Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Sracfhéachaint ar an mbliain

Ba chor cinniúnach a bhí in 2022 do bheartas airgeadaíochta BCE. D’athraigh an t-ionchas boilscithe go tobann de réir mar a bhuail dhá chineál turrainge an geilleagar ag an am céanna. Ar an gcéad dul síos, tharla sraith de rúscthaí diúltacha soláthair, nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe, ar an limistéar euro mar thoradh ar chur isteach ar shlabhraí soláthair de dheasca na paindéime, mar gheall ar ionradh gan údar na Rúise ar an Úcráin agus ar an ngéarchéim fuinnimh ina dhiaidh sin. Mhéadaigh sé sin go mór na costais ionchuir do gach earnáil den gheilleagar. Ar an dara dul síos, bhí suaitheadh dearfach éilimh ann mar thoradh ar athoscailt an gheilleagair tar éis na paindéime. Chuir sé sin ar chumas gnólachtaí a gcostais a bhí ag ardú a thabhairt ar aghaidh go dtí praghsanna i bhfad níos tapúla agus níos láidre ná mar a bhíodh.

Bhí sé fógartha againn cheana féin, ag deireadh 2021, go ndéanfaimis glancheannacháin sócmhainní a laghdú de réir a chéile faoinár gclár ceannaithe sócmhainní (CCS) agus go gcuirfimis deireadh leo faoin gclár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (CCÉP) ag deireadh mhí an Mhárta 2022. Ach bhí ár seasamh foriomlán beartais fós thar a bheith réidh, agus é curtha in oiriúint do thimpeallacht ina raibh boilsciú an-íseal le deich mbliana anuas agus na rioscaí díbhoilscithe go luath sa phaindéim. Mar sin, ghlacamar sraith céimeanna chun an seasamh sin a normalú agus chun freagairt thapa a thabhairt ar dhúshlán an bhoilscithe a bhí ag teacht chun cinn.

I mí an Mhárta, chuireamar dlús le laghdú na nglancheannachán faoin CCS agus i mí Aibreáin, dúramar go rabhamar ag meas go gcuirfí deireadh leo sa tríú ráithe. I mí Iúil, d’ardaíomar eochair-rátaí úis BCE den chéad uair le 11 bhliain, agus chuireamar suas arís iad i sraith de chéimeanna móra ag na cruinnithe beartais a bhí ann ina dhiaidh sin. Bhí luas an choigeartaithe sin ina chomhartha tábhachtach don phobal maidir lenár ndúthracht boilsciú a laghdú. Chuidigh sé sin le hionchais maidir le boilsciú a dhaingniú fiú agus boilsciú ag luathú.

Ag an am céanna, rinneamar beart chun a áirithiú — de réir mar a normalaíodh an beartas airgeadaíochta — go leanfaí dár seasamh beartais a tharchur go rianúil trí mhargaí airgeadais ar fud an limistéir euro. Baineadh an méid sin amach trí dhá phríomhbheart. Ar an gcéad dul síos, chinneamar solúbthacht a chur i bhfeidhm maidir le hathinfheistiú a dhéanamh in urrúis atá ag teacht in aibíocht sa phunann CCÉP chun cur i gcoinne rioscaí don sásra tarchurtha beartais airgeadaíochta a bhaineann leis an bpaindéim. Ar an dara dul síos, sheolamar Ionstraim nua Cosanta Tarchurtha.

Ach de réir mar a d’fhorbair an t-ionchas boilscithe, ba léir nár leor ann féin seasamh beartais airgeadaíochta atá neodrach go ginearálta a bhaint amach. Tuaradh go mbeadh boilsciú i bhfad níos airde ná an sprioc mheántéarmach 2% atá againn le haghaidh tréimhse rófhada, agus chonaiceamar comharthaí go raibh sé ag éirí níos seasmhaí, le brúnna praghsanna ag leathnú agus boilsciú bunúsach ag neartú. Sa suíomh seo, theastaigh uainn rátaí úis a thabhairt isteach i gcríoch shriantach agus éileamh a mhaolú.

