Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
Christine Lagarde
The President of the European Central Bank
Luis de Guindos
Vice-President of the European Central Bank
  • RÁITEAS BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

PREASÓCÁID

Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh
Luis de Guindos, Leas-Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Frankfurt am Main, an 6 Meitheamh 2024

Dia daoibh. Cuirim féin agus an Leas-Uachtarán fáilte romhaibh chuig an bpreasócáid.

Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu na trí eochair-ráta úis atá ag an mBanc Ceannais Eorpach a ísliú 25 bhonnphointe. Bunaithe ar ár measúnú nuashonraithe ar an ionchas maidir le boilsciú, ar dhinimic an bhoilscithe fholuitigh agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta, is iomchuí anois leibhéal an tsriain ar bheartas airgeadaíochta a mhaolú tar éis naoi mí de rátaí a choinneáil daingean. Ón gcruinniú a bhí againn i mí Mheán Fómhair 2023 i leith, tá an boilsciú tite breis agus 2.5 pointe céatadáin agus tá feabhas suntasach tagtha ar an tuar boilscithe. Tá maolú tagtha freisin ar an mboilsciú foluiteach, rud a chuireann leis na comharthaí go bhfuil an brú ar phraghsanna lagaithe, agus tá laghdú tagtha ar na hionchais maidir le boilsciú do gach tréimhse ama. Tá dálaí maoiniúcháin coinnithe sriantach ag beartas airgeadaíochta. Tríd an éileamh a mhaolú agus trí ionchais maidir le boilsciú a choinneáil daingnithe go maith, chuidigh sé sin go mór le boilsciú a thabhairt anuas arís.

Ag an am céanna, in ainneoin an dul chun cinn a rinneadh le ráithí beaga anuas, tá an brú ar phraghsanna intíre fós láidir toisc go bhfuil fás pá ardaithe, agus is dócha go bhfanfaidh boilsciú os cionn na sprice ar feadh cuid mhaith den bhliain seo chugainn. Rinneadh na réamh-mheastacháin foirne is déanaí ón Eurochóras maidir le boilsciú ceannlíne agus le croí-bhoilsciú araon a athbhreithniú le haghaidh 2024 agus 2025 i gcomparáid le réamh-mheastacháin mhí an Mhárta. Measann an fhoireann anois gur boilsciú 2.5% ar an meán a bheidh ann in 2024, 2.2% ar an meán in 2025 agus 1.9% ar an meán in 2026. I gcás boilsciú gan fuinneamh agus bia san áireamh, tá an fhoireann ag tuar go mbeidh sé 2.8% ar an meán in 2024, 2.2% ar an meán in 2025 agus 2.0% ar an meán in 2026. Meastar go méadóidh an fás eacnamaíoch go dtí 0.9% in 2024, 1.4% in 2025 agus 1.6% in 2026.

Tá rún daingean againn a chinntiú go bhfillfidh an boilsciú ar ár sprioc mheántéarmach dó faoin gcéad gan mhoill. Coinneoimid rátaí beartais sách sriantach chomh fada agus is gá chun an aidhm sin a bhaint amach. Leanfaimid de chur chuige ‘‘cruinniú ar chruinniú’’ a bheidh ag brath ar shonraí a leanúint chun an leibhéal cuí agus fad an tsrianta a chinneadh. Go háirithe, beidh ár gcinntí faoi rátaí úis bunaithe ar ár measúnú ar an ionchas maidir le boilsciú i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíochta agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú foluiteach agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta. Nílimid ag déanamh réamhghealltanais maidir le conair ráta ar leith.

Dheimhnigh an Chomhairle Rialaithe freisin inniu go laghdóidh sí sealúchais urrús an Eurochórais faoin gclár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP) €7.5 billiún ar an meán in aghaidh na míosa le linn an dara leath den bhliain. Beidh na módúlachtaí chun sealúchais CCÉP a laghdú i gcomhréir a bheag nó a mhór leis na módúlachtaí a leantar faoin gclár ceannaithe sócmhainní (CCS).

Tá na cinntí uile a rinneadh inniu leagtha amach i bpreaseisiúint atá le fáil ar ár suíomh gréasáin.

Tabharfaidh mé cuntas níos mionsonraithe anois ar ár mbarúil faoin bhforás a thiocfaidh ar an ngeilleagar agus ar an mboilsciú, agus ansin míneoimid ár measúnú ar dhálaí airgeadais agus airgeadaíochta.

Gníomhaíocht eacnamaíoch

Tar éis cúig ráithe de mharbhántacht, tháinig méadú 0.3% ar gheilleagar an limistéir euro sa chéad ráithe de 2024. Tá an earnáil seirbhísí ag méadú, agus tá comharthaí cobhsaíochta á léiriú ag an earnáil déantúsaíochta ar leibhéil ísle. Táimid ag súil go leanfaidh an geilleagar de bheith ag téarnamh de réir mar a dhéanann pá níos airde agus téarmaí trádála feabhsaithe fíorioncaim a mhéadú. Ba cheart go dtacódh onnmhairí níos láidre le fás sna ráithí amach romhainn freisin, de réir mar a mhéadaíonn an t-éileamh domhanda ar earraí agus ar sheirbhísí. Ar deireadh, ba cheart don bheartas airgeadaíochta níos lú brú a chur ar éileamh le himeacht ama.

Tháinig ardú 0.3% ar an ráta fostaíochta sa chéad ráithe den bhliain seo, agus cruthaíodh thart ar 500,000 post nua, agus tugann suirbhéanna le fios go leanfaidh fás post ar aghaidh sa ghearrthéarma. D’ísligh an ráta dífhostaíochta chuig 6.4% i mí Aibreáin, an leibhéal is ísle ó tugadh isteach an euro. Tá go leor folúntas poist á bhfógairt ag cuideachtaí, cé go bhfuil laghdú beag tagtha ar an méid folúntas a bhíonn á bhfógairt acu.

Ba cheart go bhféachfadh beartais fhioscacha agus struchtúracha náisiúnta leis an ngeilleagar a dhéanamh níos táirgiúla agus níos iomaíche, rud a chuirfeadh le hacmhainneacht fáis agus a laghdódh an brú ar phraghsanna sa ghearrthéarma. Chuideodh cur chun feidhme éifeachtach, gasta agus iomlán chlár Next Generation EU, an dul chun cinn i dtreo aontas na margaí caipitil agus chomhlánú an aontais baincéireachta, agus neartú an Mhargaidh Aonair le nuálaíocht a chothú agus infheistíocht san aistriú glas agus san aistriú digiteach a mhéadú. Trí chreat rialachais eacnamaíoch athbhreithnithe an Aontais a chur chun feidhme go hiomlán agus gan mhoill, cuideofar le rialtais easnaimh bhuiséid agus cóimheasa fiachais a laghdú ar bhonn leanúnach.

Boilsciú

D’ardaigh boilsciú bliantúil go dtí 2.6% i mí na Bealtaine, ó 2.4% i mí Aibreáin, de réir thobmheastachán Eurostat. Laghdaigh an boilsciú ar phraghsanna bia go dtí 2.6%. Mhéadaigh an boilsciú ar phraghsanna fuinnimh go dtí 0.3%, tar éis rátaí bliantúla diúltacha a thaifeadadh ar feadh bliana. Leanadh den laghdú ar an mboilsciú ar phraghsanna earraí i mí na Bealtaine, go dtí 0.8%. I gcodarsnacht leis sin, tháinig méadú suntasach ar an mboilsciú ar phraghsanna seirbhísí, go dtí 4.1% ó 3.7% i mí Aibreáin.

Tháinig laghdú breise ar fhormhór na mbeart um boilsciú foluiteach i mí Aibreáin, an mhí dheireanach a bhfuil sonraí ar fáil ina leith, rud a dheimhníonn go bhfuil an brú ar phraghsanna ag laghdú de réir a chéile. Tá an boilsciú intíre fós ard, áfach. Tá ardú fós ag teacht ar phá ar luas méadaithe, lena gcúitítear an borradh boilscithe a bhí ann roimhe seo. Mar gheall ar nádúr céimnithe an phróisis coigeartaithe pá agus ar an ról tábhachtach atá ag íocaíochtaí aonuaire, is dócha go luaineoidh costais saothair sa ghearrthéarma, mar a chonacthas sa mhéadú ar phá idirbheartaithe sa chéad ráithe. Ag an am céanna, tugann táscairí todhchaí le fios go maolóidh fás pá le linn na bliana. Tá brabúis ag ionsú cuid den ardú suntasach ar chostais aonaid saothair, rud a laghdaíonn a éifeachtaí boilscithe.

Táthar ag súil go luaineoidh boilsciú thart ar na leibhéil reatha don chuid eile den bhliain, agus cúis amháin leis sin is ea bunéifeachtaí a bhaineann le fuinneamh. Meastar ansin go laghdóidh sé i dtreo ár sprice le linn an dara leath den bhliain, mar gheall ar fhás níos laige ar chostais saothair, na héifeachtaí atá ag titim amach mar gheall ar ár mbeartais airgeadaíochta sriantach, agus tionchar na géarchéime fuinnimh agus na paindéime atá ag dul i léig. D’fhan bearta a bhaineann le hionchais níos fadtéarmaí maidir le boilsciú cobhsaí go maith, agus is ag thart ar 2% atá a bhformhór faoi láthair.

Measúnú riosca

Tá na rioscaí don fhás eacnamaíoch cothrom sa ghearrthéarma ach tá siad tiontaithe i dtreo an taoibh thíos sa mheántéarma. Chuirfeadh geilleagar domhanda níos laige nó géarú ar theannas trádála idir mórgheilleagair isteach ar fhás an limistéir euro. Is príomhfhoinsí riosca geopholaitiúla iad cogadh gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus an choimhlint thragóideach sa Mheánoirthear. D’fhéadfadh sé nach mbeadh an oiread muiníne ag gnólachtaí ná ag teaghlaigh as an todhchaí dá mbarr agus go gcuirfí isteach ar thrádáil dhomhanda. D’fhéadfadh an fás a bheith níos ísle freisin má bhíonn éifeachtaí an bheartais airgeadaíochta níos láidre ná mar a bhíothas ag súil leis. D’fhéadfadh fás a bheith níos airde má thagann laghdú níos tapúla ar an mboilsciú ná mar a bhíothas ag súil leis agus má fhágann muinín agus fíorioncaim atá ag méadú go dtiocfaidh borradh níos mó faoin gcaiteachas ná mar a bhíothas ag súil leis, nó má éiríonn geilleagar an domhain níos láidre ná mar a bhíothas ag súil leis.

