Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
Christine Lagarde
The President of the European Central Bank
  • BLAG AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH

Ag Cuimhneamh ar an Uileloscadh: tá sé tuillte ag na híospartaithe, agus againn féin

27 Eanáir 2023

Le Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Tá príomhfhoirgneamh an Bhainc Ceannais Eorpaigh in Frankfurt suite ar shuíomh atá ceangailte le hainghníomhartha an Uileloiscthe. Ar Lá Cuimhneacháin Idirnáisiúnta an Uileloiscthe, dearbhaímid nach bhféadfaidh ansmacht ná éagóir stáit tarlú arís go deo. Tá aontacht na hEorpa a neartú ina bunchloch ag an ngealltanas sin.

Tá príomhfhoirgneamh an Bhainc Ceannais Eorpaigh in Frankfurt suite ar láthair a bhfuil tábhacht staire léi. Is ceann de na mílte áiteanna sa Ghearmáin agus ar fud na hEorpa é ar chuir réimeas Naitsithe na Gearmáine tús le dúnmharú na milliún Giúdach agus daoine eile as grúpaí mionlaigh. Cuimhnímid ar na daoine a díbríodh agus orthu sin a maraíodh ina dhiaidh sin le leacht chuimhneacháin, i gcomhar le Cathair Frankfurt agus Músaem Giúdach na cathrach. Cothrom an lae seo, an 27 Eanáir 2023, 78 mbliana ó shin a saoradh sluachampa géibhinn agus díothaithe Auschwitz agus inniu, táimid ag nochtadh plaic chuimhneacháin ag bealach isteach phríomhfhoirgneamh an Bhanc Ceannais Eorpaigh.

Le linn an Dara Cogadh Domhanda, eagraíodh pointí tionóil i gcathracha móra go léir na Gearmáine chun saoránaigh Ghiúdacha a thabhairt le chéile agus iad a dhíbirt. In Frankfurt, is ag an “Großmarkthalle”, halla margaidh mórdíola na cathrach, ar cuid é anois d’fhoirgneamh an Bhainc Ceannais Eorpaigh, a bhí an pointe sin. I siléir an Großmarkthalle, náirigh agus robáil oifigigh Naitsíocha breis is 10,000 bean, fear agus leanbh Giúdach sular cuireadh isteach ar thraenacha iad le lámh láidir lena dtabhairt chuig geiteonna agus sluachampaí géibhinn agus díothaithe lena ndúnmharú. Is beag duine díobh a tháinig slán.

Ba fhoirgneamh nua-aoiseach go sonrach an Großmarkthalle a dhear an t-ailtire Martin Elsaesser agus a tugadh chun críche sa bhliain 1928, agus bhí an dearadh chun tosaigh ar go leor bealaí. An “Gemieskirch” (séipéal glasraí) a thugtaí go háitiúil air agus bhítí ag díol táirgí úra le miondíoltóirí ann. De bharr go bhfuil an Großmarkthalle lonnaithe i lár cheantar Ostend Frankfurt, tá naisc iompair den scoth ann. Luaim é seo mar gur roghnaíodh an foirgneamh seo go cúramach. Ba anseo a bhí an t-iarnród go Theresienstadt, Łódź, Mionsc, Kaunas, Izbica, Raasiku, Majdanek agus Sobibór ag tosú. D’fhág deich gcinn de thraenacha plódaithe le daoine Frankfurt le dul chuig sluachampaí géibhinn agus díothaithe idir mí Dheireadh Fómhair 1941 agus mí Mheán Fómhair 1942. Suas go dtí an 15 Márta 1945, rinneadh roinnt díbirtí beaga eile freisin go dtí Auschwitz, Buchenwald agus Theresienstadt. Thosaigh an chuid is mó de na díbirtí níos lú seo ag Príomhstáisiún Frankfurt nó in Oirthear Frankfurt atá suite gar don Großmarkthalle.