Mar sin, i mí na Nollag, tar éis an chruinnithe beartais deiridh a bhí againn sa bhliain, d’fhógraíomar go gcaithfeadh rátaí úis fós ardú go suntasach ar luas seasta chun leibhéil a bhaint amach a bhí sriantach go leor chun a chinntiú go bhfillfeadh boilsciú ar ár sprioc go tráthúil. Ag an am céanna, dúramar, cé gurbh iad eochair-ráta úis BCE an phríomhuirlis a bhí againn chun an seasamh beartais a shocrú, go gcuirfimis tús le punann urrús CCS a laghdú ó mhí an Mhárta 2023 ar luas tomhaiste intuartha. Ina theannta sin, rinneadh cinneadh i mí Dheireadh Fómhair téarmaí agus coinníollacha an tríú sraith dár n-oibríochtaí athmhaoinithe fadtéarmacha spriocdhírithe a athchalabrú, rud a chuir deireadh le bac ar luath-aisíoc deonach cistí gan íoc. Tháinig laghdú thart ar €830 billiún ar shócmhainní beartais airgeadaíochta ar ár gclár comhardaithe idir deireadh mhí an Mheithimh (nuair a chríochnaigh glancheannacháin sócmhainní) agus deireadh mhí na Nollag, rud a chuidigh lenár gclár comhardaithe a normalú.

Chomh maith lenár mbearta chun dul i ngleic le boilsciú ard, leanamar ag scrúdú bagairtí níos leithne ar ár sainordú a eascraíonn as aeráid atá ag athrú agus leanamar orainn ag tabhairt aghaidh orthu. In 2022, rinneamar céimeanna breise chun breithnithe maidir leis an athrú aeráide a ionchorprú inár n-oibríochtaí beartais airgeadaíochta. Áiríodh leis sin an chéad tástáil struis aeráide a dhéanamh ar roinnt de na neamhchosaintí airgeadais atá ar ár gclár comhardaithe agus dul chun cinn a dhéanamh maidir le tionchar an athraithe aeráide a ghabháil ar bhealach níos fearr inár samhaltú maicreacnamaíoch. Ó mhí Dheireadh Fómhair, chuireamar tús le dícharbónú a dhéanamh ar na sealúchais bannaí corparáideacha inár bpunanna beartais airgeadaíochta trína gcur i dtreo eisitheoirí a bhfuil feidhmíocht aeráide níos fearr acu. Chinneamar freisin teorainn a chur leis an sciar de shócmhainní arna n-eisiúint ag corparáidí neamhairgeadais a bhfuil lorg ard carbóin acu agus gur féidir le contrapháirtithe iad a ghealladh mar chomhthaobhacht nuair a fhaigheann siad iasachtaí ón Eurochóras.

In 2022 leanamar lenár n-iarrachtaí fanacht ar thús cadhnaíochta i bhforbairtí teicneolaíochta i gcórais íocaíochta agus i mbonneagair mhargaidh. Is éard a bhí i gceist leis sin, ullmhúcháin don aistriú ó TARGET2 go córas ollsocraíochta fíor-ama nua, nuachóirithe, chomh maith le roinnt beart chun inrochtaineacht uile-Eorpach soláthraithe seirbhíse íocaíochta a áirithiú i gcóras Socraithe Íocaíochtaí Meandaracha TARGET (TIPS). Tháinig méadú faoi 17 n-uaire ar idirbhearta íocaíochtaí meandracha trí TIPS in 2022 i gcomparáid le 2021.

Rinneadh comóradh freisin an bhliain sin ar 20 bliain ó tugadh isteach nótaí bainc agus boinn euro, cloch mhíle i stair na hEorpa agus siombail inláimhsithe de chomhtháthú na hEorpa. Go dtí seo, is é airgead tirim an modh íocaíochta is minice a úsáidtear i measc mhuintir na hEorpa, arb ionann é agus beagnach 60% d’íocaíochtaí, agus níl aon amhras ach go leanfaidh sé de ról tábhachtach a bheith aige i saol daoine. Ach de réir mar a éiríonn an geilleagar níos digití, ní mór dúinn a áirithiú go mbeidh rochtain ag muintir na hEorpa ar mhodhanna íocaíochta digiteacha atá sábháilte, éifeachtúil agus áisiúil. Sin an fáth a bhfuil an tEurochóras ag fiosrú an bhféadfaí euro digiteach a eisiúint. Mar chuid den chéim imscrúdaithe atá ar siúl, tháinig an tEurochóras ar chomhaontú in 2022 maidir leis na príomhchásanna úsáide agus roinnt príomhchinntí deartha le haghaidh euro digiteach.

De réir mar a tháinig deireadh leis an mbliain, leathnaigh an limistéar euro arís agus an Chróit anois ar an mball is nuaí sa limistéar ar an 1 Eanáir 2023 — rud a léiríonn go bhfuil an euro fós ina airgeadra tarraingteach a thugann cobhsaíocht dá chuid ball.

Ní fhéadfaí aon cheann de na nithe thuas a dhéanamh gan iarrachtaí tiomnaithe fhoireann BCE agus a dtiomantas comhchoiteann freastal ar mhuintir na hEorpa.

Frankfurt am Main, Bealtaine 2023

Christine Lagarde

Uachtarán

Figiúirí na bliana

1 Boilsciú ard i bhfianaise éiginnteacht mhéadaitheach agus fás eacnamaíoch moillitheach

Tháinig moilliú ar an bhfás domhanda in 2022. Bhí ionradh na Rúise ar an Úcráin, boilsciú ard agus dálaí airgeadais níos déine ag cur isteach ar gheilleagair margaidh shárfhorbartha agus ar gheilleagair margaidh éiritheacha araon. Tháinig méadú suntasach ar bhrúnna boilscitheacha domhanda, rud a bhí á spreagadh ag praghsanna arda luaineacha tráchtearraí, ag scrogaill soláthair dhomhanda agus ag margaí teanna saothair. D’éirigh an euro ní ba laige in aghaidh dhollar SA ach tháinig luachmhéadú air in aghaidh go leor airgeadraí eile agus, dá bhrí sin, bhí sé ní ba chobhsaí i dtéarmaí ainmniúla iarbhír.

Sa limistéar euro, mhéadaigh boilsciú ó 2.6% in 2021 go 8.4% in 2022. Freagraíonn an méadú don bhorradh ar phraghsanna fuinnimh agus bia mar thoradh ar an gcogadh san Úcráin. Tháinig méadú ar bhrúnna praghsanna i mórán earnálacha den gheilleagar de bharr scrogaill soláthair roimhe seo agus éileamh folaigh ó phaindéim an choróinvíris (COVID-19), mar aon le costais ionchuir arda i dtáirgeacht mar gheall ar an méadú ar phraghsanna fuinnimh. Cé go raibh fás láidir ann sa chéad leath den bhliain nuair a thairbhigh earnáil na seirbhísí go háirithe de tharraingt siar na srianta paindéime, mhoilligh an fás sa limistéar euro ina dhiaidh sin, go mór mór mar gheall ar éifeachtaí an chogaidh san Úcráin.

