Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
  • RÁITEAS PRÍOBHÁIDEACHAIS

Ráiteas príobháideachais don suíomh gréasáin

Tá BCE tiomanta do phríobháideachas úsáideoirí. Ní phróiseálann sé do shonraí pearsanta ach amháin chun na gcríoch a bhfuil cur síos orthu thíos; ní nochtann sé iad chun críocha margaíochta.

Déantar an fhaisnéis phearsanta uile a phróiseáil i gcomhréir le dlí an Aontais Eorpaigh maidir le cosaint sonraí agus le rialacha slándála agus rúndachta teicneolaíochta faisnéise (TF) BCE.

Is féidir leat do rogha fianán a athrú am ar bith ach an cnaipe thíos a úsáid:

Cad é ár gcreat dlíthiúil?

Déantar na sonraí pearsanta uile a phróiseáil i gcomhréir le dlí an Aontais Eorpaigh maidir le cosaint sonraí, is é sin le rá i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 (‘EUDPR’).

Cén fáth a bpróiseálaimid sonraí pearsanta?

Déantar sonraí pearsanta a phróiseáil chun súil a choinneáil ar líon na gcuairteanna agus na gcuairteoirí ar chodanna éagsúla den suíomh gréasáin, chun trácht cuairteoirí a bhainistiú agus chun feidhmiúlacht agus inúsáidteacht a fheabhsú. Ní shainaithnímid cuairteoirí aonair agus faighimid sonraí comhiomlána anaithnidithe.

Déantar sonraí pearsanta a phróiseáil freisin chun críocha cothabhála, feidhmíochta agus slándála.

Cad é an bunús dlí chun do shonraí pearsanta a phróiseáil?

Déanann BCE do shonraí pearsanta a phróiseáil toisc gur thoiligh tú leis an bpróiseáil sin trí ghlacadh le fianáin an tsuímh gréasáin seo, i gcomhréir le hAirteagal 5(1)(d) EUDPR, chun na gcríoch a thuairiscítear thuas. Is féidir leat do thoiliú a tharraingt siar tráth ar bith trí na sainroghanna fianáin a athrú tríd an gcnaipe thuas a úsáid. Cuirfear stop le próiseáil do chuid faisnéise pearsanta nuair a tharraingíonn tú siar do thoiliú; mar sin féin, tá aon phróiseáil a rinneadh cheana dleathach i gcónaí. Thairis sin, chuirfí tús le próiseáil sonraí arís dá dtoileodh tú leis arís amach anseo.

Cé atá freagrach as do shonraí pearsanta a phróiseáil?

Is é BCE an rialaitheoir maidir le próiseáil do shonraí pearsanta. Is iad an Rannóg Dearaidh agus Digiteach agus an Rannóg um Chumarsáid Straitéiseach, an dá cheann in Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide, agus foireann tacaíochta MYRA BCE in Ard-Stiúrthóireacht na gCóras Faisnéise atá freagrach as an bpróiseáil sin.

Cé a gheobhaidh do chuid sonraí pearsanta?

Is iad seo a leanas faighteoirí do shonraí pearsanta (lena n-áirítear eintitis a bhfuil rochtain acu ar na sonraí pearsanta sin):

  • Baill foirne BCE in Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide agus in Ard-Stiúrthóireacht na gCóras Faisnéise;
  • Piano;
  • Myra Security GmbH.

Cé na catagóirí sonraí pearsanta a bhailítear?

Fianáin

Is éard atá i bhfianáin giotán beag sonraí a sheolann freastalaí suímh gréasáin chuig an mbrabhsálaí ar do ríomhaire. Cuireann an brabhsálaí an freastalaí ar an eolas nuair a thugann tú cuairt ar an suíomh gréasáin sin. Cabhraíonn fianáin linn roghanna úsáideora a stóráil, treochtaí úsáide a rianú ar bhonn comhiomlán agus eispéireas an úsáideora a fheabhsú.

Nuair a thugann tú cuairt ar an suíomhgréasáin seo den chéad uair, fiafrófar díot an nglacann tú le húsáid fianán. Baineann do rogha le gach fianán ar an suíomh gréasáin. Gach 6 mhí bainimid gach fianán céadpháirtí de agus iarraimid ort do rogha a dhéanamh arís. Déanaimid é sin lena chinntiú go bhfuil do shainroghanna fós bailí agus cothrom le dáta.

Fianáin fheidhmiúla

Cuireann fianáin fheidhmiúla ar ár gcumas inúsáidteacht agus feidhmíocht an tsuímh gréasáin seo a fheabhsú trí ligean dó cuimhneamh ar na roghanna agus ar na saincheapacháin a dhéanann tú le linn do chuairte, ar nós an teanga is fearr leat. Ní shábhálfar do roghanna ná do shaincheapadh mura nglacann tú le húsáid fianán.

Fianáin feidhmíochta

Bailíonn fianáin feidhmíochta faisnéis faoin gcaoi a n-úsáideann tú ár suíomh gréasáin agus cabhraíonn siad linn, mar shampla, tuiscint a fháil ar leasanna ár n-úsáideoirí agus éifeachtacht ár gcumarsáidí a thomhas. Ar an mbealach seo, is féidir linn ábhar ár suímh gréasáin a oiriúnú ar bhealach níos sonraí do riachtanais ár n-úsáideoirí agus ar an gcaoi sin feabhas a chur ar an méid a chuirimid ar fáil duit, mar shampla, trína chinntiú gur féidir leat teacht níos éasca ar a bhfuil uait. I measc na bhfianán feidhmíochta tá fianáin atá á n-úsáid ag Piano chun staitisticí a fháil faoi úsáid an tsuímh ghréasáin. Seoltar sonraí chuig freastalaithe a oibríonn Piano (atá lonnaithe san Aontas) agus úsáidtear iad chun staitisticí comhiomlána a sholáthar do BCE maidir le líon agus fad na gcuairteanna, patrúin úsáide, foinsí tráchta, déimeagrafaic úsáideoirí agus cuardaigh a dhéantar ar an suíomh gréasáin seo.

Tá a bheartais phríobháideachais féin ag Piano:

Beartas príobháideachais PianoCreat Príobháideachais Sonraí AE-SAM

Ní stórálann Piano ach na sonraí pearsanta seo a leanas, faoi réir do thoiliú a fháil: aitheantóirí ar líne, lena n-áirítear aitheantóirí fianán; seoltaí prótacail idirlín (IP) agus aitheantóirí feiste; aitheantóirí cliaint. Roghnaigh BCE tréimhse choinneála 14 mhí ag Piano. Mar réamhshocrú, chumasaigh BCE anaithnidiú IP agus díchumasaigh sé an ID úsáideora. Ní rianófar do chuairt(aí) ar an suíomh gréasáin mura nglacann tú le húsáid fianán.

Tá Myra Security GmbH, ar soláthraí slándála TF é atá lonnaithe sa Ghearmáin, freagrach as catagóirí teoranta sonraí pearsanta a phróiseáil (e.g. seoltaí IP). Tá sé seo riachtanach do shlándáil theicniúil ár láithreán gréasáin.

Is féidir faisnéis níos mionsonraithe faoi bheartas príobháideachais Myra Security GmbH a fháil ar shuíomh gréasáin Myra Security GmbH.

Fianáin tríú páirtí eile

Tá fianáin de dhíth ar ghnéithe tríú páirtí áirithe ar ár láithreán gréasáin. Mar shampla, d’fhéadfadh seinnteoir físe, léarscáil nó ábhar ar na meáin shóisialta leabaithe i leathanach fianáin a shocrú. Díchumasófar na gnéithe seo mura nglacann tú le húsáid fianán.

Faisnéis logála

Déanann freastalaithe taifead uathoibríoch ar fhaisnéis a sheolann do bhrabhsálaí aon uair a thugann tú cuairt ar shuíomh gréasáin. D’fhéadfadh faisnéis amhail dáta agus am do chuairte, do sheoladh IP, do chineál brabhsálaí, teanga an bhrabhsálaí, méid scáileán an bhrabhsálaí, agus fianán amháin nó níos mó a aithníonn do bhrabhsálaí a bheith san áireamh sna logaí freastalaithe seo. Stóráiltear logaí den sórt sin ar feadh deich mí ar a mhéad agus scriostar ansin iad.

Faisnéis phearsanta a chuirtear in iúl tríd an suíomh gréasáin nó trí ríomhphost

Ní bhailímid tuilleadh sonraí pearsanta ach amháin le do thoiliú, amhail seoladh ríomhphoist más mian leat clárú le liosta seoltaí. Tá faisnéis faoi shonraí pearsanta a bhailímid trí fhoirmeacha síntiúis agus ráitis phríobháideachais thiomnaithe ar fáil ar leathanaigh ábhartha an tsuímh gréasáin.

An bpróiseálfar do shonraí pearsanta (i bhfoirm shoiléir nó chriptithe) i dtríú tíortha nó ag eagraíochtaí idirnáisiúnta (e.g. an ndéanfar iad a aistriú, a rochtain nó a stóráil)?

Ar bhonn eisceachtúil, d’fhéadfadh sé go ndéanfaí do shonraí pearsanta a phróiseáil i dtríú tíortha nó go ndéanfadh eagraíochtaí idirnáisiúnta iad a phróiseáil ar bhonn na maoluithe i gcásanna sonracha a leagtar amach in Airteagal 50(1) EUDPR.

Cá fhad a choimeádfaidh BCE na sonraí pearsanta?

Stórálfar do shonraí pearsanta ar feadh 14 mhí ar a mhéad sula scriosfar iad.

Cad iad na cearta atá agat?

Tá sé de cheart agat rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta agus aon sonraí atá míchruinn nó neamhiomlán a cheartú. Tá sé de cheart agat freisin (le roinnt teorainneacha) do shonraí pearsanta a scriosadh agus agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil do shonraí pearsanta nó srian a chur lena bpróiseáil i gcomhréir le EUDPR. Féadfaidh BCE srian a chur le do chearta chun na leasanna agus na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 25(1) EUDPR a choimirciú.

Cé leis ar féidir leat teagmháil a dhéanamh le haghaidh ceisteanna nó iarrataí?

Is féidir leat do chearta a fheidhmiú ach teagmháil a dhéanamh leis an bhfoireann Anailísíochta Cumarsáide Straitéisí agus Taighde ag stcanalytics@ecb.europa.eu.

Is féidir leat teagmháil dhíreach a dhéanamh freisin le hOifigeach Cosanta Sonraí BCE ag dpo@ecb.europa.eu le haghaidh gach ceist a bhaineann le do shonraí pearsanta.

Aghaidh a thabhairt ar an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

Má mheasann tú gur sáraíodh do chearta faoi EUDPR mar thoradh ar phróiseáil do shonraí pearsanta, tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí tráth ar bith.