Cén chaoi a n-oibríonn clár ceannaithe sócmhainní an Bhainc Ceannais Eorpaigh?
22 Eanáir 2016 (nuashonraithe an 20 Bealtaine 2025)
Cad é an cuspóir atá leis an gclár ceannaithe sócmhainní?
I ngnáth-thréimhsí eacnamaíocha stiúrann BCE dálaí airgeadais níos leithne agus, i ndeireadh na dála, forbairtí maicreacnamaíocha agus an boilsciú trí na príomhrátaí úis gearrthéarmacha a shocrú. Mar sin féin, mar thoradh ar an ngéarchéim airgeadais dhomhanda in 2008 agus ar athruithe ar an gcaoi a n-oibríonn ár ngeilleagar, tháinig príomhrátaí úis gar dá gcuimse íochtair éifeachtach – is beag éifeacht a bheadh ag iad a ísliú a thuilleadh. Dá bhrí sin, chuaigh BCE i muinín bearta eile chun aghaidh a thabhairt ar an riosca go bhféadfadh an boilsciú a bheith ró-íseal ar feadh tréimhse rófhada, agus chun an boilsciú a thabhairt ar ais chuig sprioc 2 % na Comhairle Rialaithe sa mheántéarma. Tá an clár ceannaithe sócmhainní (CCS) ar cheann de na huirlisí is féidir le BCE a úsáid chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Tháinig deireadh le glancheannacháin faoi CCS i mí Iúil 2022 agus leanadh de na príomhíocaíochtaí ó urrúis aibithe a ceannaíodh faoi a athinfheistiú ina n-iomláine go dtí mí Feabhra 2023, agus rinneadh athinfheistíochtaí páirteacha ina dhiaidh sin go dtí mí an Mheithimh 2023. Ó mhí Iúil 2023, ní dhéantar athinfheistíochtaí faoi CCS. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach an leathanach tiomnaithe CCS.
Cén chaoi a n-oibríonn CCS?
Cheannaigh BCE agus bainc cheannais náisiúnta raon sócmhainní faoi CCS, lena n-áirítear bannaí rialtais, urrúis arna n-eisiúint ag institiúidí fornáisiúnta Eorpacha, bannaí corparáideacha, urrúis de bhun sócmhainní agus bannaí faoi chumhdach. Bíonn tionchar ag ceannacháin den sórt sin ar dhálaí airgeadais níos leithne agus, ar deireadh, ar fhás eacnamaíoch agus ar an mboilsciú, trí thrí phríomhbhealach:
Cur ar aghaidh díreach
Nuair a cheannaíonn BCE sócmhainní na hearnála príobháidí, amhail urrúis de bhun sócmhainní agus bannaí faoi chumhdach, sócmhainní iad atá nasctha le hiasachtaí a dheonaíonn bainc do theaghlaigh agus do ghnólachtaí san fhíorgheilleagar, ardaíonn an t-éileamh méadaithe a bpraghsanna. Spreagann sé sin na bainc chun níos mó iasachtaí a dhéanamh, iasachtaí is féidir leo a úsáid ansin chun níos mó urrúis de bhun sócmhainní nó bannaí faoi chumhdach a chruthú agus a dhíol. Is gnách go laghdaíonn an soláthar méadaithe iasachtaí rátaí iasachta bainc do ghnólachtaí agus do theaghlaigh, rud a chuireann feabhas ar dhálaí airgeadais níos leithne.
Athchothromú punainne
Cheannaigh BCE sócmhainní ón earnáil phríobháideach agus phoiblí ó infheisteoirí amhail cistí pinsin, bainc agus teaghlaigh. Is féidir leis na hinfheisteoirí sin na cistí a fhaigheann siad mar mhalairt ar shócmhainní a dhíoltar le BCE a ghlacadh agus iad a infheistiú i sócmhainní eile. Tríd an éileamh ar shócmhainní a mhéadú ar bhonn níos leithne, cuireann an sásra athchothromaithe punainne praghsanna suas agus laghdaíonn sé torthaí, fiú i gcás sócmhainní nach ndíríonn CCS go díreach orthu. Dá thoradh sin, bíonn costais laghdaithe (ráta úis éifeachtach an mhargaidh) do ghnólachtaí atá maoiniú ar na margaí caipitil á lorg acu. Ag an am céanna, spreagann na torthaí níos ísle ar urrúis bainc iasachtaí a thabhairt do ghnólachtaí nó do theaghlaigh. Is gnách go laghdaíonn tuilleadh iasachtaí bainc don fhíorgheilleagar na costais a bhaineann le hiasachtaí a fháil do theaghlaigh agus do ghnólachtaí. Ar an taobh eile, má úsáideann infheisteoirí na cistí breise chun sócmhainní tromthoraidh a cheannach lasmuigh den limistéar euro, d’fhéadfadh sé sin ráta malairte an euro a ísliú freisin agus is iondúil go gcuireann sin brú aníos ar an mboilsciú.
Leis an gcur ar aghaidh díreach agus na cainéil athchothromaithe punainne araon, cuirtear feabhas ar dhálaí airgeadais níos leithne do ghnólachtaí agus do theaghlaigh sa limistéar euro. Trí na costais chistiúcháin a ísliú, is féidir le ceannacháin sócmhainní infheistíocht agus tomhaltas a spreagadh. Nuair a bhíonn an boilsciú ró-íseal, cuireann éileamh níos dinimiciúla ó ghnólachtaí agus ó thomhaltóirí araon leis an mboilsciú a thabhairt ar ais go 2 % sa mheántéarma.
Tionchar comharthaíochta
I dtréimhsí ina mbíonn an boilsciú ró-íseal ar feadh tréimhse rófhada, tugann ceannacháin sócmhainní comhartha freisin go gcoinneoidh an banc ceannais príomhrátaí úis íseal ar feadh tréimhse fhada ama. Laghdaíonn sé sin luaineacht agus éiginnteacht sa mhargadh maidir le forbairtí sa ráta úis amach anseo, rud a éascaíonn na cinntí infheistíochta a dhéanann gnólachtaí agus teaghlaigh. Beidh na rátaí úis a ghearrtar ar iasachtaí fadtéarmacha níos ísle fós, toisc go bhfuil na bainc ag súil le tréimhse níos faide de rátaí úis ísle.