2 Beartas airgeadaíochta ag triall ar normalú

Lean BCE dá bheartas airgeadaíochta a normalú in 2022 chun dul i ngleic le boilsciú fíorard, i bhfianaise ionradh na Rúise ar an Úcráin agus éifeachtaí leanúnacha na paindéime. Sa chéad chéim den normalú, chuir an Chomhairle Rialaithe deireadh le glancheannacháin sócmhainní faoin gclár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (CCÉP) ag deireadh mhí an Mhárta agus faoin gclár ceannaithe sócmhainní (CCS) ag tús mhí Iúil. Sa dara céim, ardaíodh eochair-rátaí úis BCE don chéad uair le hos cionn deich mbliana anuas, agus d’fhág ráta na saoráide taisce conair na rátaí diúltacha don chéad uair ó 2014 i leith. Mhéadaigh rátaí beartais faoi 250 bonnphointe carnach thar na ceithre chruinniú dheireanacha den bhliain, agus bhí na méaduithe leithleacha ba mhó ar taifead i gceist leo (Cairt 2.1). Ina theannta sin, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe an Ionstraim Cosanta Tarchurtha chun tarchur rianáil beartais airgeadaíochta a áirithiú ar fud an limistéir euro. De bhreis air sin, bhí an tsolúbthacht a bhí ar fáil maidir le hathinfheistíochtaí faoi CCÉP mar an chéad líne cosanta chun cur i gcoinne rioscaí don tarchur arna n-eascairt as an bpaindéim. I mí na Nollag, chinn an Chomhairle Rialaithe go ndéanfaí punann urrús an bheartais airgeadaíochta a fuair an tEurochóras faoi CCS a laghdú ar luas tomhaiste intuartha, ó mhí an Mhárta 2023 ar aghaidh. I mí an Mheithimh 2022, ba mhó ná riamh méid chlár comhardaithe an Eurochórais ag €8.8 trilliún, sular laghdaigh sé arís go €8.0 trilliún faoi dheireadh na bliana. D’eascair an laghdú go mór mór as oibríochtaí a bhí ag teacht in aibíocht agus luath-aisíocaíochtaí faoin tríú sraith d’oibríochtaí athmhaoinithe spriocdhírithe fadtéarmacha (OASF III). Bhí cinneadh na Comhairle Rialaithe i mí Dheireadh Fómhair chun téarmaí agus coinníollacha oibríochtaí OASF III a athrú ag tacú le luath-aisíocaíochtaí. I gcomhréir le normalú beartais airgeadaíochta, thosaigh BCE ar dheireadh a chur freisin le bearta maolaitheacha comhthaobhachta a tugadh isteach mar fhreagairt don phaindéim agus, ar an gcaoi sin, rinneadh na leibhéil lamháltais riosca a bhí ann roimh an bpaindéim a athbhunú de réir a chéile in oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais.

3 An earnáil airgeadais Eorpach: dálaí cobhsaíochta airgeadais ag dul in olcas

Chuaigh dálaí cobhsaíochta airgeadais in olcas sa limistéar euro le linn 2022 i bhfianaise boilsciú ard, dálaí airgeadais níos déine agus ionchais fáis níos laige. Mhéadaigh na príomhleochaileachtaí le linn na bliana. Orthu sin, áirítear: i) ábhair imní maidir le hinbhuanaitheacht fiachais i ngnólachtaí, i dteaghlaigh agus i stáit áirithe; ii) luachálacha sócmhainní airgeadais nár chuir san áireamh an t-ionchas níos diúltaí don fhás, do bhoilsciú agus do dhálaí airgeadais, iii) luachálacha sínte margaidh réadmhaoine, iv) riosca creidmheasa méadaithe do na bainc, agus v) neamhchosaintí ar riosca creidmheasa agus leachtachta i measc institiúidí airgeadais neamhbhainc. Chun dul i ngleic leis na rioscaí a eascraíonn as na leochaileachtaí seo, rinne na húdaráis mhacrastuamachta daingniú de réir a chéile ar bhearta beartais bunaithe ar chaipiteal agus/nó ar iasachtaithe. De bhreis air sin, leanadh leis an obair chun an creat rialála do bhainc agus an cur chuige macrastuamachta maidir le hinstitiúidí airgeadais neamhbhainc a neartú d’fhonn athléimneacht fhadtéarmach an chórais airgeadais a mhéadú tuilleadh.

4 Feidhmiú rianúil bhonneagar an mhargaidh agus íocaíochtaí

Tá ról lárnach ag an Eurochóras i bhforbairt, in oibriú agus i bhformhaoirsiú bhonneagar an mhargaidh agus socruithe lena n-éascaítear sreabhadh sábháilte éifeachtúil íocaíochtaí, urrús agus comhthaobhachta ar fud an limistéir euro. Ina theannta sin, spreagann sé comhtháthú agus nuálaíocht i margadh na n-íocaíochtaí agus na n-urrús. In 2022, rinne an tEurochóras athbhreithniú agus athnuachan ar bhonneagar, ar bheartais agus ar straitéisí reatha an mhargaidh, agus rinne sé iniúchadh ar theicneolaíochtaí nua agus ar euro digiteach ionchasach.

5 Gníomhaíochtaí oibríochtaí margaidh agus seirbhísí airgeadais eile a chuirtear ar fáil d’institiúidí eile

Bhí formhór na línte leachtachta euro do bhainc cheannais eile arna mbunú nó arna ngníomhaíochtú ó 2020 i leith fós i bhfeidhm in 2022 agus bunaíodh línte nua le Narodowy Bank Polski agus leis an Údarás Airgeadais Andórach. Lean BCE d’oibríochtaí dhollar na Stát Aontaithe a thairiscint do chontrapháirtithe an limistéir euro agus, ar an gcaoi sin, chuir sé cúlstop ar fáil maidir le maoiniú margadhbhunaithe. Ní dhearnadh idirghabhálacha BCE sa mhargadh malairte eachtraí.

In 2021, lean BCE de bheith freagrach as oibríochtaí éagsúla airgeadais a riaradh thar ceann an Aontais Eorpaigh agus ghlac sé ról comhordúcháin maidir le creat an Eurochórais um sheirbhísí bainistíochta cúlchistí.

Bhí tarchur na n-athruithe ar ráta beartais BCE chuig margaí airgid an limistéir euro (Bosca 3) iomlán agus láithreach sa deighleog ghearrthéarmach neamhurraithe den mhargadh airgid, fad nár tháinig ach méadú marbhánta ar rátaí neamhurraithe téarma. Bhí tarchur arduithe ar rátaí chuig margaí airgid urraithe rianúil tríd is tríd freisin, cé go raibh ilchineálacht ann ó thaobh luas an choigeartaithe ar fud na ndeighleog.

6 Is é airgead tirim an modh íocaíochta is minice a bhíonn in úsáid ag saoránaigh Eorpacha, agus bíonn leibhéal íseal góchumtha i gceist

Lean an méadú ar chúrsaíocht nótaí bainc euro in 2022, faoi 4.5% i dtéarmaí líon na nótaí agus faoi 1.8% i dtéarmaí luach na nótaí, agus ba iad cogadh na Rúise san Úcráin agus arduithe ar eochair-rátaí úis BCE ó mhí Iúil ar aghaidh ba mhó a rinne difear dóibh.

I staidéar a rinne BCE ar mheon tomhaltóirí sa limistéar euro i leith modhanna íocaíochta, tugadh le fios gurbh é airgead tirim an modh íocaíochta ba mhinice a úsáideadh ag díolphointí agus gurbh ionann é agus 59% d’íocaíochtaí. Thairis sin, is é tátal an chéad suirbhé ar úsáid airgid thirim ag cuideachtaí go nglacann 96% de chuideachtaí a fhreastalaíonn go príomha ar chustaiméirí príobháideacha le hairgead tirim, agus go leanfaidh 90% díobh orthu ag déanamh amhlaidh amach anseo.

Tá leibhéil an ghóchumtha fíoríseal i gcónaí. Leantar de ghnéithe nua slándála a fhorbairt le haghaidh nótaí bainc d’fhonn fanacht chun tosaigh ar ghóchumadóirí agus chun tuilleadh feabhais a chur ar sheasmhacht agus ar shláine na nótaí bainc.

7 Staidreamh

Déanann BCE - le cúnamh ó na bainc cheannais náisiúnta (BCNanna) - raon leathan staidrimh agus sonraí riachtanacha a fhorbairt, a bhailiú, a chomhthiomsú agus a scaipeadh chun tacú le beartas airgeadaíochta BCE, mar aon le cúraimí cobhsaíochta airgeadais agus cúraimí eile de chuid an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC) agus an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach. Bíonn an staidreamh seo á úsáid freisin ag údaráis phoiblí, eagraíochtaí idirnáisiúnta, rannpháirtithe margaidh airgeadais, na meáin agus ag an bpobal i gcoitinne, agus cuidíonn sé le BCE trédhearcacht a chuid oibre a fheabhsú.

In 2022, bhí BCE ag díriú ar staidreamh nua don limistéar euro, eadhon feabhas a chur ar fhoilsiú staidrimh urrús, táscairí a fhorbairt maidir le babhtálacha innéacsanna thar oíche (OIS) sa mhargadh airgid euro bunaithe ar shonraí maidir le Tuairisciú Staidrimh ar an Margadh Airgid (MMSR), faisnéis ar eintitis shainchuspóireacha (ESCanna) agus staidreamh seachtrach déthaobhach thíortha an limistéir euro i leith na Rúise. Forbraíodh táscairí turgnamhacha chun tacú le beartas maidir leis an athrú aeráide agus cuireadh tús le hobair ar an gcéim deartha den Chreat um Thuairisciú Comhtháite (IReF). De bhreis air sin, áiríodh sonraí nua ar institiúidí airgeadais neamhbhainc i gcuntais airgeadais ráithiúla.

8 Gníomhaíochtaí taighde BCE

In 2022, dhírigh taighde BCE ar fhorbairtí boilscithe a mheasúnú agus ar iarmhairtí ionchasacha normalú beartais airgeadaíochta a anailísiú. Rinneadh úsáid tacar sonraí a bhíonn ar fáil don Líonra um Airgeadas agus Tomhaltas Teaghlach (HFCN) a leathnú chuig an anailís ar ilchineálacht in airgeadas teaghlaigh ar fud an limistéir euro. Tionscnaíodh tionscadail nua bunaithe ar an bhfaisnéis luachmhar a bailíodh trí bhíthin Shuirbhé BCE ar Ionchais Tomhaltóirí. Cuireadh dlús freisin leis an taighde ar shaincheisteanna maidir leis an athrú aeráide. Leanadh leis an gcomhar idir na bainc cheannais náisiúnta laistigh de bhraislí taighde an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC), agus eagraíodh ceardlanna bliantúla chun na saincheisteanna is práinní ina gcuid réimsí speisialtóireachta a phlé. Chuir an Líonra um Anailís ar Mhicreashonraí maidir le Socrú Praghsanna (PRISMA) bailchríoch ar a chuid oibre agus chuir sé tátail éagsúla a bhí ábhartha do bheartas ar fáil (féach Bosca 5).

9 Gníomhaíochtaí dlíthiúla agus dualgais dhlíthiúla

In 2022, rinne Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an “Chúirt Bhreithiúnais”) coincheap “saoráid chreidmheasa de shaghas ar bith eile” a léiriú don chéad uair i gcomhthéacs an toirmisc ar mhaoiniú airgeadaíochta agus d’aithin sí neamhspleáchas airgeadais na mbanc ceannais náisiúnta (Cás C-45/21). Chuir an Chúirt Bhreithiúnais deireadh le beagnach deich mbliana de dhlíthíocht i ndáil le bearta réitigh 2013 sa Chipir (Cásanna T-200/18 agus T-379/16) agus shoiléirigh sí tuilleadh gnéithe tábhachtacha de chumhachtaí maoirseachta BCE (Cás T-275/19). Ghlac BCE 14 thuairim ar ghníomhartha beartaithe Aontais mar aon le 32 thuairim ar dhréacht-reachtaíocht náisiúnta laistigh dá réimsí inniúlachta. Taifeadadh cúig chás de neamhchomhlíonadh na hoibleagáide chun dul i gcomhairle le BCE maidir le dréacht-reachtaíocht i leith dlithe náisiúnta. I gcleachtadh faireacháin 2022 de chuid BCE maidir le bainc cheannais do chomhlíonadh na dtoirmeasc ar mhaoiniú airgeadaíochta agus rochtain phribhléideach, deimhníodh gur cloíodh de ghnáth le hAirteagail 123 agus 124 den Chonradh.

10 BCE i gcomhthéacs AE agus idirnáisiúnta

Lean BCE den dlúthchomhar lena chomhpháirtithe Eorpacha agus idirnáisiúnta in 2022. Is gné ríthábhachtach de chreat cuntasachta BCE é an caidreamh a bhíonn aige le Parlaimint na hEorpa. Le linn na bliana, ghlac BCE páirt in éisteachtaí rialta agus mhalartaigh sé litreacha leis an gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta de chuid Pharlaimint na hEorpa (ECON). Bhí cruinnithe breise aige le ECON mar chuid dá obair leanúnach ar euro digiteach. Ar leibhéal idirnáisiúnta, ghlac BCE páirt chuiditheach in idirphlé dúshlánach le haireachtaí airgeadais G20 agus le bainc cheannais. Ina theannta sin, bhí sé rannpháirteach i bplé a bhain le bainc cheannais sa Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) inar díríodh ar fhreagairtí beartais chun iarmhairtí chogadh na Rúise san Úcráin ar bhaill de CAI a mhaolú. Bhí dlúthchaidreamh ag BCE le CAI maidir le hoibríochtú an Iontaobhais Athléimneachta agus Inbhuanaitheachta chun go n-éascófaí treorú ceart speisialta tarraingthe (CSTanna) i ndiaidh leithdháileadh ginearálta CSTanna in 2021 i gcomhréir le creat rialachais an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta. Lean BCE freisin lena rannpháirtíocht idirnáisiúnta i bhfóraim eile lasmuigh de G20 agus de CAI, go minic i gcomhar lena chomhpháirtithe sa Chóras Eorpach Banc Ceannais, lena n-áirítear trí chomhoibriú banc ceannais leis an Úcráin, agus le Ballstáit ionchasacha eile den AE agus le tíortha atá i mbéal forbartha nó tíortha éiritheacha.

11 Dea-rialachas, inbhuanaitheacht shóisialta agus chomhshaoil a chur chun cinn

In 2022, rinne BCE faireachán géar ar na forbairtí ar thuairisciú inbhuanaitheachta ar leibhéal Eorpach agus idirnáisiúnta d’fhonn trédhearcacht a mhéadú ar bhonn leanúnach i leith a chuid gníomhaíochtaí sna réimsí comhshaoil, sóisialta agus rialachais. Cuireadh obair ríthábhachtach i gcrích sna réimsí seo le linn na bliana, lena n-áirítear baint amach spriocanna tábhachtacha éagsúla a bhí leagtha síos do chlár aeráide BCE, seoladh feachtas feasachta agus rochtain éasca ar chomhairle maidir le heitic agus dea-iompar chun aghaidh a thabhairt ar ábharthacht mhéadaitheach saincheisteanna a bhaineann le heitic agus comhlíonadh, na bealaí cumarsáide a bhíonn ag BCE leis an bpobal a leathnú agus beartais agus cleachtais acmhainní daonna a choigeartú do na bealaí nua oibre a tháinig chun cinn i ndiaidh na paindéime.

12 Ár bhfoireann

Tá sé ina ghné ríthábhachtach d’fhorbairt ghairmiúil agus phearsanta comhghleacaithe laistigh den Eurochóras agus den Chóras Eorpach Banc Ceannais go mbeidh siad in ann poist a athrú laistigh de BCE nó bheith ag obair ar bhonn sealadach i mbanc ceannais eile nó in institiúid chomhpháirtíochta. Is bealach iontach don fhoireann iad na deiseanna soghluaiseachta seo chun a gcuid eolais agus scileanna a leathnú, agus bíonn an deis acu ag an am céanna a saineolas a chur ar fáil do thionscadail thábhachtacha a mbaineann tionchar Eorpach leo.

Tugann na scéalta seo a leanas léargas ar raon leathan na dtascanna a mbíonn comhghleacaithe ag obair orthu trí bhíthin cineálacha eagsúla soghluaiseachta.

Cuntais Bhliantúla

https://www.ecb.europa.eu/pub/annual/annual-accounts/html/ecb.annualaccounts2022~ee9329bf6f.ga.html

Clár comhardaithe comhdhlúite an Eurochóras amhail ar an 31 Nollaig 2022

https://www.ecb.europa.eu/pub/annual/balance/html/ecb.eurosystembalancesheet2022~4a2e481250.ga.html

© An Banc Ceannais Eorpach, 2023

Seoladh poist 60640 Frankfurt am Main, An Ghearmáin
Teileafón +49 69 1344 0
Suíomh Gréasáin www.ecb.europa.eu

Gach ceart ar cosaint Ceadaítear atáirgeadh chun críocha oideachais agus neamhthráchtála fad is a aithnítear an fhoinse.

Ba é 18 Aibreán 2023 an spriocdháta le haghaidh sonraí a áiríodh sa tuarascáil seo (cuirtear aon eisceachtaí in iúl go sainráite).

Chun téarmaíocht shonrach a fháil, féach ar ghluais BCE.

HTML ISBN 978-92-899-5979-7, ISSN 2600-5107, doi:10.2866/219886, QB-AA-23-001-GA-Q