an euro (féach nóta 12.1 ‘Dliteanais atá coibhéiseach le cúlchistí eachtracha a aistriú’).

2.8 Ráitis airgeadais 2018-22

2.8.1 Clár Comhardaithe

Nóta: Na méideanna a thaispeántar faoi na fomhíreanna ‘Rialtas ginearálta’ agus ‘Dliteanais eile’ faoin mír ‘Dliteanais do chónaitheoirí eile limistéar an euro atá ainmnithe in euro’, coigeartaíodh iad le haghaidh 2018 agus 2019 i gcomhréir leis an gcur chuige atá i bhfeidhm ó 2020 chun inchomparáideacht a áirithiú. Tá tuilleadh sonraí faoin athrú sin le fáil in ‘Athaicmithe’ i Roinn 2.3 ‘Beartais chuntasaíochta’ de Chuntais Bhliantúla BCE 2020.

2.8.2 Cuntas Brabúis agus Caillteanais

3 Tuarascáil iniúchóra neamhspleách

Chuig Uachtarán agus Comhairle Rialaithe
an Bhainc Ceannais Eorpaigh
Frankfurt am Main

Tuarascáil maidir leis an Iniúchadh ar Ráitis Airgeadais BCE 2022

Tuairim

Rinneamar iniúchadh ar Ráitis Airgeadais an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2022 – san áireamh i gCuntais Bhliantúla BCE – a chuimsíonn an clár comhardaithe, an cuntas brabúis agus caillteanais, agus achoimre ar bheartais chuntasaíochta shuntasacha agus nótaí mínithe eile.

Dar linne, tugann na Ráitis Airgeadais lena ngabhann léargas fíor agus cothrom ar staid airgeadais BCE an 31 Nollaig 2022 agus ar thorthaí a oibríochtaí airgeadais le haghaidh na bliana a chríochnaigh ansin i gcomhréir leis na prionsabail a bhunaigh an Chomhairle Rialaithe, a leagtar síos i gCinneadh (AE) 2016/2247 ó BCE an 3 Samhain 2016 maidir le cuntais bhliantúla BCE (BCE/2016/35), arna leasú, rud atá bunaithe ar Threoirlíne (AE) 2016/2249 ó BCE an 3 Samhain 2016 maidir leis an gcreat dlíthiúil i dtaca le cuntasaíocht agus tuairisciú airgeadais sa Chóras Eorpach Banc Ceannais (BCE/2016/34), arna leasú.

Bonn na Tuairime

Rinneamar ár n-iniúchadh i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta (‘ISAnna’). Déantar cur síos mionsonraithe ar ár bhfreagrachtaí faoi na caighdeáin sin faoin mír Freagrachtaí an Iniúchóra maidir leis an Iniúchadh ar na Ráitis Airgeadais inár dtuarascáil. Táimid neamhspleách ar BCE de réir na gceanglas eiticiúil Gearmánach atá ábhartha lenár n-iniúchadh ar na Ráitis Airgeadais, atá ag teacht leis an gCód Eitice le haghaidh Cuntasóirí Gairmiúla de chuid an Bhoird Idirnáisiúnta Caighdeán Eitice le haghaidh Cuntasóirí agus chomhlíonamar ár bhfreagrachtaí eiticiúla i gcomhréir leis na ceanglais sin. Creidimid go bhfuil an fhianaise iniúchta a fuaireamar dóthanach agus cuí chun bunús a thabhairt lenár dtuairim.

Faisnéis Eile

Tá Bord Feidhmiúcháin BCE freagrach as an bhfaisnéis eile a chuirtear ar fáil i gCuntais Bhliantúla BCE. Is éard atá san fhaisnéis eile ná an fhaisnéis uile atá san áireamh i dTuarascáil Bhliantúil BCE seachas Ráitis Airgeadais BCE agus an tuarascáil iniúchóra dár gcuid.

Ní chuimsíonn ár dtuairim ar na Ráitis Airgeadais an fhaisnéis eile agus ní léirímid aon chineál tátail dheimhnithe maidir leis an bhfaisnéis sin.

Maidir lenár n-iniúchadh ar na Ráitis Airgeadais, tá sé de fhreagracht orainn an fhaisnéis eile a léamh agus, é sin ar bun againn, an méid seo a leanas a mheas: an bhfuil an fhaisnéis eile neamhréireach go hábhartha leis na Ráitis Airgeadais nó leis an eolas a fuaireamar san iniúchadh, nó an léir go bhfuil sí míshonraithe go hábhartha ar shlí eile?

Freagrachtaí an Bhoird Feidhmiúcháin agus iad siúd a raibh dualgas orthu maidir le Rialachas i gcomhair na Ráiteas Airgeadais

Tá an Bord Feidhmiúcháin freagrach as ullmhú agus as cur i láthair cóir na Ráiteas Airgeadais i gcomhréir leis na prionsabail a bhunaigh an Chomhairle Rialaithe, a leagtar síos i gCinneadh (AE) 2016/2247 de chuid BCE ar an 3 Samhain 2016 ar chuntais bhliantúla BCE (BCE/2016/35), arna leasú, rud atá bunaithe ar Threoirlíne (AE) 2016/2249 de chuid BCE ar an 3 Samhain 2016 maidir leis an gcreat dlíthiúil i dtaca le cuntasaíocht agus tuairisciú airgeadais sa Chóras Eorpach Banc Ceannais (BCE/2016/34), arna leasú, agus le haghaidh an rialaithe inmheánaigh sin a chinneann an Bord Feidhmiúcháin a bheith riachtanach i dtaca le Ráitis Airgeadais nach bhfuil míráitis ábhartha iontu, bíodh sin de dheasca calaoise nó earráide, a ullmhú.

Agus na Ráitis Airgeadais á n-ullmhú, tá an Bord Feidhmiúcháin freagrach as cumas BCE leanúint ar aghaidh mar ghnóthas leantach a mheas, as nithe a bhaineann le gnóthas leantach a nochtadh, de réir mar is infheidhme, agus as bonn cuntasaíochta an ghnóthais leantaigh a úsáid.

Tá na daoine siúd a raibh dualgas an rialachais orthu freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar phróiseas tuairiscithe airgeadais BCE.

Freagrachtaí an Iniúchóra maidir leis an Iniúchadh ar na Ráitis Airgeadais

Is iad ár spriocanna ná dearbhú réasúnta a fháil cibé an bhfuil nó nach bhfuil na Ráitis Airgeadais saor ó mhíráitis ábhartha san iomlán, bíodh sin de dheasca calaoise nó earráide, agus tuarascáil iniúchóra a eisiúint a bhfuil ár dtuairim san áireamh ann. Is ardleibhéal dearbhuithe é dearbhú réasúnta, ach ní gealltanas atá ann go n-aimseoidh iniúchadh i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta míráiteas ábhartha i gcónaí más ann dó. Féadfaidh míráitis eascairt as calaois nó earráid agus meastar go bhfuil siad ábhartha i gcás ina bhféadfaí a bheith ag súil leis le réasún go n-imreoidís tionchar, ar bhonn aonair nó ar bhonn comhiomláin, ar chinntí eacnamaíocha na n-úsáideoirí a dhéantar ar bhonn na Ráiteas Airgeadais seo.

Mar chuid d’iniúchadh i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta, bainimid leas as breithiúnas gairmiúil agus coinnímid amhras gairmiúil i bpleanáil agus i ndéanamh an iniúchta síos tríd. Ina theannta sin:

  • Aithnímid agus measaimid na rioscaí a bhaineann le míráiteas ábhartha sna Ráitis Airgeadais, bíodh sin de dheasca calaoise nó earráide, dearaimid agus cuirimid nósanna imeachta iniúchta i gcrích a mbíonn aird acu ar na rioscaí sin, agus faighimid fianaise iniúchta atá dóthanach agus cuí chun bunús a thabhairt lenár dtuairim. Is mó an riosca nach mbraithfí míráiteas ábhartha a eascraíonn as calaois ná an riosca nach mbraithfí míráiteas ábhartha a eascraíonn as earráid, toisc go bhféadfadh claonpháirteachas, brionnú, easnaimh d'aon turas, mífhaisnéisí nó sárú ar rialú inmheánach a bheith i gceist le calaois.
  • Faighimid tuiscint ar rialú inmheánach a bhaineann leis an iniúchadh ar mhaithe le nósanna imeachta iniúchta a dhearadh atá cuí sna cúinsí ar leith, agus ní ar mhaithe le tuairim a nochtadh faoi éifeachtacht rialú inmheánach BCE.
  • Déanaimid measúnú ar oiriúnacht na mbeartas cuntasaíochta a úsáideadh agus ar réasúnacht na meastachán cuntasaíochta agus na nochtaí gaolmhara arna soláthar ag an mbainistíocht.
  • Tagaimid ar chonclúid maidir le cé chomh hoiriúnach agus a bhí an úsáid a bhain an bhainistíocht as bonn cuntasaíochta an ghnóthais leantaigh agus, bunaithe ar an bhfianaise iniúchta a fhaightear, cinnimid cé acu atá nó nach bhfuil neamhchinnteacht ábhartha ann a bhaineann le himeachtaí nó coinníollacha a d'fhéadfadh amhras suntasach a tharraingt ar chumas BCE leanúint ar aghaidh mar ghnóthas leantach. Má thagaimid ar chonclúid gur ann do neamhchinnteacht ábhartha, tá dualgas orainn béim a leagan air inár dtuarascáil iniúchóra maidir leis na nochtaí a bhaineann leis sna Ráitis Airgeadais nó, murar leor nochtaí dá leithéid, ár dtuairim a mhionathrú. Tá ár gcuid conclúidí bunaithe ar an bhfianaise iniúchta a fhaightear suas go dtí dáta ár dtuarascála iniúchóra.
  • Déanaimid measúnú ar chur i láthair, ar leagan amach agus ar ábhar iomlán na Ráiteas Airgeadais, lena n-áirítear na nochtuithe, agus measaimid cé acu a chuireann nó nach gcuireann na Ráitis Airgeadais na hidirbhearta agus na himeachtaí is bun leo in iúl ar bhealach a bhaineann cur i láthair cothrom amach.

Tá dualgas orainn raon feidhme agus tráth beartaithe an iniúchta agus torthaí suntasacha an iniúchta, lena n-airítear aon difríochtaí suntasacha i rialú inmheánach a aithnímid i gcaitheamh ár n-iniúchta, a chur in iúl dóibh siúd a bhfuil dualgas rialachais orthu.

Frankfurt am Main, an 14 Feabhra 2023

Baker Tilly GmbH & Co. KG
Wirtschaftsprüfungsgesellschaft
(Düsseldorf)

4 Nóta maidir le dáileadh brabúis/leithdháileadh caillteanas

Ní cuid de ráitis airgeadais BCE don bhliain 2022 an nóta seo.

De bhun Airteagal 33 de Reacht CEBC, aistreofar glanbhrabús BCE san ord seo a leanas:

  1. aistreofar suim a chinnfidh an Chomhairle Rialaithe, nach mbeidh níos mó ná 20% den ghlanbhrabús i gceist leis, chuig an gcúlchiste ginearálta, faoi réir teorainn cothrom le 100% an chaipitil; agus
  2. dáilfear an glanbhrabús atá fágtha ar scairshealbhóirí BCE i gcomhréir lena scaireanna íoctha.[54]

Sa chás go dtabhaíonn BCE caillteanas, d’fheadfaí an ganntanas a fhritháiriú in aghaidh chúlchiste ginearálta BCE agus, más gá, i ndiaidh cinneadh de chuid na Comhairle Rialaithe, in aghaidh ioncam airgeadaíochta na bliana airgeadais ábhartha i gcomhréir agus suas leis na méid a leithdháileadh ar na bainc cheannais náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 32.5 de Reacht CEBC.[55]

Ba é nialas toradh airgeadais BCE do 2022. Dá bhrí sin, ní raibh aon dáileadh brabúis ann.

© An Banc Ceannais Eorpach, 2023

Seoladh poist 60640 Frankfurt am Main, An Ghearmáin
Guthán +49 69 1344 0
Suíomh Gréasáin www.ecb.europa.eu

Gach ceart ar chosaint. Ceadaítear atáirgeadh ar mhaithe le hoideachas agus le cúiseanna nach mbaineann le tráchtáil a fhad is go dtugtar aitheantas don fhoinse.

Tá téarmaíocht ar leith ar fáil ó ghluais BCE (ar fáil i mBéarla amháin).

HTML ISBN 978-92-899-5883-7, doi: 10.2866/061869, QB-BS-23-001-GA-Q


  1. I rith an doiciméid seo, is féidir nach suimeoidh na huimhreacha a chuirtear i láthair go beacht go dtí na hiomláin agus is féidir nach léireoidh na céatadáin go beacht na figiúirí absalóideacha mar gheall ar shlánú.

  2. Is éard atá sna “ráitis airgeadais” Clár Comhardaithe, an Cuntais Brabúis agus Caillteanais agus na nótaí gaolmhara. Is éard atá sna “Cuntais Bhliantúla” na ráitis airgeadais, an tuarascáil bhainistíochta, tuarascáil an iniúchóra neamhspleách agus an nóta ar dháileachán brabúis/leithdháileadh caillteanas Is féidir teacht ar thuilleadh sonraí ar na próisis ullmhaithe agus faofa gaolmhara ar shuíomh gréasáin BCE.

  3. Bhí 19 gcinn de NCBanna sa Eurochóras in 2022. An 12 Iúil 2022 d’fhormheas Comhairle an Aontais Eorpaigh go foirmiúil go nglacfadh an Chróit an euro an 1 Eanáir 2023. An dáta sin, méadaíodh líon Bhainc Cheannais Náisiúnta an Eurochórais go 20 agus Hrvatska narodna banka anois ina measc.

  4. Leagan comhdhlúite den Chonradh maidir le Feidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO C 202, 7.6.2016, lch. 1), arna leasú. Is féidir an téacs comhdhlúite neamhoifigiúil leis an liosta leasuithe a aimsiú anseo.

  5. Prótacal (Uimh 4) ar Chonradh ar Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh (IO C 202, 7.6.2016, lch. 230). Is éard atá sa Chóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC) BCE agus BCNanna na 27 mBallstát AE uile.

  6. Is éard atá in CCS an tríú clár ceannaigh bannaí faoi chumhdach (CCBC3), clár ceannaigh urrús sócmhainn-bhunaithe (CCUSB), clár ceannaigh na hearnála poiblí (CCEP) agus clár ceannaigh na hearnála corparáidí (CCEC). Ní fhaigheann BCE urrúis faoi CCEC. Is féidir teacht ar thuilleadh sonraí ar na próisis CCS ar shuíomh gréasáin BCE.

  7. Is féidir teacht ar thuilleadh sonraí ar CCÉP ar shuíomh gréasáin BCE.

  8. Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach preaseisiúint an 15 Nollaig 2022 maidir le cinntí na Comhairle Rialaithe.

  9. Is féidir teacht ar shrianta aibíochta do CCS agus CCÉP ar shuíomh gréasáin BCE

  10. San áireamh sna sealúchais seo tá sócmhainní a chuimsítear faoi na míreanna den chlár comhardaithe “Éilimh ar neamhchónaitheoirí de chuid limistéar an euro a ainmnítear in airgeadra eachtrach – Iarmhéideanna le bainc agus infheistíochtaí urrúis, iasachtaí seachtracha agus sócmhainní seachtracha eile” agus “Éilimh ar chónaitheoirí limistéar an euro a ainmnítear in airgeadra eachtrach”.

  11. I gcomhréir le moltaí an Tascfhórsa um Nochtadh Airgeadais a bhaineann leis an Aeráid, foilseoidh BCE nochtaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid i ndáil lena chistí dílse agus a phunanna pinsean ar shuíomh gréasáin BCE i mí an Mhárta 2023.

  12. Déantar speansais a thabhaíonn BCE i gcomhlíonadh a chúraimí maoirseachta a aisghabháil trí tháillí maoirseachta bliantúla arna thobhach ar eintitis mhaoirsithe. Is féidir teacht ar thuilleadh sonraí ar shuíomh gréasáin BCE um maoirseacht bhaincéireachta.

  13. I gcomhréir le hAirteagal 21 de Reacht CEBC, d’fhéadfadh BCE feidhmiú mar ghníomhaire fioscach d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais Eorpaigh, rialtais láir, údaráis réigiúnacha, áitiúla nó údaráis phoiblí eile, comhlachtaí eile rialaithe ag an dlí poiblí, nó gnóthais phoiblí de chuid na mBallstát.

  14. Áirítear leis an mír den chlár comhardaithe “Cuntais athluachála” freisin atomhais i leith sochair iar-fhostaíochta.

  15. Féach preaseisiúint an 30 Eanáir 2020 ar chaipiteal suibscríofa BCE tar éis do Bhanc Shasana tarraingt siar ó CEBC.

  16. Cuirtear Ioncam ó tháillí maoirseachta san áireamh faoi “Ioncam agus speansais eile” (Cairt 13).

  17. Sainmhínítear EI mar chaillteanas meánach arna ualú de réir dóchúlachta a tharlaíonn sa chás is measa (1-p)%, mar a sheasann p don leibhéal muiníne.

  18. Is féidir tuilleadh sonraí ar an gcur chuige samhaltúcháin in “The financial risk management of the Eurosystem’s monetary policy operations [Bainistíocht riosca oibríochtaí beartais airgeadaíochta an Eurochórais]”, BCE, Iúil 2015.

  19. Déanfar torthaí na tástála struis sin ar shealúchais bannaí corparáide a ionchorprú sna nochtaí a bhaineann leis an aeráid ar shealúchais bannaí corparáideacha BCNanna i limistéar an euro faoi CCEC agus CCÉP, a thosóidh BCE á bhfoilsiú go bliantúil ó mhí an Mhárta 2023. Ina theannta sin, tá sé beartaithe torthaí cáilíochtúla ginearálta na tástála struis sin a fhoilsiú san Fheasachán Eacnamaíoch i mí an Mhárta 2023.

  20. Cuimsítear le riosca oibriúcháin gach riosca neamhairgeadais agus sainmhínítear é mar riosca tionchair dhiúltaigh gnó, clú nó airgeadais ar BCE de thoradh ar dhaoine, cur chun feidhme neamh-leordhóthanach nó mainneachtain rialachais inmheánaigh agus próiseas gnó, cliseadh córas ar a mbraitheann córais, nó imeachtaí seachtracha (e.g. tubaistí nádúrtha nó ionsuithe seachtracha).

  21. Is féidir teacht ar thuilleadh sonraí ar struchtúr rialachais BCE ar shuíomh gréasáin BCE.

  22. Tá níos mó airde faighte ag bainistiú riosca iompair san earnáil chorparáideach agus phoiblí. Is comhlánú é ar bhainistíocht airgeadais agus oibriúcháin agus do BCE is féidir é a shainmhíniú mar an riosca dochar clú nó eile a fhulaingt arna arbh iad oifigigh ardleibhéil BCE nó baill foirne nach bhfuil ag feidhmiú de réir rialacha eitice agus ionracais BCE agus/nó caighdeáin dea-rialachais agus dea-riaracháin is cúis leis.

  23. Tá beartais chuntasaíochta BCE leagtha síos i gCinneadh (AE) 2016/2247 de BCE ar an 3 Samhain 2016 ar Chuntais Bhliantúla BCE (BCE/2016/35) (IO L 347, 20.12.2016, lch. 1), arna leasú. Is féidir an téacs comhdhlúite neamhoifigiúil maille le liosta na leasuithe a fháil anseo.
    Chun cuntasaíocht chomhchuibhithe agus tuairisciú airgeadais na n‑oibríochtaí Eurochórais a áirithiú, tá an Cinneadh thuasluaite bunaithe ar Threoirlíne (AE) 2016/2249 de BCE an 3 Samhain 2016 ar an gcreat dlíthiúil le haghaidh cuntasaíochta agus tuairisciú airgeadais sa Chóras Eorpach Banc Ceannais (BCE/2016/34) (IO L 347, 20.12.2016, lch. 37), arna leasú. Is féidir an téacs comhdhlúite neamhoifigiúil maille le liosta na leasuithe a fháil anseo.
    Tá na beartais sin, a athbhreithnítear agus a nuashonraítear go tráthrialta de réir mar a mheastar a bheith iomchuí, comhsheasmhach le forálacha Airteagal 26.4 de Reacht CEBC, lena gceanglaítear cur chuige comhchuibhithe i leith na rialuithe lena rialaítear cuntasaíocht agus tuairisciú airgeadais oibríochtaí Eurochórais.

  24. Tá tairseach íosta €100,000 i bhfeidhm le haghaidh fabhruithe agus forálacha riaracháin.

  25. Is féidir na cistí a charnann ball foirne trí ranníocaíochtaí deonacha a úsáid ag scor chun pinsean breise a cheannach. Tá an pinsean seo san áireamh san oibleagáid sochair shainithe ón bpointe sin ar aghaidh.

  26. An 31 Nollaig 2022 ba iad BCNanna nach bhfuil i limistéar an euro a bhí rannpháirteach in TARGET2 Българска народна банка (Banc Náisiúnta na Bulgáire), Danmarks Nationalbank, Hrvatska narodna banka, Narodowy Bank Polski agus Banca Naţională a României.

  27. Cinneadh BCE an 13 Nollaig 2010 ar eisiúint nótaí bainc in euro (BCE/2010/29) (2011/67/AE) (IO L 35, 9.2.2011, lch. 26), arna leasú. Is féidir an téacs comhdhlúite neamhoifigiúil leis an liosta leasuithe a aimsiú anseo.

  28. Ciallaíonn “Scála leithdháilte nótaí bainc” na céatadáin a éiríonn as sciar BCE in eisiúint iomlán nótaí bainc euro a chur san áireamh agus an scála caipitil suibscríofa a chur i bhfeidhm ar sciar BCNanna san iomlán sin.

  29. Cinneadh (AE) 2016/2248 ó BCE an 3 Samhain 2016 maidir le leithdháileadh ioncaim airgeadaíochta bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát arb é an euro an t-airgeadra acu (BCE/2016/36) (IO L 347, 20.12.2016, lch. 26), arna leasú. Is féidir an téacs comhdhlúite neamhoifigiúil leis an liosta leasuithe a aimsiú anseo.

  30. Cinneadh (AE) 2015/298 BCE an 15 Nollaig 2014 ar eisiúint eatramhach ioncam BCE (BCE/2014/57) (IO L 53, 25.2.2015, lch. 24), mar a leasaítear. Is féidir an téacs comhdhlúite neamhoifigiúil leis an liosta leasuithe a aimsiú anseo.

  31. Comhfhreagraíonn sé sin do 504.8 tona.

  32. Cuimsítear leis na sealúchais sin sócmhainní lúide dliteanais a ainmnítear san airgeadra eachtrach atá leagtha amach agus atá faoi réir ag athluacháil airgeadra eachtraigh. Cuimsítear iad faoi na ceannteidil “Éilimh ar neamhchónaitheoirí de chuid limistéar an euro a ainmnítear in airgeadra eachtrach”, “Éilimh ar chónaitheoirí limistéar an euro a ainmnítear in airgeadra eachtrach”, “Fabhruithe agus speansais réamhíoctha”, “Difríochtaí athluachála ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe” (ar an taobh dliteanas) agus “Fabhruithe agus ioncam a bhailítear roimh ré” agus cuireann siad san áireamh babhtáil airgeadraí eachtracha agus réamh-idirbheart a áirítear sna míreanna lasmuigh den chlár comhardaithe. Gnóthachain praghais maidir le hionstraimí airgeadais a ainmnítear in airgeadra eachtrach ag teacht chun cinn de bharr nach gcuirtear athluachálacha san áireamh.

  33. Is féidir tuilleadh sonraí faoi leachtacht euro an Eurochórais in aghaidh comhthaobhacht incháilithe a fháil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

  34. Is féidir teacht ar thuilleadh sonraí faoi CCSL ar shuíomh gréasáin BCE.

  35. Féach an phreaseisiúint ón 10 Márta 2022 maidir le cinntí na Comhairle Rialaithe.

  36. Féach an phreaseisiúint ón 9 Meitheamh 2022 maidir le cinntí na Comhairle Rialaithe.

  37. Féach an phreaseisiúint ón 15 Nollaig 2022 maidir le cinntí na Comhairle Rialaithe.

  38. Is féidir teacht ar thuilleadh sonraí ar CCÉP ar shuíomh gréasáin BCE.

  39. Féach an phreaseisiúint ón 16 Nollaig 2021 ar chinntí na Comhairle Rialaithe.

  40. Taispeánann na margadhluachanna na luachaintí margaidh agus díorthaítear na margadhluachanna ar bhonn na luachaintí margaidh freisin. Nuair nach bhfuil luachaintí margaidh ar fáil, déantar meas ar na margadhphraghasanna ach úsáid a bhaint as samhailtí inmheánacha de chuid an Eurochórais.

  41. Is féidir tuilleadh sonraí a fháil ar shuíomh gréasáin mhaoirseacht baincéireachta BCE.

  42. Is iad na hidirbhearta maidir le hiasachtú urrús nach bhfuil comhthaobhacht airgid neamhinfheistithe mar thoradh orthu ag deireadh na bliana a ndéantar taifeadadh orthu sna cuntais lasmuigh den chlár comhardaithe (féach nóta 17 “Cláir iasachtaithe urrús”).

  43. Is éard is córais choimhdeacha ann bonneagair mhargaidh airgeadais ar dheonaigh an Chomhairle Rialaithe rochtain ar chomhpháirt TARGET2‑BCE dóibh, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na ceanglais atá sainithe i gCinneadh ón BCE an 24 Iúil 2007 maidir le téarmaí agus coinníollacha TARGET2‑BCE (BCE/2007/7) (2007/601/CE) (IO L 237, 8.9.2007, lch. 71), arna leasú. Is féidir an téacs comhdhlúite neamhoifigiúil leis an liosta leasuithe a aimsiú anseo. Ag brath ar an eintiteas bainistíochta, meastar gur cónaitheoirí limistéar an euro iad na córais choimhdeacha (féach nóta 10.2 ‘Dliteanais eile’) nó neamhchónaitheoirí limistéar an euro (féach nóta 11 ‘Dliteanais do neamhchónaitheoirí i limistéar an euro atá ainmnithe in euro’). Is féidir teacht ar thuilleadh sonraí maidir le córais choimhdeacha ar shuíomh gréasáin BCE.

  44. Ní léiríonn colún sochair shainithe an phlean ach na ranníocaíochtaí éigeantacha a rinne BCE agus an fhoireann. B’ionann na ranníocaíochtaí deonacha a rinne an fhoireann i gcolún ranníocaíochta sainithe in 2022 agus €189 milliún (2021: €220 milliún). Tá na ranníocaíochtaí seo infheistithe sna sócmhainní plean agus tá oibleagáid chomhfhreagrach ar chomhluach ann mar gheall air sin.

  45. Ní cheannaíonn BCE urrúis de chuid na hearnála corparáidí faoi CCEC ná CCÉP agus níl aon sealúchas ábharach aige atá ar fáil le haghaidh iasachtú dá bharr sin. Tháinig urrúis BCE arna sealbhú faoi CCBC1 agus CCBC2 in aibíocht in 2022, agus dá bhrí sin ní raibh siad ar fáil a thuilleadh le haghaidh oibríochtaí iasachtaithe ag deireadh na bliana. Is féidir tuilleadh sonraí maidir le hiasachtú urrús a fháil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannas Eorpach

  46. Má fhágtar comhthaobhacht airgid gan a bheith infheistithe ag deireadh na bliana, déantar na hidirbhearta seo a thaifeadadh sna cuntais ar chláir comhardaithe (féach nóta 9 “Dliteanais eile d’institiúidí creidmheasa i limistéar an euro a ainmnítear in euro” agus nóta 11 “Dliteanais do neamhchónaitheoirí de chuid limistéar an euro a ainmnítear in euro”).

  47. Is féidir tuilleadh sonraí maidir le socruithe babhtála lena soláthraítear leachtacht a fháil ar shuíomh gréasáin BCE.

  48. Féach Airteagal 5(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1163/2014 ón mBanc Ceannais Eorpach an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le táillí maoirseachta (BCE/2014/41) (IO L 311, 31.10.2014, lch. 23), arna leasú. Is féidir an téacs comhdhlúite neamhoifigiúil leis an liosta leasuithe a aimsiú anseo.

  49. Glacfar le cinneadh an Bhainc Ceannais Eorpaigh maidir le méid iomlán na dtáillí maoirseachta bliantúla i gcomhair na bliana 2022, agus foilseofar ina dhiaidh sin iad faoi dheireadh mhí Aibreáin 2023.

  50. Is féidir teacht ar thuilleadh sonraí ar shuíomh gréasáin BCE um maoirseacht bhaincéireachta.

  51. Is é atá i gceist le coibhéis lánaimseartha (FTE) ná aonad gur ionann é agus fostaí amháin ag obair go lánaimseartha ar feadh aon bhliain amháin. Cuirtear an fhoireann a bhfuil conarthaí buana, ar thréimhse sheasta nó gearrthéarmacha agus rannpháirtithe atá ag glacadh páirte i gClár Iarchéime BCE san áireamh i gcomhréir leis na huaireanta a d’oibrigh siad. Tá baill foirne ar shaoire mháithreachais nó ar shaoire fhadtéarmach san áireamh, ach níl baill foirne ar shaoire gan phá san áireamh.

  52. Cuirtear ollmhéideanna i láthair, i.e. sula mbaintear aon cháin ar leas an Aontais Eorpaigh.

  53. Laghdaigh na híocaíochtaí sin a bhaineann le pinsin an oibleagáid sochair shainithe a aithnítear sa Chlár Comhardaithe. Maidir leis an nglanmhéid iomlán a muirearaíodh chuig an gCuntas Brabúis agus Caillteanais i dtaca leis na socruithe pinsin le haghaidh chomhaltaí reatha an Bhoird Feidhmiúcháin agus chomhaltaí reatha an Bhoird Monatóireachta a fhostaíonn BCE, féach nóta 13.3 ‘Ilghnéitheach’.

  54. Níl bainc cheannais náisiúnta nach bhfuil i limistéar an euro i dteideal aon sciar de bhrabúis indáilte BCE a fháil, agus ní bheidh dliteanas orthu aon chaillteanas de chuid BCE a íoc.

  55. Faoi Airteagal 32.5 de Reacht CEBC, leithdháilfear suim ioncaim airgeadais na mbanc ceannais náisiúnta ar na banc ceannais náisiúnta i gcomhréir lena scaireanna íoctha i gcaipiteal BCE.