Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Ceisteanna coitianta faoi euro digiteach

Arna thabhairt cothrom le dáta an 14 Feabhra 2024

C1. Cén fáth a mbeadh euro digiteach de dhíth ar an Eoraip?

Tá digitiú ag cur athrú ar an mbealach a íocaimid. Tá meath ag teacht ar an úsáid a bhaintear as airgead tirim chun íocaíochtaí a dhéanamh agus tá dlús curtha ag paindéim an choróinvíris (COVID-19) faoin aistriú i dtreo shiopadóireacht ar líne agus íocaíochtaí digiteacha. Bheadh euro digiteach ina fhoirm leictreonach airgid thirim don saol digitithe. Thabharfadh sé rogha do thomhaltóirí airgead bainc ceannais a úsáid i bhformáid dhigiteach, rud a chuirfeadh le nótaí bainc agus boinn airgid mar mhodhanna íocaíochta.

Dhéanfadh euro digiteach an saol níos éasca do dhaoine trí rud éigin nach ann dó faoi láthair a sholáthar: modh íocaíochta digiteach a nglactar go huilíoch leis ar fud an limistéir euro, le haghaidh íocaíochtaí i siopaí, ar líne nó ó dhuine go duine. Amhail airgead tirim, bheadh euro digiteach saor ó riosca, inrochtana go forleathan, soláimhsithe don úsáideoir agus saor in aisce d’úsáid bhunúsach.

Thairis sin, neartódh euro digiteach neamhspleáchas straitéiseach agus ceannasacht airgeadaíochta an limistéir euro trí bhorradh a chur faoi éifeachtúlacht éiceachóras íocaíochtaí na hEorpa ina iomláine, rud a chothódh nuálaíocht agus a chuirfeadh lena hathléimneacht i gcoinne cibirionsaithe nó suaitheadh teicniúil a d’fhéadfadh a bheith ann, amhail gearrthacha cumhachta.

Tuilleadh eolais faoin gcúis a bhfuil euro digiteach ag teastáil uainn.

C2. Conas a d’fhéadfadh euro digiteach cur le neamhspleáchas straitéiseach na hEorpa?

Chuirfeadh euro digiteach réiteach íocaíochta uile-Eorpach ar fáil, a bheadh ar fáil ar fud an limistéir euro, faoi rialachas Eorpach. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé a bheith ina chuidiú chun spleáchas na hEorpa ar sholáthraithe íocaíochta príobháideacha neamh-Eorpacha a laghdú, agus ag an am céanna gníomhú mar fhrithmheáchan dá gceannasacht sa mhargadh. Dá réir sin, le euro digiteach, bheadh timpeallacht na n-íocaíochtaí Eorpacha níos iomaíche agus níos nuálaí mar go gcuirfí ardán ar fáil a fhágann gur fusa do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta réitigh uile-Eorpacha dá gcuid féin a chur ar fáil.

Ar an iomlán, d’fhéadfadh euro digiteach rathúil ceannródaí domhanda a dhéanamh den Eoraip san airgeadas digiteach agus in airgeadraí digiteacha banc ceannais.

C3. An dtiocfadh euro digiteach in ionad airgead tirim?

Chuirfeadh euro digiteach le hairgead tirim, ní thiocfadh sé ina áit. D’fheidhmeodh euro digiteach taobh le hairgead tirim mar fhreagairt ar éileamh atá ag fás ó dhaoine ar mhaith leo a bheith in ann íoc go digiteach ar bhealach atá tapa agus slán. Bheadh airgead tirim ar fáil sa limistéar euro fós, mar aon leis na modhanna íocaíochta príobháideacha eile atá á n-úsáid faoi láthair.

C4. An airgeadra malartach a bheadh san euro digiteach laistigh den Eurochóras?

Ní hea - ní bheadh sa euro digiteach ach bealach eile le híocaíochtaí a dhéanamh leis an euro, an t-airgeadra aonair atá againn, san Eoraip. Bheadh sé inmhalartaithe ceann le ceann le nótaí bainc. D’fhreagródh euro digiteach don éileamh atá ag daoine agus ag gnólachtaí ar rogha chun íocaíochtaí a dhéanamh go digiteach.

C5. Cén staid ag a bhfuil tionscadal an euro dhigitigh faoi láthair?

Tar éis céim imscrúdaithe dhá bhliain, chinn Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh dul ar aghaidh chuig céim ullmhúcháin, ag tosú ar an 1 Samhain 2023.

Beidh dhá chéim i gcéim an ullmhúcháin: Thosaigh an chéad chéim ar an 1 Samhain 2023 agus mairfidh sí dhá bhliain. Bunaithe ar thorthaí na chéad chéime agus ar fhorbairtí sa phróiseas reachtach, chinnfeadh an Chomhairle Rialaithe ansin bogadh ar aghaidh go dtí an dara céim, agus a raon feidhme agus a ré a shainiú.

Is é is cuspóir don chéim iomlán seo ná euro digiteach a fhorbairt agus a thástáil tuilleadh, i gcomhréir leis na roghanna dearaí agus na riachtanais theicniúla a sainítear le linn chéim an imscrúdaithe.

Leis an gcéim ullmhúcháin, d’fhéadfaí anailís chuimsitheach, tástáil, trialacha agus comhairliúchán le páirtithe leasmhara a dhéanamh, rud a chinnteodh go mbeadh na caighdeáin is airde cáilíochta, slándála agus inúsáidteachta á gcomhlíonadh ag an euro digiteach.

Céim shuntasach is ea tús na céime ullmhúcháin, ach ní chuireann sé bac ar aon chinneadh ón gComhairle Rialaithe maidir le euro digiteach a eisiúint. Ní féidir an cinneadh sin a bhreithniú ach amháin tar éis an reachtaíocht ábhartha a bheith glactha.

C6. Conas a bhíonn reachtóirí Eorpacha rannpháirteach sa phróiseas?

Ar an 28 Meitheamh 2023, thíolaic an Coimisiún Eorpach dréacht-thogra reachtach le haghaidh euro digiteach a d’fhéadfadh a bheith ann. Is é is cuspóir don reachtaíocht a chinntiú go dtabharfadh aon euro digiteach a bheidh ann amach anseo rogha bhreise do dhaoine agus do ghnólachtaí íoc go digiteach trí úsáid a bhaint as cineál airgid poiblí a bhfuil glacadh fairsing leis agus atá saor, slán agus athléimneach áit ar bith sa limistéar euro.

Forbrófar an dá phróiseas – reachtaíocht agus dearadh an euro dhigitigh – ag an am céanna ionas gur féidir leis an Eurochóras a bheith sa riocht go mbeidh sé in ann euro digiteach a eisiúint go pras, má tá údar cuí leis an gcinneadh, agus nuair a bheidh údar cuí leis, nuair a ghlacfar an creat reachtach don euro digiteach.

Breithneoidh an tEurochóras aon choigeartuithe a theastaíonn ar dhearadh an euro dhigitigh a thiocfaidh as plé reachtach. Tá an Banc Ceannais Eorpach réidh freisin chun tacaíocht agus ionchur teicniúil a chur ar fáil le linn an phróisis reachtaigh, de réir mar is gá.

Ní dhéanfaidh Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh cinneadh maidir le euro digiteach a eisiúint go dtí go nglacfar an gníomh reachtach.

C7. Cé atá páirteach i dtionscadal an euro dhigitigh?

Ní mór don Eurochóras - An Banc Ceannais Eorpach agus bainc cheannais náisiúnta an limistéir euro - a chinntiú go bhfreastalóidh euro digiteach ar riachtanais úsáideoirí. Ar an gcúis sin, comhoibríonn an tEurochóras go dlúth le lucht déanta beartas, reachtóirí, rannpháirtithe sa mhargadh agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus bíonn sé i dteagmháil leo go rialta. Bhí grúpaí fócais, mar fhóraim chun éisteacht go díreach le tuairimí agus roghanna daoine, thar a bheith luachmhar freisin.

Tarlaíonn roinnt den rannpháirtíocht sin i gcomhthéacsanna éagsúla, amhail an Bord um Íocaíochtaí Miondíola Euro, fóram faoi chathaoirleacht BCE, ina dtugtar páirtithe leasmhara uile mhargadh na n-íocaíochtaí le chéile; nó an Grúpa Comhairleach um an Margadh, ina bhfuil saineolaithe a chuir ionchur ar fáil maidir le dearadh agus dáileadh an euro dhigitigh le linn chéim an imscrúdaithe.

Thairis sin, glacann an Banc Ceannais Eorpach páirt go rialta i gcruinnithe an Ghrúpa Euro le hairí airgeadais thíortha an limistéir euro agus tagann sé os comhair Pharlaimint na hEorpa ar bhonn rialta chun na nuashonruithe tionscadail is déanaí a chur i láthair lucht ceaptha beartas na hEorpa. Eagraíonn sé seimineáir freisin le heagraíochtaí Eorpacha na sochaí sibhialta chun éisteacht lena gcuid tuairimí.

C8. Cé a bheadh in ann euro digiteach a úsáid?

Mar a luaitear sa togra reachtach a thíolaic an Coimisiún Eorpach, chuirfí euro digiteach ar fáil do dhaoine, do ghnólachtaí agus d’eintitis phoiblí a bhfuil cónaí orthu nó atá bunaithe i mBallstát sa limistéar euro ar bhonn sealadach nó buan.

D’fhéadfadh sé go mbeadh rochtain ag daoine a thaistealaíonn chuig an limistéar euro chun críocha pearsanta nó gairmiúla, nó a bhíodh ina gcónaí nó a bhíodh bunaithe i dtír sa limistéar euro, ar an euro digiteach freisin.

Thairis sin, féadfaidh daoine, gnólachtaí agus eintitis phoiblí atá ina gcónaí nó bunaithe lasmuigh den limistéar euro rochtain a fháil ar an euro digiteach trí chuntais euro dhigitigh a oscailt le soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá bunaithe nó ag feidhmiú i dtír atá ina Ballstát den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch[1]nó i dtríú tír, faoi réir comhaontú arna thabhairt i gcrích roimh ré idir an tAontas agus tríú tíortha, agus/nó socruithe arna dtabhairt i gcrích idir an Banc Ceannais Eorpach agus bainc cheannais náisiúnta i mBallstáit nach bhfuil sa limistéar euro agus i dtríú tíortha.

C9. Cén fáth a mbeadh daoine ag iarraidh euro digiteach a úsáid?

Bheadh an euro digiteach ina réiteach íocaíochta do gach ócáid, le húsáid ag am ar bith agus áit ar bith sa limistéar euro. Is modh íocaíochta digiteach a nglacfaí leis go huilíoch a bheadh ann a d’fhéadfadh tomhaltóirí a úsáid saor in aisce i siopaí, ar líne nó ó dhuine go duine. Thabharfadh sé an rogha do dhaoine íoc go digiteach, agus úsáid á baint fós as modh íocaíochta poiblí. Agus bheadh sé ar fáil ar líne agus as líne araon.

Dhearfaí euro digiteach chun leibhéal príobháideachais níos fearr a chur ar fáil do mhodhanna íocaíochta digití eile. Ní bheadh an tEurochóras in ann daoine a aithint bunaithe ar a gcuid íocaíochtaí. Ní bheadh sonraí idirbhirt na n-íocaíochtaí as líne sa euro digiteach ar eolas ach ag an íocóir agus ag an íocaí, agus ní bheadh aon tríú páirtí i gceist mura mbeadh gá leis chun brionnú a sheachaint.

Bheadh euro digiteach sábháilte agus éasca le húsáid agus d’fhéachfadh sé le cuimsiú airgeadais digiteach a chur chun cinn trína áirithiú nach bhfágfaí aon duine ar lár. D’fhreastalódh euro digiteach ar riachtanais daoine faoi mhíchumas agus orthu siúd nach bhfuil rochtain acu ar chuntas bainc nó nach bhfuil scileanna digiteacha nó airgeadais acu.

Lena áirithiú go mbeadh euro digiteach inúsáidte agus go mbeadh fáil air ar fud an limistéir euro, tuartar sa dréacht-thogra reachtach a thíolaic an Coimisiún Eorpach go nglacfaidh ceannaithe go héigeantach leis agus go ndéanfaidh idirghábhálaithe faoi mhaoirseacht é a dháileadh go héigeantach lena gcuid cliant.

C10. Cén luach a thabharfadh euro digiteach do cheannaithe?

Bheadh an euro digiteach ina réiteach fíor-uile-Eorpach, a mbeadh glacadh leis ar fud an limistéir euro. D’fhéadfadh sé rogha eile níos éasca agus níos saoire a chur ar fáil ar an tírdhreach íocaíochtaí ilroinnte atá ann faoi láthair ina n-oibríonn ceannaithe. Chuirfeadh euro digiteach ar chumas ceannaithe idirbheartaíocht a dhéanamh i dtaobh coinníollacha le soláthraithe réitigh íocaíochta agus, ar an gcaoi sin, a gcostais féin a laghdú. D’fhéadfaí na costais níos ísle seo a chur ar aghaidh chuig custaiméirí ansin.

A bhuí le euro digiteach, d’fhéadfadh ceannaithe tairbhe a bhaint as rátaí comhshó níos airde freisin. Baineann sé seo go háirithe le siopadóireacht ar líne, toisc gur lú an seans go n-éireoidh custaiméirí as rud a cheannach má bhíonn cleachtadh acu ar an ionstraim íocaíochta. Thairis sin, cheadódh euro digiteach do cheannaithe íocaíochtaí a fháil láithreach gan aon chostais bhreise.

C11. Cén luach a thabharfadh euro digiteach d'idirghabhálaithe??

Bheadh ról lárnach ag idirghabhálaithe faoi mhaoirseacht, amhail bainc, i ndáileadh an euro dhigitigh. Ghníomhóidís mar phríomhphointe teagmhála do dhaoine aonair, do cheannaithe agus do ghnólachtaí maidir le gach saincheist dhigiteach a bhaineann leis an euro agus dhéanfaidís gach seirbhís úsáideora deiridh.

Le euro digiteach, bheadh idirghabhálaithe in ann rochtain láithreach a bheith acu ar fud an limistéir euro ar fad, murab ionann agus formhór na nuálaíochtaí príobháideacha, a dhíríonn ar mhargaí baile ar leith de ghnáth. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh euro digiteach a bheith ina ardán d’idirghabhálaithe chun tuilleadh nuálaíochta agus iomaíochta a chothú sna margaí ríomhthráchtála agus íocaíochta digití atá ag dul i méid ar fud an limistéir euro.

D’fhéadfadh euro digiteach deiseanna breise gnó a chruthú d’idirghabhálaithe freisin. Mar shampla, mar a mhol an tEurochóras, dá mbeadh ceannaithe lasmuigh den limistéar euro ag iarraidh oibriú in euro digiteach, bheadh orthu cuntas a bheith acu le soláthraí seirbhíse íocaíochta ón limistéar euro.

Thairis sin, cuirtear dreasachtaí eacnamaíocha ar fáil d’idirghabhálaithe leis an tsamhail chúitimh don euro digiteach, mar a thuartar i ndréacht-thogra reachtach an Choimisiúin Eorpaigh, atá inchomparáide le modhanna íocaíochta digití eile. I ndáil leis seo, tugann euro digiteach an deis d’idirghabhálaithe infheistíocht a dhéanamh i seirbhísí breisluacha breise dá gcustaiméirí.

C12. An mbeadh ar dhaoine íoc as euro digiteach a úsáid?

Dhéanfadh euro digiteach leas an phobail. Dá bhrí sin, bheadh sé saor in aisce le húsáid bhunúsach a bhaint as ag daoine a bheadh ag iarraidh é a úsáid.

Mar sin féin, d’fhéadfadh idirghabhálaithe faoi mhaoirseacht, lena n-áirítear bainc, feidhmiúlachtaí bunúsacha an euro dhigitigh a úsáid mar bhonn chun a n-ardáin agus a réitigh féin a fhorbairt tuilleadh. D’fhéadfadh na hidirghabhálaithe sin dul ar aghaidh ansin chun seirbhísí breisluacha eile a thairiscint dá gcustaiméirí ar chostas.

C13. Conas a d’oibreodh euro digiteach?

Chuirfeadh euro digiteach ar chumas daoine íocaíochtaí sábháilte meandracha a dhéanamh i siopaí fisiciúla agus ar líne agus idir daoine aonair, beag beann ar an tír ina bhfuil siad sa limistéar euro nó ar an soláthraí seirbhíse íocaíochta a bhfuil cuntas acu leis. Tá an Banc Ceannais Eorpach ag féachaint faoi láthair ar an gcaoi a bhféadfadh sé seo feidhmiú go praiticiúil.

Mar shampla, d’fhéadfadh an tEurochóras aip thiomnaithe a fhorbairt don euro digiteach a bhféadfadh rochtain chomhionann a bheith ag gach duine uirthi. De rogha air sin, d’fhéadfadh idirghabhálaithe, lena n-áirítear bainc, seirbhísí digiteacha euro a chomhtháthú ina n-aipeanna reatha, a bhfuil a gcustaiméirí eolach orthu cheana féin. I gcás ar bith, bheadh daoine nach bhfuil rochtain acu ar chuntas bainc nó ar ghléasanna digiteacha in ann íocaíocht a dhéanamh le euro digiteach trí chárta fisiciúil a úsáid atá curtha ar fáil ag idirghabhálaithe poiblí, amhail oifigí poist.

I gcás ar bith, chuirfeadh euro digiteach feidhmiúlachtaí ar líne agus as líne araon ar fáil, rud a bheadh réamh-mheasta maidir le nascacht theoranta. Agus íocaíochtaí san euro digiteach á ndéanamh as líne, is ag an íocóir agus ag an íocaí amháin a bheadh eolas ar shonraí pearsanta an idirbhirt.

Tuilleadh eolais faoin gcaoi a n-oibreodh euro digiteach.

C14. Cé chomh príobháideach is a bheadh euro digiteach?

Tá an príobháideachas ar cheann de na gnéithe is tábhachtaí de dhearadh an euro dhigitigh. Níl aon spéis ag an Eurochóras sna sonraí a bhaineann le híocaíochtaí pearsanta daoine ná ina nósanna íocaíochta. Ní bheadh an tEurochóras in ann daoine a aithint bunaithe ar a n-idirbhearta.

Chuirfeadh euro digiteach ar chumas daoine é íocaíochtaí ar líne a dhéanamh gan a gcuid sonraí a roinnt le tríú páirtithe, seachas na sonraí sin atá de dhíth chun gníomhaíochtaí neamhcheadaithe a chosc, i gcomhréir le rialacháin Eorpacha.

Chuirfeadh íocaíochtaí as líne sa euro digiteach leibhéal príobháideachais níos airde fós ar fáil, ós rud é nach mbeadh faisnéis íocaíochta ar eolas ach ag an íocóir agus ag an íocaí. Dála íocaíochtaí ar líne, ní bheadh aon tríú páirtí i gceist mura mbeadh gá leis chun brionnú a sheachaint.

C15. Conas a d’áiritheodh an Banc Ceannais Eorpach go mbeadh euro digiteach ionchuimsitheach?

Rud maith a bheadh in euro digiteach don phobal, mar atá i nótaí bainc agus boinn airgid sa lá atá inniu ann - ach i bhfoirm dhigiteach.

Bheadh euro digiteach saor in aisce le húsáid bhunúsach a bhaint as, trí aip mhóibíleach nó cárta fisiciúil, ag daoine a bheadh ag iarraidh é a úsáid. D’oibreodh euro digiteach as líne freisin, i gcás ina mbeadh nascacht theoranta ag úsáideoirí.

Bunaítear leis an dréachtreachtaíocht a thíolaic an Coimisiún Eorpach go mbeadh ar institiúidí creidmheasa a dháileann euro digiteach seirbhísí bunúsacha digiteacha íocaíochta euro a chur ar fáil ar iarratas óna gcustaiméirí.

Thairis sin, chun a chinntiú gur féidir le gach duine – lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, daoine a bhfuil teorainneacha feidhme nó scileanna teoranta digiteacha acu, agus daoine scothaosta – íoc as an euro digiteach, déanfar eintitis phoiblí, amhail oifigí poist, a shainaithint i ngach tír sa limistéar euro. Chuirfeadh na heintitis seo tacaíocht agus rochtain saor in aisce ar sheirbhísí euro dhigitigh ar fáil do dhaoine atá leochaileach ó thaobh eisiamh digiteach airgeadais de, amhail tacaíocht aghaidh ar aghaidh agus cúnamh tiomnaithe agus cuntas euro dhigitigh á oscailt agus na bunseirbhísí uile euro dhigitigh á n-úsáid acu. Bheadh rochtain saor in aisce ar sheirbhísí bunúsacha euro dhigitigh ar fáil freisin do dhaoine nach bhfuil cuntas bainc acu.

Thairis sin, díreofar go háirithe ar ghrúpaí leochaileacha a chuimsiú, amhail daoine aonair nach bhfuil aon seoladh seasta acu, iarrthóirí tearmainn nó tairbhithe cosanta idirnáisiúnta.

Dhéanfaí euro digiteach a leagan amach ar bhealach ina mbeadh sé in ann freastal ar riachtanais gach duine, gan aon duine a fhágáil ar lár.

C16. An mbeadh euro digiteach ina airgead inríomhchláraithe?

Ní bheadh euro digiteach ina airgead inríomhchláraithe go deo.

Is foirm dhigiteach airgid é airgead in-ríomhchláraithe a úsáidtear chun críche réamhshainithe, cosúil le dearbhán, le teorainneacha ar na háiteanna ar féidir le daoine é a úsáid chomh maith le teorainneacha ar na huaireanta ar féidir é a úsáid agus ar cé leis ar féidir é a úsáid.

Mar atá beartaithe freisin sa togra reachtach digiteach maidir leis an euro arna thíolacadh ag an gCoimisiún Eorpach, ní bheadh an euro digiteach ina airgead in-ríomhchláraithe ach d’fhéadfadh sé íocaíochtaí uathoibrithe a éascú, dá mbeadh úsáideoirí ag iarraidh an fheidhm sin a úsáid. Mar shampla, d’fhéadfadh úsáideoir cinneadh a dhéanamh íocaíocht mhíosúil uathoibríoch a bhunú chun euro digiteach a aistriú láithreach chuig baill teaghlaigh nó chuig cairde.

C17. An ndéanfaí idirghabhálaithe a chúiteamh as euro digiteach a dháileadh?

Molann an Eurochóras samhail chúitimh lena gcruthófaí dreasachtaí eacnamaíocha cothroma do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta, amhail bainc, chun aghaidh a thabhairt ar na costais oibríochtúla a bhaineann le euro digiteach a dháileadh.

Faoi mar atá faoi láthair i gcás córais íocaíochta eile, bheadh soláthraithe seirbhíse íocaíochta a dháileann euro digiteach in ann muirear a ghearradh ar cheannaithe as na seirbhísí sin. Bheadh socrú praghsanna do cheannaithe agus do sholáthraithe seirbhíse íocaíochta faoi réir uasteorainn, mar a mhol an Coimisiún Eorpach ina dtogra reachtach maidir le euro digiteach.

Mar is ionann i gcás nótaí bainc a tháirgeadh agus a eisiúint, d’íocfadh an tEurochóras na costais a bhaineann le scéim agus bonneagar digiteach euro a bhunú. Thairis sin, bheadh sé d’aidhm ag an Eurochóras costais infheistíochta bhreise d’idirghabhálaithe a íoslaghdú trí bhonneagair atá ann cheana a athúsáid a mhéid agus is féidir.

C18. An mbeadh euro digiteach ina bhagairt do chobhsaíocht airgeadais trí dhí-idirmheánú a dhéanamh ar bhainc?

Feidhmíonn ár gcóras airgeadais — agus an córas baincéireachta ina chroílár — go maith, agus is mian leis an Eurochóras ról lárnach na mbanc a chaomhnú chun soláthar éifeachtach creidmheasa don fhíorgheilleagar a áirithiú.

Íoslaghdóidh an Banc Ceannais Eorpach aon bhagairt a d’fhéadfadh a bheith ag euro digiteach ar an gcóras airgeadais. Dá bhrí sin, beidh an méid euro digitigh ar féidir le húsáideoirí a shealbhú ina gcuntais teoranta chun eis-sreafaí taiscí bainc a chosc, fiú le linn géarchéime.

C19. Conas a d’áiritheodh an Banc Ceannais Eorpach gur féidir le daoine íoc le euro digiteach ar an mbealach céanna ar fud an limistéir euro?

Bheadh idirghabhálaithe faoi mhaoirseacht i gceannas ar euro digiteach a dháileadh sa limistéar euro. Chun cur chun feidhme comhchuí a áirithiú, tá scéim euro digitigh á ceapadh ag an Eurochóras ina mbeidh tacar aonair rialacha, caighdeán agus nósanna imeachta chun íocaíochtaí digiteacha euro a chaighdeánú ar fud an limistéir euro, rud a chinnteoidh go mbeidh rochtain uile-Eorpach air.

Tá an tsraith aonair rialacha, caighdeán agus nósanna imeachta seo á forbairt faoi láthair ag Grúpa Forbartha na Leabhar Rialacha i ndlúthchomhar le hionadaithe an mhargaidh, lena n-áirítear úsáideoirí, miondíoltóirí agus idirghabhálaithe.

C20. Conas atá an tacar aonair rialacha, caighdeán agus nósanna imeachta á fhorbairt le haghaidh euro digiteach?

Chun tacú le dréachtú shraith aonair rialacha, caighdeán agus nósanna imeachta an euro dhigitigh, tá Grúpa Forbartha Leabhar Rialacha le haghaidh scéim an euro dhigitigh bunaithe ag an Eurochóras chun ionchur a fháil ón tionscal airgeadais, ó thomhaltóirí agus ó cheannaithe.

Tá an grúpa, atá comhdhéanta d’fhoireann an Eurochórais agus d’ionadaithe margaidh a bhfuil taithí ábhartha acu, ag obair ar bhonn roghanna dearaidh euro dhigitigh atá formheasta cheana féin ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Chomh maith leis an nGrúpa, cruthaíodh roinnt sruthanna oibre tiomnaithe d’fhorbairt an leabhair rialacha chun obair a dhéanamh ar chodanna sonracha den leabhar rialacha a bhfuil saineolas ar leith ag teastáil ina leith.

C21. Cén raon feidhme a bheidh ag leabhar rialacha an euro dhigitigh?

Leagfar amach i leabhar rialacha an euro dhigitigh an tacar aonair rialacha, caighdeán agus nósanna imeachta a bheadh ar idirghabhálaithe faoi mhaoirseacht a leanúint agus euro digiteach á dháileadh. Cumhdóidh na rialacha, na caighdeáin agus na nósanna imeachta sin na nithe seo a leanas:

  • samhail fheidhmiúil agus oibríochtúil scéim an euro dhigitigh (e.g., sruthanna ceann go ceann, croí-riachtanais d’idirghabhálaithe faoi mhaoirseacht, íoschaighdeáin eispéireas úsáideoirí, etc.);
  • samhail forleanúna scéim an euro dhigitigh (e.g. critéir ilcháilitheachta na scéime, oibleagáidí na rannpháirtithe, etc.);
  • riachtanais theicniúla na scéime (e.g. bonneagar TF, cur i bhfeidhm comhéadan fheidhmchláir, caighdeáin theicniúla, etc.);
  • riachtanais bainistithe riosca;
  • rialacha bainistithe scéim an euro dhigitigh (e.g., rialachas scéime, próisis bainistithe athruithe, etc.).

C22. Cén nasc a bheadh idir íocaíochtaí láithreacha agus euro digiteach?

Sa lá atá inniu ann, is annamh a bhíonn an rogha ag tomhaltóirí íocaíochtaí meandracha a úsáid agus iad ag íoc i siopaí, rud a chiallaíonn freisin nach bhfaigheann ceannaithe a gcuid airgid láithreach bonn. D’athródh euro digiteach é sin — dhéanfaí gach íocaíocht dhigiteach euro ar an toirt.

Chiallódh an tacar aonair rialacha, caighdeán agus nósanna imeachta a fhorbrófar agus, dá ndéanfaí í a fhormheas, a chuirfear chun feidhme le haghaidh euro digiteach, go bhféadfaí réitigh íocaíochta meandracha a fhorbairt tuilleadh chun go mbeadh rochtain ag tíortha uile an limistéir euro orthu. Laghdódh sé sin an spleáchas ar chuideachtaí príobháideacha neamh-Eorpacha atá i gceannas ar earnáil na n-íocaíochtaí faoi láthair.

C23. An mbeadh euro digiteach bunaithe ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte amhail blocshlabhra?

Tá an tEurochóras ag tástáil teicneolaíochtaí éagsúla – idir chuir chuige láraithe agus dhíláraithe – i bhforbairt an euro dhigitigh, lena n-áirítear teicneolaíochtaí mórleabhar dáilte. Mar sin féin, níl cinneadh déanta fós.

C24. An ndéanfadh tabhairt isteach euro digiteach íocaíochtaí san Eoraip níos leochailí i dtaobh cibirionsaithe?

Mar is amhlaidh le bonneagair dhigiteacha eile, d’fhéadfadh sé go mbeadh an euro digiteach ina sprioc le haghaidh cibirionsaithe. Chun an riosca sin a mhaolú, bheadh dearadh an euro dhigitigh ag brath ar theicneolaíochtaí úrscothacha lena gcruthófaí timpeallacht chibear-athléimneach a sheasfadh an aimsir.

C25. Cén chaoi a mbeadh an euro digiteach éagsúil le cripteamhona cobhsaí agus le criptea-shócmhainní?

Airgead bainc ceannais a bheadh in euro digiteach. Ciallaíonn sé sin go mbeadh banc ceannais ag tacú leis agus go ndéanfaí é chun freastal ar riachtanais na ndaoine a úsáideann é. Bheadh sé saor ó riosca, dá réir. Thairis sin, bheadh aird aige ar phríobháideachas agus ar chosaint sonraí. Tá sainordú ag bainc cheannais luach an airgid a choinneáil, is cuma más i bhfoirm fhisiciúil nó i bhfoirm dhigiteach atá an t-airgead.

Tá cobhsaíocht agus iontaofacht cripteamhonaí cobhsaí ag brath i ndeireadh na dála ar an eintiteas a eisíonn iad agus ar chreidiúnacht agus ar in-fhorfheidhmitheacht a ngealltanais luach an airgid a choinneáil le himeacht ama. Féadfaidh eisitheoirí príobháideacha sonraí pearsanta a úsáid chun críoch tráchtála.

Níl aon eintiteas inaitheanta ann atá faoi dhliteanas i leith chriptea-shócmhainní, agus ciallaíonn sé sin nach féidir éilimh a fhorfheidhmiú.

  1. Is iad Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua atá sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.