Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
  • PREASRÁITEAS

Cinntí maidir leis an mbeartas airgeadaíochta

05 Feabhra 2026

Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu gan aon athrú a dhéanamh ar thrí eochair-ráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh. De réir an mheasúnaithe atá tugtha cothrom le dáta aici, is féidir linn a dheimhniú an athuair gur cheart go bhfanfadh an boilsciú cobhsaí ag an sprioc 2% atá aici sa mheántéarma. Tá an geilleagar athléimneach go fóill i dtimpeallacht dhomhanda dhúshlánach. Tá an dífhostaíocht íseal, cláir chomhardaithe láidre na hearnála príobháidí, an leathadh amach de réir a chéile de chaiteachas poiblí ar chosaint agus ar bhonneagar agus éifeachtaí tacaíochta na gciorruithe ar an ráta úis a rinneamar roimhe seo ar fad mar bhonn taca faoin bhfás. Ag an am céanna, tá an t-ionchas fós éiginnte, mar gheall go háirithe ar éiginnteacht maidir le beartas trádála domhanda agus teannas geopholaitiúil.

Tá rún daingean ag an gComhairle Rialaithe a chinntiú go bhfanfaidh an boilsciú cobhsaí ag an sprioc 2% atá aici sa mheántéarma. Leanfaidh sé cur chuige atá ag brath ar shonraí agus cur chuige cruinniú ar chruinniú chun seasamh iomchuí an bheartais airgeadaíochta a chinneadh. Go háirithe, beidh na cinntí a dhéanfaidh an Chomhairle Rialaithe i dtaobh rátaí úis le bunú ar a measúnú ar an ionchas boilscithe agus na rioscaí a bhaineann leis i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíocha agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú foluiteach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta. Níl an Chomhairle Rialaithe ag tabhairt aon ghealltanas fós maidir le treo rátaí ar leith.

Eochair-rátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Fanfaidh na rátaí úis ar an tsaoráid taisce, ar na príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin agus ar an tsaoráid iasachta imeallach gan athrú ag 2.00%, 2.15% agus 2.40% faoi seach.

An clár ceannaithe sócmhainní (APP) agus an clár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP)

Tá punanna an chláir ceannaithe sócmhainní (APP) agus an chláir ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP) ag laghdú ag ráta measta intuartha, toisc nach ndéanann an tEurochóras na híocaíochtaí príomhshuime ó urrúis atá ag teacht in aibíocht a athinfheistiú a thuilleadh.

***

Tá an Chomhairle Rialaithe réidh lena cuid ionstraimí uile a choigeartú laistigh dá sainordú chun a chinntiú go gcobhsóidh an boilsciú ag an sprioc 2% atá aici sa mheántéarma agus chun dea-fheidhmiú tharchur an bheartais airgeadaíochta a choinneáil. Thairis sin, tá an Ionstraim um Chosaint Tarchuir ar fáil chun cur i gcoinne cúinsí mí-ordúla sa mhargadh nach bhfuil údar leo agus ar bagairt thromchúiseach iad do tharchur an bheartais airgeadaíochta i ngach tír sa limistéar euro. Ar an gcaoi sin, is féidir leis an gComhairle Rialaithe a sainordú i dtaobh cobhsaíocht praghsanna a chur i gcrích ar bhealach níos éifeachtúla.

Tabharfaidh Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh ráiteas faoi na cinntí seo ag preasócáid ag 14:45 CET inniu.

Tá an fhoclaíocht bheacht a chomhaontaigh an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa