Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Current banknotes

Is siombail de chomhtháthú na hEorpa é dearadh ár nótaí bainc. Seasann na fuinneoga, na geataí agus na droichid d’oscailteacht agus comhoibriú i measc mhuintir na hEorpa.

Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh

An chéad sraith

Eisíodh an chéad sraith nótaí bainc euro den chéad uair in 2002 nuair a tugadh isteach an euro. Seacht n-ainmníocht atá sa tsraith: €5, €10, €20, €50, €100, €200 agus €500. Táthar ag eisiúint nótaí na dara sraithe, a dtugtar sraith Europa freisin uirthi, de réir a chéile in ionad na nótaí bainc ón gcéad sraith, agus is é sin an fáth nach bhfeictear chomh minic sin anois iad. Is airgead dlíthairgthe iad na nótaí bainc ón gcéad sraith agus coinneoidh siad a luach go deo. Fanfaidh siad i gcúrsaíocht taobh le sraith Europa go dtí go n-ídeofar an stoc atá fanta.

Sraith Europa

Forbraíodh an dara sraith, ar a dtugtar sraith Europa freisin, chun nótaí bainc euro a dhéanamh níos sábháilte in aghaidh góchumadh agus chun iad a dhéanamh níos buanfasaí. Ciallaíonn sé sin nach mbeidh na nótaí bainc le hathsholáthair chomh minic céanna, chun an tionchar a bhíonn acu ar an timpeallacht a laghdú agus na costais a choinneáil chomh híseal agus is féidir.

Tugtar sraith Europa uirthi mar go bhfuil portráid den Bhanphrionsa Europa i bpéire de na gnéithe slándála. Soláthraíonn an pearsa seo ó mhiotaseolaíocht na Gréige nasc infheicthe le mór-roinn na hEorpa agus fágann sí lorg daonna ar na nótaí bainc. Tugadh isteach sraith Europa thar roinnt blianta agus sé ainmníocht atá ann: €5, €10, €20, €50, €100 agus €200. Cuireadh na chéad nótaí bainc i gcúrsaíocht in 2013, agus críochnaíodh an tsraith i mBealtaine 2019 nuair a eisíodh na nótaí bainc €100 agus €200.

Níor cuireadh an nóta bainc €500 san áireamh i sraith Europa agus níor eisíodh nóta den ainmníocht seo ó 27 Aibreán 2019 i leith. Dála gach ainmníochta nótaí bainc euro, coinneoidh an nóta €500 a luach i gcónaí agus is féidir é a mhalartú in aon bhanc ceannais náisiúnta de chuid an limistéir euro am ar bith.

Féach ar an bhfíseán: Éadan nua an euro - Europa

Dearaí agus gnéithe ár nótaí bainc

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Ainmníochtaí

Féach ar na nótaí bainc euro ar bhealach nach bhféadfaí a dhéanamh riamh cheana lenár n-amharc 3D, agus faigh amach faoi na gnéithe éagsúla dearaidh agus slándála a dhéanann nótaí ar leith dár gcuid nótaí bainc.

Féach ar na nótaí bainc in 3D

Gnéithe dearaidh

“Aoiseanna agus stíleanna na hEorpa” an téama atá ag an dá shraith nótaí bainc. Ach an raibh a fhios agat nach dtaispeánann aon cheann aon séadchomhartha ná droichead? Foghlaim tuilleadh faoi na heilimintí dearaidh éagsúla agus faigh amach cén áit ar priontáileadh do chuid nótaí bainc.

Foghlaim tuilleadh faoi dhearadh na nótaí bainc euro reatha

Gnéithe slándála

Tá roinnt gnéithe slándála ar nóta bainc euro a dhéanann níos éasca iad a fhíordheimhniú gan trealamh speisialta a úsáid. Tabhair spléachadh níos grinne ar do chuid nótaí bainc agus foghlaim cén chaoi le seiceáil ar fíornótaí bainc iad nó nach ea - leis an modh “cuimil, féach agus claon”.

Foghlaim conas do chuid nótaí bainc a sheiceáil

Tá tábhacht mhór le do thuairim

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Tabhair do chuid tuairimí dúinn

Cuidíonn d’aiseolas linn ardchaighdeán na nótaí bainc a choinneáil. Glac páirt inár suirbhé gearr ar líne agus tabhair do chuid tuairimí dúinn faoi na nótaí bainc a láimhseálann tú gach lá.

Suirbhé

Gach leathanach sa rannóg seo