Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
Christine Lagarde
The President of the European Central Bank
Luis de Guindos
Vice-President of the European Central Bank
  • RÁITEAS BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

PREASÓCÁID

Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh
Luis de Guindos, Leas-Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Frankfurt am Main, an 8 Meán Fómhair 2022

Dia dhaoibh. Cuirim féin agus an Leas-Uachtarán fáilte romhaibh chuig an bpreasócáid.

Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu ardú 75 bhonnphointe a chur ar na trí phríomhráta úis atá ag an mBanc Ceannais Eorpach. Leis an mórchéim seo, tarraingítear chun tosaigh an t-aistriú ó na leibhéil rátaí úis fíorthacúla atá anois ann i dtreo leibhéil lena n‑áiritheofar filleadh an bhoilscithe chuig dhá faoin gcéad sa mheántéarma i gcomhréir lenár sprioc. Bunaithe ar an measúnú is déanaí, measaimid go n-ardóimid rátaí úis tuilleadh chun éileamh a mhaolú agus chun cosc a chur le riosca tiontaithe sheasmhaigh ar an taobh thuas maidir le hionchais bhoilscithe. Déanfaimid athbhreithniú go tráthrialta ar an gconair bheartais i bhfianaise na faisnéise a chuirfear ar fáil agus an ionchais athraithigh boilscithe. Beidh ár gcinntí faoi ráta úis beartais ag brath ar shonraí i gcónaí agus leanfar cur chuige cruinniú-ar-chruinniú.

Ghlacamar cinneadh an lae inniu agus measaimid go n-ardóimid rátaí úis tuilleadh toisc go bhfuil boilsciú fós i bhfad ró‑ard agus gur cosúil go mbeidh sé ag leibhéal atá os cionn ar sprice ar feadh tréimhse ama fhadaithe. De réir thobthomhais Eurostat, bhí boilsciú ag 9.1 faoin gcéad i mí Lúnasa. Tá boilsciú á bhrú suas fós de dheasca praghsanna fuinnimh agus bia atá ag ardú go fíorthapa, brúnna éilimh i roinnt earnálacha i bhfianaise athoscailt an gheilleagair, agus scrogaill soláthair. Tá brúnna praghsanna ag neartú agus ag leathnú i gcónaí ar fud an gheilleagair agus d’fhéadfadh ardú eile teacht ar bhoilsciú sa ghearrthéarma. Fad is a mhaolófar ar na brúnna boilscithe le himeacht ama, agus tionchar á imirt ag normalú an bheartais airgeadaíochta ar an ngeilleagar agus ar shocrú praghsanna, tiocfaidh laghdú ar bhoilsciú. Ag breathnú chun tosaigh, tá athbhreithniú suntasach ar an taobh thuas déanta ag foireann an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar na réamh-mheastacháin bhoilscithe agus meastar anois gurb é 8.1 faoin gcéad an meánleibhéal boilscithe a bheidh ann in 2022, gur 5.5 faoin gcéad a bheidh ann in 2023 agus gur 2.3 faoin gcéad a bheidh ann in 2024.

I ndiaidh teacht aniar a bheith ann sa chéad leath de 2022, tugtar le tuiscint sna sonraí is déanaí go bhfuil fás eacnamaíoch sa limistéar euro ag laghdú go suntasach anois agus é a thuar gur fás marbhánta a bheidh ann níos déanaí sa bhliain agus sa chéad ráithe de 2023. Tá cumhacht ceannaigh ioncam á laghdú de dheasca praghsanna fuinnimh fíor‑arda, agus cé go bhfuil scrogaill soláthair á maolú, is srian iad fós leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch. Ina theannta sin, tá an staid gheopholaitiúil, go háirithe ionsaí gan bonn cirt na Rúise in aghaidh na hÚcráine, ag baint de mhisneach gnólachtaí agus tomhaltóirí. Tá an t‑ionchas sin á léiriú sna réamh-mheastacháin foirne is déanaí don fhás eacnamaíoch a ndearnadh athbhreithniú suntasach síos orthu le haghaidh na coda eile den bhliain seo agus le haghaidh na bliana 2023. Measann baill foirne anois go dtiocfaidh fás 3.1 faoin gcéad ar an ngeilleagar in 2022, fás 0.9 faoin gcéad in 2023 agus fás 1.9 in 2024.

Is baol d’aistriú mín an bheartais airgeadaíochta fós iad na leochaileachtaí a cruthaíodh de dheasca na paindéime. Dá bhrí sin leanfaidh an Chomhairle Rialaithe léi ag cur solúbthachta i bhfeidhm maidir le hath‑infheistiú fuascailtí dlite i bpunann an chláir ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime d’fhonn cur i gcoinne rioscaí in aghaidh na meicníochta tarchurtha, ar rioscaí iad a bhaineann leis an bpaindéim.

Leagtar amach na cinntí uile a rinneadh inniu i bpreasráiteas atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin. Foilseofar preasráiteas teicniúil ar leithligh maidir le híocaíocht taiscí rialtais ag 15:45 CET.

Tabharfaidh mé cuntas níos mionsonraithe anois ar ár mbarúil faoin bhforás a thiocfaidh ar an ngeilleagar agus ar bhoilsciú, agus ansin míneoimid measúnú ar dhálaí airgeadais agus airgeadaíochta.

Gníomhaíocht eacnamaíoch

D’fhás geilleagar an limistéir euro 0.8 faoin gcéad sa dara ráithe de 2022, go príomha de bharr caiteachas ard tomhaltóirí ar sheirbhísí ina mbítear i dteagmháil le daoine eile, mar thoradh ar fhuascailt srianta a bhaineann leis an bpaindéim. I rith an tsamhraidh, bhain tíortha ag a bhfuil earnáil mhór turasóireachta leas ar leith as sin agus daoine ag déanamh tuilleadh taistil. Ag an am céanna, bhí deacrachtaí ag gnólachtaí de dheasca costais arda fuinnimh agus scrogaill sheasmhacha soláthair, cé go bhfuil na scrogaill sin á maolú anois.

Cé gur chuir an móréileamh turasóireachta le fás eacnamaíoch le linn an tríú ráithe, measaimid go maolófar an geilleagar go suntasach idir seo agus deireadh na bliana. Tá ceithre phríomhchúis leis sin. Ar an gcéad dul síos, tá caiteachas agus táirgeadh á mhaolú ar fud an gheilleagair agus is treise na srianta sin de dheasca suaitheadh i soláthair an gháis. Ar an dara dul síos, sna míonna atá romhainn maolófar an borradh a bhí faoi éileamh seirbhísí nuair a osclaíodh an geilleagar i dtosach. Ar an tríú dul síos, is lú tacaíocht a bheidh ann do gheilleagar an limistéir euro de dheasca an laghdaithe ar an éileamh domhanda, agus i gcomhthéacs beartas airgeadaíochta níos teinne a bheith ann i mórán geilleagar forbartha agus téarmaí trádála a bheith imithe in olcas. Ar an gceathrú dul síos, is mó éiginnteacht atá ann agus tá leibhéil mhisnigh ag dul in olcas go tapa.

Ag an am céanna, tá an margadh saothair fós láidir, rud a thacaíonn leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch. Cuireadh breis agus 600,000 duine le líon na ndaoine a bhí fostaithe in 2022 agus bhí an ráta dífhostaíochta ag 6.6 i mí Iúil, ceann de na rátaí is ísle a bhí ann riamh. Tháinig méadú 0.6 faoin gcéad sa dara ráithe de 2022 freisin ar an méid iomlán uaireanta oibre a rinneadh, agus é ag leibhéal níos airde ná mar a bhí roimh an bpaindéim. Ag breathnú chun tosaigh, is cosúil go mbeidh ardú ann ar an ráta dífhostaíochta de dheasca an mhoillithe ar an ngeilleagar.

Maidir le bearta tacaíochta fioscacha lena maolófar tionchar na gcostas ard fuinnimh, ba cheart iad a bheith sealadach agus dírithe ar na daoine agus ar na gnólachtaí is mó a bheidh thíos leis chun géarú brúnna boilscithe a sheachaint, chun cur le héifeachtacht an chaiteachais phoiblí agus chun inmharthanacht fiachais a choimeád ar bun. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag beartais struchtúrach féidearthachtaí fáis an limistéir euro a fheabhsú agus cur lena athléimneacht.

Boilsciú

Tháinig ardú arís eile ar bhoilsciú i mí Lúnasa go 9.1 faoin gcéad. Bhí boilsciú praghas fuinnimh fós fíor‑ard ag 38.3 faoin gcéad agus arís eile b’ionann sin agus an chuid ba mhó den bhoilsciú. Tugtar le fios sna táscairí margadhbhunaithe go modhnófar praghsanna ola, sa ghearrthéarma, fad is a fhanfaidh praghsanna ola mórdhíola ag leibhéal rí‑ard. Tháinig méadú 10.6 faoin gcéad ar bhoilsciú bia i Lúnasa freisin, a bhuí i bpáirt le costais ionchuir ní ba airde a bhain le fuinneamh, suaitheadh trádála i gcás tráchtearraí bia agus drochdhálaí aimsire.

Cé go bhfuil scrogaill soláthair á maolú, tá tionchar acu fós ar phraghsanna tomhaltóirí agus iad ag brú suas boilsciú, rud atá fíor freisin maidir leis an mborradh faoi éileamh in earnáil na seirbhísí. Tá dímheas an euro ag cur leis na brúnna boilscithe a bhí ann cheana.

Tá brúnna praghsanna ag scaipeadh i mbreis earnálacha, agus tionchar á imirt ag na costais arda fuinnimh indíreacha ar fud an gheilleagair. Dá réir sin, tá tomhais an bhoilscithe bhunúsaigh fós ag leibhéil ardaithe agus meastar sna réamh‑mheastacháin foirne is déanaí go mbeidh boilsciú (gan bia agus fuinneamh san áireamh) ag 3.9 faoin gcéad in 2022, ag 3.4 faoin gcéad in 2023 agus ag 2.3 faoin gcéad in 2024.

Is dócha go dtacófar le fás pá de bharr margaí saothair athléimneachta agus roinnt beart chun breith ar an mboilsciú agus é a chúiteamh. Ag an am céanna, tugtar le tuiscint sna sonraí is déanaí agus i gcomhaontaithe pá le déanaí go bhfuil dinimic phá fós srianta ar an iomlán. Is ag leibhéal thart ar dhó faoin gcéad atá formhór na n‑ionchas níos fadtéarmaí maidir le boilsciú, cé go bhfuil údar ann monatóireacht leanúnach a dhéanamh ar roinnt athbhreithnithe le déanaí a bhí thar an sprioc.

Measúnú riosca

I gcomhtheács an mhoillithe ar an ngeilleagar domhanda, is ar an taobh thíos den chuid is mó atá rioscaí fáis, go háirithe sa ghearrthéarma. Mar a léirítear sa chás ar an taobh thíos sna réamh‑mheastacháin foirne, riosca suntasach don fhás a bheadh i gcogadh fada san Úcráin, go háirithe má bhíonn ciondáil fuinnimh i gceist do ghnólachtaí agus do theaghlaigh. Ina leithéid de chás, d’fhéadfadh ní ba lú muiníne fós a bheith ann agus d’fhéadfadh srianta soláthair dul in olcas arís. D’fhéadfadh costais fuinnimh agus bhia fanacht ag leibhéal níos airde ná mar a mheastar faoi láthair. D’fhéadfadh maolú eile a bheith i gceist d’éileamh an limistéir euro má bhíonn meath eile ar an ionchas eacnamaíoch domhanda.

Is ar an taobh thuas den chuid is mó atá na rioscaí a bhaineann le boilsciú. Ar an gcaoi chéanna leis an bhfás, is é an príomhriosca atá ann sa ghearrthéarma go mbeadh suaitheadh eile ann i gcás soláthar fuinnimh. Sa mheántéarma, d’fhéadfadh boilsciú a bheith ní b’airde ná mar a mheastar faoi láthair de dheasca meath seasmhach ar inniúlacht táirgthe gheilleagar an limistéir euro, tuilleadh méaduithe ar phraghsanna fuinnimh agus bia, ardú ar ionchais bhoilscithe thar ár sprioc, nó arduithe pá a bheadh ní ba mhó ná mar a mheastar anois. Ina ainneoin sin, dá dtiocfadh laghdú ar phraghsanna fuinnimh nó ar éileamh sa mheántéarma, áfach, laghdódh sé sin an brú ar phraghsanna.

Dálaí airgeadais agus airgeadaíochta

Tá rátaí úis margaidh ardaithe agus é measta go mbeidh normalú ann sa bheartas airgeadaíochta mar fhreagairt ar an ionchas boilscithe. Tá creidmheas le haghaidh gnólachtaí éirithe níos costasaí le míonna anuas agus tá rátaí iasachtaithe bainc le haghaidh teaghlach níos airde anois ná mar a bhí siad sna cúig bliana roimhe seo. Ó thaobh méid de, tá iasachtú bainc do ghnólachtaí fós láidir, i bpáirt a bhí leis an ngá atá ann costais táirgthe arda a mhaoiniú agus fardail a thógáil. Tá iasachtú morgáiste do theaghlaigh á mhodhnú de thoradh chaighdeáin iasachtaithe níos teinne, costais ardaithe iasachtaithe agus muinín lag tomhaltóirí.

Conclúid

Mar achoimre, chuireamar ardú 75 bhonnphointe ar phríomhrátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh inniu agus measaimid go n-ardóimid rátaí úis tuilleadh, toisc go bhfuil boilsciú fós i bhfad ró‑ard agus gur cosúil go mbeidh sé ag leibhéal atá ós cionn ár sprice ar feadh tréimhse ama fhadaithe. Leis an mórchéim seo, tarraingítear chun tosaigh an t‑aistriú ó leibhéil rátaí úis fíorthacúla atá anois ann i dtreo leibhéil lena n-áiritheofar filleadh an bhoilscithe chuig dhá faoin gcéad sa mheántéarma i gcomhréir lenár sprioc.

Beidh ár gcinntí faoi ráta úis beartais ag brath ar shonraí i gcónaí agus leanfar cur chuige cruinniú‑ar‑chruinniú. Seasaimid réidh lenár n‑ionstraimí uile a choigeartú laistigh dár sainordú chun a áirithiú go dtógfar boilsciú ar ais chuig ár sprioc bhoilscithe mheántéarmach.

Táimid réidh anois le glacadh le bhur gcuid ceisteanna.

Tá an fhoclaíocht bheacht ar ar cinn an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa