Maoirseacht a dhéanamh ar ár gcuid banc
Cuidíonn maoirseoirí Eorpacha chun an córas baincéireachta a choinneáil slán sábháilte. Déanann siad maoirseacht sheasta ar bhainc agus maoirseacht ar bhealach caighdeánaithe orthu ar fud an limistéir euro. Ciallaíonn sé sin gur féidir le bainc dul i mbun a gcuid feidhmeanna bunriachtanacha: do chuid coigilteas a chosaint agus iasachtaí a thabhairt do dhaoine agus gnólachtaí.
Maoirseacht baincéireachta Eorpach - céard atá i gceist leis?
INSERTED BY ANONYMOUS PROXY
Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more
Do chuid airgid a choinneáil sábháilte
Chuaigh an Banc Ceannais Eorpach agus na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta i bpáirt le chéile in 2014. Oibríonn siad i gcomhar lena chéile mar mhaoirseacht baincéireachta Eorpach chun an earnáil baincéireachta a choinneáil rathúil. Déantar é sin ar fad chun a chinntiú go bhfanann an córas airgeadais cobhsaí agus go bhfanann do chuid coigilteas sábháilte. Foghlaim tuilleadh ón bhfíseán gearr seo.
Cén fáth ar cheart maoirseacht a dhéanamh ar bhainc?
Cuidíonn maoirseacht chun na bainc a choinneáil rathúil. Teastaíonn uaitse go mbeidh do bhanc rathúil chun go mbeadh teacht agat ar na seirbhísí a chuireann siad ar fáil. Ní mór do bhainc aonair fanacht rathúil freisin chun an córas airgeadais a choinneáil cobhsaí. Faigh amach tuilleadh ar an nasc thíos.
Cén fáth ar cheart maoirseacht a dhéanamh ar bhainc thráchtála?Cuir tástáil ort féin!
Faigh amach cé mhéad atá ar eolas agat faoi mhaoirseacht baincéireachta leis an quiz idirghníomhach seo.