D’fhéadadh boilsciú a bheith níos airde ná mar a bhíothas ag súil leis má thagann méadú níos mó ar phá agus ar bhrabúis ná mar a bhíothas ag súil leis. Eascraíonn rioscaí ar an taobh thuas do bhoilsciú as teannas geopholaitiúil méadaithe freisin, rud a d’fhéadfadh praghsanna fuinnimh agus costais lasta a bhrú níos airde sa ghearrthéarma agus cur isteach ar thrádáil dhomhanda. Thairis sin, d’fhéadfadh teagmhais adhaimsire, agus an ghéarchéim aeráide atá ag teacht chun cinn ar bhonn níos leithne, praghsanna bia a ardú. I gcodarsnacht leis sin, d’fhéadfadh boilsciú iontas a chruthú agus é íslithe má dhéanann beartas airgeadaíochta an t-éileamh a mhaolú níos mó ná mar a bhíothas ag súil leis nó má théann an timpeallacht eacnamaíoch sa chuid eile den domhan in olcas gan choinne.

Dálaí maoiniúcháin agus airgeadaíochta

Tá ardú tagtha ar rátaí úis an mhargaidh ó bhí cruinniú againn i mí Aibreáin. Tá a mbuaic bainte amach ag costais mhaoiniúcháin ar leibhéil shriantacha de réir mar atá a mbealach déanta tríd an gcóras airgeadais ag na harduithe a chuireamar ar rátaí beartais san am a caitheadh. Ní raibh athrú ar bith ar na meánrátaí úis ar iasachtaí nua do ghnólachtaí agus ar mhorgáistí nua i mí Aibreáin, ag 5.2 faoin gcéad agus 3.8 faoin gcéad faoi seach.

Tá dinimic chreidmheasa fós lag. Mhéadaigh iasachtú bainc le gnólachtaí ag ráta bliantúil 0.3% i mí Aibreáin, laghdú beag ón mí roimhe sin. Lean iasachtaí le teaghlaigh de bheith ag méadú ag 0.2% ar bhonn bliantúil. D’ardaigh an fás bliantúil ar airgead leathan – arna dtomhas ag M3 – chuig 1.3% i mí Aibreáin, ó 0.9% i mí an Mhárta.

De réir ár straitéise beartais airgeadaíochta, rinne an Chomhairle Rialaithe measúnú cuimsitheach ar an idirghaol idir beartas airgeadaíochta agus cobhsaíocht airgeadais. Tá bainc an limistéir euro fós athléimneach. Tá cobhsaíocht airgeadais cothaithe ag an ionchas eacnamaíoch atá ag feabhsú, ach tá an t-ionchas sin níos éiginnte anois mar gheall ar rioscaí geopholaitiúla méadaithe. D’fhéadfadh géarú gan choinne ar dhálaí maoiniúcháin domhanda athphraghsáil sócmhainní airgeadais agus neamhairgeadais a spreagadh, rud a mbeadh éifeachtaí diúltacha aige ar an ngeilleagar i gcoitinne. Fós, is é an beartas macrastuamachta an phríomhchosaint atá againn in aghaidh an mhéadú atá ag teacht de réir a chéile ar leochaileachtaí airgeadais. Tá na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair nó a thiocfaidh i bhfeidhm go luath ag cuidiú leis an gcóras airgeadais a choinneáil athléimneach.

Conclúid

Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu na trí eochair-ráta úis atá ag an mBanc Ceannais Eorpach a ísliú 25 bhonnphointe. Tá rún daingean againn a chinntiú go bhfillfidh an boilsciú ar ár sprioc mheántéarmach dó faoin gcéad gan mhoill. Coinneoimid rátaí beartais sách sriantach chomh fada agus is gá chun an aidhm sin a bhaint amach. Leanfaimid de chur chuige ‘‘cruinniú ar chruinniú’’ a bheidh ag brath ar shonraí a leanúint chun an leibhéal cuí agus fad an tsrianta a chinneadh. Go háirithe, beidh ár gcinntí faoi rátaí úis bunaithe ar ár measúnú ar an ionchas maidir le boilsciú i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíochta agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú foluiteach agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta. Nílimid ag déanamh réamhghealltanais maidir le conair ráta ar leith.

I gcás ar bith, táimid réidh lenár n-ionstraimí uile a choigeartú laistigh dár sainordú chun a chinntiú go bhfillfidh boilsciú go dtí ár sprioc mheántéarmach agus feidhmiú réidh an tarchuir beartais airgeadaíochta a choinneáil.

Táimid réidh anois le glacadh le bhur gcuid ceisteanna.

Tá an fhoclaíocht bheacht ar ar chinn an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa