Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Nochtaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid

Tosaíonn aghaidh a thabhairt ar athrú aeráide le sonraí a bheith agat ar féidir brath orthu. Is ag an bpointe sin amháin atáimid ábalta an tionchar atá againn ar an aeráid a thomhas go cruinn agus na rioscaí atá romhainn a thuiscint. Tugann sin bunús dúinn i dtaobh beart fiúntach agus éifeachtach a dhéanamh.

Cén cineál faisnéise a nochtaimid?

Tugtar faisnéis mhionsonraithe inár gcuid nochtaí ar lorg carbóin agus ar an riosca aeráide a bhaineann leis na sócmhainní airgeadais atá ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) agus ag bainc cheannais náisiúnta sa limistéar euro, a dtugtar an tEurochóras air le chéile. Ciallaíonn trédhearcacht níos mó gur féidir linn tuiscint níos fearr a bheith againn ar thionchar aeráide ár bpunann, cinntí eolacha a dhéanamh maidir lenár spriocanna aeráide a bhaint amach agus cuidiú le daoine eile tuiscint níos fearr a bheith acu ar an riosca agus an tionchar a bhaineann le hathrú aeráide. Ó 2023 ar aghaidh, foilseoidh an Banc Ceannais Eorpach agus bainc cheannais an Eurochórais nochtaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid uair sa bhliain.

Le himeacht ama, tabharfaidh na nochtaí seo léargas ar na hiarrachtaí atá á ndéanamh againn chun na punanna seo a dhícharbónú i gcomhréir le spriocanna Chomhaontú Pháras, cuideoidh siad linn monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn atáimid a dhéanamh agus déanfaidh siad eolas do choigeartuithe a bheidh le déanamh ar ár gcuid beart, más gá.

Cad a chuimsítear leis na nochtaí?

Foilsíonn an Banc Ceannais Eorpach nochtaí do shócmhainní airgeadais i bpunanna a choinníonn bainc cheannais an Eurochórais chun críocha beartais airgeadaíochta. Ina theannta sin, foilsíonn bainc cheannais uile an Eurochórais nochtaí i ndáil lena bpunanna beartais neamhairgeadaíochta a bhainistíonn gach ceann acu iad féin faoina gcúram féin.

Cur chuige comhoiriúnaithe amháin sa limistéar euro

Ullmhaítear gach nochtadh i gcomhréir le comhchreat íosnochta de chuid an Eurochórais bunaithe ar mholtaí an Tascfhórsa um Nochtaí Airgeadais a bhaineann leis an Aeráid agus an Chomhpháirtíochta um Airgeadas Cuntasaíochta Carbóin.

Tá liosta de nochtaí an Eurochórais tugtha thíos.

Forléargas ar nochtaí airgeadais an Eurochórais a bhaineann leis an aeráid (2022)

An limistéar euro

An Banc Ceannais Eorpach

An Ostair

Oesterreichische Nationalbank

An Bheilg

Nationale Bank van België/Banque Nationale de Belgique

An Chróit

Hrvatska narodna banka

An Chipir

Banc Ceannais na Cipire

An Eastóin

Eesti Pank

An Fhionlainn

Suomen Pankki – Finlands Bank

An Fhrainc

Banque de France

An Ghearmáin

Deutsche Bundesbank

An Ghréig

Banc na Gréige

Éire

Banc Ceannais na hÉireann

An Iodáil

Banca d’Italia

An Laitvia

Latvijas Banka

An Liotuáin

Lietuvos bankas

Lucsamburg

Banque centrale du Luxembourg

Málta

Banc Ceannais Mhálta

An Ísiltír

De Nederlandsche bank

An Phortaingéil

Banco de Portugal

An tSlóvaic

Národná banka Slovenska

An tSlóivéin

Bank Slovenije

An Spáinn

Banco de España

FÉACH FREISIN

Foghlaim tuilleadh faoi ábhar gaolmhar

Gach leathanach sa rannóg seo