Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cinntí arna ndéanamh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh (sa bhreis ar chinntí maidir le socrú rátaí úis)

Eanáir 2025

31 Eanáir 2025

Cumarsáid sheachtrach

Aistriúchán ar Bhoscaí Feasacháin Eacnamaíoch BCE

An 19 Nollaig 2024, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe socruithe nua chun boscaí an Fheasacháin Eacnamaíoch a aistriú go teangacha an limistéir euro trína ndéanfaidh na bainc cheannais náisiúnta atá freagrach cinneadh ar bhonn deonach cé acu a aistreoidh nó nach n-aistreoidh siad iad. Cuirtear san áireamh sa chinneadh sin cineál athraitheach inneachar na mboscaí sin agus déantar a gcóras aistriúcháin a ailíniú leis an gcóras is infheidhme maidir le hailt. Beidh feidhm ag na socruithe nua, atá fós i gcomhréir le hoibleagáidí tuairiscithe reachtúla BCE, ó Eagrán 1/2025 den Fheasachán Eacnamaíoch.

Oibríochtaí margaidh

Creat comhchuibhithe a thabhairt isteach le haghaidh córais measúnaithe creidmheasa staidrimh inmheánacha

An 19 Nollaig 2024, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe creat comhchuibhithe le haghaidh córais measúnaithe creidmheasa staidrimh inmheánacha na mbanc ceannais náisiúnta (S-ICASanna). Tugadh isteach an chuid is mó de S-ICASanna mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 chun measúnú a dhéanamh ar acmhainneacht creidmheasa corparáidí neamhairgeadais (go háirithe FBManna) trí chur chuige cainníochtúil. Ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, glacfar le S-ICASanna mar fhoinse bhreise measúnaithe creidmheasa sa chreat ginearálta, faoi réir chomhlíonadh an chreata chomhchuibhithe. Tiocfaidh na leasuithe dlíthiúla is gá i bhfeidhm sa chéad timthriall nuashonraithe eile don Doiciméadacht Ghinearálta. Féach freisin an phreaseisiúint ghaolmhar an 29 Samhain maidir le hAthruithe ar chreat comhthaobhachta an Eurochórais chun comhchuibhiú níos fearr a chothú.

Cur chuige comhchuibhithe maidir le méideanna smachtbhannaí a chinneadh tar éis earráidí sa tuairisciú nó sa ríomh a bhaineann le ceanglais maidir le cúlchistí íosta

An 7 Eanáir 2025, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe modheolaíocht chun smachtbhannaí a fhorchur ar sháruithe a bhaineann le ceanglais maidir le cúlchistí íosta a thagann faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) 2531/98 ón gComhairle. Gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 2532/98 ón gComhairle an 23 Samhain 1998 maidir le cumhachtaí an Bhainc Ceannais Eorpaigh smachtbhannaí a fhorchur, comhchuibhítear leis an modheolaíocht cinneadh smachtbhannaí féideartha, go háirithe i gcás sáruithe ar na ceanglais maidir le tuairisciú a dhéanamh ar dhliteanais a úsáidtear chun an bonn cúlchiste le haghaidh cúlchistí íosta a ríomh nó sáruithe ar ríomh an bhoinn cúlchiste agus/nó ríomh na gcúlchistí íosta mar a shonraítear faoi Airteagail 3, 5 agus/nó 6 de Rialachán (AE) 2021/378. Áiritheofar leis an modheolaíocht fhormheasta go gcuirfear smachtbhannaí i bhfeidhm go comhsheasmhach agus go haonfhoirmeach, agus ar an gcaoi sin áiritheofar cóir chomhionann ar fud institiúidí creidmheasa an limistéir euro, comhlíonadh phrionsabal na comhréireachta agus an smachtbhanna iomchuí á chinneadh, agus trédhearcacht agus neamhchlaontacht chinntí BCE agus smachtbhannaí á bhforchur ar institiúidí. An lá céanna, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe freisin cur chuige comhchuibhithe maidir le láimhseáil luacha saothair mhíchirt de dheasca cúlchistí íosta bunaithe ar thuairisciú mícheart nó ar ríomhanna míchearta a eascraíonn as sáruithe den sórt sin.

Beartas macrastuamachta agus cobhsaíocht airgeadais

Ráiteas ón gComhairle Rialaithe maidir le beartais mhacrastuamachta

An 19 Nollaig 2024, thug an Chomhairle Rialaithe dá haire creat feabhsaithe BCE chun measúnú a dhéanamh ar mhaoláin chaipitil institiúidí eile a bhfuil tábhacht shistéamach leo (O-SIInna), lena mbreathnaítear ar thábhacht shistéamach O-SIInna don aontais baincéireachta ina iomláine, seachas ar leibhéal gach Ballstáit aonair amháin. D’fhormheas an Chomhairle Rialaithe ráiteas gaolmhar maidir le beartais mhacrastuamachta, atá ar fáil ar shuíomh gréasáin BCE.

Bonneagar margaidh agus íocaíochtaí

Tuairimí BCE maidir le comharthaí sócmhainn-tagartha a údarú faoin Rialachán maidir le Margaí Cripteashócmhainní

An 30 Nollaig 2024, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe próiseas chun a áirithiú go n-eiseofaí tuairimí BCE faoin Rialachán maidir le Margaí Cripteashócmhainní go tráthúil maidir le heisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha a údarú faoi Rialachán (AE) 2023/1114 maidir le Margaí Cripteashócmhainní (MiCAR). Leagtar amach in MiCAR creat comhchuibhithe le haghaidh margaí i gcripteashócmhainní ar leibhéal an Aontais trí rialacha sonracha a sholáthar maidir le cripteashócmhainní agus seirbhísí agus gníomhaíochtaí gaolmhara nach gcumhdaítear go fóill le gníomhartha reachtacha an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais, lena n-áirítear comharthaí sócmhainn-tagartha agus comharthaí ríomh-airgid. I gcomhréir le MiCAR, ní mór do BCE tuairim a eisiúint maidir le húdarú eisitheora comharthaí sócmhainn-tagartha agus an tuairim sin a tharchur chuig an údarás inniúil faoi seach laistigh de 20 lá oibre tar éis dó dréachtchinneadh agus iarratas an údaráis inniúil sin a fháil.

Nuashonrú ar TIBER-EU

An 23 Eanáir 2025, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe creat agus treoirdhoiciméid nuashonraithe TIBER-AE chun iad a ailíniú go hiomlán le caighdeáin theicniúla rialála an Rialacháin maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais (DORA) maidir le tástáil treáite bunaithe ar bhagairtí i bhfianaise theacht i bhfeidhm DORA an 17 Eanáir 2025. Tá creat agus treoirdhoiciméid nuashonraithe TIBER-AE ar fáil ar shuíomh gréasáin BCE.

Comhairle maidir le reachtaíocht

Tuairim BCE maidir le Cúnamh Leachtachta Éigeandála a sholáthar

An 16 Nollaig 2024, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2024/40 ar iarratas Българска народна банка (Banc Náisiúnta na Bulgáire).

Tuairim BCE maidir le cáin ar ghlanioncam úis agus coimisiúin institiúidí airgeadais áirithe

An 17 Nollaig 2024, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2024/41 ar iarratas ó Banco de España.

Tuairim BCE maidir le formhaoirseacht ar chórais íocaíochta

An 30 Nollaig 2024, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2024/42 ar iarratas ó Banco de Portugal.

Tuairim BCE maidir le formhaoirseacht ar sholáthraithe seirbhísí teachtaireachtaí airgeadais

An 17 Eanáir 2025, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2025/1 ar iarratas ó Ghobharnóir Banque Nationale de Belgique/Nationale Bank van België.

Tuairim BCE maidir leis an gcibearshlándáil náisiúnta

An 20 Eanáir 2025, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2025/2 ar iarratas ó Aireacht Gnóthaí Digiteacha na Polainne.

Rialachas corparáideach

Sainordú athbhreithnithe Choiste na nIniúchóirí Inmheánacha agus na Cairte Iniúchóireachta don Eurochóras/CEBC agus don Sásra Aonair Maoirseachta

An 16 Nollaig 2024, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe sainordú athbhreithnithe Choiste na nIniúchóirí Inmheánacha, ceann de choistí an Eurochórais/CEBC, agus Cairt Iniúchóireachta athbhreithnithe don Eurochóras/CEBC agus don Sásra Aonair Maoirseachta. Léirítear leis na hathbhreithnithe na Caighdeáin Iniúchóireachta Inmheánaí Dhomhanda nua arna n-eisiúint ag Institiúid na nIniúchóirí Inmheánacha, a tháinig i bhfeidhm an 9 Eanáir 2025. Go sonrach, tá an sainordú agus an chairt cumaiscthe in aon doiciméad amháin anois. Tá sainordú agus Cairt Iniúchóireachta athbhreithnithe Choiste na nIniúchóirí Inmheánacha ar fáil ar shuíomh gréasáin BCE.

Sainordú athbhreithnithe an Choiste Iniúchóireachta

An 30 Nollaig 2024, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe sainordú athbhreithnithe an Choiste Iniúchóireachta agus a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin BCE. Léirítear leis an athbhreithniú ad hoc seo ar an sainordú na Caighdeáin Iniúchóireachta Inmheánaí Domhanda nua a tháinig i bhfeidhm an 9 Eanáir 2025 agus áirítear leis roinnt leasuithe agus soiléirithe breise maidir le gnéithe nós imeachta agus eagraíochtúla. Tá an sainordú, nach mór a athbhreithniú uair amháin gach trí bliana ar a laghad, ar fáil ar shuíomh gréasáin BCE.

Cathaoirleach Choiste Iniúchóireachta an Bhainc Ceannais Eorpach

Glacfaidh Klaas Knot, comhalta de Chomhairle Rialaithe BCE, feidhm Chathaoirleach Choiste Iniúchóireachta BCE go dtí deireadh a théarma mar Ghobharnóir ar De Nederlandsche Bank i mí Iúil 2025. Sa ról sin, tagann an tUasal Knot i gcomharbacht ar an Uasal Stournaras, Gobharnóir Bhanc na Gréige.

Feabhsuithe ar nochtaí airgeadais comhchoiteanna Eurochóras 2025 a bhaineann leis an aeráid

An 23 Eanáir 2025, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe nochtaí airgeadais comhchoiteanna nuashonraithe an Eurochórais a bhaineann leis an aeráid le haghaidh punanna beartais neamhairgeadaíochta d’fhonn trédhearcacht a mhéadú tuilleadh maidir le neamhchosaint phunanna an Eurochórais ar rioscaí aeráide agus a lorg carbóin. Leis na hathruithe, lena ndéantar na nochtaí a ailíniú níos dlúithe leis na caighdeáin mhargaidh is fearr agus le rialáil an Aontais, leathnaítear na nochtaí agus méadaítear a gcáilíocht. Léirítear leo freisin an tús a cuireadh le leathnú na nochtaí, ar bhonn deonach, i roinnt méadracht a bhaineann leis an dúlra.

Nótaí bainc agus boinn

Rogha móitífeanna féideartha do nótaí bainc euro a bheidh ann amach anseo

An 29 Eanáir 2025, chinn an Chomhairle Rialaithe ar rogha móitífeanna féideartha do nótaí bainc euro. Tá na móitífeanna seo bunaithe ar an dá théama a roghnaíodh roimhe seo: “Cultúr na hEorpa: spásanna cultúrtha comhroinnte” agus “Aibhneacha agus éin: athléimneacht san éagsúlacht”. Cuireann an cinneadh seo le próiseas cuimsitheach lena n-áirítear aiseolas ó suirbhéanna pobail agus roinnt grúpaí saineolaithe.

Maoirseacht Baincéireachta BCE

Treoir BCE maidir le rannpháirtíocht i gcoláistí maoirseachta comhairleacha MiCAR

An 18 Nollaig 2024, níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne dréacht-Treoir ó BCE, a d’fhorbair an Bord Maoirseachta, ina leagtar amach ról BCE i gcoláistí maoirseachta comhairleacha d’eisitheoirí suntasacha comharthaí sócmhainn-tagartha agus comharthaí ríomh-airgid faoi MiCAR.

Tuarascáil chríochnaitheach faoi Mholadh BERS/2019/18 maidir le comhroinnt faisnéise faoi bhrainsí chun críocha macrastuamachta

An 19 Nollaig 2024, níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne thuarascáil chríochnaitheach BCE, a d’fhormhuinigh an Bord Maoirseachta, maidir le cur chun feidhme Mholadh A – maidir le comhar agus malartú faisnéise – agus a rinneadh de bhun Mholadh BERS/2019/18 maidir le malartú agus bailiú faisnéise chun críoch macrastuamachta i ndáil le brainsí institiúidí creidmheasa a bhfuil a gceannoifig i mBallstát eile nó i dtríú tír.

Pionóis riaracháin arna bhforchur ar bhanc amháin sa limistéar euro

An 20 Nollaig 2024, d’fhógair BCE gur fhorchuir sé pionós riaracháin EUR 10.4 milliún ar BNP Paribas Fortis SA/NV as sócmhainní míríofa a bhí ualaithe ó thaobh riosca a thuairisciú le haghaidh riosca creidmheasa. Tá preasráiteas lena mbaineann ar fáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta BCE.

Comhlíonadh na dTreoirlínte Comhpháirteacha ag BCE maidir leis an gcomhar maoirseachta agus an malartú faisnéise idir na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha agus na húdaráis inniúla

An 6 Eanáir 2025, níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta chun fógra a thabhairt do ÚBE go bhfuil sé beartaithe ag BCE, i gcás na n-institiúidí suntasacha faoina mhaoirseacht dhíreach, na Treoirlínte Comhpháirteacha maidir leis an gcomhar formhaoirseachta agus an malartú faisnéise idir na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha (ÚMEnna) agus na húdaráis inniúla faoi Rialachán (AE) 2022/2554 (JC 2024-36) a chomhlíonadh faoin 30 Aibreán 2025. Tháinig na Treoirlínte sin i bhfeidhm ón 17 Eanáir 2025.

Aisghairm chinntí BCE maidir le cibirtheagmhais agus seachfhoinsiú a thuairisciú

An 7 Eanáir 2025, níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta chun dhá chinneadh teimpléid a ghlacadh lena n-aisghairtear cinntí maidir le cibirtheagmhais a thuairisciú do BCE agus maidir le bailiú sonraí socruithe seachfhoinsithe. Chinn BCE na cinntí sin a aisghairm agus an t-ualach tuairiscithe ar na hinstitiúidí suntasacha lena mbaineann a mhaolú ós rud é go ndéanfaí leis na bailiúcháin sonraí sin dúbláil i bpáirt ar a laghad ar an bhfaisnéis a bailíodh faoi Rialachán (AE) 2022/2554 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais a tháinig i bhfeidhm an 17 Eanáir 2025.

Cinneadh BCE maidir le critéir chun fógra a thabhairt faoi chinntí maoirseachta maidir le tástálacha struis maoirseachta

An 10 Eanáir 2025, níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta Cinneadh BCE/2025/1 a ghlacadh lena leagtar síos na critéir chun fógra a thabhairt faoi chinntí maoirseachta chun críche tástálacha struis maoirseachta. Comhlánaítear an Cinneadh seo ó BCE a bhfuil feidhm ghinearálta aige le cinntí aonair atá dírithe ar eintitis aonair faoi mhaoirseacht maidir le faisnéis a thuairisciú do BCE a mhéid a bhaineann le tástáil struis mhaoirseachta 2025. Tá faisnéis níos mionsonraithe maidir le tástáil struis maoirseachta 2025, a fógraíodh an 20 Eanáir 2025, ar fáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta BCE.

Treoir BCE d’eintitis faoi mhaoirseacht rannpháirteacha i dtástálacha struis 2025

An 17 Eanáir 2025, níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta Treoir BCE agus teimpléad Dearbhaithe Cáilíochta BCE a ghlacadh le haghaidh thástálacha struis 2025 d’eintitis rannpháirteacha faoi mhaoirseacht. Leis an treoir sin, comhlánaítear gníomh dlí BCE a bhfuil feidhm ghinearálta aige maidir le tástálacha struis a thuairisciú (Cinneadh BCE/2025/1 lena leagtar síos na critéir chun fógra a thabhairt faoi chinntí maoirseachta chun críche tástálacha struis maoirseachta) agus cinntí BCE atá dírithe ar bhainc aonair.

Ceisteanna Coitianta maidir le cur chuige eatramhach BCE le linn EMIR 3

An 30 Eanáir 2025, níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta chun teachtaireacht phoiblí a ghlacadh maidir leis an gcur chuige beartaithe agus na soiléirithe oibríochtúla gaolmhara d’institiúidí suntasacha i ndáil leis an gcur chuige eatramhach maidir le láimhseáil na gceanglas éarlaise tosaigh faoin Rialachán maidir le Bonneagar Margaidh Eorpach (EMIR). Sna ‘Ceisteanna Coitianta maidir le formheasanna samhla éarlaise tosaigh faoi EMIR 3’, atá foilsithe ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta BCE, mínítear cur chuige eatramhach BCE le linn chéim idirthréimhseach EMIR 3.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa