Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Lorg comhshaoil nótaí bainc euro

Tá an tEurochóras tiomanta do nótaí bainc euro a dhéanamh chomh neamhdhíobhálach don chomhshaol agus is féidir, agus ag an am céanna a chinntiú go bhfuil airgead tirim ar fáil go forleathan agus go nglactar leis.

Piero Cipollone, Comhalta de Bhord Feidhmiúcháin BCE

Leagtar amach i straitéis airgid thirim an Eurochórais ár dtiomantas d’airgead tirim in euro. Is cuid lárnach dár ngeilleagar é an t-airgead tirim agus is mian linn a chinntiú go mbeidh sé ar fáil agus inrochtana do chách i gcónaí. Ní mór dúinn a chinntiú freisin go bhfuil na nótaí bainc chomh neamhdhíobhálach don chomhshaol agus is féidir.

Cad é an lorg comhshaoil a bhaineann le bheith ag íoc le nótaí bainc euro?

Is ionann an úsáid bhliantúil a bhaineann duine as nótaí bainc euro mar ionstraim íocaíochta agus ocht gciliméadar a thiomáint i gcarr. Tá sé seo ar cheann de phríomhthorthaí an staidéir ar Lorg Comhshaoil Táirge (PEF).

Is measúnú é atá bunaithe ar mhodheolaíocht a d’fhorbair an Coimisiún Eorpach agus cuireann sé le staidéar Measúnaithe Saolré a rinneadh in 2004 chun tionchar na chéad sraithe nótaí bainc euro ar an gcomhshaol a thomhas. Mar thoradh ar an gcéad staidéar sin, rinneadh gníomhaíochtaí chun an tionchar ar an gcomhshaol a laghdú, amhail aistriú i dtreo cadás atá 100% inbhuanaithe a úsáid i dtáirgeadh agus toirmeasc ar dhramhaíl nótaí bainc a dhiúscairt i láithreán líonadh talún.

Breithnítear sa staidéar saolré iomlán nótaí bainc euro, ó amhábhar a fháil agus a mhonarú go dáileadh agus diúscairt. Tugtar le fios sna torthaí cá bhfuil dul chun cinn mór déanta againn agus cabhraíonn siad linn tuilleadh bealaí a aimsiú chun lorg comhshaoil ár nótaí bainc a laghdú.

Príomhthorthaí ár measúnaithe tionchair comhshaoil

Tá an tionchar ar an gcomhshaol an-bheag

Is ionann lorg íocaíochtaí bliantúla nótaí bainc euro duine agus ocht gciliméadar a thiomáint i gcarr, nó gan ach 0.01 % dá dtionchar iomlán ar an gcomhshaol.

Tuilleadh eolais faoi na torthaí foriomlána

Tá dul chun cinn mór déanta againn cheana féin

Bhí tionchar dearfach cheana féin ag úsáid cadáis níos inbhuanaithe agus ag cosc a chur ar dhiúscairt dramhaíola nótaí bainc.


Tuilleadh eolais faoin méid atá déanta againn

Príomhréimsí an tionchair ar an gcomhshaol

Ós rud é go bhfuil nótaí bainc i gcúrsaíocht le blianta fada anuas, tá dáileadh ar cheann de na príomh-chúiseanna lena lorg comhshaoil.

Tuilleadh faoi na cúiseanna

An staidéar ar Lorg Comhshaoil Táirge


Ag breathnú chun cinn

Oibrímid go leanúnach chun nótaí bainc a dhéanamh níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol agus táimid ag féachaint ar bhealaí chun feabhas a chur ar ábhar agus ar chomhpháirteanna a úsáidtear i monarú nótaí bainc.

Rinne monaróirí uathmheaisíní bainc (UMB) agus bainc bearta freisin chun lorg comhshaoil UMBanna agus bonneagar thimthriall an airgid thirim a laghdú. Táthar ag féachaint freisin ar bhealaí chun an lorg ar an gcomhshaol a bhaineann le hiompar nótaí bainc a laghdú trí bhreoslaí agus foinsí fuinnimh níos inbhuanaithe a úsáid.

Tá taighde agus forbairt fhairsing ar bun, arb é is aidhm leo modhanna malartacha diúscartha dramhaíola a shainaithint le haghaidh nótaí bainc, amhail ábhar dramhaíola a athchúrsáil agus a athúsáid.

Cuirfear torthaí staidéar PEF san áireamh agus nótaí bainc euro á bhforbairt amach anseo.


Tuilleadh eolais

Tuilleadh sonraí

Caith súil ar na ceisteanna coitianta maidir leis an staidéar ar an Lorg Comhshaoil Táirge chun tuilleadh eolais a fháil.

Ceisteanna Coitianta

Do na meáin

Leagtar béim sa phreaseisiúint ghaolmhar ar phríomhchodanna den staidéar ar Lorg Comhshaoil Táirge.

Preasráiteas

Gach leathanach sa rannóg seo