Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Ár mbealach a dhéanamh tríd an éiginnteacht


Is deacra a thuar anois cén chaoi agus cén fáth a n-athraíonn praghsanna. D’fhéadfaidís athrú mar gheall ar shuaití tobanna, tús le cogadh cuir i gcás, nó mar gheall ar athruithe malla a mbíonn athrú ar an mbealach a n-oibríonn ár ngeilleagair mar thoradh orthu. Nó d’fhéadfadh meascán den dá rud a bheith i gceist. Gné shainiúil de thírdhreach eacnamaíoch an lae inniu is ea an éiginnteacht.

I bhfianaise an mhéid sin, is féidir le praghsanna athrú ar shlí níos tapúla agus níos fórsúla. Ní treocht ghearrthéarmach amháin é seo. Tá treochtaí boilscithe níos fadtéarmaí á n-athmhúnlú freisin ag fórsaí cumhachtacha amhail an gheopholaitíocht, úsáid na hintleachta saorga, aosú an daonra agus bagairtí ar an gcomhshaol. Agus ní tharraingíonn na treochtaí sin praghsanna i dtreo soiléir amháin a thuilleadh. Dá bharr sin is deacra a thuar conas a fhorbróidh an boilsciú le himeacht ama.

Sa timpeallacht neamhchinnte seo, ní mór dúinn a bheith ar an airdeall agus solúbtha chun an boilsciú a choinneáil gar dár sprioc 2%. Tá uirlisí iomchuí anailíseacha agus uirlisí beartais airgeadaíochta de dhíth orainn freisin agus ní mór do na huirlisí sin a bheith in oiriúint do na dúshláin nua sin.