Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

An próiseas athdheartha

I mí na Nollag 2021, d’fhógraíomar pleananna chun ár nótaí bainc euro a athdhearadh – cuid den phróiseas chun nótaí nua a fhorbairt. Is mian linn a chinntiú go mbeidh fáil ar nótaí bainc euro agus go mbeidh siad inrochtana agus go leanfaidh siad de bheith ina modh slán agus éifeachtúil íocaíochta.

Is mian linn freisin go mbeadh na nótaí bainc euro níos inbhuanaithe agus níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol. Is é sin an fáth a bhfuilimid ag féachaint ar a lorg comhshaoil agus sinn ag iarraidh teacht ar dheiseanna chun a dtionchar ar an gcomhshaol a laghdú trí bhíthin ábhair nua agus próisis nua. Is deis é an próiseas athdheartha freisin na nótaí bainc a bheith níos ionchuimsithí.

Agus cinneadh á dhéanamh aici maidir leis an téama agus na dearaí nua cuirfidh an Chomhairle Rialaithe san áireamh tuairimí a bailíodh ón bpobal i suirbhéanna mar aon le comhairle ó ghrúpaí saineolaithe. Teastaíonn uainn a chinntiú go mbeidh luí ag pobal na hEorpa trí chéile leis an téama agus na dearaí a roghnófar.

Tá dhá gharsprioc mhóra sa phróiseas:

  1. téamaí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo agus móitífeanna atá gaolmhar leo a roghnú;
  2. dearadh a roghnú mar thoradh ar chomórtas deartha.

Na príomhchéimeanna sa phróiseas athdheartha

Téamaí agus móitífeanna

An 30 Samhain 2023, chinn Comhairle Rialaithe BCE bogadh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den phróiseas athdheartha do nótaí bainc euro le dhá théama fhéideartha – “Cultúr na hEorpa” agus “Aibhneacha agus éin” – agus na móitífeanna atá gaolmhar leo.

Téama: Cultúr na hEorpa

Le hoidhreacht shaibhir chultúrtha agus earnálacha cruthaitheacha dinimiciúla na hEorpa, neartaítear ár bhféiniúlacht Eorpach, rud a chruthaíonn muintearas comhroinnte. De thoradh an chultúir cuirtear luachanna, ionchuimsiú agus idirphlé coiteann chun tosaigh san Eoraip agus ar fud an domhain. Tugtar daoine le chéile dá bharr.

An scéal taobh thiar de na móitífeanna: spásanna cultúrtha comhroinnte

Déanann an téama “Cultúr na hEorpa” ceiliúradh ar na spásanna cultúrtha comhroinnte a mhúnlaigh ár bhféiniúlacht Eorpach leis na céadta blianta anuas. Ar mhóitífeanna an téama seo léirítear gníomhaíochtaí agus spásanna cultúrtha éagsúla, mar aon le hEorpaigh a bhfuil clú agus cáil orthu agus a rinne a gcion féin ar mhaithe le hoidhreacht chultúrtha na hEorpa.

Cuir ceannlíne isteach anseo...

Taobh tosaigh

Taobh cúil

€5

Na taibhealaíona

Maria Callas

Taibheoirí sráide (ceol/damhsa/drámaíocht) ag cur siamsaíocht ar fáil do dhaoine atá ag dul thar bráid.

€10

Ceol

Ludwig van Beethoven

Féile amhránaíochta maille le cór páistí agus daoine óga ag canadh.

€20

Ollscoileanna agus scoileanna

Marie Curie (Skłodowska roimh phósadh di)

Scoil nó ollscoil maille le banmhúinteoir agus scoláirí óga. Tá leabhair nótaí agus leabhair ar na boird.

€50

Leabharlanna

Miguel de Cervantes Saavedra 

Leabharlann maille le roinnt daoine fásta ag léamh leabhair pháipéir agus leabhair dhigiteacha. Buachaill agus cailín beag os comhair leabhragáin ag iarraidh leabhar a fháil.

€100

Músaeim agus taispeántais

Leonardo da Vinci Daoine fásta agus páistí ag baint sult as roinnt samplaí d’ealaín sráide, d’ealaín chomhaimseartha, etc.
€200

Cearnóga poiblí

Bertha von Suttner Cearnóg faoi bhrat crann, áit ar féidir le daoine teacht le chéile, maille le daoine fásta agus páistí ag caint, ag siúl, ag súgradh, etc.

Téama: Aibhneacha agus éin

Ní aithníonn aibhneacha ná éin teorainn ar bith, rud a shiombailíonn an tsaoirse agus an aontacht i measc mhuintir na hEorpa agus an nasc atá againn leis an dúlra. Tá éagsúlacht mhór aibhneacha agus éan san Eoraip a spreagann sinn agus a mheabhraíonn dúinn an fhreagracht atá orainn an comhshaol a chosaint.

An scéal taobh thiar de na móitífeanna: athléimneacht san éagsúlacht

Sa téama “Aibhneacha agus éin” leagtar béim ar athléimneacht agus éagsúlacht éiceachórais nádúrtha na hEorpa – taispeántar na céimeanna difriúla i gcúrsa slí na n-aibhneacha mar aon le speicis éagsúil éan, agus béim á cur ar thábhacht an dúlra agus ar chosaint an chomhshaoil. Na hinstitiúidí Eorpacha atá ar na nótaí bainc, meabhraíonn siad dúinn freisin luachanna bunúsacha an tionscadail Eorpaigh, lena n-áirítear cosaint an chomhshaoil.

Cuir ceannlíne isteach anseo...

Taobh tosaigh

Taobh cúil

€5Fuarán sléibhe

Dreapadóir deargeiteach in aice le tírdhreach sléibhte

Parlaimint na hEorpa

€10

Eas
Cruidín in eas nó lochán

An Coimisiún Eorpach

€20

Gleann abhann teoranta

Coilíneacht beachadóirí i mbruach gainimh ar thaobh gleann abhann mór teoranta

An Banc Ceannais Eorpach

€50

Abhainn lúbach

Stórc bán ag eitilt os cionn abhainn lúbach i ngleann abhann neamhtheoranta

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

€100

Béal abhann
Abhóiséad sa tóir ar bhia ar dhromchla an réileáin láibe

An Chomhairle Eorpach agus Comhairle an Aontais Eorpaigh

€200Muirdhreach

Gainéad tuaisceartach ag eitilt thar thonnta móra na farraige

Cúirt Iniúchóirí na hEorpa

Dearaí

An 15 Iúil 2025, sheol BCE go hoifigiúil a chomórtas deartha le haghaidh nótaí bainc euro amach anseo, agus thug sé cuireadh do na dearthóir grafaicí uile a bhfuil cónaí orthu san Aontas Eorpach páirt a ghlacadh ann. Dírítear sa chomórtas ar na téamaí “Cultúr na hEorpa” agus “Aibhneacha agus Éin”.

Céim an iarratais

Cuirfear tús leis an gcomórtas an 15 Iúil le céim an iarratais. Ní mór iarratais a chur isteach faoi 12:00 (Am Lár na hEorpa) an 18 Lúnasa. Tar éis an spriocdháta sin, déanfaidh BCE athbhreithniú agus measúnú ar gach iarratas de réir critéir áirithe agus roghnóidh sé 40 dearthóir ar a mhéad (20 in aghaidh an téama). Cuirfear toradh na meastóireachta in iúl do gach iarratasóir.

Céim an togra dearaidh

Tabharfar cuireadh ansin do na dearthóirí roghnaithe a dtograí dearaidh a chur isteach, agus déanfaidh Giúiré an Chomórtais Deartha, painéal saineolaithe neamhspleácha, measúnú orthu. Molfaidh an Giúiré suas le cúig dhearadh in aghaidh an téama agus beidh cinneadh deiridh le déanamh ag an gComhairle Rialaithe ansin ina leith sin.

Dóibh siúd ar spéis leo páirt a ghlacadh sa chomórtas agus tuilleadh a fhoghlaim faoin gcomórtas, tá eolas mionsonraithe, lena n-áirítear dátaí tábhachtacha agus critéir incháilitheachta, le fáil i ndoiciméadacht oifigiúil an chomórtais.

Cad é an chéad chéim eile?

Tar éis an chomórtais deartha, déanfaidh BCE suirbhé chun tuairimí daoine a bhailiú maidir leis na tograí dearaidh a d’eascair as an gcomórtas. Cuirfidh an Chomhairle Rialaithe na tuairimí sin san áireamh nuair a bheidh dearadh deiridh na nótaí bainc á roghnú aici; meastar go ndéanfar cinneadh ina leith sin faoi dheireadh 2026.

Ina dhiaidh sin, cinnfidh an Chomhairle Rialaithe cathain a chromfar ar tháirgeadh agus eisiúint na nótaí bainc euro nua. Beidh roinnt blianta fós ann sula mbeidh an chéad chuid de na nótaí bainc sin i bpócaí daoine.

Ionchur ón bpobal agus ó shaineolaithe

Ag éisteacht le muintir na hEorpa

Chuamar i gcomhairle le pobal na hEorpa faoi dhó cheana féin ó cuireadh tús leis an bpróiseas athdheartha. Sula ndéanfaidh an Chomhairle Rialaithe a rogha dheiridh, rachaimid i gcomhairle leis an bpobal uair amháin eile chun a dtuairimí a fháil i dtaobh roinnt dearaí féideartha don todhchaí.

Idir mí na Nollag 2021 agus mí an Mhárta 2022, d’iarramar ar dhaoine i ngach tír sa limistéar euro, mar aon leis an gCróit agus an Bhulgáir, a dtuairimí a thabhairt dúinn maidir le téamaí féideartha do na nótaí bainc euro a bheidh ann amach anseo.

Féach an tuarascáil ar an staidéar cáilíochtúil ar théamaí nua le haghaidh nótaí bainc euro nó an achoimre feidhmiúcháin.

Idir mí Iúil agus mí Lúnasa 2023, rinneamar suirbhé ar líne inar fiafraíodh de dhaoine cé acu de na seacht dtéama ar an ngearrliosta ab fhearr leo, agus thug breis agus 365,000 duine freagra ar an suirbhé sin. Chun sampla ionadaíoch a chinntiú, rinneamar freisin cuideachta neamhspleách thaighde a choimisiúnú chun suirbhé ilnáisiúnta den chineál céanna a dhéanamh i gcomhthráth lenár suirbhé ar líne.

Léigh an tuarascáil nó an achoimre fheidhmiúcháin chun tuilleadh eolais faoi thorthaí an tsuirbhé a fháil.

Ag dul i gcomhairle leis na saineolaithe

Ó cuireadh tús leis an bpróiseas athdheartha, d’iarramar ar thrí ghrúpa saineolaithe neamhspleácha comhairle a chur orainn maidir le téamaí, móitífeanna agus, ar deireadh, dearaí na nótaí bainc euro a bheidh ann amach anseo.

Mhol Grúpa Comhairleach na dTéamaí gearrliosta ar a raibh sé théama ag deireadh 2021. Ansin, rinne Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh breithniú cúramach i dtaobh an raibh luí ag muintir na hEorpa leis na téamaí gearrliostaithe agus an dtugann na téamaí sin léargas ar shaol agus ar luachanna na hEorpa, agus chinn siad an seachtú téama, “Cultúr na hEorpa”, a chur leis an ngearrliosta. Léigh tuilleadh faoi na seacht dtéama ar an ngearrliosta.

Tá tuilleadh eolais le fáil sa tuarascáil ar obair Ghrúpa Comhairleach na dTéamaí nó san achoimre feidhmiúcháin.

In 2024, tar éis “Cultúr na hEorpa” agus “Aibhneacha agus éin” a roghnú mar théamaí féideartha do na notaí bainc a bheidh ann amach anseo, iarradh ar ghrúpa saineolaithe neamhspleách eile Grúpa Comhairleach na Móitífeanna, móitífeanna féideartha a dhéanfadh léiriú ar an dá théama a mholadh.

Ag tús 2025, phléigh agus rinne an Chomhairle Rialaithe forbairt bhreise ar shraith móitífeanna féideartha do gach téama agus chinn an Chomhairle Rialaithe an comórtas deartha – agus an dá théama agus na móitífeanna a ghabhann leo – a sheoladh. Léigh tuilleadh faoi obair Ghrúpa Comhairleach na Móitífeanna sa tuarascáil iomlán nó san achoimre feidhmiúcháin.

Beidh ról tábhachtach ag Giúiré an Chomórtais Deartha (painéal neamhspleách saineolaithe) ag tacú leis an gComhairle Rialaithe sa phróiseas roghnúcháin. Déanfaidh an Giúiré measúnú ar na dearaí a chuir na dearthóirí isteach agus roghnóidh sé tograí a chuirfear faoi bhráid na Comhairle Rialaithe lena mbreithniú.

Gach leathanach sa rannóg seo