Chun na críche sin, fuair an Gestapo íoslach an Großmarkthalle ar cíos ar feadh cúpla lá ó Chathair Frankfurt, díreach fada go leor chun díbirt a dhéanamh, agus leanadh ag díol torthaí agus glasraí ar an urlár díreach os a chionn. Ba áit an-phoiblí go deo a bhí san Großmarkthalle. Ní raibh díbirt na nGiúdach - mar ab amhlaidh sna blianta roimhe sin nuair a baineadh a saoirse dóibh agus nuair a cuireadh faoi smacht iad - ag tarlú i ngan fhios. Ba mhinic daoine ag dul thar bráid ag scairteadh go magúil orthu agus iad ag fágáil lár na cathrach. Ansin, in íoslach an Großmarkthalle, bhíodh ar na híospartaigh a gcuid earraí luachmhara agus eochracha tí a thabhairt ar láimh, agus ní raibh ansin ach ceann de na céimeanna maslacha sa phróiseas náireach seo. Mar dhonacht ar fhuarchroí an uafáis seo, bhí orthu féin táille traenach an turais go dtí na geiteonna agus na sluachamapaí géibhinn agus díothaithe a íoc. Dhéantaí iad a sheoladh isteach díreach ar na traenacha nó sin bhíodh orthu an oíche a chaitheamh sa siléar, i gcoinníollacha uafásacha. Tugann an leacht cuimhneacháin ar áitribh an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus mórthimpeall air an cosán uafásach seo den fhulaingt chun cuimhne.

Inniu, agus plaic chuimhneacháin eile á nochtadh againn, bhí sé de phribhléid agam bualadh le Edith Erbrich. Seacht mbliana d’aois a bhí Edith nuair a d’ordaigh na Naitsithe í féin, chomh maith lena hathair agus a deirfiúr, a dhíbirt. Ba ar an 14 Feabhra 1945 a tharla sé sin, agus gan ach níos lú ná trí mhí fanta go dtí go mbeadh deireadh leis an gcogadh, agus b’in é a thug slán í. De bharr nár Ghiúdach í máthair Edith, ní raibh aon chead aici dul in éineacht lena teaghlach. Bhásaigh seanathair Edith sa champa, ach d’fhill sí féin, a hathair agus a deirfiúr abhaile go dtí a máthair. Ba chás eisceachtúil é seo: níor mhair ach líon an-bheag daoine as an mbreis is 10,000 duine a díbríodh. Mar sin féin, beag beann ar chomh brónach is atá an chuid seo de scéal Edith, is ábhar misnigh é an bealach a chaith sí a saol ina dhiaidh sin. D’fhan Edith lena muintir in Frankfurt, d’oibrigh sí anseo, phós sí agus chaith sí saol breá. Thosaigh sí ag insint a scéil féin i scoileanna agus ag imeachtaí poiblí cúpla bliain ó shin. Tá a scéal inste go mion minic aici dúinne freisin, agus tá mórtas orm a rá gur cara leis an mBanc Ceannais Eorpach í Edith Erbrich agus tá mé buíoch gur féidir liom é sin a rá.

Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach nach ligfimis an t-uileloscadh i ndearmad? Tá sé tuillte ag na híospartaigh, ach tá sé tuillte againn féin freisin. Ní féidir linn cead a thabhairt d’ansmacht ná d’éagóir stáit an ceann is fearr a fháil orainn. Ach fós féin tá siad fós ag tarlú. Fiú sa lá atá inniu ann, féachann roinnt rialtas lena dtoil féin a chur i bhfeidhm le lámh láidir, agus ní bhíonn aon fhaitíos orthu sladmharú ná cinedhíothú a dhéanamh.

I bhfianaise príomhfhoirgneamh an Bhainc Ceannais Eorpaigh a bheith suite ar shuíomh ar ar tharla an oiread sin fulaingthe agus uafáis, cuirtear le cumhacht agus tábhachtach mhisean an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Go deimhin, is mar fhreagairt ar an Dara Cogadh Domhanda agus ar an Uileloscadh a bunaíodh an tAontas Eorpach. Is togra síochána, go bunúsach é an tAontas, a fhéachann lena chinntiú nach gcaithimid chomh huafásach sin lena chéile arís go brách. Féachtar leis an ngealltanas seo a thabhairt chun fíre sna hiarrachtaí atá ar bun againn aontas níos dlúithe a thógáil san Eoraip a chinnteoidh ár gcobhsaíocht pholaitiúil agus eacnamaíoch. Is cuid thábhachtach de sin an cúram atá ar an mBanc Ceannais Eorpach an t-airgeadra coitinn atá againn - an euro - a bhainistiú.

Is comhphobal síochánta é an tAontas Eorpach atá bunaithe ar luachanna coiteanna: dínit gach duine, meas ar chearta an duine, an tsaoirse, an daonlathas agus riail an dlí. Agus is i dtreo sin a choinneáil, sa deireadh thiar thall, atáimid ag obair. Is é seo cion s’againne i leith “go brách arís”.

Cláraigh le Blag an Bhainc Ceannais Eorpaigh