Céard is T2 ann?
24 Iúil 2025
Is córas íocaíochta é T2 ar leis an Eurochóras é agus arb é an tEurochóras a fheidhmíonn é. Is é an príomhardán Eorpach é chun íocaíochtaí mórluacha a phróiseáil agus úsáideann bainc cheannais agus bainc thráchtála é chun íocaíochtaí a phróiseáil in euro i bhfíor-am.
Cad is córais íocaíochta ann?
Bíonn geilleagair nua-aimseartha ag brath ar idirbhearta sábháilte agus éifeachtúil. Cuireann córais íocaíochta an phluiméireacht ar fáil a fhágann go mbíonn na treoracha agus an t-airgead sna hidirbhearta seo in ann sreabhadh ar fud an gheilleagair. Is córas íocaíochta é T2 a úsáideann bainc san AE airgead a aistriú eatarthu i bhfíor-am. Tugtar ollsocraíocht fíor-ama ar an aistriú seo (RTGS).
Cén fáth a bhfuil T2 tábhachtach?
Tá an Banc Ceannais Eorpach meáite ar a chinntiú go bhfeidhmíonn córais íocaíochta agus bonneagair mhargaidh eile i gceart agus go héifeachtúil, d’fhonn cobhsaíocht airgeadais a choinneáil sa limistéar euro. Ciallaíonn sé seo gur croí-bhloc tógála é T2 maidir le comhtháthú airgeadais san AE. Éascaíonn sé sreabhadh saor an airgid trasna teorainneacha agus tacaíonn sé le cur chun feidhme bheartas aonair airgeadaíochta an Bhanc Ceannais Eorpaigh.
Cén chaoi a n-oibríonn T2?
Is leis an tEurochóras an t-ardán agus is é an tEurochóras a fheidhmíonn é. Go simplí, oibríonn sé mar seo a leanas:
- Tá cuntais ag Banc A agus ag Banc B le banc ceannais.
- Tá íocaíocht in euro le déanamh ag Banc A le Banc B.
- Cuireann Banc A treoracha íocaíochta isteach chuig T2.
- Baintear airgead as cuntas Bhanc A agus cuirtear airgead isteach i gcuntas Bhanc B – tá an íocaíocht socraithe.
- Aistríonn T2 an t-eolas íocaíochta chuig Banc B
Cé atá in ann T2 a úsáid?
Bainc cheannais an AE agus a gcomhphobail náisiúnta de bhainc thráchtála. Úsáideann os cionn 1,000 banc T2 chun idirbhearta a thionscnamh in euro, bíodh sé ar a son féin nó ar son a gcustaiméirí. Nuair a chuirtear brainsí agus fochomhlachtaí san áireamh, is féidir os cionn 40,000 banc a shroicheadh (mar aon lena gcustaiméirí) ar fud an domhain trí T2.
FÉACH FREISIN