Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cinntí arna ndéanamh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh (sa bhreis ar chinntí maidir le socrú rátaí úis)

Deireadh Fómhair 2024

18 Deireadh Fómhair 2024

Oibríochtaí margaidh

Athbhreithniú rialta ar an gcomhaontú maidir le cúnamh leachtachta éigeandála (ELA)

An 27 Meán Fómhair 2024, ghlac an Chomhairle Rialaithe leagan athbhreithnithe de chomhaontú ELA, ina bhfuil faisnéis níos mionsonraithe maidir leis na príomhghnéithe a cuireadh san áireamh agus ELA á sholáthar. Tugtar isteach go háirithe leis comhlíonadh an chóimheasa luamhánaithe mar chritéar sócmhainneachta chun ELA a sholáthar d’institiúidí creidmheasa. Tugtar isteach leis an leagan athbhreithnithe freisin an príomhphrionsabal gur cheart do chomhthaobhacht ELA an banc ceannais náisiúnta a chosaint go leordhóthanach ar rioscaí a eascraíonn as oibríochtaí ELA. Déanfar an comhaontú, atá ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh, a athbhreithniú arís in 2027.

Bonneagar margaidh agus íocaíochtaí

Comhairliúchán poiblí faoi dhréachtrialachán athmhúnlaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh maidir le ceanglais mhaoirseachta le haghaidh córais íocaíochta a bhfuil tábhacht shistéamach leo

An 4 Deireadh Fómhair 2024, d’fhormhuinigh an Chomhairle Rialaithe dréachtrialachán an Bhainc Ceannais Eorpaigh lena n-athmhúnlaítear Rialachán (AE) Uimh. 795/2014 ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le ceanglais mhaoirseachta le haghaidh córais íocaíochta a bhfuil tábhacht shistéamach leo (BCE/2014/28) (dá ngairtear ‘Rialachán SIPS’ anseo feasta) agus d’fhormheas sí seoladh comhairliúcháin phoiblí sé seachtaine maidir leis an dréachtrialachán athmhúnlaithe. Ós rud é go ndearnadh Rialachán SIPS a leasú go suntasach roinnt uaireanta, tar éis don Chomhairle Rialaithe athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ginearálta Rialachán SIPS faoi Airteagal 24 de agus tar éis measúnú a dhéanamh i dtaobh an gá é a leasú, measadh go raibh gá le hathmhúnlú ar Rialachán SIPS ar mhaithe le soiléireacht. Tá an t-ábhar a bhaineann leis an gcomhairliúchán seo, a bheidh á reáchtáil go dtí an 29 Samhain 2024, ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Rialachas corparáideach

Sainordú na hOifige um Chomhordú Soláthair an Eurochórais (EPCO) ó 2025 go 2029

An 4 Deireadh Fómhair 2024, thug an Chomhairle Rialaithe dá haire an mheastóireacht dhearfach ar an tríú téarma de EPCO ó bunaíodh é (féach Cinneadh BCE/2008/17) agus d’fhormheas sí an sainordú dá ceathrú téarma, ó 2025 go 2029. D’ainmnigh an Chomhairle Rialaithe Banque centrale du Luxembourg le déanaí chun leanúint de EPCO a óstáil don tréimhse chéanna sin. Déanann EPCO soláthairtí comhpháirteacha earraí agus seirbhísí a shainaithint, a mheasúnú agus a chomhordú, ar soláthairtí iad atá riachtanach chun cúraimí an Eurochórais a chomhlíonadh, d’fhonn cost-éifeachtúlacht agus éifeachtacht a uasmhéadú.

Leithdháileadh fhreagrachtaí ionadaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar an mBord Maoirseachta

An 8 Deireadh Fómhair 2024, thug an Chomhairle Rialaithe dá haire leithdháileadh nuashonraithe freagrachtaí ionadaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar an mBord Maoirseachta i bhfianaise triúr comhaltaí nua, Patrick Montagner, a chuaigh i mbun oifige an 1 Meán Fómhair 2024, agus Sharon Donnery agus Pedro Machado, a rachaidh i mbun oifige an 1 Eanáir 2025 agus an 1 Márta 2025 faoi seach. Léireofar na freagrachtaí sin sa rannán “réimsí spéise” ina gcuid CVanna faoi seach a fhoilseofar in am trátha ar shuíomh gréasáin Mhaoirseacht Baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Staidrimh

Tuarascáil bhliantúil 2023 maidir le rúndacht na faisnéise staidrimh aonair arna bailiú ag an mBanc Ceannais Eorpach a chosaint, le cabhair ó na bainc cheannais náisiúnta

An 27 Meán Fómhair 2024 d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe, ar mhaithe le barúlacha ó chomhaltaí na Comhairle Ginearálta, tuarascáil 2023 dar teideal “Cosaint rúndachta staidrimh sa Chóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC)” agus d’údaraigh sí a foilsiú. Tá an tuarascáil le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus ar shuíomhanna gréasáin na mBanc Ceannais Náisiúnta a chinn í a fhoilsiú freisin.

Treoirlíne an Bhainc Ceannais Eorpaigh lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2021/831 maidir le faisnéis staidrimh atá le tuairisciú ar idirghabhálaithe airgeadais seachas institiúidí airgeadais airgeadaíochta (ECB/2021/12)

An 10 Deireadh Fómhair 2024, ghlac an Chomhairle Rialaithe, ar mhaithe le barúlacha ó chomhaltaí na Comhairle Ginearálta, Treoirlíne BCE/2024/27 lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2021/831 maidir le faisnéis staidrimh atá le tuairisciú ar idirghabhálaithe airgeadais seachas institiúidí airgeadais airgeadaíochta. Leis an Treoirlíne leasaitheach, déantar na forálacha maidir le tarchur staidrimh cistí infheistíochta comhiomlánaithe ó na Bainc Cheannais Náisiúnta chuig an mBanc Ceannais Eorpach a ailíniú leis na forálacha i Rialachán (AE) 2024/1988 ón mBanc Ceannais Eorpach an 27 Meitheamh 2024 maidir le staidreamh i ndáil le cistí infheistíochta agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/32 (BCE/2014/62) (BCE/2024/17). Ina theannta sin, tugtar isteach leis tarchur sonraí ciste ar chiste ó na Bainc Cheannais Náisiúnta chuig an mBanc Ceannais Eorpach. Foilseofar an Treoirlíne in am trátha ar EUR-Lex.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa