Amlíne agus an dul chun cinn maidir leis an euro digiteach
Cuireadh tús le céim ullmhúcháin an tionscadail i mí na Samhna 2023 agus tá an bhunchloch á leagan le haghaidh eisiúint fhéideartha an euro dhigitigh. Áirítear leis sin bailchríoch a chur ar leabhar rialacha scéim an euro dhigitigh agus soláthraithe a roghnú a d’fhéadfadh ardán digiteach agus bonneagar an euro dhigitigh a fhorbairt. Is éard atá i gceist leis an gcéim ullmhúcháin tástáil agus triail fhorleathan, chomh maith le malartuithe rialta leis an bpobal agus le páirtithe leasmhara eile, chun a chinntiú go bhfreastalódh euro digiteach ar riachtanais úsáideoirí agus ar riachtanais an Eurochórais.
Déanaimid doiciméadú rialta ar dhul chun cinn an tionscadail i dtuarascálacha cuimsitheacha.
INSERTED BY ANONYMOUS PROXY
Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more
Tuarascáil ar dhul chun cinn
Conas atá dul chun cinn á dhéanamh ar an obair maidir le príobháideachas, leabhar rialacha agus roghanna dearaidh an euro dhigitigh?
Léigh an tuarascáil ar dhul chun cinn ina hiomláineDo na meáin
Déantar achoimre sa tuarascáil seo ar an dul chun cinn a rinneadh sa chéad chuid den chéim ullmhúcháin a seoladh i mí na Samhna 2023 agus leagtar amach inti na chéad chéimeanna eile.
Léigh an phreaseisiúintAn bhfuil tuilleadh eolais uait?
Léigh na tuarascálacha ar dhul chun cinn a eisíodh roimhe seo
Amlíne thionscadal an euro dhigitigh
I mí Dheireadh Fómhair 2020 d’fhoilsigh an Banc Ceannais Eorpach tuarascáil maidir le euro digiteach ina scrúdaítear eisiúint fhéideartha airgeadra digiteach bainc ceannais – euro digiteach – ag an Eurochóras.
Naoi mí ina dhiaidh sin rinne Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh an cinneadh tionscadal an euro dhigitigh a sheoladh. Bhí céim imscrúdaithe an tionscadail ar siúl ó mhí Dheireadh Fómhair 2021 go dtí mí Dheireadh Fómhair 2023 agus bhain sí le staidéar a dhéanamh ar roghanna dearaidh agus ar shamhlacha dáileacháin i ndlúthchomhar le páirtithe leasmhara amhail lucht ceaptha beartas an Aontais agus rannpháirtithe sa mhargadh. Ba iad na torthaí ba bhonn leis an gcinneadh an chéim ullmhúcháin a sheoladh, ar cuireadh tús léi i mí na Samhna 2023.
Féach agus íoslódáil amlíne ardleibhéil an tionscadailNí dhéanfar an cinneadh maidir le euro digiteach a eisiúint ar deireadh a mheas go dtí céim níos déanaí, nuair a bheidh próiseas reachtach an Aontais curtha i gcrích.