Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
  • RÁITEAS BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

PREASÓCÁID

Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh,
Luis de Guindos, Leas-Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Frankfurt am Main, an 3 Feabhra 2022

Dia dhaoibh. Cuirim féin agus an Leas-Uachtarán fáilte romhaibh chuig an bpreasócáid.

Tá geilleagar an limistéir euro ag téarnamh agus tá tuilleadh feabhais ag teacht ar an margadh saothair, a bhuí, i bpáirt, le tacaíocht bheartais fhairsing. Dá ainneoin sin, is dócha go mbeidh fás fós íseal sa chéad ráithe, toisc go bhfuil an ráig is déanaí den phaindéim ag imirt tionchar go fóill ar ghníomhaíocht eacnamaíoch. Tá srian le haschur i gcónaí i roinnt earnálacha de dheasca ganntanais ábhair, trealaimh agus luchta saothair. Mar thoradh ar chostais fuinnimh arda, tá dochar á dhéanamh d’ioncaim agus is dócha go maolófar caiteachas. Mar sin féin, is lú an tionchar atá ag gach ráig den phaindéim ar an ngeilleagar. Ba cheart go dtiocfadh maolú de réir a chéile ar na tosca lena sriantar táirgeadh agus tomhaltas, rud a d’fhágfadh go mbeadh an geilleagar in ann fás go láidir arís le linn na bliana.

Tá ardú géar tagtha ar bhoilsciú le roinnt míonna anuas agus tháinig ardú eile ar an taobh thuas air i mí Eanáir nach rabhthas ag súil leis. Is costais fuinnimh níos airde (costais lena mbrúitear praghsanna suas ar fud mórán earnálacha) agus costais bhia níos airde is cúis leis an ardú sin go príomha. Is dócha go bhfanfaidh boilsciú ag leibhéal ard ar feadh tréimhse níos faide ná lena rabhthas ag súil, agus go dtiocfaidh laghdú air le linn na bliana.

Dá bhrí sin, dheimhnigh an Chomhairle Rialaithe na cinntí a rinneadh ag a cruinniú beartais airgeadaíochta i mí na Nollag seo caite, mar a shonraítear sa phreasráiteas a foilsíodh inniu ag 13:45. Dá réir sin, leanfaimid orainn ag moilliú luas ár gceannachán sócmhainní céim ar chéim i rith na ráithí atá romhainn, agus cuirfimid deireadh le glancheannacháin faoin gclár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP) ag deireadh mhí an Mhárta. I bhfianaise na héiginnteachta atá ann faoi láthair, tá iallach níos mó orainn anois ná riamh solúbthacht agus roghnaíocht a choimeád sa bheartas airgeadaíochta. Tá an Chomhairle Rialaithe réidh lena hionstraimí uile a choigeartú, de réir mar is iomchuí, chun a áirithiú go gcobhsófar boilsciú ag an sprioc, is é sin 2%, sa mheántéarma.

Tabharfaidh mé cuntas níos mionsonraithe anois ar ár mbarúil faoin bhforás a thiocfaidh ar an ngeilleagar agus ar bhoilsciú, agus ansin labhróimid faoinár measúnú ar dhálaí airgeadais agus airgeadaíochta.

Gníomhaíocht eacnamaíoch

Tháinig lagú ar fhás eacnamaíoch go 0.3 faoin gcéad sa ráithe dheireanach den bhliain seo caite. Mar sin féin, faoi dheireadh 2021, baineadh amach an leibhéal aschuir a bhí ann roimh an bpaindéim. Is dócha go mbeidh maolú ann fós ar ghníomhaíocht eacnamaíoch agus ar éileamh sa chéad chuid den bhliain seo ar chúiseanna áirithe. Ar an gcéad dul síos, tá bearta srianta an choróinvíris ag dul i bhfeidhm ar sheirbhísí tomhaltais, go háirithe taisteal, turasóireacht, fáilteachas agus siamsaíocht. Cé go bhfuil rátaí ionfhabhtaithe an-ard fós, is cosúil gur lú an dochar atá a dhéanamh ag an bpaindéim don saol eacnamaíoch anois. Ar an dara dul síos, tá cumhacht ceannaigh teaghlach agus tuilleamh gnó á laghdú ag costais fuinnimh arda, rud a chuireann teorainn le tomhaltas agus le hinfheistíocht. Ar an tríú dul síos, tá ganntanais trealaimh, ábhair agus luchta saothar in earnálacha áirithe fós ag cur isteach ar tháirgeadh earraí monaraithe, ag cur moill ar thógáil agus ag cur srian leis an téarnamh i gcodanna den earnáil seirbhísí. Tá comharthaí ann go bhfuil fuascailt na scrogall sin ag tosú anois, ach beidh siad linn go ceann tréimhse eile.

Ag féachaint chun cinn, ba cheart go mbeadh teacht aniar láidir ann ó thaobh fáis de i rith 2022 de bharr tréanéileamh intíre. De réir mar a thiocfaidh feabhas eile fós ar an margadh saothair, beidh post ag níos mó daoine agus beidh níos lú daoine páirteach i scéimeanna coinneála post. Ba cheart, mar sin, go mbeadh ioncam ní b’airde ag teaghlaigh agus go mbeadh níos mó airgid acu le caitheamh. Cuireann an téarnamh domhanda agus an beartas fioscach agus airgeadaíochta atá á leanúint leis an ionchas dearfach sin. Tá tábhacht ar leith le hathchóirithe struchtúracha agus le bearta fioscacha spriocdhírithe lena bhfeabhsaítear táirgiúlacht chun tacú le héifeachtacht ár mbeartais airgeadaíochta, arb athchóirithe agus bearta iad a chuirtear in oiriúint do dhálaí éagsúla i dtíortha éagsúla an limistéir euro.

Boilsciú

Tháinig ardú ar bhoilsciú go 5.1 faoin gcéad i mí Eanáir, ó 5.0 faoin gcéad i mí na Nollag 2021. Is dócha go bhfanfaidh boilsciú ag leibhéal ard sa ghearrthéarma. Is iad praghsanna fuinnimh an phríomhchúis atá leis an ráta boilscithe ardaithe. Bhain breis agus leath bhoilsciú foriomlán ICPT i mí Eanáir go díreach le praghsanna fuinnimh agus tá praghsanna ag ardú i mórán earnálacha mar thoradh orthu freisin. Tá ardú tagtha ar phraghsanna bia chomh maith de dheasca tosca séasúracha, costais iompair níos airde, agus praghas ard leasachán. Sa bhreis air sin, tá arduithe praghsanna éirithe níos forleithne, agus tá praghas réimse leathan earraí agus seirbhísí ardaithe go suntasach. Tá formhór na dtomhas ar bhoilsciú bunúsach ardaithe le roinnt míonna anuas, cé go bhfuill éiginnteacht ann maidir le buaine na n‑arduithe sin i ngeall ar ról na dtosca sealadacha a bhaineann leis an bpaindéim. Tugann táscairí margadhbhunaithe le fios go mbeidh modhnú ann ar fhorbairtí praghais fuinnimh le linn 2022 agus go dtiocfaidh laghdú ar bhrú praghsanna arna eascairt as scrogaill dhomhanda.

Tá feabhas eile fós ag teacht ar dhálaí an mhargaidh saothair, cé go bhfuil fás pá fós ag leibhéal íseal ar an iomlán. Le himeacht aimsire, ba cheart go mbeidh tacaíocht ann d’fhás tapa ar phá nuair a bheidh an geilleagar ag feidhmiú ag lánacmhainn arís. D’fhan tomhais mhargadhbhunaithe ar ionchais bhoilscithe cobhsaí ar an iomlán, agus rátaí díreach faoi bhun 2 faoin gcéad ó bhí ár gcruinniú beartais airgeadaíochta deireanach againn. Is ag ráta thart ar 2 faoin gcéad atá na tomhais shuirbhé‑bhunaithe is déanaí. Cuirfidh na tosca sin le boilsciú bunúsach tuilleadh agus cabhróidh siad le boilsciú foriomlán FCT a chobhsú ag ár sprioc, is é sin 2 faoin gcéad.

Measúnú riosca

Measaimid fós go gcothromófar na rioscaí d’ionchais eacnamaíocha sa mheántéarma. D’fhéadfadh an geilleagar feidhmiú níos fearr ná mar a mheastar má bhíonn níos mó muiníne ag teaghlaigh agus má chuireann siad níos lú airgid i gcoigiltis. Ar an lámh eile, cé go bhfuil cuid de na héiginnteachtaí a bhaineann leis an bpaindéim imithe i léig, tá teannas geopholaitiúil ag géarú. Ina theannta sin, d’fhéadfadh costais fuinnimh arda leanúnacha tionchar diúltach a imirt a thomhaltas agus ar infheistíocht, tionchar ní ba dhiúltaí ná mar a mheastar faoi láthair. Riosca eile d’ionchais fáis is ea an luas ag a réiteofar scrogall soláthair. I gcomparáid lenár n‑ionchais i mí na Nollag, tá rioscaí boilscithe tiontaithe i dtreo an taoibh thuas, go háirithe sa ghearrthéarma. Má bhíonn arduithe pá níos airde ná mar a mheastar mar gheall ar bhrú praghsanna nó má bhaineann an geilleagar lánacmhainn amach níos tapúla ná mar a mheastar, d’fhéadfadh boilsciú ní b’airde a bheith ann.

Dálaí airgeadais agus airgeadaíochta

Tá ardú tagtha ar rátaí úis an mhargaidh ó bhí cruinniú na Nollag ann. Mar sin féin, tá srian le costais cistiúcháin banc fós. Tá rátaí iasachtaithe banc do ghnólachtaí agus do theaghlaigh fós ag leibhéil atá an-íseal ó thaobh na staire de agus tá dálaí cistiúcháin don gheilleagar fós fabhrach. Tá ardú tagtha ar iasachtú do ghnólachtaí agus chuir iasachtaí gearrthéarmacha agus fadtéarmacha leis an ardú sin. Tá iasachtú do theaghlaigh fós ar bun de bharr éileamh láidir ar mhorgáistí. Tá bainc chomh brabúsach anois agus a bhí siad roimh an bpaindéim agus tá a gcláir chomhordaithe fós fónta.

De réir an tSuirbhé ar Iasachtú Bainc is déanaí uainn, tháinig ardú láidir ar iasachtú do ghnólachtaí sa ráithe dheireanach de 2021. Riachtanais caipitil oibre níos airde a d'eascair as scrogall soláthair, agus méadú ar chistiú infheistíochta níos fadtéarmaí, ba chúis leis an ardú sin. Sa bhreis air sin, tá dearcadh ag bainc fós gur neamhurchóideach rioscaí creidmheasa ar an iomlán, mar gheall ar an measúnú dearfach ar ionchais eacnamaíocha go príomha.

Conclúid

Go hachomair, tá geilleagar an limistéir euro ag téarnamh go fóill ach meastar go mbeidh fás fós maolaithe sa chéad ráithe. Cé go bhfuil éiginnteacht ann maidir le hionchais bhoilscithe, is dócha go bhfanfaidh boilsciú ag leibhéal ard ar feadh tréimhse níos faide ná lena rabhthas ag súil, ach go dtiocfaidh laghdú air le linn na bliana. Tabharfaimid aird ar na sonraí a thiocfaidh isteach agus déanfaimid measúnú cúramach ar na himpleachtaí don ionchas boilscithe meántéarmach. Tá an Chomhairle Rialaithe réidh lena hionstraimí uile a choigeartú, de réir mar is iomchuí, chun a áirithiú go gcobhsófar boilsciú ag an sprioc, is é sin 2 faoin gcéad, sa mheántéarma.

Táimid réidh anois le glacadh le bhur gcuid ceisteanna.

Tá an fhoclaíocht bheacht ar a chinn an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa